Title : Niamh
Author : Peter O'Leary
Release date : January 13, 2016 [eBook #50913]
Language : Irish
Credits
: Produced by David Starner and the Online Distributed
Proofreading Team at http://www.pgdp.net (This book was
produced from scanned images of public domain material
from the Google Books project.)
NIAMH
Niamh
Ó’N ATHAIR
PEADAR UA LAOGHAIRE,
CANÓNACH, S.P.
BAILE-ÁTHA-CLIATH:
MUINTIR NA LEABHAR GAEDHILGE,
6 Sráid d’Olier.
1907.
Fógarthar gach ceart ar cosnamh.
Sa bhliain d’ aois an Tighearna naoi gcéad cheithre fichid a ceathair do thóg Brian Bóramha Luimneach ó-s na Lochlanaigh. Do loisg sé an chathair, agus an méid des na Lochlanaigh nár marbhuigheadh agus nár tógadh ’n-a bprísúnachaibh, b’éigean dóibh teitheadh le n-a n-anam as an áit. Chuaidh cuid acu síos go h-Inis Cathaigh. Bhí seilbh ag Lochlanaigh i n-Inis Cathaigh an uair sin agus ar feadh mórán aimsire roimis sin. Bhíodar tar éis na manach a dhíbirt as an oileán agus iad féin do dhainginiughadh ann, agus bhí an áit caothamhail eidhsáideach eacrach acu, lámh le faraige agus lámh le tír. An sochar agus an saidhbhreas a bheiridís leó as an dtír mór-thímpal, le guid agus le fuadach agus le creachadh, choimeádaidís ar an oileán é go dtí go dtagadh na loingeas agus go bhféadaidís é chur soir abhaile nó é dhíol, nó é mhalairtiughadh ar bhia nó ar éadach nó ar arm, nó ar pé neithe eile a bhíodh ag teastubháil uatha.
Nuair a tháinig an lucht teithe anuas ó Luimneach agus nuair a dh’innseadar do Lochlanaigh Ínse Cathaigh cad a bhí déanta ag Brian, go raibh an chathair ’n-a luaithrigh agus a raibh de dhaoine inti marbh nó tógtha nó imthighthe gan tuairisg, shocaruighdar go léir ar an oileán do chur i dtreó chosanta chómh maith agus dob’ fhéidir é, agus ar iad féin a chosaint go h-imirt anama. Tháinig triúr curaí anuas ó’n gcathair [8] i n-aonfheacht leis an lucht teithe. Íomhar agus Amhlaoibh agus Duíbhghean an triúr san.
Chuireadar an t-oileán i dtreó chosanta. Níor bh’fhada go raibh Brian anuas ’n-a ndiaigh. Do bhris sé féin agus a shluagh isteach chúcha ar an oileán. Do troideadh go dian ó gach taobh. Imirt anama dáiríribh ab eadh é dos na Lochlanaigh. Do briseadh agus do brúghadh agus do buadhadh ortha. Do thuiteadar ’n-a gcéadtaibh. Do fágadh a bhformhór marbh ar an oileán agus do tógadh an triúr, Íomhar agus Amhlaoibh agus Duíbhghean. D’fhág san Luimneach agus oileán ínse Cathaigh folamh ó Lochlanachaibh, agus gan aon tsúil go dtiucfadh a thuille acu chun na h-áite sin, an fhaid a bhéadh Brian beó pé ’n-Éirinn é.
Nuair a tuigeadh an nídh sin tháinig na manaigh chun an oileáin airís. Tháinig duine ana naomhtha n-ar bh’ ainim dó Colla, agus bhí sé i n’ Abb ar an mainistir, agus chuir sé gach gnó Creidimh ar siúbhal airís ann, fé chómairce Sheanáin naomhtha. Na manaigh agus na sagairt a dhíbir na Lochlanaigh as an áit thánadar airís, an méid a bhí beó acu, agus do luighdar isteach sa n-obair bheannuighthe mar ba ghnáth roimis sin. Bhí gach aon rud loitithe briste sgartálta i ndiaigh na Lochlanach. Do dhein Colla na h-áiteana a bhí beannuighthe do choisreacan airís, agus do chuir Brian chuige síos adhmad agus clocha agus aol agus saoir agus lucht ceárd, agus gach aon chóir a bhí riachtanach chun gach díobhála d’ár dhein na Lochlanaigh do leigheas, agus chun gach ar bhriseadar do dheisiughadh, i dtreó, ar ball, go raibh an áit níos fearr agus níos uaisle agus níos órnáidighe agus níos oireamhnaighe chun gnóthaí Creidimh agus chun onóra thabhairt do Dhia ann, ’ná mar a bhí sé, a déarfadh duine, sar a dtáinig aon Lochlanach riamh isteach ann.
Fé mar a bhí na manaigh ag teacht tar n-ais ann bhí na daoine, sa chómharsanacht mór-thímpal, chómh fada siar le Léim [9] Chúchulainn agus chómh fada óthuaidh le Cill Caoí, ag cur arbhair agus éadaigh agus adhbhar teine, agus neithe de’n tsórd san, isteach chúcha ar an oileán. Do chuir Brian féin chúcha a lán neithe a bhí ag teastubháil uatha agus nár bh’ fhéidir dóibh a dh’fhághail ó-s na daoine. Chuir sé chúcha, mar bhara ar gach bronntanas eile, cailís óir a bhí tar éis teacht chuige féin ó’n Róimh, ó’n bPápa, ’ghá chur i n-iúil dó cad é an buidhchas a bhí ag an bPápa air mar gheall ar a mhór-ghníomhartha i gcoinnibh na Lochlanach, i gcoinnibh namhad an Chreidimh. Ba mhór ab fhiú an chailís sin. Ór ar fad ab eadh í, agus bhí sí téagartha, trom, agus má ba mhór ab fhiú an méid óir a bhí inti, ba mhó ’ná san ab fhiú an gréas órnáide a bhí geártha uirthi, chómh h-ealadhanta agus chómh ceárdamhail agus chómh greanta. Ach bhí nídh uirthi a bhí níba dhaoire go mór ’ná an t-ór agus an órnáid i n-aonfheacht. Bhí ag bun an chupáin uirthi, mór-thímpal, sa n-áit ’n-a raibh an cupán suidhte ar an gcois, crios de chlochaibh lóghmhara go raibh, ba dhóich leat, fuasgailt mic rígh a’ braighdineas ins gach cloch díobh. Thug Brian an chailís sin do Cholla agus do mhainistir Ínse Cathaigh, i n-onóir do Dhia agus do Sheanán naomhtha, agus ba mhór ag Colla agus ag na manaigh go léir, agus ag cléir na tíre go léir sa tímpal, an chailís sin, agus ba mhór é a mbuidhchas ar Bhrian d’á bár.
Chómh luath agus bhí na manaigh tagaithe tháinig na micléighinn. Chómh luath agus tháinig na micléighinn do cuireadh na sgoileana ar siúbhal.
Nuair a tháinig na Lochlanaigh níor fhághadar aon nídh i bhfuirm leabhair, d’ár tháinig fé n-a súilibh, gan cur sa teine nó sa n-uisge, agus ba mhar a chéile do leabhraibh na h-aimsire sin teine nó uisge, mar is ar chroicean a déintí an sgríbhinn agus do bhaineadh an t-uisge an sgríbhinn de’n chroicean chómh luath agus do fliuchtí é. Ach níor bh’ fhada go raibh leabhair a ndóthin airís acu, mar, an mhuintir a bhí ag [10] teacht do thugadar leabhair leó ar iasacht agus ansan do sgríobhadar macshamhla, a ndóthin díobh, sar ar chuireadar abhaile na h-iasachtaí.
Níor bh’ fhada gur leath an sgéal ar fuid na h-Éirean go raibh na sgoileana ar siúbhal airís i n-Inis Cathaigh. Tháinig na h-ógánaigh ó gach aon pháirt d’Éirinn chun na sgoluigheachta dh’fhághail. Bhí ainim Cholla i mbéalaibh daoine ar fuid na h-Éirean, agus lasmuich d’oileán na h-Éirean, le méid an eóluis a bhí aige agus le doimhneacht a thuisgiona agus le feabhas an teagaisg a thugadh sé dos na h-ógánaigh. Ba ghearr go raibh na h-ógánaigh ag teacht anall ó’n oileán ar a dtugtar Sasana anois, agus adtuaidh ó Albain, agus andeas ó’n bhFrainc agus ó’n Almáinn. Clann na ríghthe agus na n-uasal isiad a thagadh. Do gheibhdís sgoluigheacht agus bia agus deoch agus díon, agus gach coimeád suas eile a theastuigheadh uatha, saor i n-aisge, gan aon tsaghas díoluigheachta, i sgolaibh na h-Éirean an uair sin. Níor bh’ aon iongnadh go dtagaidís ’n-a gcéadtaibh agus ’n-a míltibh.
Tímpal na h-aimsire sin bhí cuid des na Lochlanaigh féin ag tusnughadh ar an gCreideamh a ghlacadh, go mór mór, an chuid acu a bhí tar éis cur fútha i n-Éirinn agus cómhnuighe a dhéanamh dóibh féin ann, agus tar éis cleamhnaisí dhéanamh le mnáibh Éireanacha. D’eirigh an cómhngas, agus ansan an gaol, idir iad féin agus na cómharsain a bhí ’n-a dtímpal. As san amach do thusnuighdar ar nósaibh na h-Éirean do ghlacadh. Chuaidh eólus ar an gCreideamh i bhfeidhm ortha i [11] ndiaigh ar ndiaigh, agus thusnuighdar ar an gCreideamh do ghlacadh. Chun iad féin d’ollamhughadh i gceart i gcóir an Chreidimh thusnuighdar ar dhul isteach ins na sgoileanaibh chómh maith le cách, agus rud a chuirean iongnadh anois ar dhaoine ná tuigean i gceart an mhór-aigne atá sa n-Éireanach, bhí fáilte rómpa ins na sgoileanaibh chómh maith agus a bhí roim chách.
Lá, agus an obair ar siúbhal i sgolaibh na mainistreach, tháinig ógánach uasal chun an oileáin. Bhí folt fionn air, ag tuitim go trom anuas ar a ghuaillibh agus ar a shlinneánaibh. Bhí clóca, nó brat, aniar ar a shlinneánaibh mar ba cheart a bheith ar mhac rígh, agus bhí sé ríoga ’n-a cruith agus ’n-a phearsain. Go mór mór, bhí an tsúil ríoga ag taithneamh ’n-a cheann, súil iona raibh fíor uaisleacht, gan uabhar, úmhluigheacht gan cheann-ísleacht, fírinne aigne gan nochtadh aigne. Tháinig sé go dorus na mainistreach. Tháinig an dóirseóir chuige.
“D’oirfeadh dom, le d’thoil, an t-Abb a dh’ fheisgint,” ar seisean leis an ndóirseóir.
“Tá go maith, a rígh,” arsa’n dóirseóir. “Buail mar seo, le d’thoil.”
Do rugadh i láthair Cholla é.
“Cad é seo atá uait, a mhic?” arsa’n t-Abb leis.
“Tá, a Athair,” ar seisean, “gur mhaith liom, dá mb’ é do thoil é, raint aimsire chaitheamh sa mhainistir seo ag déanamh foghluma.”
“Cé h-é thu, le d’ thoil?” arsa’n t-Abb.
“Tadhg ua Cealla is ainim dom, a Athair,” arsa’n t-ógánach, “agus adtuaidh ó Uíbh Máine do thánag.”
“Airiú,” arsa’n t-Abb, “an mac do Thadhg Mhór ua Chealla thu!”
“Iseadh, a Athair,” arsa’n t-ógánach.
Do cuireadh isteach láithreach é sa sgoil a bhí oireamhnach dó. [12] Bhí an Tadhg ua Cealla san ocht mbliana déag d’ aois an uair sin.
Cúpla lá i ndiaigh an lae a tháinig Tadhg ua Cealla tháinig ógánach eile isteach sa mhainistir. Lochlanach ab eadh é, agus ba léir gur mhac rígh é. Bhí folt gruaige air a bhí chómh dubh le gual, agus bhí a chroicean chómh geal leis an sneachta. Bhí luisne chroídhreac ’n-a dhá leacain, agus bhí gealgháire ’n-a dhá shúil agus ’n-a bhéal i dtreó go raibh báigh ag gach aoinne leis ar an gcéad amharc.
Do tugadh i láthair Cholla é.
“Cad é an ainim atá ort-sa, a mic?” arsa Colla leis, “agus cá mbíon cómhnuighe ort nuair a bhíon tú sa bhaile?”
“Lochlanach iseadh mé, a Athair,” arsa’n t-ógánach, “agus Amhlaoibh is ainim dom. Amhlaoibh Óg a tugtar orm, mar Amhlaoibh is ainim dom’ athair leis. Thánag anso chun sgoluigheachta dh’fhághail, mar deir gach aoinne gur anso atá an sgoluigheacht is fearr le fághail.”
“Tá go maith,” arsa’n t-Abb. “Is dócha nách d’ár gCreideamh tú, ach ní dheinean san deifrígheacht ar bith. Tabharthas ó Dhia iseadh an Creideamh. Múinfear duit anso pé léighean nó pé eólus atá uait, agus ní baoghal duit go ndéanfaidh aoinne aon cur isteach ort mar gheall ar chreideamh.”
“Táim ’ghá chuimhneamh le fada, a Athair,” arsa’n t-ógánach, “gur mhaith an rud dom eólus éigin do chur ar bhúr gCreideamh. Ní féidir do dhuine creideamh do ghlacadh gan eólus a chur ar dtúis air. Má chím ó’n eólus gur nídh fóghanta é ba chóir gur mhaith an rud dom é ghlacadh. Pé ’cu ghlacfad é nó ná glacfad cad é an díobháil a dhéanfaidh sé dhom eólus do chur air?”
“Tá go maith, a mhic ó,” arsa’n t-Abb. [13] “Lean do thoil agus do thuisgint féin sa nídh sin. Go dtugaidh Dia agus Seanán naomhtha dhuit an t-eólus atá uait!”
Do cuireadh Amhlaoibh Óg isteach sa sgoil do ceapadh a bhí oireamhnach dó, agus cá gcurfaí é ach isteach sa sgoil chéadna ’n-ar cuireadh Tadhg ua Cealla.
Níor bh’ fhada gur chuir an bheirt aithne mhaith ar a chéile. Níor bh’fhada gur eirigh caradas mór eatartha. Bhíodar araon go h-ana mhaith chun an léighinn a thógaint, agus ba dheacair d’aoinne a dh’innsint cé ’cu b’fhearr chuige. Ins gach nídh a bhain le neart géag agus le cleasaibh lúth dob’ é an sgéal céadna é. Ní raibh aon bhreith ag aoinne de’n bheirt ar bhuachtaint i gceart ar an bhfear eile. Ach bhí so le feisgint soiléir go leór. Ní raibh aon fhear eile ins na sgolaibh sin a dh’fhéadfadh cimilt le h-aoinne de’n bheirt i n-aon rud a bhain le neart cuirp ná le cleasaibh lúth.
Ní raibh Tadhg Óg ua Cealla abhfad i n-Inis Cathaigh nuair a rugadh soir go Ceann Cora é, go ríghtheighlach Bhriain féin. Bhí aithne mhaith agus cion mór ag Brian ar athair an fhir óig sin, ar Thadhg Mhór ua Chealla. Ní h-aon iongnadh nár fágadh Tadhg Óg abhfad gan breith soir go Ceann Cora.
Agus dar ndó’ nuair a h-iaradh ar Thadhg dul soir níor bh’ fhéidir a chara agus a chómhalta, Amhlaoibh, a dh’ fhágáilt ’n-a dhiaigh sa mhainistir. B’ éigean dóibh araon dul soir. Chómh luath agus do cuireadh aithne thoir ortha ba dhóich leat gur anuas as an spéir a thuiteadar, tháinig a leithéid sin d’ uraim ag gach aoinne dhóibh agus a leithéid sin de chion ag gach aoinne ortha.
Bhí fhios ag gach aoinne gur mhac rígh Tadhg Óg ua Cealla, agus isé rud a deireadh na daoine a chíodh é ’ná, “An t-é ná déanfadh ach feuchaint air, gan aon phioc d’á fhios a bheith aige cé h-é féin, d’ aithneóch’ sé gur mac rígh é!” Bhí an uraim ag ár sínsear riamh do’n rígh agus do mhac an rígh. Ní’limíd féin ró shaor ó’n ngalar gcéadna.
Bhí tuairim láidir ag daoine gur mhac rígh Amhlaoibh, leis, [14] bíodh ná dúbhairt sé féin, luath ná mall, gur bh’eadh. Níor admhuigh sé gur bh’eadh agus ní lúgha ’ná mar a shéan sé gur bh’eadh.
Áit chun an uile shaghas cleasaidheachta, idir ruith agus léim agus iomrasgáil agus caitheamh cloch araige agus tógaint ualaí troma, ab eadh Ceann Cora an uair sin, agus bhí fir óga ann nár bh’fhuiriste buachtaint ortha ins na gníomharthaibh sin. Bhí an bheirt a tháinig aniar ó Inis Cathaigh maith a ndóthin do’n chuid ab fhearr acu, ’sé sin d’á gcómhnaoisibh. Ní raibh aon breith acu, ámhthach, ar aon chimilt a dhéanamh leis na fearaibh stáluighthe cruadha a bhí ann.
I n-éaghmais na lúthchleas bhíodh cleasa agus gleacaidheacht ar na h-airm acu. Bhíodh airm éadtroma ann dos na buachailíbh chun bheith ag déanamh taithíghe dhíobh. D’imir gach duine de’n bheirt cluiche ar gach arm des na h-airm sin leis na buachailíbh ab fearr a bhí ar theighlach Bhriain, agus chuireadar iongnadh ar gach aoinne. Bhíodh capal bata acu ann agus marcach bréige anáirde air agus éide ar an marcach, agus gníomh fir ab eadh ruith chun an mharcaigh sin agus buille thuaigh a thabhairt dó sa cheathramhain agus idir éide agus ceathramha do ghearadh leis an mbuille sin i dtreó go dtuitfeadh an chos ar thaobh de’n chapal agus an marcach ar an dtaobh eile.
Dubhairt Amhlaoibh gur dhóich leis go ndéanfadh sé an gníomh san. Do tugadh tuagh Mhurchadh mhic Bhriain chuige. Bhí sí ró throm dó. Do tugadh tuagh ná raibh chómh trom chuige. Do cuireadh anáirde an fear bréige ar an gcapal bréige. Do chas Amhlaoibh an tuagh agus do rith sé chun an mharcaigh agus do bhuail sé a bhuille. Chuir an buille stangadh sa n-éide a bhí ar ceathramhain an fhir bhréige. Sin ar chuir.
Do cuireadh suas an fear bréige airís agus éide shlán air. Do rug Tadhg Óg ua Cealla ar thuaigh eile. Do thoibh sé féin an tuagh. Bhain sé casadh as an dtuaigh agus do rith sé chun an mharcaigh bhréige. Tháinig an tuagh anuas ar an [15] gceathramhain. Do thuit an chos ar thaobh de ’n chapal agus an fear ar an dtaobh eile.
Do leath a dhá shúil ar Amhlaoibh.
“Ó!” ar seisean, “agus níor chuiris leath do nirt leis an mbuille!”
“Do chuireas,” arsa Tadhg, “ach níor dhóich leat gur chuireas. Cleas iseadh é. Chuiris-se oiread nirt leis an mbuille agus chuireas-sa leis, ach níor thugais a cheart féin do’n fhaobhar. Ní’l ann ar fad ach cleas, agus taithíghe ar an gcleas.”
“B’fhéidir é,” arsa Amhlaoibh, “ach mo thruagh-sa an fear go n-imireófá-sa an cleas san air i láthair catha.”
Do rug Amhlaoibh ar bhogh Mhurchadh. Mheas sé an bogh do lúbadh. Do theip air.
“Ba mhaith liom aon urchar amháin a dh’fheisgint uait, a rígh,” ar seisean le Murchadh.
“Chífir agus fáilte, a mhic ó,” arsa Murchadh. Do rug Murchadh ar an mbogh agus do lúb sé é agus chuir sé an tsrang air mar ba chóir chun lámhaigh. Ansan do rug sé ar shaighid agus chuir sé an saighead leis an sraing. Bhí an bogh dhá shlait ar faid. Chuir sé an lámh chlé n-a lár. Tharaing sé an tsrang leis an láimh dheis go dtí gur dhóich le duine ná raibh dhá throigh idir dhá cheann an bhogha. Thug sé aghaidh ar an dtaobh thall de’n ghleann. Do thárla éan faraige bheith ag gluaiseacht fan an ghleanna thall, lasmuich, dar le n-a raibh láithreach, de raon aon urchair. Do sheinn an tsrang. Do ghluais an saighead. Bhí súil gach aoinne ar an saighead agus ar an éan. Chonacadar ag teacht chun a chéile iad. Do chuaidh an saighead tríd an éan agus thuiteadar araon chun tailimh thall ar thaobh an ghleanna. Do rith buachail anonn agus thug sé leis anall iad. Bhí iongnadh agus alltacht ar Amhlaoibh nuair a thuig sé i n’ aigne cad é an neart nár bh’fholáir a bheith sa bhfear a chaith an t-urchar san.
Do caitheadh an lá ar an gcuma san, go suairc agus go soilbhir agus go muinteartha. Ansan do shuigh cuideachta mhaith uasal chun dínnéir, agus do tairbeánadh uraim agus onóir do’n dá mhac rígh sin agus d’uaislibh eile a tháinig an lá san go ríghtheighlach Bhriain ar ghnóthaíbh a bhain leó féin.
Bhí aghaidh na h-Éirean go léir an uair sin ar Bhrian agus ar Cheann Cora agus ar Dhál gCais. Bhí sé daingean i n-aigne gach aoinne, idir Ghaedhal agus Lochlanach, nár mhaith an bhail ar chine Ghaedhlach ná ar chine Lochlanach Brian agus Clann Chais a bheith ’n-a namhdaibh acu, agus gur bh’ é a leas, thar gach nídh, Brian agus Clann Chais a bheith ’n-a gcáirdibh acu. Gach aon chine, d’á bhrígh sin, ar fuid na h-Éirean, agus go mór ar fuid na Múmhan, a bheartuigh go bhféadfaidís caradas Bhriain do choimeád, má bhí sé acu, bhídís ag teacht go Cheann Cora agus ag tabhairt cíosa nó bronntanas leó; agus an mhuintir a bhíodh a d’iaraidh an charadais sin a dh’fhághail dóibh féin mura raibh sé cheana acu, bhídís ag teacht ar an gcuma gcéadna a d’iaraidh é thuilleamh.
Do thuig Brian iad go léir go h-áluinn. Fear ana dhoimhinn ab eadh é. Bhí beartuighthe i n’ aigne aige, agus bhí an machtnamh i n’ aigne le fada dh’aimsir, neart na h-Éirean go léir do chnuasach agus do chur le chéile i gcoinnibh na Lochlanach, agus i gcoinnibh gach namhad iasachta. Deire chur leis an obair a bhí ar siúbhal i n-Éirinn ar feadh cúpla céad blian an uair sin, nuair a bhíodh eaglaisí agus mainistreacha agus sgoileana d’á gcur suas le neart Creidimh agus dúil i léighean agus i n-eólus, agus ansan nár thúisge a bhídís [17] thuas ’ná mar a bhíodh na Lochlanaigh ag preabadh isteach agus ’á sgartáil, ’ghá losgadh agus ag losgadh na leabhar a bhíodh ionta agus ag marbhughadh na manach. Do thuig Brian i n’ aigne, nuair a dheineadh cléir agus daoine naomhtha na h-Éirean, agus lucht léighinn na h-Éirean, na h-eaglaisí agus na mainistreacha agus na sgoileana do chur suas agus an obair do chur ar siubhal, gur bh’é ba lúgha ba ghann do ríghthibh Éirean, agus d’fhearaibh Éirean, Éire agus an obair, agus an mhuintir a bhí ag déanamh na h-oibre, do chosaint ar namhdaibh iasachta. Chonaic sé conus a bhí an sgéal ag Éire ocht gcéad blian nó míle blian roimis sin, nuair a bhí Fionn agus Fian Éirean beó, nó le linn Chonchubhair agus Chúchulainn. Bhí a leithéid sin de sgannra an uair sin ar dhúthaíbh iasachta roim fhearaibh Éirean agus roim chómhacht na h-Éirean nár leómhaidh aon chómhacht iasachta aon chur isteach a dhéanamh ortha. Dá mb’ iad na Rómhánaigh féin iad, do chuireadar an dómhan go léir fé n-a smacht ach Éire amháin. “Ach!” a déarfaidh duine, b’fhéidir, “Níor bh’fhiú leó teacht ag cur isteach ar oileán na h-Éirean. Bhí Éire ró shuarach, dar leó, agus ró imigcéineamhail.”
Nách maith ná raibh Ínsí h-Orc ró imigcéineamhail. Chuir na Rómhanaigh Sasana fé n-a smacht, agus chuireadar mórán de chrích Alban fé n-a smacht. Agus chuadar níba shia óthuaidh agus chuireadar Ínsí h-Orc fé n-a smacht, d’á fhaid óthuaidh iad, agus d’á shuaraighe le rádh iad an uair sin.
Bhí fhios acu go dian mhaith gur bh’fhiú dhóibh Éire thabhairt fé n-a smacht dá bhféadaidís é. Bhí aithne mhaith acu ar an oileán, ach bhí fhios acu go maith, leis, cad é an saghas daoine a bhí ’n-a gcómhnuíghe ar an oileán. Níor thánadar ag cur isteach ortha. Níor dhein cómhacht na Rómha riamh oiread agus sméide ar oileán na h-Éirean.
Do thuig Brian, an rud a deineadh cheana go bhféadfaí é dhéanamh airís. Go bhféadfaí cómhacht na h-Éirean do chur le [18] chéile, agus do tháthughadh i n-a chéile, agus do dhlúthughadh i n-a chéile airís, agus neart fear Éirean do ghleusadh agus do chórughadh, mar a ghleus Fionn é. Ansan nár bhaoghal ná go bhfanfadh na Lochlanaigh amach, nó dá dtagaidís gur theacht gan imtheacht dóibh é.
Is léir d’aon duine a dh’fheuchan isteach sa sgéal go raibh an machtnamh san agus an beartughadh san agus an inntinn sin, istigh i gcroídhe Bhriain ó’n gcéad uair a thusnuigh sé ar dhroch obair na Lochlanach do thuisgint i gceart. Níor bh’fhuiriste dhó, ámhthach, a bheartughadh do chur i ngníomh mar bhí ríghthe Gaedhal ar bheagán meabhrach agus ar bheagán tuisgiona an uair chéadna. Níor tháinig aon phioc d’á chuimhneamh chun aoinne acu go raibh aon bhaoghal go bhféadfadh Lochlanaigh, ná aon almhúraigh eile, Éire do chur fé n-a smacht go h-iomlán chóidhche. Do thuig Brian go raibh an baoghal ann, agus gur mhóide an baoghal a luíghead a tuigeadh é. Thuig sé, leis, go mbéadh an baoghal ann an fhaid a bhéadh ríghthe Éirean ag gabháil i gcoinnibh a chéile, agus ag troid le n-a chéile, agus ag lagughadh a chéile mar a bhíodar. D’á bhrígh sin, chómh luath agus thusnuigh a chómhacht ar dhul i méid, do thusnuigh sé ar na ríghthibh eile do thabhairt sé n-a smacht féin, agus ar a chur fheuchaint ortha oibriughadh a’ lámhaibh a chéile i gcoinnibh na Lochlanach. Níor bh’ é sin féin ach, fé mar a fuair sé an chaoi air, do ghlac sé isteach ’n-a shlóightibh armála na Lochlanaigh a bhí dílis dó, chun cogaidh a dhéanamh i gcoinnibh na Lochlanach eile. Bhí cuid acu níba dhílse dhó ’ná mar a bhí cuid des na h-Éireanaigh.
Bhí cómhacht Bhriain ag méadughadh agus ag neartughadh agus ag leathadh go dtí go raibh sé ’n-a rígh ar leath na h-Éirean, ar Leath Mhogha, ar an leath theas de’n oileán. Ní gan mórán trioblóide agus mórán cogaidh a chuir sé an méid sin de thír na h-Éirean fé smacht a láimhe. Bhí a dhritháir, Mathúin mac Cinéide, ’n-a rígh ar an Múmhain roimis. Rígh cródha, cómhachtach, mór-aigeanta ab eadh an Mathúin sin. Chonaic ríghthe agus tighearnaí eile na Múmhan go raibh Dál gCais agus clann Chinéide ag dul i neartmhaire, agus tháinig éad agus eagla ortha.
Chonaic Lochlanaigh na Múmhan, leis, mura gcurfaí cosg éigin leis an mbeirt drithár, le Mathúin agus le Brian, ná fágfaidís Lochlanach beó sa Mhumhain. Dheineadar eatartha, na Lochlanaigh agus na h-Éireanaigh n-a raibh an t-eagal ortha, feall grána ar Mhathúin. Mharbhuighdar é i n-áit ar a dtugtí Bealach Leachta. Deir cuid de’n tseanachus gur i n-aice Mághchromtha atá an áit. Tá cloch mhór, i bhfuirm goláin, ’n-a seasamh ar bhruach an tSoláin, ar an ínse, i n-aice na h-áite ’n-a dtagan an Leamhain isteach sa tSolán, agus do réir gach deabhraimh tá an chloch san ’n-a seasamh ar uaigh Mhathúna mhic Cinéide, rígh Múmhan.
B’fhearra go mór, ámhthach, do lucht an éada agus an eagla ná déanfaidís an gníomh san. Íomhar, rígh Lochlanach Luimnighe, agus Maolmuaidh, rígh Deasmúmhan, agus Donabhán, rígh Figheinte, isiad a dhein an gníomh. Do las fearg Bhriain nuair a fuair sé cad a bhí déanta. Do chruinnigh sé a neart. Siné an uair a sgrios sé na [20] Lochlanaigh a’ Luimneach agus a’ h-Inis Cathaigh. Do bhris sé cath ar Dhonabhán agus mhairbh sé é. Do lean sé Maolmuaidh go Bealach Leachta, an áit ’n-ar marbhuigheadh Mathúin. Bhí Maolmuaidh ann agus sluagh líonmhar, láidir aige, de Ghaedhlaibh agus de Lochlanachaibh. Do bhuaidh Brian ortha, agus do thuit Maolmuaidh sa chath. Deir an seanachus go raibh Murchadh, mac Bhriain, sa chath san agus gan é ach chuig bhliana déag, agus gur le n-a láimh a thuit Maolmuaidh.
Nuair airigh Dómhnall ua Faoláin, rígh na nDéiseach, cad a bhí imthighthe ar Mhaolmuaidh agus ar a shluagh, d’eirigh sé agus chruinnigh sé slóighthe a thíre go léir, agus tháinig Lochlanaigh Phortláirge ag cabhrughadh leis. Siúd chúcha Brian. Do bhris sé cath fuilteach ortha i n-áit ar a dtugtí Fán Chonradh. Do theitheadar, idir Ghaedhil agus Lochlanaigh, isteach go Portláirge. Do lean Brian iad agus dhein sé éirleach ortha agus do loisg sé an chathair. Do thuit Dómhnall sa n-éirleach.
Bhí an Mhúmhain fé smacht Bhriain ansan. Níor ghéill a namhaid go léir dó, ámhthach. Bhí fhios acu ná géillfeadh Cúige Laighean go ró bhog dó. D’imthighdar óthuaidh. D’ eirigh na Laighnigh leó. Do cruinnigheadh sluagh ana mhór, Lochlanaigh agus Éireanaigh ó’n Múmhain, agus Lochlanaigh ó Áth Cliath, agus iomláine cómhachta na Laighneach, idir Lochlanaigh agus Éireanaigh. Cheapadar, anois nó riamh, go gcuirfidís neart Bhriain ar neamhnídh. Thuig na h-Éireanaigh a bhí ann go ndéanfaidís díoltas ar Bhrian agus ar Chlainn Chais fé dheire thiar thall. Thuig na Lochlanaigh dá mbéadh Brian agus Clann Chais ar neamhnídh nár ró fhada go mbéadh Luimneach, agus Inis Cathaigh, agus an Mhúmhain, agus b’fhéidir Éire go léir, acu féin airís. Níor thug Brian puínn aimsire dhóibh chun machtnaimh a dhéanamh. Siúd chúcha isteach i gCúige Laighean é féin agus a shluagh. Ar Gleann Mháma iseadh tháinig sé suas leó. Siúd chun a chéile an dá shluagh go fíochmhar agus go malluighthe. Do throid na Laighnigh agus na Lochlanaigh agus a [21] lucht cabhartha go léir, go cródha agus go seasamhach, an fear ag tuitim agus fear eile i n’ inead láithreach, gan staonadh gan géilleadh, gan suim i mbás ná i mbeatha. Níor bh’ aon mhaith dhóibh é. Do bhrúigh Brian agus Murchadh agus Clann Chais isteach tré n-a lár. Do leagadh agus do marbhuigheadh iad ’n-a srathanaibh. Fé dheire do ruagadh chun siúbhail an méid nár leagadh dhíobh. Do leanadh iad ins gach treó baill ’n-ar theitheadar. Do cuireadh an mhór-shluagh ar neamhnídh glan. Do thuit sa chath san chúig mhíle fear de Lochlanachaibh agus de Laighneachaibh.
D’fhág san Leath Mhogha ar fad fé smacht Bhriain, agus thug sé le tuisgint go soiléir dos na Lochlanaigh ná raibh aon bhreith acu go deó airís ar oileán na h-Éirean do thabhairt fé n-a smacht. Ansan iseadh bhí ríghthe agus uaisle agus tighearnaí tíre ag teacht as gach áird go Ceann Cora ag tabhairt cíosa agus tabharthaistí agus bronntanas ag triall ar Bhrian agus ag snadhmadh caradais leis.
Cuid des na h-uaislibh sin iseadh bhí tagaithe ann an oídhche a bhí an bheirt bhuachailí ó mhainistir Ínse Cathaigh ann. Chuir an mhuintir a tháinig aithne láithreach ar Thadhg Óg ua Chealla. Níor fhéad aoinne puínn aithne chur ar an mbuachail eile, ar Amhlaoibh. Ní raibh fhios acu cé r’ bh’ é ná cé ’ra díobh é, ach gur bh’ ógánach uasal é a tháinig anall ó chrích Lochlan go mainistir Ínse Cathaigh ag déanamh foghluma. Do caitheadh an oídhche go suairc agus bíodh ná raibh aon aithne cheart ar an Lochlanach óg bhí gach aoinne ag déanamh cúraim dé agus ag taisbeáint báighe dó, díreach fé mar ba mhaith leó a chur i n-iúil dó, dá mba Lochlanach féin é ná raibh aon dothal acu roimis.
Tá an tréith sin sa n-Éireanach fós, go láidir. Má bhímíd muinteartha le duine iasachta is minic gur mó go mór a thaisbeánaimíd ár muintearthas dó ’ná mar a thaisbeánaimíd [22] é d’ ár nduine féin. Chonac go minic a leithéid.
Tháinig an mhaidion. Bhí na h-uaisle a tháinig ag dul abhaile. Má thugadar tabharthaistí leó ag triall ar Bhrian do thug Brian tabharthaistí móra maithe dhóibh nuair a bhíodar ag imtheacht. Bhí brígh leis na tabharthaistíbh sin, ámhthach. An priúnsa do ghlac tabharthas mar sin ó Bhrian, d’ admhuigh sé Brian a bheith ’n-a rígh os a chionn, agus bhí ceangailte air as san amach an admháil sin do sheasamh. Thuigeadar go léir an nídh sin go maith agus ní raibh aon chur ’n-a choinnibh acu. Is amhlaidh a bhí áthas mór ortha fear a bheith os a gcionn a bhéadh ábalta ar iad do smachtughadh dá mba ghádh é.
Tháinig an bheirt bhuachailí abhaile chun na mainistreach agus chun na leabhar agus chun an léighinn.
Bhí Brian pósta an tarna h-uair an uair sin. Gormfhlaith ab ainim do’n tarna mnaoi. Bhí sí ’n-a baintrigh nuair a phós Brian í. Drifiúr ab eadh í do Mhaolmórdha, an rígh a tháinig ar Laighnibh nuair a ghéilleadar do Bhrian. Bhí sí pósta ar dtúis ag rígh de ríghthibh Lochlanach Átha Cliath. Amhlaoibh ab ainim do’n rígh sin. Bhí mac aici leis an Amhlaoibh sin agus Sitric ab ainim do, agus bhí sé ’n-a rígh ar Lochlanaigh Átha Cliath nuair a bhí sise pósta ag Brian i gCeann Cora.
Do réir gach seanachais d’á mbainean leis an aimsir sin ní raibh an uair sin ar mhnáibh an domhain bean eile a bhí i n-aon ghaor do bheith chómh breagh leis an mnaoi sin. Ach tá nídh eile, leis, le feisgint sa tseanachus. Ní raibh bean ar bith a bhí chómh breagh léi. Ní lúgha ’ná mar a bhí bean ar bith a bhí chómh h-olc léi. Nuair a phós Brian í ní raibh fhios aige cad é an saghas í. Bhí beartuighthe i n’aigne aige, ní h-amháin Gaedhil Éirean do dhlúthughadh le n-a chéile i dtreó gur mhóide a neart é i n-aghaidh namhad iasachta, ach, dá mb’ fhéidir é, na Lochlanaigh a bhí socair chun cómhnuighthe i n-Éirinn do tháthughadh leis na cineachaibh Gaedhlacha, agus aon neart amháin a dhéanamh díobh go léir. Thuig sé gur mhaith an congnamh dó [23] chuige sin máthair an rígh a bhí ar Lochlanaigh Átha Cliath a bheith pósta aige; go dtabharfadh an cleamhnas san páirt disi ’n-a chómhacht féin agus páirt dó féin i gcómhacht a mic. Do neartuigh sé an pháirt sin a bhéadh aige féin i gcómhacht a mic, le cleamhnas eile. Thug sé a inghean féin le pósadh do Shitric, do rígh Lochlanach Átha Cliath.
Bhí gaol agus cómhngas achmair go leór ansan idir é agus rígh Laighean agus idir é agus Lochlanaigh Átha Cliath, agus bhí gach aon deabhramh go ndéanfadh aimsir agus foidhne agus faidearaídhe agus deaghchómharsanacht caradas do dhlúthughadh agus do bhuanughadh idir é agus iad go léir, go mór mór ó bhí san agus a mbuac féin ag teacht isteach le n-a chéile. Bhí gach aon deabhramh, leis, dá leanadh an caradas san agus an deagh-chómharsanacht san go sroisfeadh Brian Árdrígheacht na h-Éirean agus go leanfadh sliocht Bhriain i n-Árdrígheacht na h-Éirean, ó ghlúin go glúin, ar feadh mórán aimsire, agus go gcuirfeadh san rath agus séan, go saidhbhir agus go marthanach, ar Éirinn agus ar Chlannaibh Gaedhal, agus ar an gCreideamh i n-Éirinn.
Ach bhí a mhalairt sin ar fad de mhachtnamh i n-aigne na Banríghne, i n-aigne Ghormfhlaith. Ní h-ar Bhrian ná ar a shliocht a bhí sí ag cuimhneamh, i gcóir Árdrígheachta na h-Éirean, sa n-aimsir a bhí le teacht, ach ar a mac féin, ar Shitric, rígh Lochlanach Átha Cliath. Bhí Brian aosda. Ní raibh, agus a dhícheal a dhéanamh, puínn eile aimsire aige le caitheamh ar an saoghal so. B’fhearr léi í féin a bháth ’ná Murchadh dh’fheisgint i n’ Árdrígh. Níor bh’fholáir, dar léi, rud éigin a dhéanamh a choimeádfadh Murchadh as an Árdrígheacht. Chuir sí an sgéal i gcómhairle a mic. Do socaruigheadh eatartha ar nimh a thabhairt do Bhrian. Dá mbéadh Brian as an slígh do thuitfeadh a chómhacht as a chéile. Ansan níor ró dheacair di cómhacht na Lochlanach do chruinniughadh agus oileán na h-Éirean do chur fé n-a smacht féin, agus Árdrígh a [24] dhéanamh d’á mac, de Shitric. Bhí an t-uisge-fé-thalamh san ar siúbhal idir Cheann Cora agus Áth Cliath ar feadh abhfad. Bhí sé ar siúbhal, a gan fhios do’n tsaoghal, le linn na h-aimsire ’n-a raibh an bheirt bhuachailí úd ag déanamh a bhfoghluma i mainistir Ínse Cathaigh.
Tar éis suim aimsire tháinig an bheirt airís go Ceann Cora agus bhí lá gleacaidheachta eile acu agus oídhche shuairc ’n-a dhiaigh. Níor bh’ fhada gur dheineadar taithighe de bheith ag teacht, agus bhíodh súil leó agus fáilte rómpa ag gach aoinne sa teighlach. Bhíodh gach aoinne mór leó, agus gach aoinne ag déanamh cúraim díobh, agus ní raibh aoinne ba mhó a dheineadh cúram díobh ’ná an Bhanríghin. Dheineadh sí ana chúram de’n bheirt, ach nuair a chuadar i dtaithighe bheith ag teacht do thárla go mbíodh Amhlaoibh agus í féin go minic ag caint agus ag cogarnaigh fé leith. Níor dhein aoinne aon iongnadh dhé sin. Lochlanach ab eadh é, agus mac rígh ab eadh é, agus níor bh’ aon iongnadh mórán a bheith aici le rádh leis an mbuachail i dtaobh a thíre féin agus i dtaobh a mhuintire.
Nuair a tháinig an t-am ’n-ar mhithid do Thadhg ua Chealla cuaird a thabhairt óthuaidh go h-Uíbh Máine, ag feuchaint a mhuintire féin, ní shásóch’ aon rud é gan Amhlaoibh do dhul óthuaidh i n-aonfheacht leis. Chuaidh an bheirt óthuaidh. Má ba mhór an fháilte a bhíodh roimis an mbeirt i gCeann Cora, agus má ba mhór an cúram a deintí dhíobh ann, ba mhó ’ná san an fháilte a bhí rómpa thuaidh, agus ba ghrádhmhaire, agus [25] ba mhó an cúram a deineadh díobh ann. Bhí Tadhg Óg ua Cealla i dteighlach a athar féin nuair a chuaidh sé óthuaidh go h-Uíbh Máine, agus is ’mó rud fhéadfadh sé a dhéanamh ann chun cúraim a dhéanamh de charaid ná féadfadh sé a dhéanamh i ríghtheighlac Bhriain i gCeann Cora. Do dhein sé gach aon rud fé mar a thaithn leis chun a thaisbeáint cad é an cion a bhí aige ar a chomrádaidhe. Nuair a chonaic an t-athair, Tadhg Mór féin, an cúram go léir ’á dhéanamh de’n ógánach Lochlanach do dhein sé féin cúram dé, chun a mhic do shásamh. Ansan do dhein an mháthair, agus an chuid eile de’n chlainn, an cúram céadna dhé, chun Taidhg Óig do shásamh. Níor dheacair dóibh sin, mar, chómh luath agus tháinig sé ’n-a measg, agus chómh luath agus do chonacadar é agus do labhradar leis, tháinig báigh chómh mór san acu féin leis go mbéadh fáilte acu roimis agus go ndéanfaidís cúram dé ar a shon féin dá mba ná béadh Tadhg Óg i n-aon chor ann. Bhí saoghal maith aige an fhaid a bhí sé thuaidh.
Do críochnuigheadh an chuaird agus tháinig an bheirt thar n-ais go h-Inis Cathaigh.
Do ghluais raint aimsire. Bhí Amhlaoibh ag déanamh na foghluma go tiugh. Lá d’á raibh an bheirt i bhfochair a chéile ar imeal an oileáin, ar bruach na faraige, do labhair Amhlaoibh. Dubhairt sé gur mhaith leis an Creideamh a ghlacadh. Bhí áthas mór ar Thadhg.
“Is fearr labhairt leis an Abb,” ar seisean.
Do labhradar leis an Abb.
“Tá go maith,” arsa’n t-Abb. “Ní foláir an Creideamh a mhúineadh dhuit ar dtúis.”
Do ceapadh sagart chun an Chreidimh a mhúineadh dhó. Do glacadh an sgéal go réidh. Do tugadh a dhóthin aimsire dhó chun an Chreidimh a dh’ fhoghluim. Do tugadh níba mhó ’ná a dhóthin aimsire dhó. Fear eagnaidhe ab eadh Colla. Thuig sé gur “bh’ fhearr feuchaint roime dhuine ’ná dhá fheuchaint ’n-a dhiaigh,” gur bh’fhearr deimhne dhéanamh sar a’ ndéanfaí dithineas. [26] Gur bh’ fhearr “bheith díomhaoín ’ná droch ghnóthach.” Ach do múineadh an Creideamh d’Amhlaoibh, agus do chuir sé an ríghneas go léir dé go breágh réidh foidhneach. Ba léir do gach aoinne go raibh sé dílis, dáiríribh. Do baisteadh é. Tar éis raint eile aimsire do dhein sé faoisdin agus do cuireadh fé láimh Easboig é. Ansan, tar éis tuille aimsire dhein sé faoisdin agus ghlac sé Comaoine. Bhí áthas mór sa mhainistir agus buidhchas mór ’á thabhairt do Dhia mar gheall ar a thabharthaistí.
Tháinig an t-am do’n bheirt chun dul soir go Ceann Cora ar chuaird. Chuadar soir. Bhí míle fáilte rómpa mar ba ghnáth. Ach bhí rud éigin tagaithe sa bhfáilte ná bíodh ann roimis sin. Bhí an osgailt croídhe ann a bhainean leis an gCreideamh. Ní h-aithnightear cad a bhainean leis an osgailt croídhe sin go dtí go mothuightear beó é. Ní raibh aon phioc d’á fhios ag Amhlaoibh cad a bhain leis go dtí gur mhothuigh sé beó é. An cion a gheibheadh sé i gCeann Cora agus i n-Uíbh Máine sar ar ghlac sé an Creideamh, níor thug sé fé ndeara go raibh aon rud i n-easnamh air. Bhíodh gach aoinne geal dó. Níor mheas sé go bhféadfaidís bheith níba ghile dhó. Nuair a tháinig sé, tar éis an Chreidimh a ghlacadh dhó, ansan iseadh thuig sé cad a bhain leis an osgailt croídhe. Do chonaic sé ansan go soiléir nár bh’é an duine céadna i n-aon chor acu é, agus nár bh’é an cion céadna i n-aon chor a taisbeánadh dó. Gur h-osgaladh dó, i gcroídhthibh na ndaoine, seómra éigin a bhí, ní h-amháin dúnta uaidh roimis sin, ach a bhí ann a gan fhios dó agus ná raibh aon phioc d’á fhios aige é bheith ann i n-aon chor.
Bhí áthas ana mhór ar mhuintir Thaidhg Óig uí Chealla nuair a tháinig an bheirt chucha agus Amhlaoibh tar éis an Chreidimh a ghlacadh. Dá mba bhuachail Tadhg go bhféadfaí éad a chur air do bhéadh éad a dhóthin air, do dheineadh a mhuintir a leithéid de chúram d’ Amhlaoibh.
Bhí drifiúr ag Tadhg. Mórling ab ainim di. Bhí sí fionn ar nós a drithár. Cailín ana dhathamhail ab eadh í. Bhí a gruaig ar dhath an óir. Bhí idir ghruaig agus dath chómh saidhbhir sin gur tugadh “Niamh Chinn Óir” mar ainim-cheana uirthi nuair a bhí sí ’n-a leanbh beag. D’oir an ainim chómh maith san di gur lean sé dhi. Ansan do thug daoine mar bhéas dóibh féin an cómhngar a ghlacadh ar an ainim agus gan a thabhairt uirthi ach Niamh. Sa n-am ’n-a mbíodh a dritháir agus Amhlaoibh ag teacht ó mhainistir Ínse Cathaigh go tigh a h-athar bhí sí seacht mbliana déag, agus deirtí go dtógfadh sé an ceó de chroídhe dhuine feuchaint uirthi, bhí a sgéimh chómh h-áluinn sin. Deirtí gur dhóich le duine go mbíodh mar a bhéadh sgáil éigin soluis ’n-a tímpal, i dtreó, nuair a thagadh sí isteach i gcuideachtain, gur chuma é nó gath gréine do theacht isteach ann. Bhí a lán d’uaislibh óga na tíre agus ba ró mhaith leó bheith ’n-a cuideachtain agus bheith go mór léi, ach bhí dhá shúil ghorma, sholusmhara, ríoga ’n-a ceann, agus ní raibh aon duine des na h-uaislibh óga san a dh’ fhéadfadh an fheuchaint a bhí ins na súilibh sin do sheasamh dá dtugadh a shúile féin, ’n-a gcoinnibh, aon fheuchaint nár cheart. Bhí an fhuil uasal inti, an fhuil ríoga. D’inis a dhá súil duit, ar an gcéad amharc, gur bh’ í inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla a bhí agat, agus pé ’cu b’í nó nár bh’í, gur bh’é do bhuac bheith chómh múinte chómh béasach agus d’fhéadfá bheith.
I dtaobh an óigfhir, ámhthach, a thagadh i n-aonfheacht le n-a dritáir andeas ó mhainistir Ínse Cathaigh, chonaic sí an ghruaig chíordhubh air, an t-ualach gruaige go raibh dóthin trír ann, agus é ag tuitim síos leis na h-uiseanaibh a bhí ar dhath an tsneachtaidh; ar na slinneánaibh breaghtha láidire leathana; síos go caol an droma, caol droma a bhí chómh seang le caol droma an chapail ráis, agus go raibh neart suidhte ann mar a bhéadh i ndrom an chapail ráis. Chonaic sí an dá shúil a bhí ’n-a cheann agus iad chómh dubh leis an sméaramhán, agus, [28] nuair a gháireadh sé, an teine chreasa ag teacht as na súilibh sin le neart suilt agus deagh-mhéinne, ba dhóich leat. Chonaic sí na neithe sin go léir an chéad lá a tháinig an t-Amhlaoibh sin go h-Uíbh Máine, agus má chonaic do thug sí grádh agus taithneamh a croídhe agus a h-aigne dhó go h-iomlán agus go beacht, láithreach bonn, gan aon dá chuid a dhéanamh díobh. Do thuig Amhlaoibh gur thug, agus do thuig sise gur tugadh an grádh agus an taithneamh céadna dhi, agus bhí a h-aigne sásta. Níor labhair aoinne de’n bheirt aon fhocal. Ní raibh gádh le caint. Bhí an sgéal go léir socair eatartha ar an gcéad fheuchaint. Dheineadar an chaint a dhein an chuid eile a bhí láithreach, agus níor tugadh aon phioc d’á fhios d’aoinne d’á raibh láithreach go raibh an sgéal san socair eatartha.
Nuair a tháinig an sgéal nua go raibh Amhlaoibh ag glacadh an Chreidimh bhí áthas mór ar gach aoinne i gCeann Cora agus ar gach aoinne i n-Uíbh Máine, agus ní raibh duine i gCeann Cora ná i n-Uíbh Máine ba mhó áthas ’ná Niamh. Nuair a tháinig Amhlaoibh go h-Uíbh Máine agus é tar éis an Chreidimh a ghlacadh, do fuair sé an osgailt croídhe ó gach aoinne, ach ní raibh aoinne ba mhó a thug osgailt croídhe dó ná mar a thug Niamh. Ach má seadh níor leig sí uirthi gur thug. Bhí sí díreach mar a bhí an chuid eile de’n teighlach, chómh fada agus a dh’ fhéad aoinne a thuisgint.
Do lean an sgéal ar an gcuma san. Tar éis suim aimsire do labhair Amhlaoibh airís le n-a chara, le Tadhg Óg ua Cealla. [29]
“Táim ’á chuimhneamh, a Thaidhg,” ar seisean, “gur mhaith liom bheith am’ shagart.”
“Labhair le Colla mar gheall air sin,” arsa Tadhg.
Do labhair.
“B’fhéidir, a mhic ó,” arsa Colla, “ná fuil fios t’ aigne féin i gceart agat i dtaobh na h-inntinne sin. Is fearr machtnamh a dhéanamh ar an sgéal. Imthigh leat agus tabhair aire do t’ chuid léighinn, agus tar chúgham airís mí ó ’ndiu má’s maith leat é, agus i gcaitheamh an mhí bí ’ghá iaraidh ar Dhia, tré ímpídhe Sheanáin, tú sheóladh ar do leas.”
D’imthigh an mí. Tháinig Amhlaoibh airís ag triall ar Cholla.
“Tá sé socair am’ aigne, a Athair,” ar seisean, “gur am’ shagart is ceart dom mo shaoghal do chaitheamh.”
“Tá go maith, a mhic ó,” arsa Colla.
Do cuireadh isteach é ameasg na mac léighinn a bhí d’á n-ollamhughadh d’ Órd Bheannuighthe. Níor bh’ fhada gur h-airigheadh i gCeann Cora agus i n-Uíbh Máine gur deineadh. Dúbhairt a lán daoine gur mhaith é. Dúbhairt a lán eile gur mhór an truagh sagart a dhéanamh d’óigfhear chómh breágh chómh dathamhail. D’airigh Niamh é. D’airigh sí daoine ’ghá rádh gur bh’ áluinn an sagart a dhéanfadh sé. D’airigh sí daoine ’ghá rádh gur mhór an truagh sagart a dhéanamh dé. Bhí lán a croídhe d’iongnadh agus d’ alltacht istigh ’n-a h-aigne féin, ach ní baoghal gur leig sí amach aon phioc de’n iongnadh. Níor dhóich le h-aoinne beó uirthi go raibh sí ag cuimhneamh i n-aon chor air féin ná ar conus ba mhaith leis a bheatha do chaitheamh. Ach do bhí. Bhí dhá mhachtnamh ’n-a h-aigne ’n-a thaobh agus bhí sé ag teip uirthi glan an dá mhachtnamh a thabhairt d’á chéile,—an grádh úd a thaisbeáin sé a bheith aige dhí féin ó’n gcéad lá do chonaic sí é, agus an socarughadh so a bhí déanta anois aige ar bheith ’n-a shagart. Gan amhras dob’ fhíor nár labhair sé aon fhocal riamh léi ’ghá innsint di go raibh an grádh san aige dhi, ach níor dhein san blúire deifrígheachta sa sgéal. [30] Rud ab eadh é nár ghádh labhairt ’n-a thaobh. Bhí stoirm ’n-a h-aigne, ach do choimeád sí istigh é. Bhí sí chómh séimh, chómh solusmhar, chómh gealgháiriteach agus ba ghnáth léi bheith. B’ í an gath gréine céadna í ag teacht i gcuideachtain. Do tugadh fé ndeara, ámhthach, gur bhánuigh a h-aghaidh. Ach is ’mó trúig a dh’fhéadfadh bheith leis sin, agus níor chuir aoinne aon tsuim ann nuair nár thaisbeáin sí aon easba sláinte.
Nuair a bhí raint aimsire caithte ag Amhlaoibh ag déanamh na foghluma i gcóir na n-Órd do thug sé féin agus a chomrádaidhe cuaird soir go Ceann Cora. Bhí áthas mór ar gach aoinne agus gach aon tsaghas urama agus onóra acu á thabhairt d’ adhbhar an tsagairt, agus ba mhó an t-áthas a bhí ar an mBanríghin, ar Ghormfhlaith, ’ná ar aoinne. Thug sí féin agus é féin ana chuid de’n lá i bhfochair a chéile. Níor bh’ aon iongnadh é sin. Bhí a lán neithe aici le h-innsint dó i dtaobh a mhuintire féin, lastoir i gcríochaibh Lochlan, agus a lán cainte acu araon le déanamh ’n-a dtaobh, nídh nár bh’ iongnadh.
Thug an bheirt, Tadhg Óg agus Amhlaoibh, cuaird óthuaidh go h-Uíbh Máine. Bhí an fháilte ba ghnáth rómpa, agus bhí an fháilte fé leith roim adhbhar an tsagairt, agus an onóir fé leith ’á tabhairt dó, agus an uraim fé leith. Thug Niamh an onóir dó a thug gach aoinne eile dhó. Bhí a h-aigne smachtuighthe aici um an dtaca san, agus bhí socair aici, i láthair Dé, go raibh ceangailte uirthi féin gan teacht, ar aon tsaghas cuma, idir é agus an ghairm bheannuighthe a bhí, dar léi, ceapaithe ag Dia dhó. Ach bhí an t-aon mhearbhall amháin úd os cómhair a h-aigne. Cad chuige gur thaisbeáin sé an grádh úd di an chéad lá má bhí aon chuimhneamh aige ar bheith ’n-a shagart? Má bhí grádh aige dhi do réir mar a thaisbeáin sé a bheith, conus fhéad sé a aigne d’atharughadh? Níor réidhtigh an chuaird an mearbhall. An suim laethanta a bhí le caitheamh i n-Uíbh Máine do caitheadh iad, agus d’ imthigh an bheirt abhaile [31] go h-Inis Cathaigh, agus bhí an measgán mearaídhe ar a h-aigne ag Niamh nuair a bhíodar imthighthe, chómh mór díreach agus bhí sé ar a h-aigne aici sar a dtánadar ar an gcuaird sin. Níor dhein sí ach a toil do chur le toil Dé, agus bheith ’á iaraidh ar Dhia agus ar Mhuire Mháthair agus ar Sheanán í chur ar a leas.
Nuair a tháinig an t-am chuige do cuireadh Amhlaoibh ins na mion Órdaibh. Do deineadh deacon dé. Ansan, an deacon go raibh cúram an érdaim [A] air go dtí san, do críochnuigheadh ’n-a shagart é, agus do cuireadh go dtí an Róimh é ar ghnó éigin, agus do cuireadh cúram an érdaim i n-Inis Cathaigh ar Amhlaoibh. Bhí sé ag déanamh an ghnótha san go maith agus go cruinn agus go slachtmhar, agus bhí na sagairt go léir ana shásta leis. Bhí gach nídh i n’áit féin aige agus an glanachar ins gach aon bhall aige.
[A] Ní’l aon fhocal nua-Ghaedhilge againn ar “érdam” ach “sacristí.”
Do ghluais suim aimsire. Tháinig easbog ó’n Róimh go h-Éirinn. Go h-Inis Cathaigh a thug sé aghaidh ar dtúis. Do cuireadh sgéala soir go Ceann Cora ’ghá innsint do’n rígh, do Bhrian, go raibh sé tagaithe ann. Bhí cómhairle agus teachtaireacht ó’n bPápa aige do Bhrian i dtaobh a lán neithe a bhí ag baint leis an Eaglais agus le gnó na h-Eagailse i n-Éirinn an uair sin. Bhí gach aon rud a bhain le gnóthaíbh Creidimh briste, stolta, stracaithe as a chéile, ag na Lochlanaigh leis an ndroch obair a bhí acu ’á dhéanamh i n-Éirinn ar feadh breis agus cúpla céad blian roimis sin. Bhí Brian ag déanamh a dhíchil chun na díobhála do leigheas. [32] Níor bh’fhéidir dó an leigheas a dhéanamh sa cheart agus é dhéanamh do réir dlíghe na h-Eagailse ar gach aon tsaghas cuma, mar ba chóir, gan cómhairle agus teagasg agus stiúrughadh a bheith aige ó cheann an Teampuil, ó Fhear Inid Íosa Críost.
Chómh luath agus d’ airigh Brian an t-Easbog a bheith tagaithe ó’n Róimh go h-Inis Cathaigh tháinig sé féin agus uaisle a theighlaigh anoir ó Cheann Cora chun na mainistreach chun teachtaire an Phápa do ghlacadh mar ba chóir. Tháinig Brian um thráthnóna. Fuair sé féin agus na h-uaisle a tháinig i n-aonfheacht leis beannacht an Phápa ó’n Easbog. Ansan thug sé féin agus an t-Easbog mórán aimsire i bhfochair a chéile, agus thug Brian cúntas cruinn do’n Easbog, le breith thar n-ais chun na Rómha ag triall ar an bPápa, ar an gcuma ’n-a raibh an Creideamh i n-Éirinn an uair sin, ar an léirsgrios a bhí déanta ag na Lochlanaigh ar eaglaisíbh agus ar mhainistríbh agus ar sgoileanaibh, agus do léirigh sé dhó an obair mhór nár bh’ fholáir a dhéanamh chun na díobhála do leigheas, agus conus mar ná raibh aon bhreith ar an ndíobháil do leigheas go h-iomlán, mar nár bh’fhéidir na mairbh a thabhairt tar n-ais as an gcré. D’inis an t-Easbog do’n rígh, do Bhrian, cad é an grádh a bhí ag an bPápa dhó, agus méid na h-urama a bhí ag an uile dhuine íseal agus uasal dó ar fuid na h-Euróipe go léir; ná raibh i mbéalaibh ríghthe agus daoine ar fuid na Críostaidheachta ach na gníomhartha iongantacha a bhí ag Brian ’á dhéanamh i n-Éirinn i gcoinnibh na Lochlanach, i gcoinnibh na sluagh págánach a bhí tar éis gabháil de chosaibh um an dtaca san i Sasana agus i n-Albain, agus a bhí ag súil le brúth ódheas ar mhághaibh míne na Fraince agus na h-Iodáile, fé mar a dhein a sínsear na céadta blian roimis sin.
“Tuigean an Pápa, a rígh,” arsa’n t-Easbog, [33] “agus tuigid na daoine go léir, mura mbéadh an cosg atá agat-sa agus agat’ shlóightibh Gaedhal ’á chur le cómhacht na nDanar anso i n-Éirinn go mbeidís chúghainn ódheas fadó ag marbhughadh agus ag losgadh agus ag creachadh. Níor mhaith leó aghaidh a thabhairt ódheas go dtí go mbéadh greim i gceart acu ar Éirinn, agus a gcómhacht suidhte daingean acu sa n-oileán. Dá mbéadh Sasana agus Alba agus Éire acu fé n-a lán-smacht do bhéadh caoi acu go h-áluinn ar a gcómhacht do leathadh ódheas ar an Euróip, i ndiaigh ar ndiaigh, agus bhéadh na h-oileáin seo acu mar chúl dín agus mar bhunáit chun ollmhúcháin. Mura mbéadh tusa, a rígh, do bhéadh an greim a bhí uatha acu ar oileán na h-Éirean um an dtaca so, fé mar atá acu ar Shasana. Ní h-eadh ach abhfad roimis an taca so. Ansan iseadh bhéadh an sgéal go h-olc ag an gCreideamh agus ag gach nídh i bhfuirm léighinn agus eóluis agus nósmhaireachta ar fuid na Críostaidheachta. Tá an saoghal go léir buidheach díot, a rígh, agus tá gach aoinne ag guidhe go cruaidh chun Dé ar do shon, ’ghá iaraidh ar Dhia neart cuirp agus neart aigne do bhronnadh ort agus faid saoghail a thabhairt duit, chun na h-oibre atá agat ’á dhéanamh do chríochnú’ go beacht.”
“Cuirean sé áthas mór orm, a Thighearna Easboig,” arsa Brian, [34] “a fhios a bheith agam go dtuigean an Pápa chómh maith san an obair seo atá againn ’á dhéanamh anso i n-Éirinn. Is truagh chráidhte ná tuigid ár ndaoine féin, leath chómh maith, brígh agus bunús an sgéil. Dá gcuirimís go léir le chéile d’ fhéadfaimís a bhfuil de Dhanaraibh i n-Éirinn do mharbhughadh nó do dhíbhirt i n-aon cheithre h-uaire fichid amháin. Ní’l aon nídh is deacra chur isteach i n-aigne na nGaedhal, cuid acu pé ’r domhan é, ’ná aon bhaoghal a bheith go bhféadfaidh Lochlanaigh choídhche greim daingean a dh’fhághail ar an oileán so na h-Éirean. Ní’l rígh cúige againn ná measan go bhféadfadh sé féin a bhfuil de Dhanaraibh i n-Éirinn do mharbhú’ nó do dhíbirt amáireach dá mba mhaith leis é, gan cabhair ná congnamh ó aon rígh cúige eile. Siné atá ag briseadh mo chroídhe ionam, a Thighearna Easboig. Ní fhéadaim choídhche a chur fhiachaibh ar aon rígh cúige cabhrughadh liom i gcoinnibh na Lochlanach gan gabháil go maith ar an rígh cúige sin féin ar dtúis. B’ éigean dom gabháil ar Mhaolmuaidh, ar rígh Ua Neathach. Ansan b’éigean dom gabháil ar Dhómhnall, rígh na nDéise. Ansan b’éigean dom éirleach uathbhásach a dhéanamh ar Lochlanachaibh Átha Cliath agus ar Ghaedhlaibh Laighean, agus ar chuid de Ghaedhlaibh Mumhan leó, i nGleann Mháma. Tá Leath Mhogha fé m’ láimh anois agam, idir Ghaedhlaibh agus Lochlanaigh. Tá an méid sin de thír na h-Éirean sámh, síthchánta, socair. An Eaglais ar a suaimhneas. Na sgoileana ar siúbhal. An talamh d’á shaothrughadh. Lucht ceárd agus ealadhan ag obair gan eagla. Lucht foghla iompuighthe ar mhacántacht mar go dtuigid siad ’n-a n-aigne gur b’ í an mhacántacht is fearr agus is torthamhla agus is rathmhaire. Ach feuch, a Thighearna Easboig. Ní’l ann go léir ach mar a bhéadh lá breagh samhraidh ansan a bhéadh go h-áluinn agus go grianmhar agus go brothalach agus ná feadair aoinne cad é an neómat a dh’iompóch’ sé chun splancracha agus chun tóirthnighe agus chun éirligh. Ní thuigid na daoine an sgéal. Tuigim-se é. Is cuma leó, na daoine bochta, ach an tsíthcháin agus an suaimhneas do shealbhughadh go sámh an fhaid a fágfar acu an tsíthcháin agus an suaimhneas.”
“Nách mór an truagh, a rígh,” arsa’n t-Easbog, “gan rud éigin a dhéanamh do thabharfadh síthcháin sheasamhach dos na daoine? Dá dtuigeadh daoine i gceart tairbhthe na síthchána ba chóir go ndéarfaidís leó féin go gcuirfidís i n-áirighthe dhóibh féin í ar ais nó ar éigin. Tá síthcháin curtha i bhfeidhm agat-sa anois, a rígh, sa taobh so theas d’ oileán na h-Éirean. Nár chóir go ndéanfadh an t-Árdrígh an tsíthcháin chéadna do chur i bhfeidhm sa taobh thuaidh de’n oileán?”
“Ba chóir, a Thighearna Easboig,” arsa Brian. [35] “Fear maith iseadh M’lsheachlainn. Fear tréan cuthaigh iseadh é. Ach ní dóich liom go bhfuil aon ghrádh ró mhór aige dhómh-sa. Is maith leis congnamh a dh’fhághail ó Dhál gCais nuair a bhíd na Lochlanaigh ag brúth ró dhian air, ach tá fhios agam go maith gur bh’ fhearr leis go mór iad do chur fé chois le neart a láimhe féin, dá bhféadadh sé é, ná aon chongnamh fhághail uaim-se.”
“Ba dhóich liom, dá dtuigeadh sé a dhualgas Árdrígh i gceart gur b’ amhlaidh a dh’ iarfadh sé an congnamh ort agus go dtabharfadh sé le tuisgint duit gur bh’é a cheart an congnamh a dh’fhághail. Ba dhóich liom gur b’é ceart an Árdrígh a bheith ar a chumas glaodhach chuige ar a bhfuil de neart sa n-oileán go léir, agus an neart go léir do ghleusadh agus do stiúrughadh i n-aghaidh namhad iasachta,” arsa’n t-Easbog.
“Siné a déarfadh fir Éirean, a Thighearna Easboig. Siné a déarfadh aoinne a dhéanfadh machtnamh ar an sgéal. Is eagal liom ná tuigean an t-Árdrígh an nídh sin i gceart. Siné fé ndeara dhom an tsíthcháin seo atá anois againn i Leath Mhogha do chur i gcomparáid le lá breagh gréine ná feadair aoinne cathin a dh’iompóch’ sé chun tóirthnighe agus chun éirligh. Dá dtagadh aon neart mór des na Lochlanaigh seo isteach chúghainn agus go mbéadh M’lsheachlainn a d’iaraidh iad do chlaoidh le neart a theighlaigh féin i n-inead neart na h-Éirean go léir do chruinniughadh agus do ghleusadh ’n-a gcoinnibh, do bhuadhfaidís ar Mh’lsheachlainn. Ansan do bhuadhfaidís ar Éirinn go léir i ndiaigh chéile, mar ní bhéadh aoinne chun nirt na h-Éirean do chruinniughadh agus do ghleusadh agus do stiúrughadh ’n-a gcoinnibh.”
“Ba dhóich liom, a rígh,” arsa’n t-Easbog, [36] “gur b’ shin rud agus gur cheart d’fhearaibh Éirean feuchaint chuige i n-am. Ba cheart a chur ar a shúilibh do’n Árdrígh gur b’é a leas, agus leas na tíre go léir, gan bheith ag feitheamh le namhaid iasachta do theacht chuige thar faraige sar a ndéanfadh sé é féin d’ ollamhughadh dhóibh. An t-Árdrígh ná h-ollmhóchaidh é féin roim ré, ach a bheidh ag feitheamh go dtagaidh an namhaidh, tiocfaidh an namhaid air agus ní bheidh sé ollamh.”
“Is fíor san, a Thighearna Easboig,” arsa Brian. “Ba cheart d’ Árdrígh Éirean neart na h-Éirean a bheith gleusta i gcómhnuighe aige, i n-aghaidh namhad na h-Éirean, fé mar a bhí an Fhian ag Fionn, nó fé mar a bhí curaí na Craoibhruaidhe ag Conchubhar. Dá mbéadh san amhlaidh d’ fhanfadh Lochlanaigh amach anois fé mar a dh’fhan slóighte na Rómha amach an uair sin.”
Chomáineadar leó ar an gcuma san ag caint agus ag cur thré chéile go dtí go dtáinig aimsir codlata. Nuair a bhíodar go léir imthighthe a chodla chuir an t-Abb fios ar Amhlaoibh. Tháinig Amhlaoibh.
“Seo, a mhic,” arsa’n t-Abb, “eochair an chórtha iarainn atá sa n-érdam duit, agus tabhair chugam anso an bosca iarainn atá istigh sa chórtha. Istigh sa bhosca iarainn sin iseadh ’tá an chailís óir úd a thug Brian dúinn. Déarfaidh an t-Easbog so a tháinig ó’n Róimh Aifrean Árd anso amáireach dúinn i láthair an rígh, agus ní mór an chailís óir sin a thabhairt dó chun an Aifrinn sin do rádh.”
D’imthigh Amhlaoibh agus do rug sé an eochair leis. Níor bh’fhada gur tháinig sé agus an bosca iarainn aige.
“Cuir ansan ar an gclár é, a mhic,” arsa’n t-Abb.
Do chuir. Do thug an t-Abb leis eochair eile. D’osgail sé an bosca. D’fheuch sé isteach ann. Chuir sé a lámh isteach ann. Do lúb a chosa féi, agus bhí sé i riocht tuitim ach gur rug Amhlaoibh air.
“Cad a tháinig ort, a Athair?” arsa Amhlaoibh.
Níor labhair sé. Shín sé a mhéar chun an bhosca. D’fheuch Amhlaoibh isteach sa bhosca. Bhí an bosca folamh!
Do stad an bheirt ar feadh tamail mhaith agus iad ag feuchaint ar an mbosca. D’fheuch an t-Abb isteach ann cúpla uair. Ba dhóich le duine air gur bh’ amhlaidh nár fhéad sé radharc a shúl féin do chreideamhaint. Ansan do dhún sé an bosca airís agus chuir sé an eochair ’n-a phóca.
“Beir leat é, a Amhlaoibh,” ar seisean, “agus cuir isteach airís é sa chórtha iarainn, díreach sa n-áit ’na bhfuarais é, agus cuir an glas ar an gcórtha agus tabhair chúgham an eochair. Agus feuch. Ná labhair amach as do bhéal le h-aoinne beó ar an sgéal. Tá an chailís imthighthe. Níor bh’ fhéidir í ghuid as an mbosca san gan an dá eochair a dh’fhághail, eochair an chórtha agus eochair an bhosca san. Ó’n lá chuireas an chailís isteach sa bhosca san, agus an bosca isteach sa chórtha, tá an dá eochair agam féin. Níor sgaras le h-aon eochair acu go dtí gur thugas duit-se eochair an chórtha ó chiainibh, agus an uair úd a fuaramair an ímhágh ó Ghormfhlaith. Níor sgaras i n-aon chor le h-eochair an bhosca. Ní féidir liom an sgéal a thuisgint. Ná labhair le h-aoinne ’n-a thaobh. Cuir amach an chailís óir eile atá againn, i gcóir an Aifrinn amáireach.”
D’imthigh Amhlaoibh agus dhein sé mar a dúbhradh leis. Chuir sé an bosca folamh, agus an glas air, isteach sa chórtha láidir iarainn mar a raibh sé cheana, agus thug sé eochair an chórtha thar n-ais ag triall ar an Abb.
Ar maidin amáireach a bhí chúghainn do cuireadh gach aon rud i dtreó i gcóir an Aifrinn Aoird. Do ghluais an [38] tuairisg, um thráthnóna an lae roimis sin, go raibh Legáid an Phápa tagaithe go h-Inis Cathaigh agus go raibh Brian agus a theighlach tagaithe ann ag cur fáilte roimis an Legáid, agus go raibh an t-Aifrean Árd le rádh, agus beannacht an Phápa le tabhairt do’n rígh agus dos na manaigh agus do’n phobul. Abhfad sar a dtáinig am an Aifrinn bhí na daoine cruinnighthe isteach ar an oileán ó’n dtír mór-thímpal i dtreó gur dhóich leat go raibh an t-oileán clúdaighthe acu.
Dúbhradh an t-Aifrean. Do tugadh beannacht an Phápa do’n phobul agus do’n rígh, agus do thug Colla seanamóin áluinn uaidh. Fear ana léigheanta, ana dheagh-labhartha, ab eadh é. Bhí ruith cainte aige agus uchtach láidir, ceólmhar, binn, agus dá mbéadh sé ag caint go h-oídhche ba bhreágh leis an bpobul bheith ag éisteacht leis. D’inis sé dhóibh conus mar a tháinig an t-Easbog san ó’n Róimh, ó’n bPápa, agus conus mar a chuir an Pápa a bheannacht ó chroídhe ar Bhrian agus ar a shlóightibh agus ar Chlannaibh Gaedhal go léir mar gheall ar na gníomhartha móra a bhí acu ’á dhéanamh i n-aghaidh namhad an Chreidimh. D’inis sé conus mar a bhí aithne an uair sin ar Bhrian, ní h-amháin ar fuid na h-Éirean go léir ach ar fuid na h-Euróipe go léir, mar go raibh gníomhartha Bhriain i gcoinnibh na Lochlanach ag sábháil na h-Euróipe ó léirsgrios de shaghas an léirsgriosa úd a tháinig uirthi nuair a tháinig na geinte fiaine adtuaidh agus ghabhdar de chosaibh i gcómhacht agus i ngradam agus i nósmhaireacht ímpireachta na Rómhánach. Dúbhairt sé, mura mbéadh Brian go mbéadh Éire ag na Lochlanaigh um an dtaca san mar áit bhunaigh chun a neart do chruinniughadh agus do ghleusadh, i dtreó go bhféadfaidís a gcómhacht do leathadh ódheas ar chríochaibh na h-Euróipe ar fad, agus ná raibh theas ná thuaidh sa n-Euróip an uair sin aon tsaghas cómhachta a dh’ fhéadfadh cosg do chur leó, murar bh’ ionan a’s sé chéad blian roimis sin nuair a bhí cómhacht na Rómhánach ann chun seasaimh éigin a dhéanamh i [39] n-aghaidh na ngeinte fiaine. Dúbhairt sé gur thuig muintir na h-Euróipe go léir an nídh sin, agus go rabhdar ag faire ar Bhrian agus ar an obair a bhí aige ’á dhéanamh, agus gur mhór acu Brian agus gur mhór acu an obair.
Nuair a bhí a chaint ráidhte ag an Abb agus gach gnó creidimh déanta do rugadh an Legáid mhór-thímpal an oileáin agus do taisbeánadh dó gach aon rud ab fhiú a dh’fheisgint ann, go mór gach nídh go raibh aon bhaint ag ainim ná ag beatha Sheanáin naomhtha leis. Ansan do taisbeánadh dó gach lot agus gach raobadh-roilge d’ár dhein na Lochlanaigh an fhaid a bhíodar ann, agus gach nídh d’á raibh déanta ag Brian agus ag muintir na tíre agus ag an Abb agus ag na manaigh chun gach díobhála do leigheas.
An fhaid a bhítheas ag gabháil tímpal ar an gcuma san, ag taisbeáint agus ag feisgint, bhí rud agus na manaigh ’á dhéanamh sa tseómra mhór, seómra an bhídh. Bhí dínnér acu d’á ollamhughadh, dínnér do’n Legáid agus do’n rígh, agus dos na maithibh móra tuatha agus eagailse a bhí i n-aonfheacht leó. Ar ball, nuair a bhí an dínnér ollamh, chuaidh Amhlaoibh amach agus do thug sé cogar do’n Abb. Do labhair an t-Abb leis an rígh agus leis an Legáid, agus táinig an chuideachta go léir isteach sa tseómra mhór. Bhí an seómra gleusta riartha go h-áluinn, fé bhórdaibh fada, agus bia agus deoch go flúirseach ar na bórdaibh sin. Do shuigh Brian sa chathaoir ríoga. Do shuigh an Legáid ar dheis an rígh. Do shuigh Murchadh, an ríghdhamhna, ar ghualainn chlé an rígh. Do shuigh an chuid eile des na h-uaislibh, do réir a ndán agus a n-uaisleachta, do réir na nós agus na riaghal a bhí i bhfeidhm i n-Éirinn riamh roimis sin. Bhí fhiós ag gach duine de’n chuideachtain cá raibh a inead féin cun suidhte, agus chuaidh sé agus shuigh sé sa n-inead san.
Bhí an tráthnóna go suairc acu go léir. Bhí a lán ndóthin [40] bídh agus díghe acu. Nuair airigh muintir na tíre mór-thímpal, ar gach taobh de’n abhainn, an Legáid agus an rígh agus na maithe móra go léir a bheith ag teacht chun na mainistreach, thusnuigh na báid ar theacht chun an oileáin agus fághaltas feóla, agus aráin, agus ime, agus uachtair, agus b’ fhéidir fághaltas fíona, ar gach bád acu. Ní raibh aon amhgar sa tseómra mhór. Níor ghádh do Cholla aon eagla bheith air go raghadh d’á chuid lóin bídh ná díghe, pé tarang a déanfaí ortha.
Bhí an chuideachta go soilbhir agus go séimh. Dheineadar a lán cainte agus a lán suilt i gcaitheamh an tráthnóna i dteannta a ndóthin a dh’ ithe agus a dh’ ól. Do tráchtadh airís, fé mar a tráchtthí i gcómhnuighe an uair sin ins gach cruinniughadh de’n tsórd, ar na cathanaibh móra a bhí buaidhte ag Brian agus ag Dál gCais i gcoinnibh na Lochlanach. Aoinne go raibh aon rud le rádh aige i dtaobh na gcathana san ba mhaith leis labhairt an uair sin ó bhí Legáid an Phápa ag éisteacht leis. Do h-innseadh do’n Legáid conus mar a cuireadh teitheadh ar na Lochlanaigh ar an Móin Móir. Conus mar a chuir Mathúin, dritháir Bhriain, an ruag ortha ag Loch Gair. Conus mar a chuir an bheirt drithár, Mathúin agus Brian, ár agus dearg-ruathar ortha sa chath a buaileadh ag Sulchoid, mar ar marbhuigheadh trí mhíle acu, agus conus mar a leanadh isteach go cathair Luimníghe an méid acu nár thuit sa chath, agus conus mar a tógadh an chathair agus mar a sgartáladh agus do loisgeadh í. Do h-innseadh dó conus mar a tháinig Maghnus mac Arailt agus slóighte móra Lochlanach aige, agus conus mar a dhein sé mainistir Ínse Cathaigh do robáil agus do losgadh. Ansan do h-innseadh dó conus mar a bhí daingean láidir déanta dhóibh féin ag na Lochlanaigh sa mhainistir sin ’n-a raibh an chuideachta ’n-a suidhe an uair sin, agus conus mar a tháinig Brian agus Dál gCais agus conus mar a bhriseadar an daingean agus chuireadar na Lochlanaigh chun báis, agus conus mar a thuit an Maghnus [41] mac Arailt úd sa chath. Ansan do tugadh cúntas dó ar chath Bhealaigh Leachta; agus ar an gcath ag Fán Conradh; agus ar an gcath mór fíochmhar fuilteach a troideadh i nGleann Mháma, mar ar thuit chúig mhíle fear des na fearaibh ba thréine ar shlóightibh Lochlan; agus gur bh’é an cath san Ghleanna Mháma do mhill ar fad cómhacht Lochlanach i n-Éirinn agus do chuir Leath Mhogha, gan chosnamh, fé láimh Bhriain.
Do tugadh an uile shaghas cúntais ar na gníomharthaibh móra san do’n Legáid, agus bhí a lán daoine ag caint ag tabhairt na gcúntaisí dhó. An rud nár chuimhin le duine ba chuimhin le duine eile é, agus an rud a theidheadh amú’ ar dhuine thugadh duine eile sa cheart leis é.
Do tugadh an méid seo fé ndeara, ámhthach. Na fir ba thréine gníomh i ngach cath des na cathanaibh úd, níor bh’ iad ab aoirde glór sa n-innsint. Is ar éigin a labhair Brian ná Murchadh aon fhocal sa n-innsint. Do thuig an Legáid an nídh sin. Fear géarchúiseach ab eadh é.
Bhí na manaigh ag frithálamh ar na h-uaislibh, agus bhí an deacon, Amhlaoibh, an Lochlanach óg, ins gach aon chúinne ag freagairt do na manachaibh fé mar a ghlaoidís, agus ag déanamh gach aon tsaghas frithálmha fé mar a h-órduightí dhó. Bhí sé ag éisteacht leis an gcaint go léir i dtaobh na gcathana móra, agus ní fhéadfadh aoinne a dh’innsint ó n-a chúntanós ciacu thuig sé an chaint nó nár thuig, nó cé’cu ba Lochlanach é nó nár bh’eadh. Dhein sé an gnó a bhí idir lámhaibh aige agus dhein sé go maith é, agus bhí a aigne chómh daingean ar an ngnó san go ndéarfadh duine ná raibh blúire suime aige sa chaint a bhí ar siúbhal. Bhí Tadhg Óg ua Cealla ag déanamh an fhrithálmha, leis, agus bhí sé ag éisteacht leis an gcaint a bhí ar siúbhal. Nuair airigheadh sé an chaint b’fhearr leis go mór gan Amhlaoibh a bheith ag éisteacht léi. Ach nuair fheuchadh sé ar Amhlaoibh agus nuair a chíodh sé an neamhshuim, dar leis, bhíodh a aigne sásta. Thuigeadh sé ná bíodh aon chorbhuais [42] ag an gcaint ’á chur ar Amhlaoibh. Ansan airís, ní ró mhaith a thaithneadh an neamhshuim sin leis. Thuigeadh sé i n’ aigne dá mba Lochlanach é féin agus go mbéadh caint de’n tsórd san ar siúbhal ’n-a láthair ná féadfadh sé fulang léi pé dícheal a dhéanfadh sé air. Do thaithn leis nár ghoill an chaint ar Amhlaoibh, ach ’n-a thaobh san ba mhó an meas a bhéadh aige ar a charaid, ba dhóich leis, dá ngoilleadh an chaint air agus dá gcuireadh sí fearg air. Níor ghoill, agus níor chuir.
Ach do críochnuigheadh an dínnér agus tháinig deire na cainte agus d’eirigh an chuideachta. D’iar Brian ar an Legáid teacht ag triall air féin go Ceann Cora ar chuaird chómh luath agus thiocfadh san isteach le n-a chaothamhlacht. Dúbhairt an Legáid go n-oirfeadh dó raint laethanta thabhairt sa mhainistir, i bhfochair Cholla, ag socarughadh agus ag léiriughadh a lán neithe a bhain le gnóthaíbh Eagailse agus le gnóthaíbh Creidimh, ní h-amháin sa mhainistir sin Ínse Cathaigh ach i mainistiribh agus i n-eaglaisibh na Múmhan go léir. Go mbéadh an chuid ba bhruideamhla de ghnó Ínse Cathaigh déanta aige lastigh de sheachtmhain. Ansan, dá mb’ é toil an rígh é, go dtabharfadh sé cuaird go Ceann Cora. Do socaruigheadh ar sheachtmhain ó’n lá san dó chun na cuairde sin do thabhairt. Ansan d’imthigh Brian agus a chualacht abhaile agus d’fhan an Legáid sa mhainistir, é féin agus an chualacht bheag a tháinig leis ó’n Róimh.
Ar ball, nuair a bhí Colla agus an Legáid i bhfochair a chéile ’n-a n-aonar do ghlaoidh Colla ar Amhlaoibh.
Tháinig Amhlaoibh.
“Seo, a Amhlaoibh,” arsa Colla, ag síneadh na h-eochrach chuige, “imthigh agus tabhair chúghainn anso an bosca iarainn úd n-a raibh an chailís óir ann.”
D’imthigh Amhlaoibh agus thug sé leis an bosca, agus chuir sé ar an mbórd é i bhfiadhnaise na beirte.
“Imthigh-se a chodla anois, a mhic ó,” arsa Colla leis. “Ní foláir nó tá codla ort agus tuirse tar éis an lae.”
Ansan d’osgail Colla an bosca iarainn agus thaisbeáin sé do’n Legáid é, agus d’inis sé dhó cúrsaí na cailíse.
“Is cuimhin liom an chailís sin go h-áluinn,” arsa’n Legáid. “Bhí sí am’ láimh agam go minic. Cailís ana dhaor ab eadh í. Anoir ó Chathair Chonstantín a cuireadh ar dtúis í ó’n Ímpire, mar bhronntanas chun an Phápa. Mise adúbhairt gur cheart í chur anso go h-Éirinn ag triall ar Bhrian. Is mór an truagh í bheith imthighthe.”
Ansan do cheistigh sé Colla go dlúth i dtaobh na n-eochrach, agus conus a bhí coimeád ortha, agus cé r’ bh’é an gabha a dhein iad, agus cé r’ bh’é an gabha a dhein an bosca iarainn. D’ imthigh sé féin amach chun an érdaim go bhfeicfeadh sé an córtha daingean n-a raibh an bosca iarainn fé ghlas istigh ann. Nuair a bhí gach aon rud feicithe, trialta, iniúchta go maith aige tháinig sé thar n-ais agus do shuigh sé agus dhein sé a mhachtnamh. Nuair a bhí a mhachtnamh déanta aige do labhair sé.
“Inis dom, a Cholla,” ar seisean, “cá raibh an chailís sar ar tugadh do’n mhainistir seo í.”
“Bhí sí thoir i gCeann Cora gan amhras,” arsa Colla.
“Cé aige go raibh sí i gcoimeád i gCeann Cora?” arsa’n Legáid.
“Is dócha go raibh sí i gcoimeád ag an mBanríghin, a Thighearna Easboig,” arsa Colla.
Do stad an Legáid agus dhein sé machtnamh eile. Do labhair sé airís.
“Cá bhfuil an gabha a dhein na h-eochracha so?” ar seisean.
“Tá sé thuas i Luimneach, a Thighearna Easboig,” arsa Colla. “Isé dhein an dá eochair sin dom, agus isé dhein an bosca iarainn dom. Ceárdaidhe ana shlachtmhar, ana eólguiseach, iseadh é. Tá inntleacht aige nách gnáth a bheith ag ceárdaidhthibh d’á shórd. Bíon sé ag obair do Bhrian ag déanamh arm dó, agus deirtear gur fearr leis na fir na h-airm a dheinean sé ’ná na h-airm a dheinean aon cheárdaidhe eile d’á bhfuil ag obair ag Brian. Cruadhan sé an faobhar ar chuma éigin nách eól d’ aoinne ach dó féin, agus gleusan sé na h-airm i dtreó gur fearr a féadtar iad do bheartughadh agus úsáid a dhéanamh díobh ’ná mar a féadtar an mheághchaint chéadna iarainn agus adhmaid do bheartughadh chun gnímh ins na h-airm a dheinean aon ghabha eile, agus gur fearr a choimeádaid siad an faobhar ’ná mar a choimeádaid aon airm eile é.”
“Is dócha,” arsa’n Legáid, “ó tá an buadh san aige ar na gaibhníbh eile, gur fear saidhbhir é.”
“Iseadh, a Thighearna Easboig,” arsa Colla. “Fear ana shaidhbhir iseadh é. Nuair a fuair Brian amach an t-eólus go léir a bheith aige ar dhéanamh na n-arm thug sé fearan tailimh saor dó lasmuich de’n chathair, ar bruach na Sionainne, ar choinghíoll ná déanfadh sé aon arm d’aon rígh eile ach do Bhrian féin.”
“Cad é an ainim atá air, a Cholla?” arsa’n Legáid.
“Níor airigheas riamh an ainim a tugadh air nuair a baisteadh é. Ní’l ag an bpoibilidheacht air ach leas-ainim. ‘Meargach na Lann,’ a tugtar air, mar gheall, is dócha, ar fheabhas na n-arm a dheinean sé. Tugtar ‘Meargach Gabha’ air, leis, agus ‘Meargach Maol,’ agus ‘Meargach Dubh,’ agus ‘Meargach,’ gan aon rud a chur leis.”
Dheineadar raint eile cainte ar ghnó na mainistreach, agus ansan chuadar a chodla.
D’imthigh an tseachtmhain. Do ghluais an Legáid agus a chualacht soir go Ceann Cora. Chuaidh Colla agus Tadhg Óg ua Cealla agus Amhlaoibh soir i n-aonfheacht leó. Bhí cuideachta mhór cruinnighthe rómpa thoir. Bhí a lán de ríogra agus d’uaislibh Múmhan agus Laighean ann. Bhí Tadhg Mór ua Cealla ann agus cuid de ríogra Conacht le n-a chois. Bhí Niamh ann. An áit ’n-a mbíodh Tadhg Mór ua Cealla ba ghnáth go mbíodh a inghean ann. Bhí tréithe móra maithe sa ríogan óg san agus ba mhór é uraim na ndaoine go léir di mar gheall ar na tréithibh sin. Bhí sé i mbeulaibh daoine gur bh’í an Bhanríghin, Gormfhlaith, an bhean dob’ áilne ar bith an uair sin, ach fé mar a bhí Niamh ag eirighe suas bhí daoine ’ghá rádh go mbuadhfadh a h-áilneacht ar áilneacht Ghormfhlaith féin um an dtaca ’n-a mbéadh sí ag imtheacht as na déagaibh. Bhí sí i ngar do bheith ag imtheacht asta le linn na h-aimsire sin ’n-ar tháinig sí féin agus a h-athair go Ceann Cora, go ríghtheighlach Bhriain, chun Legáid an Phápa dh’fheisgint. I n-éaghmais a h-áilneachta bhí mórán de thréithibh maithe eile inti. Bhí an Creideamh ana láidir istigh ’n-a croídhe. Bhí grádh aici do’n Chreideamh agus do gach nídh a bhain leis an gCreideamh, agus do ghealadh a croídhe i gcómhnuighe dos na daoine a bhíodh dílis do’n Chreideamh, agus do thaisbeánadh sí é nuair ba cheart é thaisbeáint. Bhí na daoine bochta go léir buidheach di, agus do tugtí fé ndeara go mbíodh sí chómh fial sa déirc leis an Lochlanach a bhéadh ’n-a ghátar agus bhíodh sí, nách mór, leis an Éireanach a bhéadh ’n-a ghátar. Bhí a ciall agus a tuisgint chómh géarchúiseach san gur bh’ ar éigin a bhíodh aon rud ar aigne a h-athar ná h-innseadh sé dhi agus ná cuireadh sé ’n-a cómhairle. Ach bhí aon tréith amháin inti do tharaing uraim na ndaoine chúichi thar gach treith eile d’á raibh inti. B’é tréith é sin ’ná an cion a bhí aici ar a h-athair. Dar léi, ní raibh fear eile beó i n-Éirinn a bhí chómh maith leis, ná chómh h-uasal leis, ná chómh ríoga leis, ná chómh fial leis, ná chómh mórchroídheach leis, ná chómh breagh d’fhear leis.
Bhí féasta mór i gCeann Cora an lá san. Bhí cuideachta ríoga bailighthe ann, agus bhí dóthin na cuideachtan de rígh i mBrian. Do thuig gach aoinne go raibh, agus bhí daoine ann a déarfadh nách i gCeann Cora ba cheart an chuideachta san a bheith i bhfochair a chéile an uair sin ach thíos i dTeamhair, agus nách ar Leath Mhogha ba cheart Brian a bheith ’n-a rígh ach gur i n-a Árdrígh ar Éirinn ba cheart é bheith. Do h-airigheadh cogarnach de’n tsórd san ar siúbhal go minic i gcaitheamh an tráthnóna agus i gcaitheamh na h-oídhche. D’airigh Brian an chogarnach, ach níor leig sé air gur airigh. D’airigh Murchadh an chogarnach, agus dúbhairt sé leis an bhfear a labhair ciall a bheith aige. D’airigh Gormfhlaith an chogarnach. Do chruadhaidh a gnúis agus do las solus ’n-a súilibh, agus níor sholus fóghanta é.
Bhí cogarnach eile, leis, ar siúbhal. Bhí Niamh agus a h-athair ’n-a suighe i n-aice chéile, agus is ar éigin fheádadh an chuideachta gan bheith ag feuchaint ortha. Is beag ná go mbuadhadh an iongnadh ar na béasaibh acu, agus ná go bhfeuchaidís níba mhó ’ná mar ba cheart i dtreó na beirte, bhí a leithéid sin de sholus áilneachta i n-aghaidh na h-inghíne. Ansan do fuaradar go léir amach, sa chogarnach dóibh, gur Mórling ab ainim di agus gur bh’ amhlaidh a tugadh Niamh Chinn Óir mar leas-ainim uirthi nuair a bhí sí ’n-a leanbh. Thuigeadar go léir ’n-a n-aigne nár bh’aon iongnadh i n-aon chor gur tugadh an leas-ainim sin uirthi, mar gur bh’í an “Niamh Chinn Óir” i gceart í.
I n-éaghmais na cogarnaighe bhí gleó cainte sa chuideachtain a bhí árd go leór. Do cíoradh agus do slámadh agus do cuireadh tré chéile airís gach gníomh des na gníomharthaibh móra a deineadh ins na cathanaibh úd, ó chath Bhealaigh Leachta go cath Ghleanna Mháma. Na fir, sa chuideachtain, ná raibh i gcath acu bhíodar i gcath éigin eile acu, agus an t-é ná féadadh tuairisg a thabhairt ar chath acu thugadh sé tuairisg ar chath [47] eile acu, agus uaireanta d’eirígheadh argóint theith idir bheirt a bhí sa n-aon chath amháin, duine acu ’ghá áiteamh gur ’n-a leithéid seo chuma do buadhadh an cath, agus an duine eile ’ghá áiteamh nár bh’eadh ach i ’n-a leithéid siúd eile de chuma. Ansan b’ fhéidir go labharfadh an trímhadh duine agus go ndéarfadh sé go raibh an éagcóir ag an mbeirt, agus go dtabharfadh sé a mhalairt ar fad de thuairisg ar an gcuma ’n-ar buadhadh an cath. Bhí oiread san neithe tuitithe amach sa Mhúmhain i gcaitheamh beagán blianta roimis sin nár bhaoghal do’n chuideachtain aon tocht a theacht ortha le h-easba adhbhar cainte. Níor tháinig aon tocht ortha. Bhí gleó agus argóint agus áiteamh agus aighneas acu go tiugh, agus má bhí ní baoghal ná go raibh sult agus greann agus gáirí go tiugh acu, leis, agus iad ag maoidheamh go h-árd agus go suairc agus go móraigeanta mar gheall ar an gcuma ’n-a raibh Clanna Gaedhal i n-uachtar agus Lochlanaigh ar lár.
Fé mar a tháinig a ndóthin a bheith ithte agus ólta ag an gcuideachtain bhí an chaint agus an sult agus an gleó ag dul i n-aoirde. Fé dheire do bhuail Brian an cluigín. Do stad an gleó. Bhí gach aoinne ciúin. Do labhair Brian. D’iar sé ar an gcuideachtain sláinte an Phápa dh’ ól. Do mhol sé an Creideamh agus do mhol sé Ceann Sofheicse an Chreidimh, agus do gheall sé, uaidh féin, agus thar cheann a raibh láithreach d’ uaislibh Gaedhal, agus tar cheann a raibh beó de shíolrach Gaedhal, go mbéadh sliocht Gaedhal dílis do’n Chreideamh, le congnamh Dé, an fhaid a bhéadh grian ar spéir agus daoine ar talamh.
Do h-óladh sláinte an Phápa agus do guidheadh faid saoghail chuige. Ansan do labhair an Legáid. Dúbhairt sé airís os cómhair na cuideachtan san an chaint adúbhairt sé thíos i n-Inis Cathaigh. D’inis sé conus mar a bhí an Euróip go léir ag faire an uair sin ar Bhrian agus ar Ghaedhlaibh agus ar an ngleic uathbhásach a bhí acu ’á dhéanamh le [48] cómhachtaibh Lochlan; gur bh’ í an ghleic uathbhásach san a bhí ag sábháil na h-Euróipe agus ag sábháil na h-Eagailse ar fuid na h-Euróipe, ó’n leirsgrios a dhéanfadh na Lochlanaigh ortha mura mbéadh an cosg a bhí d’á chur le n-a réim agus le n-a neart anso i n-Éirinn. Dúbhairt sé go mbéadh an Pápa agus cléir na Rómha agus an Eaglais ar fuid na h-Euróipe ag guidhe chun Dé do ghnáth ’ghá iaraidh ar Dhia na Glóire cabhrughadh go láidir leis na Gaedhlaibh agus le Brian sa ghleic sin, agus an buadh a bhí acu d’á thuilleamh chómh maith do thabhairt dóibh sa deire go h-iomlán.
Do thug an chuideachta trí gártha molta do’n Phápa. Ansan do thugadar trí gártha molta do Bhrian. Ansan d’iaradar d’ aon guth ar an Legáid an bheannacht a thabhairt airís dóibh. Bhí iongnadh air nuair a h-iaradh san air, ach nuair a chonaic sé Brian agus Murchadh agus an chuideachta go léir ar a nglúinibh thug sé dhóibh an bheannacht. Dúbhairt sé i n’ aigne féin ámhthach: “Is éagsamhlach na daoine iad! Gleó agus aighneas agus glór árd agus éirleach cainte—agus ansan—beannacht an Phápa! Is éagsamhlach na daoine iad!”
Tháinig an t-am chun dul isteach i halla an rince. D’iar Brian ar an Legáid athlughadh. Do dhein. D’ fhreagair an chuideachta go léir. Ansan d’eirigh an rígh agus an chuideachta agus chuadar go dtí an halla mór, halla an rince. Tháinig an t-aos ceóil. Do spreagadh suas an ceól. Do leath an chuideachta iad féin mór-thímpal an halla. Ba ghearr go [49] raibh na daoine óga ag rince agus na seandaoine ag caint ’n-a mbuidhnibh beaga anso agus ansúd. Bhí Brian agus an Legáid i n-aice ’chéile agus iad ag caint ar a lán neithe a bhain le gnóthaíbh rígheachta na h-Éirean agus le gnóthaíbh Creidimh i n-Éirinn. Bhí Gormfhlaith agus Colla agus Tadhg Mór ua Cealla i n-aice ’chéile agus iad ag trácht ar a lán neithe nár chuir aoinne acu puínn suime ionta. Tháinig Dúlainn Óg ag triall ortha agus níor bh’ fhada go raibh caint a ndóthin ag an gceathrar san, Dúlainn ag áireamh na ngníomhartha a dhein Brian agus na ngníomhartha a dhein Murchadh ar na Lochlanaigh i gcath Gleanna Mháma, agus Colla ag ceistiúchán air. Bhíodh Dúlainn i n-aice Mhurchadh i gcómhnuighe ins na cathanaibh, agus nuair bhíodh an namhaid ’n-a dtímpal thugaidís a dhá ndrom le n-a chéile agus chosnaidís iad féin go dtí go dtagadh congnamh chúcha. Ní h-ar a ghníomharthaibh féin, ámhthach, a dheineadh Dúlainn puinn cainte. Ar ghníomharthaibh Mhurchadh ba mhaith leis bheith ag caint.
“Lá uathbhásach ab eadh an lá san Ghleanna Mháma,” ar seisean. “Na fir ba thréine a bhí ar chlannaibh Lochlan bhíodar sa chath san. Bhíodar lán deimhnightheach go mbuadhfaidís. Bhíodar socair air. Bhíodar ceapaithe air. Bhí a n-aigne socair go daingean acu ar bhuachtaint nó ar thuitim. Ní fheaca riamh a leithéid de neamhshuim i mbás agus chonac i n-ár namhaid an lá san. Chómh tiugh agus thuiteadh an fear bhíodh fear i n’ inead. Tá an méid seo agam-sa le rádh, agus deirim é mar do chonaic mo dhá shúil é. Mura mbéadh Murchadh bhí Gleann Mháma ag na Lochlanaigh.”
“Is mór an focal é sin, a Dhúlainn,” arsa Gormfhlaith.
“Is mór an focal é, a rígan, agus is fíor é. D’admhuigh na Lochlanaigh féin é, an méid a bhí beó dhíobh tar éis an chatha. Bhí an cath ar siúbhal ar feadh cúpla uair a’ chloig nó mar sin. Bhíomair ag brúth ortha agus bhíodar-san ag brúth orainn, agus bhí sé ag teip ar aon taobh an taobh eile do chur oiread agus órlach i ndiaigh a gcúil. Bhí na fir ag tuitim ar gach taobh. Ní buailtí buille ná tuiteadh fear leis, ba dhóich leat. Do shocaruigh Brian agus Murchadh agus tuille againn ar bhriseadh isteach tré n-a lár. Do dhúnamair chun a chéile agus bhrúghmair isteach. Do leagamair raint acu agus bhriseamair bearna ionta, agus bhíomair ag brúth amach tríd an mbeárnain. Le n-a linn sin cad a chífinn tamal beag uaim ar ár láimh chlé ach Lochlanach mór mileata agus bearna briste amach aige tré n-ár sluagh féin, agus é féin agus na Lochlanaigh a bhí i n’ aice ag gabháil amach go tiugh ann, agus iad ag leagadh ár ndaoine rómpa agus ar gach taobh díobh. Bhí an Lochlanach níob’ aoirde go mór ’ná aon fhear eile a bhí i n’ aice, de Ghaedhal ná de Lochlanach. Gach aon uair a thagadh a chlaidheamh anuas do thuiteadh fear. Ní raibh aoinne ábalta ar sheasamh ’n-a láthair. Chonaic Murchadh é. Do léim sé siar as an mbearnain a bhí déanta againne, agus siúd fé dhéin an fhir mhóir é. Do leanas féin é. Bhí an dá chlaidheamh aige ’n-a dhá láimh. Thug sé aghaidh ar an bhfear mór. Do thóg an fear mór a chlaidheamh agus tharaing sé a bhuille. Do ghaibh Murchadh an buille ar an gclaidheamh a bhí sa láimh chlé aige, agus sa n-am gcéadna díreach do chuaidh claidheamh na láimhe deise tré chroídhe an fhir mhóir. Ní fheaca riamh gníomh chómh deas. Aon ghníomh amháin ab eadh an dá ghníomh, an chosaint leis an láimh chlé agus an sádh leis an láimh ndeis. Dá bhfeicfeá an fear mór déarfá gur bh’uathbhásach an neart nár bhfoláir a bheith sa chuislinn a ghlac an buille agus nár lúb fé’n mbuille. Déarfá gur mhór an gníomh a dhein an fear a chosain an buille sin. Ach dhein sé an gníomh eile le linn an ghnímh sin a dhéanamh. Chuir sé an claidheamh eile tré chroídhe an fhir mhóir. Ní raibh aon choinne i n-aon chor ag an bhfear mór go dtiocfadh an chosaint agus an sádh i n-aonfheacht air. Ní raibh aon chuinne aige go raibh sé i gcuislinn an fhir a bhí os a chómhair an chosaint a dhéanamh, gan bac d’aon tsádh dhéanamh. Chuir an chosaint iongnadh air, agus chuir an sádh alltacht ar fad air. Ní raibh uain aige, sar ar imthigh an t-anam as, ach ar a rádh, ‘Is tú an fear is fearr a bhuail riamh umam!’ Chuir an gníomh dúbalta san sgannra ar na Lochlanaigh eile a bhí ar an láthair. Do tharaingeadar siar. Tháinig buile misnigh ar ár bhfearaibh féin agus bhrúghdar amach. Bhriseamair an tarna bearna rómhainn amach. Cad a chífinn ansan ach ár neart féin ag géilleadh do neart na Lochlanach, tamal soir ódheas ar ár ndeis. Siúd siar Murchadh agus mé féin airís agus soir ódheas chun na h-áite ’n-a raibh na Gaedhil ag dul i ndiaigh a gcúil. Chómh luath agus chonacadar ag teacht sinn tháinig náire ortha agus sheasuighdar an fód. Um an dtaca ’n-ar shroiseamair iad is ag brúth amach a bhíodar i n-inead bheith ag dul i ndiaigh a gcúil. Bhíodar ar buile chúcha féin a rádh go bhfeacaidh Murchadh ag dul i ndiaigh a gcúil iad. Tháinig, ba dhóich leat, dúbailt nirt ionta. Bhrúghdar rómpa an namhaid, agus ba dheacair é. Bhí na fir ag tuitim chómh tiugh le grean ar gach taobh. Bhí na cuirp ’n-a gcruachaibh anáirde ar a chéile. Is anáirde ar na cruachaibh sin a chaitheamair seasamh agus sinn ag brúth ar an namhaid agus ’ghá leagadh. Bhrúghmair rómhainn iad. Chuireamair cruach dínn. Ansan chuireamair cruach eile dhínn. Mheasas go gcaithfimís iad go léir a mharbhughadh sar a n-iompóchaidís uainn. Fé dheire d’iompuíghdar. Do theitheadar, agus do leanadh iad agus do marbhuigheadh oiread acu sa ruagairt agus do marbhuigheadh sa chath. Mura mbéadh Murchadh bhéadh a mhalairt de sgéal againn. Mura mbéadh Murchadh do ruithfeadh leis an bhfear mór úd. D’iompóch’ na Lochlanaigh isteach lastiar dínn nuair a bheimís imthighthe amach tríd an mbearnain úd. Bhéadh an ruag ar ár muintir féin ar thaobh na lámha deise agus ar thaobh na lámha clé. Ansan d’iompóch’ neart ár namhad go léir orainn agus ní thiocfadh duine againn beó as an gcath. Ansan bhéadh seilbh ag Lochlanachaibh i n-Éirinn agus bhéadh sé fuar ag M’lsheachlainn bheith ag cur ’n-a gcoinnibh. Mura mbéadh Murchadh bhéadh Éire ag Lochlanachaibh anois! Deirim leat go mbéadh. Agus deirim rud eile. Tá sé buailte isteach am’ aigne agus deirim go láidir é. Ní bheidh Éire ó bhaoghal i gceart go dtí go mbeidh Brian i n’ Árdrígh!”
“Ochón, a Dhúlainn,” arsa Gormflaith, “measaim gur maith an bhail ort gan M’lsheachlainn a bheith ag éisteacht leat.”
“Ba chuma liom an tsaoghal, a rígan,” arsa Dúlainn, “ach go bhfeicfinn tu féin thíos i dTeamhair ad’ Árdrígain ar Éirinn go léir ó Dhonchadh Dí go Tigh Mháire!”
Sgian tré chroídhe Ghormfhlaith ab eadh an uile fhocal de’n chaint sin a labhair Dúlainn an fhaid a bhí an cúntas san aige ’á thabhairt ar chath Gleanna Mháma. Ba mhaith léi, gan amhras, bheith ’n-a h-Árdrígain ar Éirinn, ach má ’seadh ní raibh aon lorg aici ar Bhrian a bheith i n’ Árdrígh. Bhí fhios aici, dá dtagadh Brian chun na h-Árdrígheachta nár ró fhada ’n-a dhiaigh san go dtí go mbéadh Murchadh i n’ Árdrígh. Bhí a leithéid sin d’fhuath aici do Mhurchadh gur thúisge léi í féin agus ar bhain léi bheith sínte fé’n bhfód ’ná é dh’fheisgint i n’ Árdrígh. Bhí gach aon tsúil aici go dtuitfeadh sé féin agus Brian i gcath Ghleanna Mháma agus go mbéadh buadh ag na Lochlanaigh ann. Ansan, dar léi, d’iompóch’ cómhacht Lochlan ’n-a lán neart ar Mh’lsheachlainn. Ní bhéadh aon bhreith aige [53] ar sheasamh ’n-a gcoinnibh. Ní fhéadfadh sé neart fear Éirean do chur le chéile ’n-a gcoinnibh. Do buadhfaí air. Do buadhfaí ar ríghthibh Éirean ’n-a nduine a’s ’n-a nduine, fé mar a buadhadh ortha cheana. Ansan do bhéadh an lámh uachtair ag Lochlanaigh agus bhéadh mac Ghormfhlaith i n’ Árdrígh ar Éirinn. Siné a bhí uaithi. Chuir cath Ghleanna Mháma an méid sin go léir ar neamhnídh, agus má b’ fhíor caint Dhúlainn b’é Murchadh fé ndeár san. Má bhí fuath aici do Mhurchadh roimis sin do mhéadaigh an chaint sin an fuath. Sgian tré n-a croídhe ab eadh an uile fhocal de’n chaint.
Is ró bheag d’á chuimhneamh, ámhthach, a bhí ag Dúlainn féin ná ag aoinne de’n mhuintir a bhí ag éisteacht leis an gcaint go raibh an chaint ag gearadh an chroídhe aici ar an gcuma san. Bhí a gnúis chómh séimh, chómh glan, chómh ríoga, chómh solusmhar, chómh caoin, chómh cneasta san aici gur dhóich le duine uirthi ná raibh aon nídh ar an dtalamh so ba mhó thug de shásamh aigne dhi ’ná mar a thug an cath san Ghleanna Mháma dhi.
Ach d’á mhéid gearadh a dhein an cúntas ar a croídhe bhí aon nídh amháin ag baint leis an gcath agus thug sé raint sóláis di. Má deineadh uisge-fé-thalamh riamh do dhein sí é chun cómhacht na Lochlanach do neartughadh i gcóir an chatha san. Ach do dhein sí an t-uisge-fe-thalamh chómh cliste sin nár tháinig aon phioc d’á eólus chun Briain ná chun Murchadh, ná chun aoinne a thabharfadh dóibh aon chogar dé. Bhí iongnadh ar gach aoinne neart na Lochlanach a bheith chómh mór sa chath agus é bheith gleusta chomh maith, agus an oiread san d’fhearaibh cródha mileata a bheith tagaithe ann ó dhúthaíbh iasachta a bhí abhfad ó’n áit agus abhfad ó chéile, ach níor chuimhnigh aoinne, lasmuich de’n mhuintir a bhí ’n-a cómhairle agus ag déanamh a h-oibre, go raibh aon bhaint ag Gormfhlaith leis an nídh sin.
“Is eagal liom, a rígh,” ar sise le Dúlainn, [54] “go bhfuil an iomad de chreideamhaint an lae sin agat d’á thabhairt do Mhurchadh, agus go bhfuil éagcóir agat d’á dhéanamh ort féin sa sgéal. Dá mb’ iad na Lochlanaigh féin iad déarfaidís, dá labhraidís, ná fuil fear ar shlóightibh Bhriain is truime buille i gcath ’ná Dúlainn Óg. Tá aithne mhaith acu ort, a rígh, agus déarfadh cuid acu gur fearr d’fhear thú ’ná Murchadh féin, agus gur maith an bhail ar Mhurchadh go minic tusa bheith i n’ aice sa spéirlinn.”
“Na daoine do labharfadh ar an gcuma san, a rígan,” arsa Dúlainn, “daoine iseadh iad nár theangbhaidh riamh i gcath le Murchadh agus nár mhothuigh a neart. Na daoine do theangbhaidh leis agus do mhothuigh an neart atá ’n-a chuislinn ní puínn acu a tháinig uaidh chun an sgéil a dh’ innsint. Gan amhras do dheineas mo ghníomh agus bhuaileas mo bhuille nuair a bhí namhaid ar m’aghaidh amach, ach ní’l aon chomórtas idir mo bhuille agus buille Mhurchadh.”
Níor bh’ aon iongnadh go ndúbhairt Gormfhlaith an chaint adúbhairt sí i dtaobh an fhir a bhí os a cómhair an uair sin. Fear córach, deagh-chúmtha ab eadh é. Bhí ualach trom gruaige ar a cheann agus í ag tuitim anuas ar a shlinneánaibh. Gruaig chiardhubh ab eadh í, agus bhíodh sí ag crith agus ag taithneamh sa tsolus le gach focal d’á labhradh sé. Bhí dhá mhalainn throma dhúbha os cionn a dhá shúl agus bhí an dá shúil sin suidhte ’n-a cheann, gan iad ró mhór ná ró bheag, agus an t-é a dh’fheuchfadh díreach ’n-a gcoinnibh níor mhaith leis fearg a dh’ fheisgint ionta. Ba dhóich leat go mbíodh sgáil éigin, agus solus éigin, coitchianta ag lasadh agus ag atharughadh ionta, fé mar a béadh gaoth agus sgamail agus solus, lá cruaidh Márta. Bhí fáibre doimhinn idir an dá mhalainn fé mar a bhéadh i n-éadan leóin, agus srón mhór fhada sheabhcaidhe chaoldromach anuas ó’n bhfáibre, agus béal láidir daingean lastíos de’n tsróin sin, béal a bhí lán d’fhiacalaibh breaghtha geala a bhí do réir a chéile go cruinn, agus gur dhóich leat go ndeinidís solus uatha féin nuair a gháireadh sé. Bhí an croméal trom ciardhubh os cionn an bhéil agus an fhéasóg [55] throm chiardhubh chas lastíos de’n bhéal. Idir ghruaig agus mailí agus fáibre éadain agus súile agus srón agus croméal agus béal agus fiacala agus féasóg agus ceann ar fad, bhí rud éigin sa bhfear san a chuir i n-iúil duit, ar an gcéad amharc, gur mhaith an bhail ort é bheith ’n-a charaid agat, agus dá mbéadh sé ’n-a namhaid agat gur mhaith an bhail ort bheith abhfad uaidh. Bhí cosamhlacht mhór idir a cheann agus ceann leóin, agus ansan, ba léir go raibh cruadhas agus anam agus neart agus fuinneamh an leóin ’n-a chabhail agus ’n-a ghéagaibh, agus dá mba namhaid é go mbéadh sé chómh tapaidh agus chómh marbhuightheach leis an león. Bhí aithne mhaith ag na Lochlanaigh air agus siní aithne a bhí acu air, go raibh sé chómh tapaidh agus chómh marbhuightheach leis an león.
Ní gádh léiriughadh cruinn a dhéanamh ar na h-uaislibh eile a bhí ag caint agus ag cómhrádh anso agus ansúd ar fuid an halla mhóir. Bhí an folt mór fada trom ar gach aoinne, ag tuitim siar síos ar a shlinneánaibh. Thug san feuchaint ana uasal dos na fearaibh. Bhí cuid des na foltaibh odhar agus bhí cuid acu liath, agus cuid acu, ar na fearaibh críona, chómh geal le mustairt, ach ní raibh aoinne maol. Choimeádaidís an ghruaig go dtéidís sa chré, mar ní chaithidís choídhche hata ná caipín ná aon chlúdach eile ar a gceann. Isiad na hataí seo a caithtear anois a bhainean an ghruaig de dhaoine. Dá dtugtí mar thaithíghe do cheann an duine ó thusach a óige imtheacht gan aon chlúdach ach an ghruaig a chuir Dia air, d’fhásfadh an ghruaig láidir trom agus choimeádfadh sí a greim an fhaid a mhairfeadh an duine. Sin mar a déintí i n-Éirinn fadó. Níor chuir daoine hataí ná caipíní ortha go dtí gur thusnuigh nósa Shasana ar theacht chúghainn anall. Is ’mó droch nós nách hataí ná caipíní a thug muintir Shasana chúghainn.
Dá bhféadadh duine againne dul isteach an oídhche úd sa halla mór úd Bhriain, i ríghtheighlach Cheann Cora, chuirfeadh na foilt mhóra throma úd iongnadh orainn ar an gcéad amharc. [56] Ach ar an tarna h-amharc d’ admhóchaimís ó chroídhe gur deineadh éagcóir ana throm ar cheann an Éireanaigh nuair a baineadh dé an folt áluinn uasal a chuir Dia ag fás air. Dá bhféadadh Dúlainn Óg teacht ar an saoghal airís agus feuchaint ar na plaoisgíní beárrtha atá orainne, ar na cluasaibh gan sgáth agus ar an mbaic muiníl gan díon ó’n bhfuacht, agus ar an rud i bhfuirm cana stáin, ach é bheith dubh, atá thuas ar an gcloigean mar hata, cad é an seirbhthean a chuirfidís air! “O!” a dearfadh sé, “cad ’tá imthighthe ar ár sliocht! An iad so na daoine a tháinig uainne! Nó an daor-aicme éigin iad a dh’ fhás i n-Éirinn i n-ár ndiaigh! Séanaim iad! Ní linn i n-aon chor iad!”
Dá bhféadadh Niamh, nó Gormfhlaith, nó aoinne eile des na ríganaibh uaisle a bhí sa halla mór úd Bhriain an oídhche úd, teacht ar an saoghal airís agus feuchaint ar na mnáibh atá anois againn, ar na sgiathógaibh móra leathana a bhíon ar mhullach a gcinn acu, agus ar na cleitíbh a bhíon sáidhte ins na sgiathógaibh sin, agus ar na ribíníbh a bhíon asta, cad déarfaidís? Déarfaidís an rud úd adúbhairt Cathal leis an gcleasaidhe. “Airiú, a mhic léiginn,” arsa Cathal, “cad fé ndeara dhuit bheith as do mheabhair!”
Dá dtagadh Gormfhlaith nó Niamh chughainn cheithre fichid blian ó shin ní bhéadh an sgéal chómh h-olc agus ’tá sé anois. Chífidís an uair sin na clócaí breaghtha fada dúbha ar na mnáibh, agus na caipíní deasa sásta maiseamhla ar na clócaíbh sin, i dtreó dá mb’ ar óinsigh féin a bhéadh clóca acu, agus an caipín ar a ceann aici, gur dhóich leat gur bhean chiallmhar í. Ach anois, nuair a chífidís na sgiathóga agus na cleití agus na ribíní, agus an ghluaiseacht éaganta, cad a bhéadh le rádh acu? “O!” a déarfaidís, “nách mór an truagh na mná san go léir a bheith as a meabhair! Cad fé ndeara iad a bheith ar an gcuma san?” Ansan, nuair a déarfaí [57] leó, “Ní h-as a meabhair atáid siad i n-aon chor. Ní’l aon easba meabhrach ortha. Ní’l ins na sgiathógaibh sin ach nós a bhainean leis an aimsir seo;” déarfaidís, “Mo thruagh na fir! agus mo thruagh an chlann!”
Ansan dá n-abradh duine leó, “Isiad na fir féin fé ndeár é. Ní labharfadh aon fhear acu le cailín mura bhfeicfeadh sé an sgiathóg san ar a ceann!” Ní dhéanfaidís ach a rádh “Tá an saoghal ar buile!” agus imtheacht.
Ach ní fearr bheith ag caint air. Ní baoghal go dtiocfaid siad. Ní h-ar neithibh de’n tsórd san a bhí an bheirt ag cuimhneamh an oídhche úd. Bhí a mhalairt de chúram ortha. Bhí Gormfhlaith ag cuimhneamh ar Árdrígheacht na h-Éirean, agus ar Bhrian, agus ar Mhurchadh, agus ar a mac féin, agus ar conus a thiocfadh sí ar Mhurchadh do chur ó’n Árdrígheacht agus ar an Árdrígheacht do chur i n-áirighthe d’á mac féin. Bhí Niamh agus a dritháir agus an chuid eile des na mnáibh óga agus des na fearaibh óga ag rince, agus an ceól d’á spreagadh dhóibh, agus gur dhóich le duine ortha ná raibh aon nídh fé bhun Dé ar an dtalamh so ag déanamh aon chúraim dóibh ach an ceól agus an rince agus an t-aoibhneas a bhí ansúd ’n-a dtímpal. Ach bhí. Bhí Niamh ag rince le n-a dritháir ar feadh tamail, agus le Murchadh ar feadh tamail. Agus bhí sí ag rince le h-Amhlaoibh, le h-adhbhar an tsagairt, ar feadh tamail. Bhí sí chómh séimh, chómh gealgháiriteach le h-Amhlaoibh agus a bhí sí le h-aoinne des na h-uaislibh óga a bhí ag rince léi. Ach an dá mhachtnamh úd, d’á mhéid a dhein sí breithniughadh ortha iseadh ba ghlaine a theip uirthi iad do thabhairt d’á chéile. Agus bíodh gur choimeád sí a h-aigne aici féin go beacht bhí daoine láithreach, agus níor bheagán daoine é, a chuimhnigh ’n-a n-aigne, nuair a chonacadar an bheirt agus iad araon chómh dathamhail, chómh séimh, chómh h-uasal ar gach aon tsaghas cuma, gur bh’ áluinn ar fad an lánmha a dhéanfaidís, agus gur mhór go léir an truagh sagart a dhéanamh d’ Amhlaoibh. Bhí daoine ann, ámhthach, adúbhairt a [58] mhalairt sin. Bhí fir óga ann agus nuair a chonacadar é féin agus Niamh ag rince dúbhradar d’á luathacht a críochnófaí ’n-a shagart é gur bh’ eadh b’ fhearr é. Bhéadh sé as an slígh ansan. Agus bhí cailíní óga uaisle ann agus bíodh go ndúbhradar ’n-a n-aigne féin gur mhór an truagh sagart a dhéanamh dé, b’ fhearr leó seacht n-uaire é dh’fheisgint ’n-a shagart ’ná é dh’fheisgint ag Niamh.
Chómh fada agus a theidhean sgéal de’n tsórd san ní h-é mo thuairim go bhfuil aon atharughadh tagaithe ar Gaedhlaibh Éirean. Fé-s na foltaibh breaghtha fada troma, nó fé-s na hataíbh ar na cloigeanaibh beárrtha agus fé-s na sgiathógaibh agus na cleití, tá an nádúr céadna díreach ionainn chómh fada agus a theidhean sgéal de’n tsórd san.
Ach do ghluais an oídhche, ar cos-anáirde, díreach fé mar a ghluaiseoch’ oídhche de’n tsórd anois. Tháinig an lá agus do sgaip an chuideachta, gach aoinne fé dhéin a thíghe féin. Thug Tadhg Mór ua Cealla agus Niamh aghaidh siar óthuaidh ar Uíbh Máine. Bhí, mar a dúbhradh, teipithe glan ar Niamh an dá mhachtnamh úd a thabhairt d’á chéile. Isé rud a dhein sí ’ná iad araon do dhíbirt ar fad as a h-aigne agus as a croídhe, agus í fein do thabhairt suas do Dhia.
“Is cuma liom an domhan,” ar sise ’n-a h-aigne féin agus í ag socarughadh a h-athar agus ’ghá ollamhughadh i gcóir an bhóthair. [59] “Is cuma liom an domhan ó tá m’ athair agam. Ní fhéadfaidh sagart ná bráthair m’ athair a bhaint díom. Is fearr d’ fear é ’ná aoinne acu íseal ná uasal. Is measa liom a lúidín ’ná dá n-imthígheadh sé siúd, agus an chuid eile acu, le fánaigh na h-abhan! Cad é sin dómh-sa cad é an cor a thabharfaidh sé siúd dó féin! Má déintear sagart dé tá súil agam go ndéanfaidh sé sagart maith. Ní baoghal dó go ndéanfad-sa aon chur isteach air ná go dtiocfad idir é agus Dia. Ní ró mhaith a thaithnean an sgéal i n-aon chor liom. Dá mbéinn i gcás Cholla ba dhóich liom gur bh’fhearr liom a chúram a bheith ar dhuine éigin eile.—Go gcuiridh Dia ar ár leas sinn go léir!”
Thug Colla agus an Legáid agus Tadhg Óg ua Cealla agus Amhlaoibh aghaidh siar ar Inis Cathaigh. Ar loing iseadh chuadar síos ó Luimneach. An fhaid a bhíodar ar an slígh bhí an bheirt ógánach thuas ar bórd agus bhí Colla agus an t-Easbog thíos i seómra leó féin. Bhíodar ag caint.
“Ní maith a thaithnean an Bhanríghin liom, a Cholla,” arsa’n Legáid. “Cuirean sí i gcuimhne dhom focal adúbhairt duine d’ bhúr naoimh.”
“Má chuir sí caint naoimh i gcuimhne dhuit, a Athair,” arsa Colla, “nár chóir go dtaithnfeadh sí leat?”
“Sdó, isé rud adúbhairt an naomh ’ná gur ‘mairg a dh’fheuchfadh go dlúth i n-aghaidh mná le h-eagla go bhfeicfeadh sé a diabhal coímhdeachta.’ Tá ‘diabhal coímhdeachta’ ag Gormfhlaith. Chonac é go minic i gcaitheamh na h-oídhche aréir. Tá eagal orm go bhfuil fhios aici go bhfeaca é. An airighean tú leat mé, a Cholla,” ar seisean. “Tabharfaidh an bhean san nimh do Bhrian nó do Mhurchadh nó dóibh araon mura ndéanfar iad do chosaint go maith uirthi!”
“Ní fheicim conus a bhéadh aon tairbhthe ag teacht chúichi ó n-a mbás san, a Athair,” arsa Colla.
“B’fhéidir,” arsa’n Legáid, [60] “go bhfeicean sí féin é, nó b’ fhéidir gur dóich léi go bhfeicean. Ba cheart rud éigin a dhéanamh a chuirfeadh as a cumas aon díobháil a dhéanamh do’n rígh. Bhéadh an sgéal go h-olc ag Éire agus ag an Eaglais i n-Éirinn anois dá n-imthigheadh aon rud ar Bhrian, go ceann tamail eile pé ’n-Éirinn é.”
“Cad is dóich leat ba cheart a dhéanamh, a Thighearna Easboig?” arsa Colla.
“Ná féadfaí gan leigint do Bhrian bia ná deoch do ghlacadh a’ láimh aoinne ach duine áirighthe éigin go mbéadh iontaoibh as?”
“Is dócha go bhféadfaí,” arsa Colla.
“Deintear san láithreach. Ní gádh aon droch amhras a chur ar aoinne. Ní’l aon rígh ná déinean a leithéid. Tá mná ann, a Cholla, agus tá eólus acu ar conus duine chur chun baís le nimh ar chuma ná fágfadh aon chaoi ar thrúig bháis an duine sin a dh’fhághail amach go deó. Do chonac-sa cuid des na mnáibh sin. Chonac an diabhal coímhdeachta a bhíodh acu, díreach mar a chonac diabhal coímhdeachta Ghormfhlaith aréir. Chonac an duine ar a raibh an paor. Níor ró fhada an aimsir ’n-a dhiaigh san go dtí go raibh an duine sin ar an slígh. Ná dein aon righneas.”
“Ní dhéanfad, a Athair,” arsa Colla. “Raghad soir go Ceann Cora amáireach agus labharfad le Murchadh. Ar mhiste dhom a rádh, a Athair, gur tusa thug an foláramh dom?”
“Ní miste,” arsa’n Legáid, “ach dein mar seo é. Abair go ndúbhart ná fuil aon rígh ná déinean beart mar a deirim chun é féin a chosaint ar nimh.”
“Tá go maith, a Athair,” arsa Colla. “Conus a thaithn an chuid eile de’n chuideachtain leat, a Athair?” ar seisean.
“Go maith,” arsa’n Legáid. [61] “Tá nósa agus béasa agus slíghthe agaibh ná fuil taithíghe agam-sa ar a sórd. Ach measaim, dá mbéadh taithíghe agam ortha ná faghainn aon locht ortha. Bainid siad geit a’ duine nuair a chíon sé iad an chéad uair. Níor chuir aon rud riamh oiread iongnadh orm agus do chuireabhair go léir orm i dtusach na h-oídhche aréir. Is dóich liom go rabhabhair go léir ar leath-mheisge. Bhí teinneas am’ cheann ó’n ngleó agus ó’n bhfothram a bhí ar siúbhal. Ansan, ar leagadh na súl bhíobhair go léir ar bhúr nglúinibh chun beannacht an Phápa dh’ fhághail uaim airís! Mura mbéadh feabhas na h-aithne atá agam oraibh déarfainn gur ag magadh fúm a bhíobhair.”
“Bhíomair lom dáiríribh, a Athair,” arsa Colla. “Neart ár gCreidimh a chuir fhiachaibh orainn é sin a dhéanamh.”
“Is fíor san,” arsa’n Legáid. “Tuigim anois go maith é. Ag machtnamh dom ar an sgéal isé rud adeirim liom féin ’ná gur mhaith an bhail ar chuid againn theas dá mbéadh cuid d’ bhúr bhfothram againn agus cuid de neart bhúr gCreidimh, ar sgáth an fhothraim.”
Thánadar chun na mainistreach. D’eirigh Colla go moch ar maidin amáireach a bhí chúghainn chun dul thar n-ais airís láithreach go Ceann Cora.
“Raghad-sa leat chómh fada le Luimneach, a Cholla,” arsa’n Legáid. “Tá raint gnótha agam le déanamh ann ameasg na sagart atá ann. Tabhair dhom an eochair úd an bhosca iarainn n-a raibh an chailís agat ann.”
Thug Colla an eochair dó agus do ghluaiseadar. D’fhan an Legáid i Luimneach agus tháinig Colla go Ceann Cora. Dhein an Legáid an gnó a bhí le déanamh aige ameasg na sagart. Ansan chuir sé tuairisg Mheargaigh, an gabha a bhíodh ag déanamh na n-arm do Bhrian. Do stiúruigheadh é chun na h-áite ’n-a raibh a cheárta ag an ngabha. Ní ceárta a bhí aige ach fiche ceárta, agus gaibhní ag obair agus builg d’á séideadh agus iaran d’á losgadh agus d’á léasadh le h-órdaibh agus le casúraibh ins gach aon chúinne. Bhí claidhmhte agus tuaghana agus pící agus sleághana agus clogaid, agus gach aon tsaghas gleus cogaidh, caithte anso agus ansúd, cuid des na neithibh sin geall le bheith críochnuighthe, agus gan cuid [62] acu ach ar éigin tusnuighthe. Bhí Meargach Gabha ag imtheacht anonn ’s anall ameasg an lucht oibre agus a shúil ar gach aon rud agus é ag órdúchán agus ag stiúrúchán, ag moladh agus ag cáineadh, fé mar a déinti an obair chun a thoile nó ar a mhalairt de chuma.
Tháinig an Legáid chun cainte leis.
“Tá obair mhór ’á dhéanamh anso, a dhuin’uasail,” arsa’n Legáid.
“Tá fághaltas oibre ’á dhéanamh ann, a Thighearna Easboig,” arsa Meargach.
Ansan do rug sé an Legáid mór-thímpal tríd an obair agus bhí sé ag taisbeáint gach aon rud dó agus ag míniughadh gach aon rud dó. Fé dheire do tharaing an Legáid an eochair as a phócha agus thaisbeáin sé dhó í.
“Feuch, a dhuin’uasail,” ar seisean, “b’fhéidir go bhféadfá macshamhail do’n eochair sin a dhéanamh dom.”
“Ambasa ach féadfad agus fáilte, a Thighearna Easboig,” arsa’n gabha. “Tá aithne mhaith agam ar an eochair sin. Is mé a dhein an eochair sin do Cholla. Fuair sé cailís ana dhaor ó Bhrian, agus d’iar sé orm-sa bosca iarainn a dhéanamh do’n chailís, agus glas a chur ar an mbosca nár bh’fheídir a dh’ osgailt ach leis an aon eochair amháin a dhéanfainn féin do’n ghlas. Ach mheasas gur chuaidh an eochair sin amú, a Thighearna Easboig,” ar seisean. “Tháinig teachtaire anso chúgham, tá suim aimsire ó shin ann, ó Cholla féin, agus dúbhairt sé liom gur cailleadh an eochair agus ná féadfaí an bosca dh’ osgailt, agus d’ fhiafraidh sé dhíom an bhféadfainn, ó m’ chuimhne, macshamhaila dhéanamh do’n eochair. Dúbhart go bhféadfainn agus do dheineas.”
“Cé r’ bh’ é an teachtaire?” arsa’n Legáid.
“Duine des na manaigh, a Thighearna Easboig,” arsa’n gabha.
“Buail anso a leith, a dhuin’uasail, i dtreó ná h-aireóchaidh aoinne sinn.” [63]
Dhruideadar i leith taoibh.
“Níor cailleadh an eochair i n-aon chor, a dhuin’uasail,” arsa’n Legáid, “agus níor chuir Colla aon teachtaire chúghat-sa ’ghá iaraidh ort macshamhail a dhéanamh do’n eochair. An t-é a tháinig chúghat bitheamhnach ab eadh é. Tá an chailís imthighthe.”
“An chailís imthighthe!” arsa’n gabha.
“Tá sí imthighthe,” arsa’n Legáid. Agus d’inis sé tríd síos dó conus mar a bhí an chailís le tabhairt dó féin chun an Aifrinn Aoird do rádh os cómhair Bhriain agus na n-uasal, agus conus mar a fuaradh an bosca iarainn folamh nuair a h-osgaladh é.
Do stad an gabha. Níor fhan focal ann. Thuig sé láithreach gur dhein sé árd dhearmhad nuair a dhein sé an macshamhail do’n eochair gan dul síos agus labhairt ar dtúis le Colla féin. Thug an bheirt raint aimsire gan labhairt. Do labhair an Legáid.
“An aithneófá an teachtaire an dóich leat?” ar seisean.
“’Sé mo thuairim go n-aithneóchainn, a Thighearna Easboig,” arsa’n gabha. “Duine des na manaigh ab eadh é.”
“Téanam ort síos anois agus gheóbhmíd radharc ar na manaigh go léir. Buailfimíd eatartha agus iad ag déanamh a ngnótha. Ní neósfaimíd d’ aoinne cad ’tá uainn. Ní h-aon iongnadh mise agus tusa bheith ag gabháil tríd an mainistir. Déarfar gur gnó éigin a bhainean le d’ cheárd a bheidh agam ’á thabhairt duit le déanamh.”
Chuir an gabha fear eile os cionn na h-oibre, agus do ghluais sé féin agus an Legáid sios go h-Inis Cathaigh. Bhuaileadar tríd an mainistir. Bhíodar ag feuchaint ar dhóirsibh agus ar ghlasaibh agus ar bhacánaibh agus ar thuisleanaibh. Bhí an Legáid ag cur fios ar an manach so agus ar an manach úd agus é ag déanamh gach aon tsaghas ceistiúcháin ortha, agus bhí an gabha ag faire chuige. Thánadar [64] chun an érdaim. Do glaodhadh ar an ndeacon. Ní raibh sé ann. Do rith teachtaire anso a’s teachtaire ansúd ar a lorg. Ní raibh sé le fághail. Do glaodhadh ar Thadhg Óg ua Chealla. Tháinig sé. Do fiafraigheadh dé cá raibh a chomsádaidhe.
“Dúbhairt sé go raibh sé ag dul suas go Luimneach i n-aonfheacht leat-sa, a Thighearna Easboig,” arsa Tadhg. “Ní fheaca-sa ó shin é. An amhlaidh nár tháinigh sé anuas i n-aonfheacht libh?” ar seisean.
“Níor tháinig,” arsa’n Legáid, “nó má tháinig ní fheacamair-ne ag teacht é.”
Le n-a linn sin tháinig Colla. Do fiafraigheadh dé an bhfeacaidh sé Amhlaoibh i n-aon bhall.
“Nuair a shroiseas Ceann Cora,” arsa Colla, “bhí sé ann rómham. Dúbhairt sé go raibh teachtaireacht éigin aige ’á bhreith uait-se, ag triall ar an rígh, a Thighearna Easboig. Is dócha go mbeidh sé anso sar a’ fada.”
“Is dócha é,” arsa’n Legáid. Ní dúbhairt sé a thuille. Bhí fhios aige go ndúbhairt Amhlaoibh bréag i dtaobh na teachtaireachta; nár thug sé féin aon teachtaireacht dó le breith ag triall ar an rígh.
“Tá gnóthaí móra ar siúbhal thoir i gCeann Cora,” arsa Colla.
“Cad iad na gnóthaí iad, a Athair?” arsa’n Legáid, agus chuir gach aoinne a bhí láithreach cluas air féin.
“Tá,” arsa Colla, “maithe móra a bheith tagaithe ann ó Leath Chuinn agus iad a bheith ’ghá iaraidh ar Bhrian an Árdrígheacht do ghlacadh.”
“An amhlaidh atá M’lsheachlainn tar éis bháis?” arsa’n Legáid.
“Ní h-amhlaidh, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, [65] “ach deir an mhuintir a tháinig go bhfuil Leath Chuinn go léir cortha de Mh’lsheachlainn agus nách foláir é chur i leith taoibh agus Árdrígh dhéanamh de Bhrian.”
“Is olc agus is dian olc an sgéal é sin,” arsa’n Legáid. “Éireóchaidh cogadh fuilteach as san má ghéillean Brian dóibh. Cad deir Murchadh?”
“Ní deir sé puínn,” arsa Colla. “Deir sé nách ceart géilleadh i n-aon chor dóibh ach ar aon choinghíoll amháin.”
“‘Ar aon choinghíoll amháin.’ Cad chuige an coinghíoll? Cad é an coinghíoll e? Conus fhéadfadh aon choingíoll ceart a thabhairt do Bhrian chun na h-Árdrígheachta!” arsa’n Legáid.
“Deir Murchadh,” arsa Colla, “nách ceart do Bhrian toiliughadh i n-aon chor chun na h-Árdrígheachta do ghlacadh mura n-iaraidh Leath Chuinn agus Éire go léir d’ aon ghuth air í ghlacadh. Agus deir Gormfhlaith go bhfuil an ceart aige.”
“Tá, an ceart aige,” arsa’n Legáid. “Ach conus a gheóbhfar amach an t-aonghuth san? Má thugan Brian aon chluas do chómhairle na n-uasal san aireófar láithreach é ar fuaid na h-Éirean go léir. Glacfaid cáirde Mh’lsheachlainn arm. Glacfaid cáirde Bhriain arm. Beidh sé ’n-a chogadh dhearg againn. Ní mór dom dul chun cainte le Brian agus le Murchadh. Téanam ort airís, a Cholla. Go gcuiridh Dia ár ríghthe ar a leas!”
Níor cuimhnigheadh a thuille ar Amhlaoibh ná ar an mbréig a bhí innste aige, ná ar an eochair. Do ghluais an Legáid agus Colla agus an gabha, chómh tiugh agus d’fhéadadar cóir [66] iompair a dh’fhághail, soir airís go Ceann Cora. Fuaradar Brian agus Murchadh agus Dúlainn Óg agus Gormfhlaith i gcómhairle, istigh i seómra leó féin, agus na h-Ultaigh i seómra eile ag feitheamh le freagra. Chómh luath agus tháinig an Legáid isteach do chuir Brian fáilte roimis agus d’inis sé bunús an sgéil dó agus d’iar sé cómhairle air.
“Ní’l agam le tabhairt duit, a rígh,” arsa’n Legáid, “ach an t-aon chómhairle amháin. Isé M’lsheachlainn an t-Árdrígh. Isé Árdrígh Éirean é i láthair na h-uaire seo ’n-a bhfuilimíd ag caint anso. Beart éagcóra iseadh é chur as an Árdrígheacht. Gabhan an éagcóir sin i gcoinnibh dlíghe Dé. Má tá Leath Chuinn cortha de Mh’lsheachlainn cuireadh Leath Chuinn féin as an Árdrígheacht é. Ansan má’s toil le fearaibh Éirean Árdrígh a dhéanamh de Bhrian deinidís é. Ní bheidh Brian ag déanamh éagcóra ar aoinne an uair sin má ghlacan sé an Árdrígheacht. Má géilltear anois dos na maithibh seo atá tagaithe anso ó Chúig’ Uladh raghaid siad abhaile agus neósfaid siad do gach aoinne gur géilleadh dóibh. Beidh sé i mbéal gach aoinne go bhfuil Brian le bheith i n’ Árdrígh. Pé áit ’n-a bhfuil cáirde Mh’lsheachlainn ar fuaid na h-Éirean glacfaid siad arm láithreach, agus glacfaid cáirde Bhriain arm láithreach. Beid fir Éirean ’n-a dhá gcamtha agus iad ag marbhughadh a chéile. Loitfear agus leighfear i n-aon lá amháin a bhfuil de thairbhthe déanta ag Brian i n-Éirinn ó’n gcéad lá a thóg sé claidheamh.”
Do labhair Dúlainn.
“Is maith í do chaint, a Thighearna Easboig,” ar seisean, [67] “agus is eagnaidhe, ach tá cúpla rud agus níor thugais aghaidh ortha. Má curtar abhaile na daoine seo atá tagaithe anso ó Chúig’ Uladh chúghainn, gan aon tsásamh i n-aon chor a thabhairt dóibh, cad is dóich leat a dhéanfaid na daoine a chuir anso iad? Is dóich liom-sa go bhfuil fhios agam cad a dhéanfaid siad. Raghaid siad i gcómhairle. Neósfar dóibh ná glacfadh Brian an Árdrígheacht. Déarfaid siad-san: ‘Tá go maith. Ní’l againn ach Árdrígh éigin eile do sholáthar. Ní choimeádfaimíd M’lsheachlainn a thuille pé cuma ’n-a mbeidh an sgéal againn.’ Curfar na teachtairí céadna so ag triall ar fhear éigin eile, ar fhear éigin ná fuil ábalta ar Ghaedhlaibh Éirean do ghleusadh fé aon smacht amháin chómh maith agus ’tá Brian ábalta air. Ansan iseadh bheidh measgán mearaidhe i gceart agat ar fhearaibh Éirean. Ansan, ní ’n-a dhá gcuid a bheid fir Éirean agat ach ’n-a dtrí codaibh, ’n-a gceithre codaibh, agus iad ag marbhughadh a chéile, agus ní fios cathin a déanfar aon neart amháin airís díobh. I dtaobh éagcóra: ní h-éagcóir ar rígh ná ar Árdrígh má ’s toil le n-a dhaoine féin é chur i leith taoibh toisg gan an gnó a thugadar le déanamh dó a bheith aige ’á dhéanamh dóibh do réir a dtoile. Mura h-éagcóir d’á dhaoine féin M’lsheachlainn do chur as an Árdrígheacht ní h-éagcóir do Bhrian an Árdrígheacht do ghlacadh.”
Do stad sé agus do shuigh sé. Chuaidh a chaint i bhfeidhm go h-ana dhaingean ar a raibh ag éisteacht leis. Níor chuimhnigh aoinne acu, go dtí gur labhair sé, ar cad a thuitfeadh amach dá n-iartí ar dhuine éigin eile teacht sa n-Árdrígheacht i n-inead Mh’lsheachlainn.
“B’fhéidir,” arsa Murchadh, “gur mhaith an rud glaodhach isteach anso ar na teachtairíbh seo agus a rádh leó a dh’innsint dúinn go h-iomlán cad ’tá uatha. D’innseadar cheana é, ach is nídh é seo nách misde mórán cainte dhéanamh ’n-a thaobh. Anois an t-am chun na cainte dhéanamh. Is fearr feuchaint ar an uile thaobh de’n sgéal anois ’ná b’fhéidir dearmhad a dhéanamh nár bh’fhéidir a leigheas ar ball.”
Do glaodhadh isteach ortha.
“Ba mhaith linn, a uaisle,” arsa Brian, [68] “go neósfadh sibh anso airís, i láthair an Easboig, an toisg a thug sibh, agus na cúiseana a bhí ag an muintir a chuir chúghainn sibh le sibh a chur chúghainn.”
D’ innseadar airís cad a thug iad. Go raibh sé buailte isteach i n-aigne na poibilidheachta go léir lastuaidh ná béadh rath ná séan ar Éirinn go dtí go mbéadh Brian i n’ Árdrígh ar Éirinn. Go raibh M’lsheachlainn maith go leór mar rígh cúige, ach gur léir do gach aoinne ná raibh an acfuinn aigne ann, ná an éirim aigne, ná an cumas gnímh, ba cheart a bheith i n-Árdrígh Éirean. Ná raibh aon fhear beó go raibh na tréithe sin ann an uair sin chómh láidir agus bhíodar i m Brian. D’á bhrígh sin gur bh’ éagcóir ar Éirinn gan Brian a bheith i n’ Árdrígh uirthi. Go raibh fir Éirean ceapaithe ar Bhrian do chur sa n-Árdrígheacht dá dtoiligheadh Brian féin chuige.
Ansan d’ áirighdar na cineacha agus na tuatha agus na treabhchasaí, ní h-amháin i Leath Chuinn ach ar fuaid na h-Éirean go léir, a bhí ar an aigne sin.
Nuair a bhí deire ráidhte ag na teachtairíbh do labhair Brian.
“Beirig libh abhaile, a uaisle,” ar seisean, “ag triall ar an muintir a chuir anso sibh, an freagra so. Glacfad-sa an Árdrígheacht má thoilighean M’lsheachlainn chuige, agus is mé féin a raghaidh síos ag triall air agus a chuirfidh chuige an cheist. Socarófar an sgéal idir mise agus M’lsheachlainn agus ní gadh d’ aoinne eile beó a thuille cainte dhéanamh ’n-a thaobh.”
Níor labhair aoinne eile. Do h-ollamhuigheadh dínnér mór dos na teachtairíbh agus do deineadh cúram mór díobh ar feadh trí lá agus trí oídhche, agus ansan d’ fhágadar slán agus beannacht ag Brian agus agá theighlach, agus d’ imthighdar óthuaidh abhaile.
Nuair a bhíodar ar an slígh ag dul abhaile bhíodar ag machtnamh ar an bhfreagra a bhí fághalta acu ó Bhrian, ach dá mbeidís ag machtnamh go ceann bliana air ní fhéadfaidís aon tuairim a thabhairt do cad a thiocfadh as, agus ’n-a theannta san a’s eile níor bh’ fhéidir dóibh aon locht fhághail air. Ní lúgha ’ná mar fhéadfadh an Legáid aon locht fhághail air. Ní [69] lugha ’ná mar a dh’ fhéadfadh M’lsheachlainn féin aon locht a dh’fhághail ar an bhfreagra dá n-airigheadh sé é, agus is dócha gur airigh. Do ghlacfadh Brian an Árdrígheacht—ach ní ghlacfadh sé í i gcoinnibh toile Mh’lsheachlainn féin. Cad é an locht a bhí le fághail ag aoinne air sin?
Chuir an freagra san cosg láithreach leis an bhformad ar ar thrácht an Legáid. Ní raibh aon nídh chun carad Mh’lsheachlainn agus cáirde Bhriain do chur i gcoinnibh a chéile, mar do choimeád an freagra an gnó go léir idir Bhrian agus M’lsheachlainn féin. Ní raibh aon bhaoghal go raghadh aoinne ag tairisgint na h-Árdrígheachta d’aon fhear eile, mar ní dúbhairt Brian lom díreach ná glacfadh sé féin í. Ní raibh ag daoine ar gach taobh le déanamh ach a suaimhneas a cheapadh agus fanmhaint go bhfeicfidís cad a dhéanfadh Brian.
D’imthigh Colla agus an Legáid siar go h-Inis Cathaigh. D’fhiafraighdar cá raibh Amhlaoibh. Ní raibh aon tuairisg air. D’imthigh lá agus d’imthigh dhá lá, agus níor tháinig sé. D’imthigh seachtmhain agus níor tháinig sé. Do cuireadh teachtaire soir go Ceann Cora feuchaint a’ raibh sé ann. Ní raibh. Do ghluais tuille aimsire agus níor tháinig sé. Ansan tháinig neithe eile agus gnóthaí eile crosta ar an mainistir agus ar na manaigh, agus d’imthigh Amhlaoibh as a gceann. Ní raibh aon fhios acu ar ghuid na cailíse. Níor bh’ aon iongnadh ró mhór leó ógánach a dh’imtheacht mar sin leis féin as an mainistir. Nídh ab eadh é do thuiteadh amach anois a’s airís. Nuair a thuiteadh sé amach ní bhíodh cathughadh ró mhór ortha ’n-a thaobh. Dar leó “b’fhearr teitheadh maith ’ná droch sheasamh.” Agus d’á luathacht a deintí an teitheadh b’eadh b’fhearr é, dar leó, ó bhí sé le déanamh i n-aon chor. Dar leó, ba thruagh nár theith Amhlaoibh sar ar deineadh deacon dé.
Níor ghlac Tadhg Óg ua Cealla an sgéal chómh neamh-chorbhuaiseach san. Ní raibh aon fhios aige ar ghuid na cailíse ach chómh beag le h-aoinne des na manaigh, ach ní áiteóch’ an [70] saoghal air gur bh’ amhlaidh a theith Amhlaoibh. Dar leis, má bhí Amhlaoibh beó thiocfadh sé thar n-ais chun na mainistreach mura mbéadh go raibh rud éigin ’á chosg ar theacht thar n-ais. Thoir i gCeann Cora do chonacthas go déanach é.
“Raghad soir,” ar seisean, “agus labharfad leis an mBanríghin agus má tháinig aon tuairisg ó n-a mhuintir a chuir fhiachaibh air cuaird a thabhairt abhaile neósfaidh sí dhom é. Bhí sí ana mhór leis. Má tá aon droch nídh imthighthe air ní fheadar cad a dhéanfad.”
Is ar éigin fhéadadh sé aon bhlúire bídh a chaitheamh ná aon neul de’n oídhche do chodladh. D’imthigh sé soir. Fuair sé caoi ar chaint le Gormfhlaith. Bhí sí go h-ana shéimh leis, agus bhí sí go h-ana bhuartha mar gheall ar gan aon tuairisg a bheith aige ar Amhlaoibh. Ní raibh aon tuairisg i n-aon chor aici féin air. Mheas sí, nídh nár bh’iongnadh, go raibh sé thiar sa mhainistir. Chuir sí a lán ceisteana chun Taidhg ’n-a thaobh. Ar thug sé fé ndeara le déanaighe go raibh aon nídh ag déanamh aon bhuartha dhó? An raibh aon trioblóid idir é féin agus Colla mar gheall ar aon rud? Ar tugadh aon mhilleán dó mar gheall ar aon nídh? Chuir sí a lán ceisteana de’n tsórd san chuige, agus thug sé fé ndeara go bhféachadh sí ana ghéar air le linn gach ceiste ’chur.
Bhí an chuaird sin i n-aistear. Níor fhéad Gormfhlaith aon tsásamh aigne thabhairt dó. Siúd óthuaidh go h-Uíbh Máine é feuchaint a’ bhfaghadh sé aon tuairisg ann. Chomh luath agus chonaic Niamh é ba bheag nár thuit sí i laige, bhí sé ag feuchaint chómh h-olc san.
“Airiú, a Thaidhg,” ar sise, “cad d’imthigh ort!”
D’inis sé dhi.
“Is dócha,” ar seisean, “gur b’ amhlaidh atá sé marbh, agus cad a dhéanfad!” agus siúd caise deór anuas ó n-a shúilibh.
Do leig sí dhó ar feadh tamail, agus ní tirim a bhí a súile [71] féin. Fé dheire do labhair sí.
“Má tá sé beó, a Thaidhg,” ar sise, “agus má tá cion chómh mór san agat air, ní mar sin is ceart duit an cion a thaisbeáint.”
“Agus cad tá le déanamh agam, a Niamh?” ar seisean.
“Cuir daoine amach ar a thuairisg,” ar sise, “agus geall luacht-saothair maith do’n t-é a thabharfaidh tuairisg chúghat air. Ní h-é mo thuairim féin go bhfuil aon droch nídh tar éis imtheacht air. Fear ró ghasta iseadh é. Ní dóich liom go bhfuil aon namhaid aige.”
“Ní fheadar an tsaoghal,” arsa Tadhg, “cad é an gnó a bhí soir go Ceann Cora aige an lá a chuaidh Colla agus an t-Easbog soir ann. Chonaic Colla ann é ach ní fheacaidh aoinne ag dul ann é ná ag teacht as.”
“Cuir t’ aigne chun suaimhnis, a Thaidhg,” ar sise. “Ní’l baoghal air. Tá fios a ghnótha féin aige. Má tá oiread ceana aige ort agus ’tá agat air tiocfaidh sé thar n-ais chúghat chómh luath i n-Éirinn agus d’fhéadfaidh sé teacht.”
Chuir Tadhg amach an lucht cuardaigh agus gheall sé an luacht-saothair dóibh, ach níor tháinig aon tuairisg ar Amhlaoibh. Ach tháinig tuairisg nár bh’é. Tháinig tuairisg ó Cheann Cora, agus chuir an tuairisg sin gach aon rud eile soir siar.
Bhí Tadhg Óg ua Cealla tagaithe tar n-ais go mainistir Ínse Cathaigh chun a chuid léighinn do chríochnughadh, agus bhí sé ag faire chuige gach lá feuchaint an aireóch’ sé tásg nó tuairisg ar Amhlaoibh. Lá d’á raibh sé ar an gcuma san, tímpal mí [72] nó chúig sheachtmhaine tar éis na dteachtairí ó Leath Chuinn a bheith i gCeann Cora, tháinig teachtaireacht ó Uíbh Máine ag triall air ’ghá rádh leis dul óthuaidh abhaile láithreach, go raibh teachtairí Bhriain tar éis dul mór-thímpal chun uaisle na tíre go léir, ’ghá rádh leó bheith i gCeann Cora lá áirighthe, iad féin agus a gcongnamh fear, agus do h-ainimnigheadh an lá. D’imthigh sé abhaile. Do ghleus sé féin agus a athair oiread nirt agus d’fhéadadar, agus thánadar go Ceann Cora. Bhíodar ann i gcóir an lae a bhí ceapaithe. Níor bh’ fhada go raibh mór-shluagh láidir uasal cruinnighthe ann. Ní raibh fhios acu cad é an gnó a bhí dhíobh, ach ba chuma leó. Bhí fhios acu go raibh gnó ag Brian díobh agus gur bh’ é a ngnó féin é. Nár bhaoghal go dtabharfadh Brian ó’n mbaile iad mura mbéadh cúis mhaith a bheith aige chuige, agus gur bh’ iad féin a bhéadh beirthe ar ball le pé gnó a bhí le déanamh aige.
Na Lochlanaigh a bhí socair chun cómhnuighthe i n-Éirinn agus tar éis géilleadh do Bhrian agus d’á dhlighthibh, bhíodar ann chómh maith leis na Gaedhlaibh, agus ba mhór an bhreis iad ar neart slógh Bhriain, agus ba mhaith.
Bhí teachtairí maithe ag Brian. Giollaí turais a tugtí ortha. Fir óga luatha láidire ab eadh iad agus bhí ana chuisidheacht ag gach teachtaire acu. Fir thobhtha ab eadh iad. Mar gheall ar fheabhas a gcuisidheachta a déintí iad do thoghadh. ’N-a gcuis iseadh théidís ar theachtaireacht. Nuair a bhíodh sgéala ag Brian le cur go h-oban ag triall ar rígh éigin de ríghthibh Éirean nó ar dhuin’uasal éigin, ní dheineadh sé ach duine des na teachtairíbh sin a chomáint uaidh ag triall ar an rígh sin, nó ag triall ar an nduin’uasal san, leis an dteachtaireacht. Ghluaiseóch’ an teachtaire sin ’n-a chuis, agus níor bh’fhada go mbéadh an teachtaireacht tagaithe chun cinn.
’Na chuis iseadh dh’imthigheadh an teachtaire, ach má seadh ba luatha ’n-a chuis é ’ná fear eile ar muin capail. Nuair a théidheadh na giollaí turais sin i dtaithighe reatha ba luatha iad [73] ’ná aon fhear capail, agus ba bhuaine. Ní sheasóch’ capal i n-aon chor le duine acu. B’fhéidir go mbéadh an capal níos géire ’ná an cuisidhe i dtusach an chúrsa, ach sar a mbéadh fiche míle curtha dhíobh acu bhéadh an capal buailte amach. Ansan iseadh bhéadh a chuisidheacht ag teacht i gceart do’n ghiolla turais, agus bhéadh trí fichid míle curtha dhé aige sar a’ mbéadh aon bhlúire tuirse ag teacht air. Ansan féin níor ghádh dhó ach sodar réidh a dhéanamh ar feadh tamail bhig agus bhéadh anál agus misneach agus a lán-rith airís aige. Ní raibh aon mhaith i gcapailibh ’n-a n-aice súd.
D’á éaghmais sin, ní raibh coill ná cnuc, gleann ná portach ná abha i n-Éirinn ná raibh aithne acu ortha go léir, agus ghabhdís gach aon chómhngar, i dtreó gur mhinic ná bíodh míle ’shlígh acu le gabháil nuair nár bhfoláir d’fhear capail gabháil, b’fhéidir, deich míle de thímpal. Ansan, is ’mó rud a chuirfeadh ríghneas ar fhear capail ná cuireadh aon ríghneas ortha súd. Bhíodh balcuisí éadtroma ortha, agus bróga éadtroma, agus is minic ná bíodh aon bhróga ortha. Bhíodh aithne ins gach aon bhall ortha, agus chómh luath agus thiocfadh tart nó ocras ortha ní bhíodh acu ach aghaidh a thabhairt ar an gcéad thigh a bhuailfeadh úmpa agus gheóbhdís a ndóthin bídh agus díghe. Dá mbéadh ortha gabháil tré dhúthaigh namhad bhéadh arm acu, arm éigin ná béadh ró throm. Nuair a neartuigh cómhacht Bhriain ní bhíodh aon ghádh le h-arm acu. Bhí fhios ag gach aoinne gur bh’iad teachtairí Bhriain iad. Níor bheag san. Is amhlaidh a bhíodh gach aoinne ag cabhrughadh leó i n-inead aon cheataighe dhéanamh dóibh. Do tugtí bia agus deoch agus onóir agus uraim dóibh mar gheall ar Bhrian, agus ní baoghal go dtugaidís aon chúis d’ aoinne chun aon ghearáin a chur isteach ortha, bhí a leithéid sin de smacht ag Brian ortha.
Bhíodh cuid des na h-uaisle b’ aoirde i n-Éirinn sa ghnó san. Thugadh an gnó eólus dóibh ar an dtír agus ar na daoine, ní b’fhearr ’ná mar a dh’fhéadfaidís a dh’fhághail ar [74] aon chuma eile. Bhíodh foth-dhuine d’ ríogra Éirean féin sa ghnó. Do thárla, an uair seo ar a bhfuilimíd ag trácht, go raibh duine de ríogra Éirean sa ghnó. Fé cheilt, ámhthach, iseadh bhí sé sa ghnó. Donn ab ainim dó, Donn mac Beathach. Ó’n dtaobh thiar theas de’n Mhúmhain ab eadh é agus mac rígh ab eadh é. Ó bhí sé deich mbliana d’aois do tugadh fé ndeara go raibh cuisidheacht uathbhásach aige. Nuair a bhí sé cheithre bliana déag do bheireadh sé ar na gioraithibh ar thaobh an ghleanna, ag ruith ’n-a ndiaigh agus ’ghá gcasadh mar a dhéanfadh cú. Mar gheall ar an gcuisidheacht san a bhí aige do tugadh “Caoilte” mar leas-ainim air. Tháinig sé ag triall ar Bhrian chun go nglacfaí ameasg na ngiollaí turais é. Do glacadh láithreach é chómh luath agus do chonacthas an ruith uathbhásach a bhí aige. Ní raibh aon fhear ann a dh’fhéadfadh coimeád i n-aice leis i n-aon chor i gcúrsa reatha. Nuair a fiafraigheadh a ainim dúbhairt sé gur Caoilte ab ainim dó. Bhí tuairim acu go léir gur bh’ ainim bréige an ainim sin dó, ach ba chuma leó. Bhí fhios acu, gan ach feuchaint air, go raibh fuil uasal ann.
Bhí sé chómh maith sa ghleacaidheacht agus ar na h-armaibh gaisge agus bhí aoinne d’á lucht cómhnaoíse. Fear breagh córach cumasach ab eadh é. Má bhí aon locht air b’é seo é. Déarfadh duine go raibh a chosa, ó chrománaibh go talamh, beagáinín ró fhada agus ró láidir i gcomparáid le n-a chabhail. Ach bhíodar téagartha thuas agus caol thíos, agus bhí an dá throigh ana bheag, ana theann, i dtreó go raibh neart mór agus meághchaint bheag ionta. Bhí an léim aige chómh maith agus bhí an ruith aige. An falla a bhéadh chómh h-árd leis féin do raghadh sé do léim thairis gan lámh ná cos a chur ann. Do ruithfeadh sé i n-aice capail agus do raghadh sé do léim i ndrom an chapail sin agus an capal ar cos-anáirde.
Ní raibh sé ró fhada i gCeann Cora ameasg na ngiollaí [75] turais nuair a cuireadh amach an teachtaireacht úd. Cé curfaí siar go h-Uíbh Máine ag triall ar Thadhg Mhór ua Chealla ach Caoilte.
Chuaidh sé siar agus thug sé a theachtaireacht. Chonaic sé Tadhg Mór, agus chonaic sé teighlach Thaidhg Mhóir. Agus feuch. Chonaic sé an rígan óg. Chonaic sé Niamh. Ba bheag ná gur baineadh a mheabhair shaoghalta dhé glan chómh luath agus chonaic sé í. Chonaic sé áilneacht agus uaisleacht go minic roimis sin, i mnáibh a dhútha féin, agus i mnáibh eile i ndúthaíbh eile. Ní fheacaidh sé riamh roimis sin i n-aon mhnaoi, uasal ná íseal, aon nídh a dh’fhéadfadh sé chur i gcomparáid leis an solus áilneachta a tháinig os cómhair a shúl chómh luath agus tháinig Niamh os cómhair a shúl. Chómh luath agus d’fheuch sé uirthi do leath a dhá shúil air agus ba bheag ná gur leath a bhéal air, agus níor fhéad sé a shúile bhogadh dhi. D’fheuch sise air, agus má fheuch ní baoghal ná gur bhog sé dhi láithreach iad. D’ fheuch sé síos ar an dtalamh, agus do las sé go bun na gcluas nuair a thuig sé an tuathal a bhí déanta aige. Do labhair sise go breagh neamh-iongantach neamh-thuairimeach, agus chuir sí raint ceisteana chuige i dtaobh Bhriain agus i dtaobh na h-oibre a bhí ar siúbhal, agus i dtaobh na ríghthe agus na n-uasal eile a bhí ag teacht go Ceann Cora. Do labhair sí chómh cneasta leis agus chómh résúnta gur chuir sí a aigne chun suaimhnis i dtaobh an tuathail a bhí déanta aige.
Isé chuaidh ódheas go h-Inis Cathaigh ó Uíbh Máine chun an sgéil a dh’ innsint do Thadhg Óg. Tháinig sé féin agus Tadhg, agus tuille des na h-uaislibh óga a bhí ar sgoil na mainistreach ó Chúige Conacht, thánadar abhaile le cois a chéile. Do ghleusadar go léir iad féin i n-arm ’s i n-éide agus thugadar aghaidh ar Cheann Cora. Chuaidh Niamh go Ceann Cora i n-aonfheacht le n-a h-athair. Chuaidh a lán eile de mhnáibh uaisle na h-áite ann, leis, i n-aonfheacht le n-a muintir féin. Do rith an giolla turais rómpa chun a [76] dh’innsint go rabhdar ag teacht agus chun áite do cheapadh agus do choimeád dóibh ’n-a bhféadfaidís longphort a chur suas dóibh féin. Ní baoghal ná go raibh sé ann sar a dtáinig puínn eile, agus ná gur shocaruigh sé ar áit dheas oireamhnach do longphort Thaidhg Mhóir uí Chealla. Níor bh’fhada go dtáinig Tadhg Mór féin agus Niamh agus an teighlach go léir, agus thug daoine fé ndeara go raibh an giolla turais ana chúramach i dtaobh longphuirt Thaidhg Mhóir.
Bhí longphort rígh Conacht eile i n-aice na h-áite ’n-a raibh longphort Thaidhg Móir uí Chealla. Bhí cuid de riogra Conacht a thug fé ndeara go raibh an giolla turais ana thiúsgalach ag cur gach aon nídh i n’ áit féin i longphort Thaidhg Mhóir uí Chealla, agus bhí raint iongnadh ortha.
Níor fágadh an giolla turais abhfad ag déanamh an tiúsgail, ámhthach. Do comáineadh chun siúbhail é ar theachtaireacht eile. Is air a glaoidhtí i gcómhnuighe nuair a bhíodh gádh le dithineas agus le cruinneas agus le géarchúis. Chuir duine éigin des na h-uaislibh leathsgéal éigin uaidh ’ghá rádh ná féadfadh sé teacht. B’éigin do Chaoilte dul ag triall air agus a thaisbeáint dó gur cheart dó teacht, go mbéadh sé ag déanamh díobhála dhó féin mura dtagadh sé agus a thaisbeánt dos na h-uaislibh eile go raibh sé cómh maith le h-aoinne acu chun dualgais fir do chómhlíonadh.
Nuair a bhí na h-uaisle go léir cruinnighthe bhí mór-shluagh áluinn uasal acfuinneach ag Brian. Níor mhiste “gasra nár dhóich” a thabhairt ar an mór-shluagh san, mar a tugtar sa tsean amhrán. Ó thusnuighdar ar theacht bhí Meargach Gabha agus a raibh de cheártanaibh an tsaoghal aige ag obair go dian ag déanamh arm agus ag deisiughadh arm. Tháinig gaibhní i n-aonfheacht leis an muintir a tháinig. Mura mbéadh san níor bh’fhéidir do Mheargach teacht ar an obair. Na gaibhní a tháinig, ámhthach, is amhlaidh a luíghdar isteach sa n-obair a bhí ar siúbhal, i dteannta na ngaibhní a bhí ann rómpa, agus do [77] stiúruigh Meargach an obair go léir. B’shin mar ba thúisge a bhí an obair go léir críochnuighthe. Do críochnuigheadh an obair go léir fé dheire agus do sguireadh na longphuirt agus do ghluais an mhór-shluagh chun bóthair.
Ba mhór an radharc an mhór-shluagh san. Bhí seacht cathana ann agus bhí os cionn trí mhíle fear ins gach cath acu san. Bhí gach cath fé n-a ríogra féin.
Bhí Cian mac Maolmuaidh ann, ó Uíbh Eachach Múmhan, agus Dómhnall mac Duibh, agus bhí trí mhíle fear acu. Bhí rígh na nDéiseach ann, Mothla mac Faoláin, agus trí mhíle fear aige. Bhí Loíngseach mac Dúlaing ann, rígh Uíbh Chonaill Ghabhra, agus trí mhíle fear aige. Bhí Mac Beathach, rígh Ciarraighe Luachra ann agus trí mhíle fear aige. Bhí Tadhg Mór ua Cealla ann ó Uíbh Máine agus trí mhíle fear aige. Bhí na ríghthe agus na h-uaisle ann ó gach aon pháirt de Leath Mhogha, na ríghthe agus na h-uaisle a bhíodh ag cur cogaidh ar a chéile agus ag marbhughadh a chéile agus ag dísgiughadh a chéile ar gach aon tsaghas cuma go dtí gur chuir Brian smacht ortha, agus gur chuir sé fhiachaibh ortha, d’á lom deirig aimhdheóna, a leas a dhéanamh agus leas a ndaoine do dhéanamh agus cur le chéile i n-aghaidh namhad iasachta.
Dob’ áluinn an radharc iad, ag gluaiseacht soir óthuaidh fé dhéin na Teamhrach. Dob’ uasal an radharc iad. Ba chómhachtach an radharc iad.
Thánadar i gcómhngar na Teamhrach. Chuir Brian teachtairí ag triall ar Mh’lsheachlainn, ’ghá rádh gur bh’ é toil fear Éirean go ndéanfadh M’lsheachlainn sgaramhaint leis an Árdrígheacht i dtreó go dtabharfaí do Bhrian í. Gur bh’ é cúis a bhí ag fearaibh Éirean leis sin ’ná a luighead a bhí déanta ag M’lsheachlainn, i gcaitheamh na h-aimsire a bhí sé i n’ Árdrígh, chun na Lochlanach a dhíbirt a’ h-Éirinn agus chun cómhacht na h-Éirean do chur le chéile ’n-a gcoinnibh. Go raibh Brian tar éis cómhacht na Lochlanach do chur ar neamhnídh i Leath Mhogha. Dá mbéadh sé i n’ Árdrígh ar Éirinn an fhaid a bhí sé ’n-a rígh ar Leath Mhogha go mbéadh cómhacht na Lochlanach curtha ar neamhnídh aige ar fuaid na h-Éirean go léir. D’á luathacht a tabharfaí Árdrígheacht na h-Éirean dó anois gur bh’eadh ba luatha a bhéadh cómhacht na Lochlanach ar neamhnídh. D’á bhrígh sin nár bh’ fholáir do Mh’lsheachlainn sgaramhaint leis an Árdrígheacht i dtreó go dtabharfaí do Bhrian í. Dá mba rud é ná toileóch’ M’lsheachlainn chuige sin nár bh’fholáir d’ fhearaibh Éirean a iaraidh ar Bhrian an Árdrígheacht a thógaint do thoradh catha.
Thug M’lsheachlainn freagra ar na teachtairíbh.
“Is liom-sa an Árdrígheacht,” ar seisean, “agus coimeádfad í. Ní’lim ollamh anois láithreach chun catha agus cruadh-chómhraic a dhéanamh chun í choimeád. Tháinig Brian anso agus mór-shluagh aige. Thóg sé a aimsir féin chun é féin d’ ollamhughadh agus do chur i dtreó. Tugtar dómh-sa mí ó’n lá indiu chun mo nirt do chruinniughadh. Má fhéadaim mo neart do chruinniughadh tabharfad cath do Bhrian agus d’á mhór-shluagh. Má theipean orm an neart a dh’oirfeadh dom do chruinniughadh tabharfad an Árdrígheacht do Bhrian. Má toilighean Brian chuige sin iartar air fanamhaint i dTeamhair agus a shlóighte do chosg ar chreachadh ná ar argain a dhéanamh ar an dtír mór-thímpal.”
Thoiligh Brian agus d’órduigh sé na slóighte do chosg ar aon díobháil a dhéanamh do’n chómharsanacht.
Chuir M’lsheachlainn a theachtairí ag triall ar ríghthibh agus ar uaislibh Leath Chuinn ’ghá iaraidh ortha teacht agus Árdrígh Éirean do chosaint i gcoinnibh Bhriain. Thugadar go léir caint bhreagh bhog réidh dos na teachtairíbh, ach níor ghealladar aon chongnamh a thabhairt. Dúbhairt cuid acu nár mhór dóibh aimsir a thógaint chun an sgéil a bhreithniughadh. Dúbhairt cuid acu go gcaithfí a leathsgéal a ghabháil mar ná raibh ar a gcumas teacht an uair sin le h-aon chongnamh. Dá nglaoidhtí bliain roimis sin ortha, nó i gceann bliana ’n-a dhiaigh san, go mb’ fhéidir go bhféadfaidís rud éigin fóghanta dhéanamh. Ach an uair sin; dá mbéadh fhios ag M’lsheachlainn féin conus a bhí an sgéal acu ná cuimhneóch’ sé ar a iaraidh ortha teacht ag triall air.
Nuair a h-iaradh ar Aodh ua Néill teacht dúbhairt sé, go tur, nuair a bhíodh Teamhair agus Árdrígheacht Éirean agá thaobh féin de shliocht Néill go ndéinidís Teamhair agus Árdrígheacht Éirean do chosaint ar namhdaibh iasachta agus ar Leath Mhogha Nuadhat. Dá mbéadh an Árdrígheacht acu anois go ndéanfaidís an chosaint chéadna. B’é sin le rádh, mura raibh M’lsheachlainn ábalta ar an Árdrígheacht do chosaint nár bh’fhearra dhó rud a dhéanfadh sé ’ná í thabhairt do’n fhear a chosnoch’ í; nó í thabhairt do Bhrian.
Nuair a fuair M’lsheachlainn nár bh’ aon mhaith dhó bheith ag brath ar chongnamh ó-s na ríghthibh thuaidh isé rud a dhein sé ’ná dírim beag marcach a thabhairt leis agus teacht chun cainte le Brian. Do ghlac Brian é le h-uraim agus le mórchroídhe. D’inis sé do Bhrian conus a bhí caillte air ag ríghthibh leath Chuinn agus an easonóir a bhí tabhartha ag Ua Néill dó.
“Ní foláir dom géilleadh dhuit, a Bhriain,” ar seisean, “nuair ná fuil ar mo chumas cur ad’ choinnibh.”
Do stad Brian agus dhein sé a mhachtnamh.
“A Árdrígh,” ar seisean, [80] “ní h-alaidh dhómh-sa aon éagcóir a dhéanamh ort. Má’s toil le fearaibh Éirean an Árdrígheacht so thabhairt dómh-sa isé a gceart í thabhairt dom. Má ’sé a dtoil í choimeád agat-sa isé a gceart í choimeád agat. B’fhéidir ná fuil fios aigne fear Éirean fós agat-sa ná agam-sa sa sgéal. I dtreó nách féidir choídhche a rádh gur dhéineas éagcóir ort socaruighmís mar seo é. Bíodh bliain agat chun do nirt a chruinniughadh agus chun tu féin a chur i dtreó. Ansan, má bhíon tú ábalta air, cosain tú féin orm.”
Bhí iongnadh a chroídhe ar Mh’lsheachlainn nuair airigh sé an chaint sin.
“Tá go maith, a rígh,” ar seisean. “Is fial an socarughadh é!” ar seisean. “Mura mbéad-sa ábalta an uair sin ar mé féin a chosaint ort-sa tabharfad an Árdrígheacht duit gan chosnamh, agus tabharfad geill anois duit go seasóchad an socarughadh san.”
“Ní iarfad-sa aon gheall ort,” arsa Brian, “ach do bhriathar rígh.”
Ansan do bhronn Brian dhá chéad agus dachad capal, des na capailibh ab fhearr a bhí aige, ar Mh’lsheachlainn, agus thug sé seóid éigin uasal do gach fear des na fearaibh a bhí i n’ fhochair, agus do sgaradar, agus tháinig Brian agus a mhór-shluagh abhaile go Ceann Cora.
Tá adhbhar machtnaimh sa méid sin gnótha agus is fiú an gnó machtnamh a dhéanamh air. Bhí mór-shluagh ag Brian. Ní raibh aon neart slógh ag M’lsheachlainn. Cad ’n-a thaobh nár dhéin Brian prísúnach de Mh’lsheachlainn láithreach bonn, agus an Árdrígheacht do thógaint chuige féin? Cad a déanfaí thall i Sasana aon lá le h-ocht gcéad blian dá mba thall i Sasana bhéadh an t-imreas ar siúbhal? Cad a dhein an ceathramhadh Hamhrí, an fear ar a dtugtí Bolingbroke, nuair a bhain sé rígheacht Shasana de’n tarna Risteárd? Dhein sé prísúnach láithreach de’n tarna Risteárd agus ansan níor bh’ fhada gur mhairbh sé é. Ní fhéadfadh sé a thuisgint i n’ aigne go raibh sé [81] féin ó bhaoghal ná go raibh greim ceart ar an rígheacht aige go dtí go raibh Risteárd curtha chun baís aige. Feuch ar an dtrímhadh Risteárd, thall i Sasana. Chun teacht ar rígheacht Shasana agus chun na rígheachta choimeád dó féin do mhairbh sé a ghaolta go léir díreach mar a mharbhóch’ búistéir muca! Feuch siar ortha go léir, ó’n lá a tháinig Uilliam agus a shluagh Nórmánach isteach, go dtí gur bhain na daoine an chómhacht as a lámhaibh ar fad nách mór, agus nár fágadh acu ach ainim na cómhachta. Cad a bhí acu ’á dhéanamh i gcaitheamh na h-aimsire go léir ach ag sádh a chéile agus ag tachtadh a chéile ag baint na rígheachta d’á chéile!
Cad ’déarfadh duine acu súd dá n-airigheadh sé an chaint úd a thárla an lá úd, idir Bhrian agus M’lsheachlainn? “Ní’lim ollamh anois chun catha thabhairt duit, a Bhriain,” arsa M’lsheachlainn. “Tabhair mí dhom chun mo nirt do chruinniughadh agus ansan tabharfaidh mé cath dhuit chun na h-Árdrígheachta do chosaint ort.”
Cad ’déarfadh Bolingbroke dá n-abradh an tarna Risteárd an chaint sin leis? “Ní’lim ollamh anois, a Bholingbroke, chun catha thabhairt duit. Tá mo neart sgaipithe uaim. Ní’lim ach tagaithe a leith ó Éirinn mar a rabhas a d’iaraidh smacht a chur ar mhuintir na h-Éirean. Tabhair mí dhom chun mo nirt do chruinniughadh. Ansan tabharfaidh mé cath dhuit chun mo rígheachta do chosaint ort.”—Cad é an sgeartadh gáire a dhéanfadh Bolingbroke d’á n-airigheadh sé caint de’n tsórd san ó Risteárd! Ba dhóich liom ámhthach, go ndéanfadh Risteárd féin sgeartadh gáire ba mhó ’ná é dá n-airigheadh sé an chaint eile úd ó Bholingbroke: “Ní h-eadh, a Risteáird, ach tabharfaidh mé bliain duit chun do nirt a chruinniughadh!”
Ach siní díreach an saghas cainte do thárla idir Bhrian agus M’lsheachlainn i dtaobh Árdrígheachta na h-Éirean, agus níor chuir an chaint iongnadh ar aoinne de’n bheirt, ná ar aoinne [82] de ríghthibh ná d’uaislibh na h-Éirean a bhí ag éisteacht léis an gcaint.
Níor thárla an chaint sin ná aon chaint d’á sórd, idir Bholingbroke agus Risteárd. Murar thárla do thárla gur thóg Bolingbroke chuige rígheacht Shasana, agus gur chuir sé Risteárd chun báis le h-eagla gó mb’ fhéidir gó dtiocfadh le Risteárd a neart do chruinniughadh agus an rígheacht a bhaint dé airís.
Do thárla an chaint idir Bhrian agus M’lsheachlainn. Má thárla do thárla gur tugadh an mí do M’lsheachlainn. Níor fhéad sé aon neart do chruinniughadh i gcaitheamh an mhí. Ansan do tugadh an bhliain dó. Níor fhéad sé aon neart do chruinniughadh i gcaitheamh na bliana ach chómh beag agus d’ fhéad sé é chruinniughadh i gcaitheamh an mhí.
Ansan do tugadh an Árdrígheacht do Bhrian——agus níor chuir Brian M’lsheachlainn chun báis. Níor chuir, ach má seadh do deineadh rígh cúige de Mh’lsheachlainn, agus bhí sé chómh maith chómh dílis de rígh cúige le h-aon rígh eile cúige d’á raibh i n-Éirinn. Bhí an Árdrígheacht ag Brian agus níor mhairbh sé aoinne chun í fhághail ná chun í choimeád.
Míle blian sar ar thárla an méid sin cainte agus an méid sin gnótha idir Bhrian agus M’lsheachlainn do thárla caint de’n tsaghas chéadna agus gnó de’n tsaghas chéadna idir dhá rígh eile a bhí i n-Éirinn an uair sin. B’iad dhá rígh iad san ’ná Conchubhar mac Neasa agus Feargus mac Róig. Bhí Feargus mac Róig ’n-a rígh ar Chúig’ Uladh. Do chuir Conchubhar mac Neasa Feargus as an rígheacht, agus dhein sé rígh ar Chúig’ Uladh dhé féin. Ansan feuch cad a thuit amach. Ar chuir Conchubhar Feargus chun báis le n-eagla go n-eireóch’ sé ’n-a choinnibh agus go gcuirfeadh sé as an rígheacht airís é? Níor chuir. A mhalairt sin ar fad iseadh do thuit amach. D’ fhan Conchubhar suidhte go daingean sa rígheacht agus bhí caradas dlúth idir é agus Feargus, agus ní raibh aon [83] chómhairleach aige ba ghiora dh’á chroídhe ’ná Feargus, ná ba dhílse dhó ’ná Feargus, go dtí gur dhein sé féin an feall mór ar chlainn Uisnigh.
Cad ’n-a thaobh gur fhéad an dá nídh sin tuitim amach ar an aon chuma amháin sin i n-Éirinn fad ó agus an míle blian san eatartha? Ní’l ach aon fhreagra amháin le tabhairt ar an gceist sin. Sidé an freagra. Bhí i n-Éirinn, i gcaitheamh an mhíle blian san, cómhacht éigin a bhí níba threise ’ná na ríghthe. Chuir an chómhacht san fhiachaibh ar Fheargus luighe isteach i ngnó na rígheachta fé smacht Chonchubhair, agus chuir sí fhiachaibh ar Chonchubhar gan aon éagcóir a dhéanamh ar Fheargus. Chuir an chómhacht san fhiachaibh ar an mbeirt ceart a chéile dh’ admháil agus beart a dhéanamh do réir chirt a chéile. Thug san deimhne do Chonchubhar nár bhaoghal dó Feargus, agus thug san deimhne d’ Fheargus nár bhaoghal dó Conchubhar. Ó n-ár n-aithne ar Chonchubhar is deimhin dúinn, mura mbéadh a fhios a bheith aige nár bhaoghal dó Feargus, agus mura mbéadh nár bh’fhéidir dó gabháil i gcoinnibh na cómhachta a thug an deimhne sin dó, go gcuirfeadh sé Feargus chun báis tapaidh go leór.
Cad í an chómhacht í sin a chuir an smacht uathbhásach san ar an dá rígh sin an uair sin, i n-Éirinn, agus do chuir an smacht céadna ar an dá rígh eile, ar Bhrian agus ar Mh’lsheachlainn, míle blian ’n-a dhiaigh san? Ainimnighthear an chómhacht san go minic i seanachus na h-Éirean. “Firu Éirean” a tugtar ar an gcómhacht san i seanachus na h-Éirean. “Aigne na ndaoine,” nó “an aigne phoibilidhe” a tugtar i mBéarla anois ar an gcómhacht san.
Nuair a bhíon ag an bpoibilídheacht eólus agus tuisgint agus éirim aigne, agus nósa láidire daingeana, cúmtha as an eólus san agus as an dtuisgint sin agus as an éirim aigne sin le taithíghe agus le h-imtheacht aimsire, ní bhíon sé ar chumas aon duine, dá mbéadh sé ’n-a rígh seacht n-uaire, gabháil i gcoinnibh aigne agus toile na poibilidheachta san, go [84] mór mór, ins na neithibh ar a mbíon aigne na poibilidheachta socair. D’á mhéid iad an t-eólus agus an tuisgint agus an éirim aigne, sa phoibilidheacht, iseadh is treise agus iseadh is uaisle an chómhacht, agus iseadh is iomláine a theidhean an chómhacht i bhfeidhm.
Bhí an chómhacht san i bhfeidhm i n-Éirinn i n-aimsir Chonchubhair mhic Neasa. Bhí sí i bhfeidhm i n-Éirinn i n-aimsir Bhriain agus Mh’lsheachlainn. Do chothuigh na ríghthe féin an chómhacht san i n-Éirinn mar bhí fhios acu gur bh’ é a mbuac í chothughadh agus í choimeád neartmhar. Bhí fhios acu, bíodh nár bh’fholáir dóibh bheith úmhal di i neithibh áirighthe, ná raibh nídh ar bith ab fhearr ’ná í chun a n-ughdaráis féin do chur i bhfeidhm, ar gach aon tsaghas cuma ’n-ar bh’ é a leas a n-ughdarás do dhul i bhfeidhm.
Taisbeánan an méid sin go léir go raibh i n-Éirinn fadó, ó aimsir Chonchubhair mhic Neasa go dtí aimsir Bhriain, uaisleacht phoibilidhe, agus úmhluigheacht phoibilidhe do dhlighthibh agus do nósaibh maithe uaisle, nách ró fhuiriste a leithéid a dh’fheisgint anois i n-aon treabhchas daoine d’á bhfuil suas.
Ná ropairí Gallda so a mheasfadh a chur ’n-a luighe ar dhaoinibh anois ná raibh i n-Éirinn fadó ach daoine fiaine, deinidís machtnamh ar an méid sin. Agus an chuid d’ár ndaoine féin nár chuid ba lúgha ’ná a fhonn a bhéadh ortha géilleadh d’ éitheach na ropairí sin, deinidís machtnamh ar an méid sin.
An fhaid a bhí an mhór-shluagh ag dul ó Cheann Cora soir óthuaidh go Teamhair, bhí Meargach agus na gaibhní ab fhearr a bhí aige i bhfochair an tslóigh. Bhí seacht cinn de cheártanaibh aige agus iad ar rothanaibh agus na gaibhní ag obair ionta. Ceárta acu ag gabháil le gach cath des na seacht cathanaibh. Tháinig gaibhní ó’n mbaile le cuid des na cathanaibh, ach nuair a tháinig na cathana go léir i bhfochair a chéile do cuireadh na gaibhní go léir fé smacht Mheargaigh. Bhí siúinéirí, leis, ann chun pé obair adhmaid a bhéadh riachtanach do dhéanamh. Agus bhí mná uaisle ann, mná agus deirbhshéracha agus ingheana na ríghthe agus na dtaoiseach a bhí ar na cathanaibh. Bhí ana thuisgint ag na mnáibh uaisle sin ins gach nídh a bhain le h-aireachas a thabhairt do dhaoine gunta, agus thugadar leó ó’n mbaile na córacha a bhí riachtanach dóibh chun na h-oibre sin. Thug gach bean uasal díobh léi, leis, raint ban eile mar sheirbhíseacha agus bhí na mná go léir, idir sheirbhíseacha agus mná uaisle, ana thuisgionach sa ghnó a bhí le déanamh acu. Measaim, nuair a bhíodh cath ar siúbhal, gur bh’fhearr an t-aireachas a thugadh na mná san an uair sin dos na fearaibh gunta ’ná mar a tugtar anois dóibh nuair a bhíon cath ar siúbhal. Is dóich le liaghaibh agus le dochtúiribh na h-aimsire seo gur mó agus gur fearr go mór an t-eólus atá acu féin ’ná mar a bhí ag aoinne sa tsean aimsir. Tá dearmhad mór ortha. Imtheóchaidh garsún anois agus foghlumóchaidh sé raint bheag Laidne. Ansan imtheóchaidh sé isteach i gcoláiste éigin. Tabharfaidh sé formhór na h-aimsire sa choláiste sin ag imirt chártaí agus ag cuideachtanas agus ag ól. [86] Déanfaidh sé iaracht ar cheisteanaibh áirighthe do thógaint agus ar iad do fhreagairt. Ansan tiocfaidh sé chúghainn amach agus é n-a dhochtúir! Ansan beidh ár n-anam i láimh an dochtúra san! Bhí níos mó eóluis ag cuid de mhnáibh na sean aimsire ’ná mar atá ag formhór na ndochtúirí seo anois againn. Eolus as leabhraibh atá acu so. Eolus as an obair a bhí acu súd. Do fuaradh an t-eólus as an obair. Choimeád na mná é agus thugadar d’á n-ingheanaibh é, agus bhí an obair agus an taithighe ’ghá chur i méid agus i gcruinneas ó shliocht go sliocht. I n-éaghmuis an eóluis a bheith ag na mnáibh bhí deimhne eile ag fearaibh gunta ins na seana chogaíbh úd ar aireachas maith a dh’fhághail. Na mná a bhíodh ag tabhairt an aireachais dóibh b’ iad a ngaolta féin iad, a mná pósta nó a ndeirbhshéracha.
Bhíodh na giollaí turais go líonmhar i gcómhnuíghe i n-armáil Bhriain. Bhídís ag gluaiseacht ar an uile shaghas teachtaireachta ó Bhrian chun na mbuidhean eile de’n tsluagh nó chun na n-uasal a bhíodh sa chómharsanacht. Bhídís roimis an sluagh amach ag réidhteach na mbóithre nó ag déanamh an eóluis, ’ghá dhéanamh amach ciacu bóthar ab fhearr nó ba réidhe nó ba chómhngaraíghe. Mar sin ní bhídís choídhche daingean i n-aon áit amháin de’n tsluagh. Bheireadh a ngnó sa tímpal iad i dtreó go mbídís tamal ins gach aon bhuidhin.
Níor bh’ fhada gur tugadh fé ndeara go mbíodh Caoilte i mbuidhin Thaidhg Mhóir uí Chealla níba mhinicíghe go mór ’ná mar a bhíodh sé i n-aon bhuidhin eile, pé cúis a bhí aige leis. Bhíodh daoine ’ghá fhiafraíghe d’á chéile cad iad na teachtaireachtaí móra a bhíodh ag Brian le cur, chómh minic sin, ag triall ar Thadhg Mhór ua Chealla seachas aon rígh eile d’á raibh ar an sluagh. Ansan do tugtí mar fhreagra ar fhiafraighe de’n tsórd san: [87] “Nách ’mó gnó a bhéadh ag giolla turais i mbuidhin Thaidhg Mhóir uí Chealla i n-éaghmais aon teachtaireacht a thabhairt ó’n rígh?”
Ansan déarfadh duine eile: “Bíon daoine nách giollaí turais ag teacht chun buidhne Thaidhg Mhóir uí Chealla.”
“Bíon go díreach,” a déarfadh duine eile, “agus ní ró mhór an fháilte a bhíon ag uaislibh buidhne Thaidhg rómpa.”
“Cad é an chúis ná béadh fáilte ag uaislibh buidhne Thaidhg rómpa, airiú?” adéarfadh áilteóir a bhéadh ’ghá leigint air nár thuig sé an sgéal.
“Oidhe, nách neamh-thuisgionach an duine thu!” a déarfadh duine eile. “Ná fuil fhios agat go maith conus mar atá an sgéal ag uaislibh óga Conacht i dtaobh inghíne Thaidhg? Go bhfuil gach aoinne acu ag cailleamhaint a mheabhrach a d’iaraidh go bhfaghadh sé féin í le pósadh. Táid siad i rachtaibh an anama bhaint as a chéile mar gheall uirthi, ach nuair a thagan aon fhear iasachta isteach sa bhuidhin bíd siad go léir i n-aonfheacht i rachtaibh an anama bhaint as san.”
“Agus ar ndó’ tá fhiós ag an saoghal,” adéarfadh duine eile as a mhachtnamh, “nách í Niamh atá ag tarang Chaoilte chun buidhne Thaidhg Mhóir.”
“Dar fiadh,” a déarfadh duine eile, “ach má thuigid uaisle óga Conacht agus na h-uaisle óga eile gur mar gheall ar Niamh atá Caoilte ag dul chómh minic chun na buidhne sin beidh an sgéal go h-olc aige sar a gcuirfidh sé puínn eile aimsire dhé.”
“Tá an sgéal go h-áiféiseach acu go léir,” a déarfadh duine eile. “Ní’l blúire binne ag Niamh ar aoinne acu, amuich ná i mbaile. Is measa léi a h-athair ’ná aon fhear beó, uasal ná íseal.”
Sin mar a bhídís ag caint agus ag cur thré chéile. An fhaid a bhí an mhór-shluagh ag gabháil óthuaidh ó Cheann Cora go Teamhair ní ró mhór an suim a curtí sa chaint. Bhí tuairim ag na fearaibh go mb’ fhéidir go raibh obair throm rómpa, cathana fuilteacha b’fhéidir. Nuair a bhí an chuaird tabhartha agus an tsíthcháin déanta agus an mhór-shluagh ag filleadh go [88] Ceann Cora bhí aigne gach aoinne saor ó bhuaireamh agus bhí gach aoinne níba thugtha do shult ’ná do ghruaim. Do thuig na ríghthe agus na taoisigh, ó bhí san mar sin, gur cheart spórt agus caitheamh aimsire chur ar bun, i dtreó, nuair a stadfaí i gcóir na h-oídhche i gcómhnuighe, go mbéadh rud éigin chun daoine choimeád go suairc agus go sultmhar. Do cuireadh a lán neithe ar siúbhal. An ghleacaidheacht úd a bhíodh i gCeann Cora do cuireadh ar siúbhal raint di. Bhíodh rith agus léimreach agus iomrasgáil ar siúbhal, agus caitheamh cloch araige, agus a lán cleasaidheachta a thaisbeánfadh neart agus fuinneamh. Bhíodh uasal agus íseal measgaithe ar a chéile sa ghleacaidheacht. Uaireanta bhíodh buadh ag an uasal agus uaireanta bhíodh buadh ag an íseal.
Bhí ógánach uasal ar teighlach Thaidhg Mhóir uí Chealla agus Conn ab ainim dó. Thug sé fé ndeara Caoilte ag teacht chómh minic chun teighlaigh Thaidhg Mhóir. Níor thaithn san leis. Ní leigfeadh sé air, ámhthach, gur bh’ aon éad a bhí air. Is amhlaidh a bheidhfí ag magadh faoí dá leigeadh. Níor fhág san é gan a thaisbeáint nár thaithn an giolla turais leis. Thug sé leasainim air, “Cosa Buídhe Árda.”
“Feuch,” adeireadh sé, “tá Cosa Buídhe Árda chúghainn.” Thugadh sé “Caoilte Cosach,” leis, air, agus “Fear na gCos.”
Mac ab eadh an Conn san do Mhaolruanaidh na Paidre, rígh Ua bhFiachrach Áidhne, agus ógánach ana chródha ab eadh é. Bhí sé go maith ar an uile shaghas gnímh, ach bhí sé thar bár i ngníomh reatha nó i ngníomh iomrasgála.
Do cuireadh rásana ar bun. Na giollaí turais isiad ba mhó a chuaidh ag ruith na rás. Cheap Conn go mbainfeadh sé cuid de’n mhóráil d’ “Fhear na gCos,” dar leis. Chuaidh sé isteach ar na rásanaibh. Níor chuaidh Caoilte isteach ortha i dtusach. D’ fhág sé ag na giollaíbh eile iad. Níor dhein Conn a dhícheal i dtusach. Do leig sé bár le duine des na giollaíbh. Ar ball do deineadh tathant ar Chaoilte dul isteach. Do chuaidh. Do rith Conn i dtreó gur choimeád sé suas le Caoilte, le “Fear na gCos,” dar leis. Níor bh’fhada gur fhág an bheirt na giollaí lastiar díobh ar fad. Do ghéaruigh Conn. Má ghéaruigh do choimeád Caoilte suas leis. Do ghéaruigh sé tuille. Má ghéaruigh do choimeád Caoilte suas leis. Do ghéaruigh sé go dtí ná raibh ann géarughadh a thuille. Choimeád Caoilte suas leis. Ansan d’fháisg Caoilte chun an reatha agus do ghluais sé amach ó Chonn i dtreó gur dhóich leis na daoine ná raibh Conn ag ruith i n-aon chor! Do stad Conn. D’eirigh an liú ó n-a raibh ag feuchaint ortha i dtreó gur chrith an talamh fé chosaibh na ndaoine go léir. Ní de Chaoilte a baineadh an mhóráil ach de Chonn, agus do baineadh an mhóráil i gceart dé.
“Seadh!” adeireadh na h-uaisle eile leis agus iad ag gáirí, “siné ‘Fear na gCos’ agat! Siniad na cosa buídhe árda agat! Má táid siad fada tá fuinneamh ionta. Is uathbhásach an ruith atá aige. Ní fheaca a leithéid de chuisidheacht i gcosaibh duine riamh.”
Do críochnuigheadh an spórt. Bhí Conn agus na h-uaisle eile a bhain le teighlach Thaidhg Móir uí Chealla ag caint agus [90] ag trácht ar an ngníomh uathbhásach reatha a dhein Caoilte. Cé chífí ag teacht fé n-a ndéin ach Caoilte féin. Do bheannuigh sé dhóibh. Bheannuighdar dó. Dheineadar raint cainte. Níor labhair Conn sa chaint. Bhí sé gruama, dothíghsach go maith. Fé dheire do labhair sé as a mhachtnamh féin, agus ní ró chneasda an focal a dúbhairt sé.
“Má tá teachtaireacht agat ó Bhrian, a ghiolla,” ar seisean, “b’ fhearra dhuit imtheacht agus an teachtaireacht a thabhairt. Ní maith an teachtaire teachtaire ríghin.”
“Ní’l aon teachtaireacht agam ó Bhrian, a rígh,” arsa Caoilte.
“Ó, an eadh?” arsa Conn. “Níor mheasas go bhféadfadh aon ghnó eile thu thabhairt anso ach teachtaireacht éigin a bheith agat ’á thabhairt ó Bhrian ag triall ar Thadhg Mhór ua Chealla.”
“Tá faobhar ar do ghuth, a rígh,” arsa Caoilte. “Ní’l aon ghádh leis an bhfaobhar. Má bhuadhas ort ba chóir go bhféadfá é dh’ fhulang mar a dhéanfadh fear. Ní dócha gur b’ amhlaidh a mheasfá dhom gan mo dhícheal a dhéanamh.”
“Ní tu buachtaint orm sa ruith atá ag déanamh aon bhuartha dhom, a ghiolla,” arsa Conn. “Ní raibh aon cheart agam dul sa ruith i n-aon chor. Ní ró mhaith a dheineas é agus mé féin a chur i gcomparáid le giolla turais.”
B’ fhuiriste aithint air go raibh árd fhearg air. Bhí an chaint ’ghá thachtadh ba dhóich leat. Chaitheadh sé stad idir gach aon dó nó trí fhocalaibh le tocht feirge.
“Tá fearg ort, a rígh,” arsa Caoilte. “Ní fheicim cad fhéadfadh an fhearg a chur ort ach mise do bhuachtaint ort sa ruith. Ní bhuadhfainn ort mura mbéadh tu theacht am’ choinnibh sa ruith. B’fhéidir nár bh’ fhearra dhúinn rud a dhéanfaimís ’ná sinn féin a thriail i ngníomh éigin eile. B’fhéidir dá dtrialaimís sinn féin i ngníomh éigin eile go bhfaghfá an lámh uachtair orm agus ansan go n-imtheóch’ an fhearg díot.”
Níor fhéad na h-uaisle eile gan sgeartadh gáire dhéanamh, [91] do labhair Caoilte chómh réidh sin agus an fhearg chómh fíochmhar san ar an bhfear eile.
“Dá mba mhac rígh thu,” arsa Conn, “níor mhiste dhuit labhairt ar an gcuma san. Agus dá mba mhac rígh thu níor mhiste dhuit, b’fhéidir, bheith ag teacht anso ar an ngnó a thugan ann tu. Ach giolla turais!”
Níor thug Caoilte freagra ar an gcaint sin. D’iompuigh dath bán ar a ghnúis. D’fheuch sé n-a thímpal ar na h-uaislibh eile. Bhí Niamh agus a h-athair ag éisteacht leis an gcaint. Ní fheidir sé cad ba mhaith dhó a rádh ná cad ba mhaith dhó a dhéanamh. Bhuail Niamh chúcha anall go breagh réidh. Bhíodar go léir ag úmhlúghadh dhi láithreach.
“A Chuinn,” ar sise le Conn, “tá gnó éigin ag Brian díot-sa. Oirean dómh-sa leis dul chun cainte leis. Fan liom ansan tamal beag agus beidh mé i n-aonfheacht leat ag dul ag triall air. Tar-sa a leith anso go fóil, a ghiolla,” ar sise le Caoilte. “Tá teachtaireacht agam le tabhairt duit.”
Nuair a bhí sí féin agus Caoilte a’ raon na gcluas do labhair sí.
“A Chaoilte,” ar sise, [92] “tabhair aire agus ná leig ort go gcuirfidh an nídh atá agam le rádh leat aon iongnadh ort. Táid na h-uaisle sin go léir ag faire orainn. Tá fhios agam-sa cad a thugan anso thu. Agus tá fhios ag Conn cad a thugan anso thu. An nídh céadna a thugan anso é féin, agus tuille acu. Mheasas go dtiocfadh liom a chur ’n-a luíghe ar a n-aigne, gan a bheith orm labhairt, gur gnó gan éifeacht an gnó atá ’ghá dtabhairt anso. Táim-se ceapaithe, a Chaoilte, ar mo shaoghal do chaitheamh ag tabhairt aire dom’ athair an fhaid is toil le Dia é féin agus mise dh’ fhágaint ar an saoghal. Má’s ar m’ athair is túisge a ghlaodhfaidh Dia, fanfad singil ar an saoghal so go leanad é.—Imthigh anois, a Chaoilte, agus bíodh mo bheannacht agat, agus má’s maith leat pósadh cuimhnigh ar mhnaoi éigin eile. Imthigh leat láithreach, i dtreó go measfar gur ad’ chur ar theachtaireacht atáim.”
D’imthigh Caoilte.
D’fhill Niamh ag triall ar na h-uaislibh a bhí ag feitheamh léi.
“Téanam, a Chuinn,” ar sise le Conn. Thugadar aghaidh ar phubal Bhriain.
Mac drithár céile do Bhrian ab eadh Conn. Drifiúr do Mhaolruanaidh na Paidre, do rígh Ua bhFiachrach Áidhne, ab eadh an chéad bhean a bhí pósta ag Brian. B’í sin máthair Mhurchadh, agus ba léi tuille de chlainn Bhriain, leis.
Nuair a thánadar chun cábáin Bhriain chonacadar Murchadh agus beirt nó tríur d’ uaislibh Dál gCais ’n-a seasamh lasmuich de’n chábán.
“D’ oirfeadh dúinn labhairt leis an rígh, a Mhurchadh,” arsa Niamh.
“Anois díreach a thánamair uaidh, a rígan,” arsa Murchadh. “Dé bheata-sa, a Chuinn,” ar seisean. “Raghad isteach, a rígan,” ar seisean le Niamh, “agus neósfad dó thu bheith anso. Ní’l aoinne i n’ fhochair istigh ach Maolshuathain, an sagart.”
B’é Maolshuathain anamchara Bhriain. Anamchara a tugtí an uair sin ar oide faoisdine.
Chuaidh Murchadh isteach. Níor bh’fhada gur fhill sé amach.
“Téanam, a rígan,” ar seisean le Niamh.
Chuaidh Niamh isteach agus do fágadh Conn amuich. D’úmhluigh sí do Bhrian mar ba cheart, agus d’úmhluigh sí do Mhaolshuathain. Ansan do labhair sí.
“Thánag ag triall ort, a rígh,” ar sise le Brian, “chun go n-iarfainn ort congnamh a thabhairt dom feuchaint a’ bhféadfainn a chur fhiachaibh ar chuid d’ ár n-uaislibh óga bheith síthchánta le n-a chéile.”
“Ba chóir, a ’nghean ó,” arsa Brian, [93] “nár bheag dóibh na Lochlanaigh a bheith le troid acu agus gan bheith ag troid eatartha féin. Cad é an congnamh is dóich leat a dh’fhéadfainn a thabhairt duit, a Niamh?”
“Ní ró fhuiriste dhóm ainim a chur ar an gcongnamh, a rígh,” arsa Niamh, “ach táim ’ghá thabhairt fé ndeara go bhfhuil cuid acu go fíochmhar agus go feargach le n-a chéile, agus measaim gur mise fé ndeár é.”
“Ó, tuigim,” arsa Brian. “Éad atá ortha. Measan gach fear acu gur aige féin is ceart tu bheith mar mhnaoi, agus tá sé i rachtaibh an anama bhaint as aon fhear eile a dhéanfadh oiread agus feuchaint ort.”
“Cúis gháire chúgainn, a rígh,” arsa Niamh, agus go gháir sí féin, “is cruinn díreach a bhuailis do mhéar air!”
“Ba dhóich liom, a Niamh,” arsa Brian, “ná fuil aoinne chun an sgéil sin do shocarughadh ach tusa féin, agus d’á luighead baint a bheidh agam-sa ná ag aoinne eile leis an sgéal gur b’ eadh is fearr a dhéanfair é shocarughadh. Inis dóibh lom díreach cé ’cu dhíobh a phósfair. Gabhaim-se orm go gcuirfidh san deire leis an imreasán.”
“Do chuirfeadh gan amhras, a rígh, san deire leis an imreasán,” ar sise, “ach ní féidir dom san a dh’innsint dóibh, mar ní phósfad aoinne acu. Tá m’ aigne socair, a rígh,” ar sise, “ar gan pósadh choídhche.”
Do stad sí. Níor labhair aoinne ar feadh tamail. Ansan do labhair Brian.
“Déanfad-sa aon nídh is maith leath, a ríghan,” ar seisean.
“Tá duine acu anso amuich, a rígh,” ar sise, [94] “agus dá mb’ áil leat glaodhach isteach air agus a rádh leis ciall a bheith aige. Gaol duit féin iseadh é. Mac do rígh Ua bhFiachrach Áidhne iseadh é. Do labhair sé go h-ana fheargach o chiainibh le duine eile.”
Do glaodhadh isteach ar Chonn. Nuair a tháinig sé isteach do labhair Brian leis.
“A Chuinn, a mhic ó,” ar seisean, “mheasas go raibh ciall agat-sa.”
Ní fheidir Conn an tsaoghal cad é an bun a bhí leis an gcaint. Níor labhair sé.
“Do h-iaradh orm labhairt leat agus a rádh leat ciall a bheith agat,” arsa Brian agus é ag gáirí.
Níor labhair Conn focal. Ní fheidir sé cad ba cheart dó a rádh, agus cheap sé gur bh’fhearr éisteacht.
Do labhair an sagart.
“B’fhéidir nár bh’fhearr rud a déanfaí’ná an ceann a bhaint de’n sgéal duit, a Chuinn,” ar seisean.
“Leig dómh-sa imtheacht, a rígh,” arsa Niamh.
Chrom Brian a cheann chúichi, agus d’ imthigh sí amach.
“Do labhrais go feargach ó chiainibh, a Chuinn,” arsa’n sagart. “Is dócha go bhfuil fhios agat féin cad é an chúis a bhí agat leis an bhfeirg. Ní’l agam-sa le rádh leat ach an méid seo. Tá socair ’n-a h-aigne féin ag inghín Thaidhg Mhóir uí Chealla gan pósadh choídhche.”
“Siné cúis, a Chuinn,” arsa Brian, “gur h-iaradh orm-sa labhairt leat-sa agus a rádh leat ciall a bheith agat.”
“Agus, a Chuinn,” arsa’n sagart, “féadfair-se a dh’innsint d’á thuille, fé mar a thuigfir féin gur gádh é, ná fuil aon bhreith ag aon fhear go deó ar inghín Thaidhg Mhóir a dh’fhághail le pósadh.”
“Imthigh leat anois, a mhic ó,” arsa Brian, “agus bíodh ciall agat.”
D’imthigh Conn gan labhairt. Bhí sé ag dul ó dhearg go bán agus ó bhán go dearg an fhaid a bhí sé ag éisteacht leó, agus ansan d’imthigh sé gan labhairt.
Dhein sé an rud a dúbhradh leis, ámhtach. D’inis sé an rud a h-innseadh dó. As san amach níor deineadh a thuille éada [95] mar gheall ar Niamh. Má ’seadh, níor luíghduigh san an uraim a bhí acu go léir di. Ba dhóich leat gur mhéaduigh sé an uraim. Má bhíodar úmhal di roimis sin ba dhóich leat gur mhéaduigh ar an úmhluigheacht acu ’n-a dhiaigh san. Má bhíodar ollamh roimis sin ar gach aon nídh a dhéanamh ar an gcuma ba dhóich leó dob’ fhearr a thaithnfeadh léi, bhíodar níba thugtha ’n-a dhiaigh san chuige, agus rud ab fhearr ’ná gach nídh eile, ní raibh sgamal an éada ag dorchughadh gach maitheasa acu agus ag séideadh miosgaise suas eatartha.
Ba ró mhaith an bhail ortha féin an sgéal a bheith mar sin acu. Bhí a tuisgint chómh h-aibigh sin ag Niamh, agus a h-eólus ortha chómh cruinn sin, nár thúisge a bhíodh gádh ag duine acu le cómhairle leasa ’ná mar a thuigeadh sise an gádh. Ansan, ní túisge a thuigeadh sí an gádh ’ná mar a thugadh sí an chómhairle. Bhí sí chómh doimhinn chómh gasta san go dtugadh sí an chómhairle ar shlígh nár bhaoghal aon ghortughadh dhéanamh. Bhí sí ana chneasta leó, ana aicilíghe, ana shéimh. An t-aimhleas n-a mbéadh duine acu lán cheapaithe ar é dhéanamh bhéadh sé curtha dhé aici sar a’ mbéadh fhios aige go raibh sí ’ghá chur dé i n-aon chor, agus an gníomh fóghanta n-a mbéadh duine acu lán cheapaithe ar gan é dhéanamh bhéadh sé meallta aici chun an ghnímh sin a dhéanamh sar a’ mbéadh fhios i gceart aige cad a bhéadh ar siúbhal aici.
Is ’mó tairbhthe a dhein sí, ar an gcuma san, do Bhrian. Do thuig Brian féin a lán de’n tairbhthe sin, ach bhí mórán de ná raibh aon phioc eóluis aige air. Bhíodh cosg curtha aici le droch obair go minic sar a’ mbíodh uain ag an ndroch obair ar theacht, agus an droch obair a bhíodh tagaithe, is minic a bhíodh sé curtha ar neamhnídh aici, curtha soir siar aici, sar a’ mbíodh uain aige ar aon díobháil a dhéanamh, nó sar a’ mbíodh uain aige ar phuínn díobhála dhéanamh.
Bhí uraim thar bár ag Brian di, agus ag an ríogra go léir di. Ach bhí fuath nímhneach ag Gormfhlaith dhi.
An fhaid a bhí mór-shluagh Bhriain ag teacht abhaile ó Theamhair go Ceann Cora an uair sin ní raibh aon lá gan an uile shaghas ráflaí ag gluaiseacht ameasg na bhfear ar na neithibh iongantacha a bhí, dar le daoine, ar siúbhal lastuaidh i Leath Chuinn. Bhí mór-shluagh uathbhásach ag M’lsheachlainn ’á chruinniughadh, a deirthí. Clanna Néill go léir ag cruinniughadh as gach áird agus a gcáirde leó. Lochlanaigh ag dul amach ó Bhaile Átha Cliath ag cabhrughadh le M’lsheachlainn i gcoinnibh Bhriain. Lochlanaigh ag dul óthuaidh ó’n Múmhain chun díoltais a dhéanamh ar Bhrian agus ar Leath Mhogha. Slóighte Lochlanach ag teacht anall tar faraige ag cabhrughadh le Lochlanaigh na h-Éirean i gcoinnibh Bhriain, i gcoinnibh an aon fhir amháin a bhí tar éis cómhacht Lochlanach do chur ar neamhnídh i n-Éirinn. Dar le lucht na ráflaí dhein Brian botún uathbhásach nuair a thug sé an bhliain do Mh’lsheachlainn chun a nirt a chruinniughadh agus chun é féin do chur i dtreó i gcóir an chatha mhóir a troidfí nuair a bhéadh an bhliain istigh.
Dubhairt daoine ná raibh aon bhrígh leis na ráflaibh sin. Dúbhairt daoine eile go raibh agus gach aon bhrígh leó, agus go neósfadh an aimsir go raibh brígh leó.
D’ airigh Brian agus a lucht cómhairle na ráflaí go léir. Níor chuir sé aon tsuim ionta. Ní dúbhairt sé ’seadh ná ní h-eadh leó. Níor ghádh dhó é. Ní raibh aon pháirt de Leath Chuinn ná raibh a theachtairí aige ann agus cúntas cruinn aige d’á fhághail uatha ar gach aon rud a bhí ag tuitim amach lastuaidh. Isé Caoilte a bhí ’n-a cheann ar na teachtairíbh sin. Chuireadh sé duine acu ódheas i n-aghaidh an lae nách mór, le blúire éigin eóluis, ag triall ar Bhrian.
Bhí fhios ag Niamh agus agá dritháir Caoilte bheith ag déanamh na h-oibre sin. Bhí nídh ar a n-aigne féin a bhí ag déanamh buartha dhóibh. B’é nídh é sin ’ná cad a bhí imthighthe ar Amhlaoibh nó cé ’cu beó nó marbh a bhí sé. Bhí an nídh sin ag déanamh buartha do Thadhg, mar ní áiteóch’ an saoghal air ná gur deineadh éagcóir throm éigin ar Amhlaoibh. Go dtiocfadh sé thar n-ais gan teip mura mbéadh nár fágadh ar a chumas teacht. Bhí an nídh sin ag déanamh buartha do Niamh, ach má seadh ní buairt de’n tsaghas chéadna a bhí aige ’á dhéanamh di. Bhí an dá mhachtnamh úd ’n-a h-aigne aici mar gheall air, agus gan ar a cumas an dá mhachtnamh a thabhairt d’á chéile.
Dúbhairt Tadhg gur dhóich leis gur mhaith an rud teachtaire chur óthuaidh ag triall ar Chaoilte ’ghá rádh leis bheith ar thuairisg an t-é a bhí uatha. Go mb’ fhéidir go dtiocfaí suas le tuairisg éigin air lastuaidh, go mór mór ameasg Lochlanach Bhaile Átha Cliath. Do socaruigheadh air sin. Do soláthruigheadh an teachtaire. Do sgríobhadh leitir fhada agus do tugadh dó í le breith ag triall ar Chaoilte. Do cuireadh síos sa leitir sin an uile bhlúire eóluis d’á raibh ag an mbeirt ar Amhlaoibh. Do cuireadh síos a chómharthaí go léir inti, a dhriuch agus a dheabhramh, a aos do réir tuairim, a théagar agus a aoirde agus dath a ghruaige. Ní baoghal ná gur mhol Tadhg a phearsa agus a thréithe. D’imthigh an teachtaire agus do rug sé leis an leitir. Tar éis raint aimsire tháinig sé suas le Caoilte agus thug sé dhó í. Do léigh Caoilte an leitir. Má léigh ba chuimhin leis láithreach an t-ógánach Lochlanach a bhí ar iaraidh. Bhí aithne mhaith aige air, ach ní raibh, dar leis, aithne ag Amhlaoibh air-sean. Chuir sé leitir thar n-ais ag triall ar Niamh agus ar Thadhg ’ghá innsint dóibh go raibh aithne aige ar Amhlaoibh, agus go ndéanfadh sé a dhícheal ar a dh’ fhághail amach cá raibh sé, nó an raibh sé beó.
Bíodh nár chuir Brian suim ins na ráflaíbh, mar nár ghádh dhó é, do dhein sé an uile shaghas díchil ar a shlóightibh do mhéadughadh agus do neartughadh agus do chur i dtreó i gcóir na h-oibre a bhí roimis ar theacht na h-athbhliana. Chuir sé tuille fear isteach ins gach buidhin d’á shluagh, agus dhein sé buidheana eile i dteannta na mbuidhean a bhí aige. Chruinnigh sé ualaí móra éadaigh agus ualaí móra arbhair ó gach aon pháirt de’n Mhúmhain agus d’á raibh d’ oileán na h-Éirean fé n-a smacht. Tháinig ualaí móra iarainn go Ceann Cora ó gach áit ’n-a raibh iaran ’á thógaint as an dtalamh, agus b’éigean do Mheargach oiread eile gaibhní chur ag obair agus bhí ag obair cheana aige, i dtreó go raibh na h-airm d’á ndéanamh níos tiúgha ar dúbailt ’ná mar a déintí roimis sin iad. Nuair a chonaic lucht na ráflaí an t-éirleach oibre ar fad ar siúbhal: “Ach!” adeiridís, “buadhfaidh Brian ar Mh’lsheachlainn agus ar a bhfuil de Lochlanachaibh fé luighe na gréine!”
Do fuaradh amach lastuaidh, i gcaitheamh na bliana, cad é an t-éirleach ollmhúcháin a bhí ar siúbhal i gCeann Cora. Má fuaradh isé rud a dhein gach rígh des na ríghthibh thuaidh ’ná cúbadh chuige agus M’lsheachlainn a dh’ fhágáilt gan chabhair gan chongnamh. Thugadar cómhairle chómhngarach neamh-chongantach dó. Dúbhradar leis, nuair ná raibh ar a chumas an Árdrígheacht do chosaint ar Bhrian nár bh’ fhearra dhó rud a dhéanfadh sé ’ná an Árdrígheacht a thabhairt do Bhrian agus luighe isteach fé Bhrian ’n-a rígh cúige. Dúbhradar leis nár bh’ aon mhaith dhóibh féin dul i gcoinnibh Bhriain agus Dhál gCais. Ná géillfeadh Dál gCais an fhaid a bhéadh duine acu beó, agus ná fágfaidís namhaid beó ’n-a ndiaigh. Ná géillfeadh ríogra Uladh ach chómh beag. Gur bh’ amhlaidh a dhéanfadh an dá shluagh a chéile do dhísgiughadh. Ansan nár bh’fhios cé aige go mbéadh Éire, ná cé aige go mbéadh Árdrígheacht na h-Éirean. Gur bh’ fhearr an tsíthcháin agus géilleadh do Bhrian.
B’ éigean do Mh’lsheachlainn bheith sásta. Tháinig deire na bliana. Do ghluais Brian agus a mhór-shluagh óthuaidh airís go Teamhair. Tháinig M’lsheachlainn ag triall air agus thug sé dhó an Árdrígheacht agus do luigh sé féin isteach ’n-a rígh cúige fé Bhrian. Ar Chúige na Mídhe iseadh dh’ fhág Brian ’n-a rígh é.
Bhí a lán daoine sásta go maith. Bhí a lán daoine agus ba chuma leó. Agus bhí raint daoine agus bhíodar ana mhí-shásta. Bhí Gormfhlaith ar an raint sin.
Is dócha gur mithid tuairisg éigin a thabhairt ar cad d’imthigh ar Amhlaoibh. Tá innste cheana conus mar a bhí sé féin agus Gormfhlaith ana mhór le n-a chéile go luath tar éis iad do chur aithne ar a chéile i gCeann Cora. Ó’n gcéad lá a chonaic Gormfhlaith é do chrom sí ar ana chúram a dhéanamh dé i gcómhnuighe. Sa chaint dóibh do chuir Gormfhlaith isteach i n-aigne an ógánaigh na smaointe céadna a bhí ’n-a h-aigne féin i dtaobh Bhriain agus i dtaobh Mhurchadh agus i dtaobh Árdrígheachta na h-Éirean. Dhein sí an obair sin, i ndiaigh ar ndiaigh, go h-ana réidh agus go h-ana ghasta. Chuir sí isteach i n’ aigne, a gan fhios dó nách mór, an fuath agus an mhioscais chéadna a bhí ’n-a croídhe féin i gcoinnibh Bhriain agus i gcoinnibh Mhurchadh. Dhein sí rud eile. Do mhúin sí dhó,—níor dheacair di é, ámhthach,—conus an fuath do choimeád istigh agus an gealgháire do thaisbeáint lasmuich.
Lá d’á raibh sé féin agus Tadhg Óg ua Cealla i gCeann Cora bhí sé féin agus Gormfhlaith i n-áit fé leith agus iad ag caint, agus gan aon choinne ag Tadhg ná ag aoinne eile nách ag trácht a bhíodar ar mhuintir Amhlaoibh a bhí thoir sa bhaile. Ní h-ar aon nídh dh’á shórd san a bhíodar ag caint. Bhí Gormfhlaith ag cur síos d’ Amhlaoibh ar Bhrian agus ar Mhurchadh, agus ar an gcuma ’n-a raibh an uile shaghas éagcóra ag an mbeirt ’á dhéanamh uirthi féin. Ní raibh seóid ná duais saidhbhir riamh aici nár tógadh uaithi chun é bhronnadh ar rígh éigin nó ar phriúnsa éigin, i dtreó go mbéadh sé buidheach de Bhrian.
“Nár chóir, a rígan,” arsa Amhlaoibh, “go dtuigfeadh sé i n’ aigne nár bheag dó a chuid féin do bhronnadh agus gan cuid duine eile do bhronnadh.”
“Is cuma leis, a mhic ó,” ar sise. [101] “Aon rud uasal n-a gcuirfidh sé a shúil agus a lámh air ní bheidh suaimhneas ná sástacht aigne air go dtí go mbeidh an rud san tabhartha uaidh aige do rígh éigin nó d’ uasal éigin. Do chuir an Pápa chúghainn anall anso ó’n Róimh seóid ana shaidhbhir, cailís óir a bhí chómh trom san gur bh’ar éigin fhéadfá í dh’iompar ad’ láimh. Bhí muirighean mo dhá lámh féin inti. Dob’ fhiú saidhbhreas mór í mar gheall ar a raibh d’ór inti agus gan trácht ar a thuille. Ach an órnáid oibre a bhí geártha uirthi, ba mhó ab fhiú an órnáid ealadhanta san ’ná an t-ór féin. Agus d’á éaghmais sin go léir bhí crios uirthi de chlochaibh loghmhara agus cheannóch’ gach cloch díobh leath na Múmhan duit! Ní thabharfainn an chailís sin ar shaidhbhreas na Múmhan. Ní thabharfainn go deimhin. Ba liom-sa an chailís sin má ba le Brian í. Cad a dhein sé? Chómh luath agus tháinig Colla agus na manaigh sin thíos go h-Inis Cathaigh do rug sé leis síos an chailís uasal san agus thug sé do Cholla í, gan oiread agus a fhiafraighe dhíom-sa ar mhaith liom é nó ar bh’oth liom é! Cad ’deirir leis sin, a Amhlaoibh? Ná déanfadh cailís ba lúgha ab fhiú ’ná an chailís sin an gnó do mhainistir Ínse Cathaigh?”
An fhaid a bhí an méid sin cainte ag Gormfhlaith ’á rádh níor labhair Amhlaoibh. Nuair a bhí an chaint ráidhte aici níor labhair sé puínn. An méid cainte do labhair sé ní h-ar an gcailís a labhair sé í. Níor bh’fhada go ndeigh sé ag triall ar an gcuid eile de’n teighlach mar a raibh Tadhg. Chríochnuighdar an chuaird agus tháinig an bheirt abhaile go h-Inis Cathaigh.
Tamal ’n-a dhiaigh san iseadh tháinig an fonn ar Amhlaoibh chun an Chreidimh a ghlacadh. Níor bh’fhada a bhí an Creideamh glacaithe aige nuair adúbhairt sé gur mhaith leis bheith ’n-a shagart. Chuir Colla an mí teástála air, mar a dúbhradh. D’imthigh an mí agus do h-ollamhuigheadh é agus do cuireadh ins na mion-Órdaibh é. Do deineadh deacon dé agus do cuireadh isteach sa n-érdam é. Istigh sa n-érdam san a bhí an córtha láidir, agus istigh sa chórtha san a bhí an bosca iarainn agus an chailís uasal istigh sa bhosca.
An fear n-a raibh cúram an érdaim air roime Amhlaoibh bhí sé, mar a dúbhradh, imthighthe anonn go dtí an Róimh. D’fhan culaith éadaigh leis, culaith manaigh, ’n-a dhiaigh sa n-érdam. Fuair Amhlaoibh an chulaith, idir aibíd agus cochal. Chuir sé an chulaith i gcoimeád. Bhí gnó aige dhi. Ansan do leig sé air le Colla go raibh gnó ag an mBanrighin dé agus gur mhaith leis cead fhághail chun dul go Ceann Cora. Fuair sé an cead. D’imthigh sé suas. Níor bh’ fhada gur iar sé airís an cead céadna. Má iar do fuair. Nuair a bhí taithighe déanta aige ar an gcead san d’ iaraidh agus d’fhághail dhein sé rud eile. Do thóg sé leis aibíd agus cochal an mhanaigh a bhí roimis sa n-érdam chun a sheómra codlata agus chuir sé uime iad. D’fhill sé a ghruaig fhada dhubh fé’n gcochal agus dhún sé an aibíd tímpal a mhuiníl agus d’fheuch sé sa sgáthán.
“Déanfair an gnó!” ar seisean i n’ aigne féin.
Cúpla lá ’n-a dhiaigh san tháinig sé ag triall ar Cholla agus d’iar sé cead dul suas go Ceann Cora.
“Tá, a Athair,” ar seisean, “bád ag dul suas ar eirighe lae ar maidin. Raghaidh mé suas ar an mbád san agus ansan féadfad, b’fhéidir, bheith anuas níos tráthamhla.”
“Tá go maith, a mhic ó,” arsa Colla.
Ní h-ar eirighe lae a bhí an bád san ag dul suas go Luimneach ach uair a’ chloig roim lá. D’eirigh Amhlaoibh uair gho leith a’ chloig roim lá agus chuir sé uime culaith an mhanaigh agus d’fhill sé a ghruaig fé’n gcochal, agus siúd chun an bháid é. Bhí an doircheacht ann agus níor chuir aoinne aon speic air. Dhíol sé an t-éileamh agus chuaidh sé isteach. Nuair a shrois sé Luimneach is ar cheártain Mheargaigh a thug sé aghaidh. Chonaic sé Meargach.
“Dúbhairt Colla liom, a dhuin’uasail,” ar seisean, “a fhiafraighe dhíot a’ bhféadfá macshamhail a dhéanamh dó’n eochair úd a dheinís dó chun na cailíse chur fé ghlas.”
“Cad d’imthigh ar an eochair a dheineas dó?” arsa Meargach.
“Níor inis sé dhom, a dhuin’uasail, cad d’imthigh uirthi ná ar imthigh aon rud uirthi,” arsa Amhlaoibh, go símplídhe.
“Tá go maith,” arsa Meargach. “Is cuimhin liom an eochair. Ní bheidh mé neómat ’á déanamh duit. Suigh ansan. Ní fiú dhuit imtheacht. Tabharfaidh mé dhuit í láithreach.”
B’ fhíor dhó. Cúpla buille chasúr agus cúpla sgríob bara-ciomalta agus bhí an eochair déanta.
“Seo,” arsa Meargach. “Siní agat í. Seachain agus ná caill í mar a cailleadh an ceann eile.”
“Gura maith agat, a dhuin’uasail,” arsa’n manach bréige.
Tháinig Amhlaoibh amach as an gceártain agus an eochair aige. Bhí sgannra air an fhaid a bhí sé istigh le h-eagla go ndéarfadh Meargach, [103] “Raghad féin síos ag triall ar Cholla leis an eochair seo.” Ní dúbhairt. Thug sé an eochair do’n mhanach, dar leis, agus bhí Amhlaoibh sásta.
Chómh luath agus bhí sé ar an dtaobh amuich de’n cheártain d’imthigh sé i n-áit chaothamhail éigin agus bhain sé dhé an aibíd agus an cochal agus bhí sé ’n-a riocht féin. Dhein sé ceirthlín bheag chruaidh de’n aibíd agus de’n chochal agus chuir sé fé n’ osgail an cheirthlín, agus d’imthigh sé suas go Ceann Cora. Chonaic sé Gormfhlaith. D’inis sé dhi cad a bhí déanta aige, agus thaisbeáin sé an eochair di.
“Nuair innsis dom, a rígan,” ar seisean, “conus a tógadh uait an chailís sin bheartuigheas am’ aigne go dtabharfainn chúghat tar n-ais í nó go gcaillfinn an t-anam. Tá an eochair seo agam anois, agus féadfad an chailís a thabhairt liom agus an bosca dh’fhágailt am dhiaigh agus an glas air, agus ní aithneóchaidh aoinne an chailís a bheith imthighthe ní fios cathin. Tá cailís eile ann agus isí a tógtar amach nuair a bhíon aon ócáid áirighthe ann. Ní tógtar amach an chailís dhaor choídhche.—Tá aon chontabhairt amháin sa sgéal, ámhthach. Dá ráineóch’ Measgach agus Colla bheith ag caint agus go bhfiafróch’ Meargach de Cholla, ‘Ar dhein an eochair nua úd a dheineas duit an gnó?’ nó rud éigin de’n tsórd san, bhí an sgéal amuich orm. Ní mór dhom an chailís a thabhairt chúghat, a rígan, chómh luath agus d’ fhéadfad é, agus ansan bheith ag faire chúgham.”
Bhí áthas an domhain ar Ghormfhlaith. Ní raibh aon chuimhneamh aici go ndéanfadh an buachail sin a leithéid de ghníomh, agus é dhéanamh chómh ciúin, chómh gasta. Do mhol sí é agus do mol sí airís é. Do rug sí air agus chrom sí ar é phógadh. Do phóg sí go dlúth é, airís agus airís eile, agus “Mo ghrádh mo leanbh!” ar sise leis, i n-aghaidh gach póige d’ár thug sí dhó. Ansan do chrom sí ar ghol. Ansan d’ áirimh sí airís dó na h-éagcórtha troma cruadha a bhí d’á ndéanamh uirthi, Brian ’ghá ndéanamh uirthi agus Murchadh ag séideadh féi. [104] Ar ball do chuaidh sí chun suaimhnis, agus thriomuigh sí a súile, agus tháinig a snua féin agus a gnaoi féin di. D’fheuch Amhlaoibh uirthi agus thuig sé i n’ aigne gur mhór an tíránach Brian agus gur bh’ é rud Murchadh ’ná annsgian díoblaidhe, agus an t-é a chuirfeadh as an saoghal an bheirt gó mbéadh comaoine mhór curtha ar an saoghal aige.
“Suigh ansan go fóil, a laogh,” ar sise. “Beidh mé thar n-ais chúghat láithreach.”
D’imthigh sí. Níor bh’fhada gur fhill sí, agus rud éigin aici ’n-a láimh, fillte i n-éadach. D’osgail sí an t-éadach. Ímhágh do’n Mhaighdin Mhuire iseadh ’bhí aici, ímhágh airgid. An t-é a dhein an ímhágh san dhein sé go maith í. Bhí sí tímpal sé h-órla ar aoirde agus bhí sí cúmtha ana chruinn do’n réir sin, agus í fírinneach ’n-a déanamh do réir mar ba cheart cló duine a bheith. Ach bhí nídh thairis sin inti. Tháinig leis an gceárdaidhe, pé r’ bh’ é féin, sgáil gnaoi éigin do chur sa n-aghaidh i dtreó gur dhóich leat nuair fheuchfá ar an aghaidh gur bh’ í aghaidh na Maighdine féin a bhéadh ann. D’fheuch Amhlaoibh ar an ímhágh, agus má fheuch do mhothuigh sé ag teacht ’n-a chroídhe, do’n ímhágh san, uraim nár mhothuigh sé a leithéid riamh roimis sin ’n-a chroídhe.
“Is áluinn an ímhágh í sin, a rígan!” ar seisean.
“Seo, a mhic ó,” arsa Gormfhlaith, [105] “beir leat síos go dtí an mhainistir í sin, agus tabhair do Cholla í, agus abair leis gur mise chuir chuige í, agus gur b’ shiné gnó a bhí agam díot-sa indiu, chun na h-ímhágha san a bhreith síos ag triall air agus í bhronnadh air. Ímhágh dheas iseadh í. Ní thabharfainn-se, ámhthach, an chailís úd ar mhíle, ní h-eadh, ach ar deich míle, d’á sórd. Beidh áthas mór ar Cholla nuair a gheobhaidh sé an ímhágh san. Cuirfidh an t-áthas san é ó aon chuimhneamh i n-aon chor a bheith aige go bhféadfá-sa aon ghnó eile bheith anso ainíos indiu agat ach chun í sin a bhreith síos ag triall air. Déanfaidh an t-áthas rud eile. Nuair iarfair-se ar Cholla cead teacht ainíos airís amáireach tabharfaidh sé dhuit an cead gan cheistiúchán.”
“Tuigim thu, a rígan,” arsa Amhlaoibh.
Bhí sé ag imtheacht agus an ímhágh aige, agus an cheirthlín fé n’ osgail aige. Do labhair Gormfhlaith airís agus na deóracha le n-a súilibh.
“Tabhair aire mhaith dhuit féin, a laogh,” ar sise. “Beart ana chontabharthach iseadh an bheart atá idir lámhaibh agat. Ní tusa amháin atá sa chontabhairt feasta. Táim-se anois chómh fada isteach sa chontabhairt agus ataoí-se. Tabhair aire mhaith dhuit féin.”
“Ná bíodh eagal ort, a rígan,” ar seisean, agus d’ imthigh sé.
Tháinig sé chun na mainistreach. Chuaidh sé chun an érdaim. D’ osgail sé an cheirthlín agus chuir sé an cochal agus an aibíd sa n-áit ’na bhfuair sé ar dtúis iad. Siúd ag triall ar Cholla ansan é.
“Seo, a Athair,” ar seisean, “rud a chuir an Bhanrighin anuas chúghat-sa. Siné gnó a bhí aici dhíom indiu, chun go dtabharfainn chúghat anuas é sin.”
D’fheuch Colla ar an ímhágh. Do stad sé ar feadh tamail agus é ag feuchaint uirthi.
“Ó,” ar seisean, “is áluinn an ímhágh í sin! Is beannuighthe an ímhágh í. Ní fhéadaim gan grádh do’n Mhaighdin Mhuire do mhothughadh ag lasadh istigh am’ chroídhe nuair fheuchaim ar an ímhágh sin! Abradh an saoghal a rogha rud,” ar seisean, “bean mhaith iseadh Gormfhlaith! Mura mbéadh gur bhean mhaith í ní bhronnfadh sí an ímhágh so orainn. Mura mbéadh gur bhean mhaith í ní bhéadh a leithéid i n-aon chor aici.”
“Dúbhairt sí liom dul suas airís amáireach, a Athair,” arsa Amhlaoibh, “go raibh gnó éigin eile aici dhíom.”
“Tá go maith, a mhic ó. Comáin leat,” arsa Colla.
D’imthigh Amhlaoibh agus thug sé cuaird ar an érdam ag cur gach aon rud i dtreó ann. Thug sé an tráthnóna ag níghe agus ag glanadh agus ag sgiomar agus ag slachtughadh go dtí go raibh gach aon rud ar áilleacht aige. Fuair sé eochair an chórtha dhaingin ó Cholla chun na n-árthaí airgid agus óir a bhí istigh ann do thógaint amach agus do ghlanadh. Nuair a bhíodar glan aige chuir sé isteach airís iad. Bhí an oídhche ann sar a raibh an obair go léir déanta aige.
Nuair a bhí an doircheacht aige tharaing sé amach an mhacshamhail eochrach a bhí aige féin. D’osgail sé an bosca ’n-a raibh an chailís dhaor. Thóg sé amach an chailís. Chuir sé i bhfolach sa n-érdam í. Chuir sé an glas ar an mbosca airís, agus shocaruigh sé é díreach ar an ndul ’n-a raibh sé cheana. Dhún sé an córtha daingean, agus do rug sé eochair an chórtha ag triall ar Cholla agus thug sé dhó í. D’imthigh sé a chodla. Shín sé ar an leabaidh, ach má shín níor thuit aon neul codlata air. D’eirigh sé tímpal na h-aimsire céadna ’n-ar eirigh sé an mhaidion roimis sin. Thug sé agaidh ar an mbád gcéadna. Bhí ceirthlín fé n’ osgail aige. Thug sé an díoluigheacht uaidh agus níor cuireadh aon speic air. Tháinig sé go Ceann Cora. Bhí Gormfhlaith ag faire agus í ag feitheamh leis. Chómh luath agus a dúbhradh léi go raibh sé ann tháinig sí chuige. Do rug sí léi isteach é i seómra uaigneach. D’osgail sé an cheirthlín agus shín sé chúichi an chailís. Ansan iseadh bhí an mhóráil uirthi! Ní fheidir sí conus a thaisbeánfadh sí dhó méid an bhuidhchais a bhí aici air.
Níor bh’ aon iongnadh í bheith buidheach dé. Dob’ áluinn an [107] tseóid an chailís sin. Dar leis an mbeirt ní raibh seóid eile mar í le fághail sa domhan an uair sin.
Nuair a bhí tamal beag caithte acu ag feuchaint uirthi agus ag déanamh iongnadh dhi do thóg Gormfhlaith léi í agus chuir sí i gcoimeád í.
“Agus,” ar sise, “beidh an tseamróg ag an t-é a gheóbhaidh amach as mo láimh-se airís í!”
D’órduigh sí chúig dosaein fíona, d’fhíon altórach, do chur i gciseán agus é thabhairt d’ Amhlaoibh le breith síos go h-Inis Cathaigh agus le cur isteach sa n-érdam, i gcóir na sagart. Do cuireadh capal agus cárbad leis féin agus leis an gciseán fíona síos go dtí an bád. Nuair a shrois sé an mhainistir do tógadh an ciseán agus do cuireadh isteach sa n-érdam é, agus bhí Colla agus na sagairt go léir buidheach de’n Bhanríghin. Agus ní baoghal ná gur tugadh d’ Amhlaoibh a chion de’n bhuidhchas.
Nuair a bhí an méid sin déanta chuaidh gach aon rud chun suaimhnis. Do ghluais obair na mainistreach agus obair an ríghtheighlaigh i gCeann Cora, ag dul ar aghaidh go breagh réidh gan chosg gan cheataighe, go dtí gur tháinig an Legáid anall ó’n Róimh. Ansan do fuaradh amach, mar a h-innseadh thuas, go raibh an chailís imthighthe.
An lá bhí an Legáid i Luimneach ag caint le Meargach bhí fhios ag Amhlaoibh go raibh sé ann agus bhí fhios aige cad a bhí uaidh. Bhí fhios aige go maith go neósfadh Meargach do’n Legáid gur dhein sé an macshamhail do’n eochair. Níor fhan sé le n-a thuille. D’euluigh sé amach as an mainistir agus phreab sé suas go Ceann Cora. D’inis sé do Ghormfhlaith cad a bhí ar siúbhal. Chonaic Colla i gCeann Cora é, ach níor dhein Colla aon iongnadh dhé sin. Cheap sé go mb’ fhéidir gur chiseán eile fíona a bhí ag dul síos.
Chuir Gormfhlaith Amhlaoibh i bhfolach go dtí go dtáinig an oídhche. Ansan do ghuid sí amach é i lár na h-oídhche agus [108] chuir sí chun siúbhail é i riocht giolla turais, agus chuir sí i n-aonfheacht leis giolla turais eile go raibh iontaoibh maith aici as. Bhí dhá chapal mhaithe ag an mbeirt, agus bhíodar tamal maith de’n tslígh ar bhóthar Bhaile Átha Cliath sar a dtáinig an lá ortha. Nuair a tháinig an lá do chonaic na daoine iad ach níor dheineadar aon iongnadh de bheirt ghiollaí turais. Shroiseadar Baile Átha Cliath. Bhí leitir ó Ghormfhlaith ag Amhlaoibh do Shitric, do rígh Lochlanach Átha Cliath. Thaisbeáin sé an leitir. D’inis an leitir do Shitric gach aon rud. Níor bh’fhada go raibh Amhlaoibh ar bórd luinge agus é ag dul soir abhaile go crích Lochlan.
Bhí sé thoir sa bhaile, slán foláin, saor ó bhaoghal, gan bheann ar Cholla ná ar an Legáid, ar Mhurchadh ná ar Bhrian, agus Tadhg Óg ua Cealla ag briseadh a chroídhe ag gol ’n-a dhiaigh agus ag cuardach na ndúthaí dhó.
Dá mbéadh fhios ag Tadhg cad a bhí déanta aige bhéadh sé ag cuardach na ndúthaí dhó agus ní h-ar mhaithe leis é. Dá mbéadh fhios ag Niamh cad a bhí déanta aige níor bh’ fhada an mhaill uirthi dhá thaobh an sgéil úd do thabhairt d’á chéile. Fuaradar araon amach ’n-a dhiaigh san cad a bhí déanta aige.
Níor bh’ fhada go raibh Amhlaoibh imthighthe as aigne agus a’ cuimhne gach aoinne i n-Inis Cathaigh agus i gCeann Cora, lasmuich de Thadhg Óg ua Chealla. Bhíodh Colla agus an Legáid ag cuimhneamh go minic ar an gcailís a guideadh, ach [109] níor chuimhnighdar i n-aon chor ar Amhlaoibh ’n-a taobh. Agus ar nóin, nídh nár bh’ iongnadh, níor bh’ fhéidir dóibh cuimhneamh ar Ghormfhlaith. Chuimhnigheadh an Legáid uaireanta ar Ghormfhlaith, ach do dhíbireadh sé an smaoineamh as a chroídhe. Is aici a bhí an chailís sar ar thug Brian do Cholla í. Ach conus fhéadfadh an rígan san, dar leis, a bhí chómh h-uasal, chómh fial, leis an mainistir agus leis na manaigh, ag bronnadh fíona agus gach nídh eile d’á fheabhas ortha, an rígan a bhronn an ímhágh san na Maighdine Muire ar Cholla, conus fhéadfadh sí aon lámh a bheith aici i nguid na cailíse? Gan amhras, dar leis, ba mhó ab fhiú an chailís, naoi n-uaire, ’ná a raibh tabhartha dhóibh aici, agus ’ná a bhféadfadh sí a thabhairt dóibh i gcaitheamh a saoghail. Ach ní chuirfeadh san fhiachaibh ar mhnaoi dh’á sórd an chailís do ghuid. Níor dhiabhal gadaigheachta an diabhal coimhdeachta a bhí aici.
Chuimhnigh an Legáid ar an sagart a cuireadh anonn go dtí an Róimh. Is air a bhí cúram an érdaim sar ar críochnuigheadh ’n-a shagart é. Ar bh’ fhéidir go mbéadh sé de mhí-fhortiún air go spriocfadh an t-áirseóir é agus go ndéanfadh sé a leithéid de ghníomh? Cé r’ bh’é an manach a chuaidh suas go Luimneach agus d’inis an bhréag do Mheargach agus do fuair an eochair uaidh? Pé r’ bh’é féin ní raibh sé ameasg na manach a bhí sa mhainistir an lá a tháinig Meargach anuas chun iad go léir a dh’fheisgint. B’é an sagart a bhí imthighthe chun na Rómha an t-aoinne amháin ná feacaidh Meargach an lá san.
Ní fheacaidh Meargach Amhlaoibh an lá san, ach níor chuimhnigh an Legáid i n-aon chor ar Amhlaoibh. Ní chuimhneóch’ aoinne ar Amhlaoibh sa sgéal. Ní chuimhneóch’ aoinne go ndéanfadh Amhlaoibh a leithéid de ghníomh. Bhí sé ró osgailte, ró ghealgháiriteach, ró mhacánta i n’ fheuchaint.
Do réir gach deabhraimh ní raibh aoinne chun na cailíse ghuid ach an sagart a bhí imthighthe chun na Rómha. Bhí buairt agus doilghíos ar an mbeirt, ar Cholla agus ar an Legáid fé mar [110] a bhí an méid sin ag dul ’n-a luighe ar a n-aigne. Bhí sé ag brúth isteach agus ag dul ’n-a luighe ar aigne gach duine acu abhfad sar ar thráchtadar le n-a chéile air. Nuair a thráchtadar air ní puínn cainte a dheineadar air.
Art ab ainim do’n tsagart, Art mac Duibh. Andeas ó Mhúscraídhe ab eadh é. Daoine ana chreideamhnacha ab eadh a mhuintir. Bhí a lán acu i n-armáil Bhriain. Bhí ana chion ag Colla air.
“Má dhein sé an gníomh san,” arsa Colla, agus an bheirt ag tagairt do’n ghnó, “ní cuid ba lúgha ’ná a fhonn a bhéadh orm a rádh gur truagh nár ghlaoidh Dia as an saoghal mé sar ar deineadh an gníomh!”
“Ní fada gur mithid dó bheith ag teacht thar n-ais ó’n Róimh,” arsa’n Legáid. “Má dhein sé an gníomh ní dócha go dtiocfaidh sé thar n-ais anso.”
“Ó, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “is fíor dhuit é! Níor chuimhnigheas riamh air sin: Má dhein sé an gníomh ní thiocfaidh sé thar n-ais. Má thagan sé thar n-ais taisbeánfaidh san go soiléir nár dhein sé riamh é!”
Níor dhóich leis an Legáid go dtaisbeánfadh a theacht thar n-ais nár dhein sé an gníomh, ach ní dúbhairt sé aon rud. Do leig sé do Cholla an méid sin sóláis a bheith aige.
Suim laethanta ’n-a dhiaigh san do tháinig Art. Thug sé a lán teachtaireachtaí ó’n Róimh leis, teachtaireachtaí ag triall ar Cholla, agus ag triall ar an Legáid, agus ag triall ar Bhrian. Thug sé leitir ó’n bPápa ag triall ar an Legáid. Thug sé a lán rudaí beannuighthe leis ag triall ar an mainistir, taise naomh agus ímhághana agus neithe de’n tsórd san. Agus thug sé leabhar Aifrinn leis do’n mhainistir, agus leabhar Soísgéal a bhí sgríobhtha i Laidion. Ach ní raibh aon nídh d’ár thug sé leis ba mhó gur deineadh iongnadh dhé ’ná éide Aifrinn a bhí déanta d’éadach snáthóir agus gur dhóich le duine gur bh’ ór ar fad í, bhí sí chómh greanta san.
Ní raibh aon tseó ach ar dhein na manaigh go léir de chúram de ’n tsagart óg. Agus ní raibh aon teóra leis an áthas a bhí ortha nuair a chonacadar sa bhaile acu féin airís é. Bhíodh sé ag déanamh a dhíchil ar na ceisteana d’ fhreagairt a bhíodh ag teacht ó’n uile thaobh air agus iad go léir ’n-a thímpal.
“Cad é an fhaid a bhís ar uisge?”
“A’ raibh droch aimsir agaibh, a Airt?”
“Cad é an saghas daoine na Rómhánaigh, a Airt?”
“A’ dtuigfidís aon fhocal Gaeluinne ó dhuine, a Airt?”
“A’ bhfuil siad chómh buidhe agus a deirtear iad a bheith?”
“An daoine fóghanta iad?”
“A’ bhfuil Creideamh acu, a Airt?”
“Is dócha gur Laidion ab éigean duit a labhairt leó i gcómhnuighe, a Airt?”
“Is dócha, a Airt, gur fear breagh naomhtha an Pápa.”
“An cathair ana mhór cathair na Rómha, a Airt?”
Chomáineadar leó ar an gcuma san. Bhí Colla agus an Legáid ag feuchaint ortha agus ag feuchaint ar Art. Ar ball do dhruid an bheirt i leith taoibh.
“Chíon tú féin anois, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “nár dhéin an fear san riamh a leithéid de ghníomh.”
“Chím,” arsa’n Legáid. “Níor dhein. Ní fhéadfadh sé é. Tá san soiléir go leór. Ach chuaidh manach éigin, nó duine éigin i riocht manaigh, suas go Luimneach ag triall ar an ngabha agus fuair sé macshamhail na h-eochrach uaidh. Chonaic Meargach iad go léir an lá thugas anuas anso é, agus ní fheacaidh sé ortha an manach a fuair an eochair uaidh. Is éagsamhlach an sgéal é. Ní fheadar an tsaoghal cad is ceart dom a dhéanamh ’n-a thaobh mar sgéal. Tá aon chontabhairt amháin os cionn an tsagairt óig seo agus is ceart é thabhairt as an gcontabhairt sin.”
“Cad í an chontabhairt atá os a chionn, a Thighearna Easboig?” arsa Colla. “Ar nóin tá fhios ag an saoghal ná féadfadh aoinne an ghadaigheacht san a chur ’n-a leith.”
“Is fíor ná féadfá-sa ná mise í chur ’n-a leith,” arsa’n Legáid. “Ní gádh dhúinn ach feuchaint air. Ach feuch conus mar a sheasuighean an sgéal. Bhí an chailís sa n-érdam agus cúram an érdaim ar Art. Ní fheacaidh aoinne an chailís ó’n lá a dh’imthigh Art go dtí an lá a thánag-sa anso. Chuiris-se fios ar an mbosca iarainn an oídhche sin. Bhí an bosca folamh. Raghaidh an sgéal san amach luath nó mall. Pé áit ’n-a bhfuil Amhlaoibh tá fhios aige go raibh an bosca folamh an oídhche sin. Neósfaidh Amhlaoibh an sgéal san. Raghaidh an sgéal ó bhéal go béal. Cad ’déarfar? Cad a bheidh le rádh ach, ‘Ní raibh aoinne chun na cailíse thógaint ach fear an érdaim.’”
“Tá an sgéal go h-olc, a Thighearna Easboig. Cad is dóich leat is ceart a dhéanamh?”
“Ní foláir a dhéanamh amach, ar dtúis, nách é Art a fuair an mhacshamhail do’n eochair ó Mheargach. Dá mbéadh an méid sin socair bhéadh Art ó bhaoghal. Dá bhféadfá-sa, gan aon nídh do leigint ort, a chur fhiachaibh ar Art culaith manaigh do chur uime agus dul ag déanamh gnótha an érdaim, d’fhéadfaí Meargach a thabhairt anuas, fé mar a thugas-sa anuas cheana é, agus leigint dó radharc fhághail ar Art. Ansan do neósfadh sé dhúinn ar bh’ é sin an manach a fuair an eochair nó nár bh’é.”
“Ach, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “ní gádh dul chun na trioblóide sin i n-aon chor. Tá aithne mhaith ag Meargach ar Art le fada riamh. Dá mb’ é Art a gheóbhadh an eochair d’ aithneóch’ Meargach é le linn na h-eochrach a thabhairt dó.”
“Ó, má’s mar sin é,” arsa’n Legáid, [113] “ní gádh dhúinn a thuille de dhuagh an sgéil a dh’ fhághail. Má deirtear aon fhocal choídhche i gcoinnibh an tsagairt óig seo mar gheall ar an gcailís glanfaidh Meargach é. Neósfaidh Meargach nách dó a thug sé an eochair, agus beidh ’fhios ag gach aoinne gur b’é an fear a fuair an eochair a ghuid an chailís. Ní gádh a thuille de dhuagh an sgéil a dh’fhághail.”
“Ní gádh, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “dhúinn a thuille de dhuagh an sgéil a dh’fhághail, chómh fada agus a théidhean aon amhras a bheith ar Art, ach ba mhaith liom, dá bhféadainn é, teacht suas leis an bhfear a fuair an eochair. Manach ab eadh é do réir mar adeir Meargach. Bhí eólus na mainistreach go maith aige, agus eólus an érdaim. Bhí fhios aige an eochair a bheith agam-sa agus gan aon bhreith a bheith ag aoinne ar í fhághail as mo láimh. Bhí fhios aige gur bh’é Meargach a dhein í. Cé h-é an fear a dh’fhéadfadh an t-eólus san go léir a bheith aige agus nách duine des na manachaibh é, agus a chuaidh suas ag triall ar Mheargach i riocht manaigh?”
“Ní fhéadfadh sé dul suas go Luimneach i riocht manaigh,” arsa’n Legáid, “gan culaith manaigh a bheith aige le cur uime.”
“Ní féadfadh go díreach,” arsa Colla, “agus cá raibh sí le fághail aige?”
“An dóich leat,” arsa’n Legáid, “a’ bhféadfá a dhéanamh amach ó-s na manaigh ar thug aoinne acu culaith manaigh ar iasacht d’ aoinne le déanaighe? Má cheistighean tú iad air sin seachain agus ná leig uait aon nídh i dtaobh na cailíse. Dá mbéadh ’fhios ag an mbitheamhnach go bhfuiltear ar a thóir ní bhéadh aon bhreith againn ar theacht suas leis.”
“Ní’l agam ach an gnó dhéanamh chómh h-aicilíghe agus d’fhéadfad é,” arsa Colla.
Ansan do tugadh aghaidh ar ghnóthaíbh eile agus do fágadh an sgéal san ar an gcuma san.
Do chríochnuigh an Legáid an gnó a bhí aige le déanamh i [114] n-Éirinn. Ansan chuaidh sé go Ceann Cora agus d’fhág sé slán ag an Árdrígh. D’fhág sé slán ag teighlach an Árdrígh. D’inis sé do Bhrian cad é an sgéal áthais a bhéadh aige do’n Phápa nuair a neósfadh sé dhó na neithe móra a bhí déanta ag Brian do’n Chreideamh i n-Éirinn, agus na neithe ba mhó ’ná san a bhí i ndán dó a dhéanamh anois nuair a bhí a chómhacht agus a ghradam agus a dhlighthe i bhfeidhm ar Éirinn go léir. Dúbhairt Brian leis go neósfadh sé an fhírinne do’n Phápa nuair a neósfadh sé na neithe sin dhó. Ansan do bhronn Brian seóide uaisle air, agus do sgaradar.
D’fhág an Legáid slán ag Murchadh, agus d’fhág sé slán ag Gormfhlaith.
Isé focal déanach adúbhairt sé le Colla agus é ag imtheacht amach ar an loing, ó Inis Cathaigh: “An cuimhin leat, a Cholla,” ar seisean, “an focal úd adúbhart leat i dtaobh Bhriain agus an nímhe?”
“Is cuimhin, a Thighearna Easboig,” arsa Colla. “Do labhras leis an Ríghdhamhna. Tá gach nídh socair díreach mar a chómhairlíghis.”
“Labhair airís leis,” ar seisean, “agus inis dó go ndúbhart leat labhairt airís leis.”
“Déanfad, a Thighearna Easboig,” arsa Colla.
Chuaidh an Legáid ar bórd na loinge agus do ghluais an long amach ó Inis Cathaigh, siar bhéal na Sionainne, thar Léim Chúchulainn, amach an fharaige mhór.
Do dhein na manaigh i n-Inis Cathaigh a ngnó do réir na riaghal. Bhí an sgoluigheacht ins na sgoileanaibh agus na h-úrnuighthe ins na h-eaglaisibh, an trosgadh agus an treighneas agus gach gnó diadha eile ar siúbhal mar ba cheart, fé chomairce Sheanáin naomhtha. Bhí Colla go díchealach agus go dúrthachtach ag feuchaint i ndiaigh gach aon nídh agus i [115] ndiaigh gach aon duine. Bhí eochair an bhosca iarainn ’n-a sheilbh féin aige go h-aireach, agus ní fheidir aoinne sa tigh ná go raibh an chailís dhaor úd istigh go daingean sa bhosca iarainn fé’n nglas. Ní raibh, ámhthach.
Chómh luath agus bhí Brian socair sa n-Árdrígheacht thusnuigh a chíos ar theacht chuige isteach ó gach aon pháirt d’ Éirinn. Deirtear gur tugadh Brian Bóramha air mar gheall ar an gcíos a dh’éilimh sé. Ní dóich liom go bhfuil fírinne sa n-abairt sin. Ní h-é Brian a cheap an cíos. Bhí cíos an Árdrígh ceapaithe na céadta blian sar a dtáinig Brian chun na h-Árdrígheachta. Nuair a tháinig Brian chun na h-Árdrígheachta do chuir gach rígh cúige ag triall air an cíos a bhí ceangailte air, do réir dlíghe na h-Éirean, do chur ag triall ar Árdrígh Éirean. Deir cuid de’n tseanachus gur b’é cúis ’n-ar tugadh Brian Bóramha air ’ná so. Bóraimhe ab ainim do’n bhaile ’n-a raibh ríghtheighlach Bhriain, ag ceann na cora. Do tugadh, as san, “Ceann Cora” ar an ríghtheighlach agus do tugadh Brian Bóraimhe ar Bhrian féin toisg é bheith ’n-a chómhnuighe ar an mBóraimhe. Measaim gur mó an chiall atá leis an gcaint sin ’ná leis an gcaint eile.
Lá Samhna an lá a bhí ceapaithe i gcómhnuighe riamh chun cíosa an Árdrígh do chur isteach, agus ’seo mar a bhí an cíos socair:
Ó Chonachtaibh ocht gcéad bó agus ocht gcéad muc.
Ó mhuintir Chorcomaruadh deich gcéad damh agus deich gcéad caoira agus deich gcéad brat.
Ó Chorcabaoisgne deich gcéad damh agus deich gcéad molt agus deich gcéad muc agus deich gcéad brat.
Ó mhuintir Chiarruidhe deich gcéad damh agus deich gcéad bó agus deich gcéad muc.
Ó mhuintir Mhúsgráidhe trí chéad bó reamhar agus trí chéad loilígheach agus trí chéad muc agus céad brat.
Ó Thír Chonail chúig céad bó agus chúig céad brat.
Ó Thír Eóghain trí chéad muc agus trí chéad ualach iarainn.
Ó Chlann Rudhríghe trí caoghaid bó agus trí caoghaid muc.
Ó Oirghiallaibh céad agus trí fichid bó.
Ó Chúige Laighean trí chéad bó reamhar agus trí chéad muc agus trí chéad ualach iarainn.
Mar sin dóibh mór-thímpal na h-Éirean go léir. Ní’l curtha síos anso agam ach fíor bheagán des na cíosanaibh, oiread díreach agus thaisbeánfaidh an tslígh ar a ndíoltí an cíos, agus an fághaltas cíosa a bhíodh ag tuitim ar na cineachaibh agus ar na dúthaibh fé leith.
Bhí a gcion de’n chíos ar na Lochlanaigh, leis, an chuid acu a bhí socair i mbailtibh móra na h-Éirean. Bhí ar Lochlanaigh Bhaile Átha Cliath trí caoghaid píopa fíona do thabhairt mar chíos d’ Árdrígh Éirean. Bhí ar Lochlanaigh Luimníghe trí chéad agus trí fichid píopa d’ fhíon dearg a thabhairt mar chíos dó.
B’fhéidir go bhfiafróch’ duine conus fhéadfadh Lochlanaigh Luimníghe cíos a dhíol le h-Árdrígh Éirean má bhíodar go léir díbeartha a’ Luimneach?
Bhí an chuid acu nár ghéill do Bhrian díbeartha, ach an chuid acu do ghéill dó agus do gheall bheith dílis dó, do fágadh ann iad. Fear eagnaidhe, tuisgionach, ab eadh Brian. Daoine go raibh eólus mór acu ar gach gnó ceannaigheachta ab eadh na Lochlanaigh a bhí ins na catharachaibh cuan i n-Éirinn [118] an uair sin. Do thuig Brian gur bh’ ana thairbhtheach an rud do mhuintir na h-Éirean ceannaighthe de’n tsórd san a bheith ins na catharachaibh a bhí ar na cuantaibh. Go dtabharfaidís isteach ó dhúthaibh iasachta earaí nár bh’ fhéidir a dhéanamh i n-Éirinn agus go gceannóchaidís ó mhuintir na h-Éirean, le díol ins na dúthaibh iasachta, na h-earaí a déanfaí i n-Éirinn agus nár bh’ fhéidir a dhíol i n-Éirinn. Mar gheall air sin iseadh fhág sé na Lochlanaigh ins na catharachaibh a bhí ar na cuantaibh. D’fhág sé iad i mBaile Átha Cliath, i bPortláirge, i gCorcaigh, agus i Luimneach, agus i mbailtibh beaga eile n-a bhféadfadh loingeas teacht isteach chúcha. Chuir sé fé chíos iad, ámhthach, agus ní raibh aon chur i gcoinnibh an chíosa acu. Ní raibh an cíos ró throm agus an fhaid a dhíoladar an cíos bhíodar fé chosnamh Bhriain.
Thagadh an cíos isteach ó Éirinn go léir, gach aon lá Samhna, go teighlach Bhriain i gCeann Cora. Dob’ uathbhásach an saidhbhreas é. Ach do caithtí é go léir. Bhíodh suas le trí mhíle bó ann de bhuaibh ramhara, agus trí chéad déag muc, agus do h-ithtí an fheóil sin go léir, bhí an teighlach chómh mór san, agus bhíodh oiread san daoine, uasal agus íseal, ag teacht agus ag imtheacht ann coitchianta. Bhíodh trí chéad agus chúig cinn fhichid ann de phíopaí fíona, d’ fhíon dearg, agus trí caoghaid píopa des na fíontaibh eile, agus d’óltí an fíon go léir, mar bhí féile agus fairsinge i ríghtheighlach Bhriain, agus saidhbhreas agus uaisleacht, thar gach teighlach Árdrígh d’á raibh i n-Éirinn ó aimsir Chormaic mhic Airt. Deirtí an uair sin go raibh Brian ar dhuine des na trí Árdríghtibh ba ghlórmhaire d’á raibh i n-Éirinn riamh. Conaire Mór mac Eidirsgeóil an chéad Árdrígh dhíobh san, Cormac mac Airt an tarna h-Árdrígh dhíobh, agus Brian Bóraimhe an trímhadh h-Árdrígh dhíobh. Choimeád Brian an mhórdhacht san agus an gradam san agus an chómhacht ríoga san ’n-a lán neart agus ’n-a lán tsoillse an fhaid a mhair a réim i n-Árdrígheacht na h-Éirean.
Bhí sé ríoga ’n-a phearsan. Fear fionn, árd, deaghchúmtha dob’ eadh é; fear géagach, fuinneamhail, cuthaigh. Bhí a cheannacha solusmhar. Bhí éadan leathan, árd, bán air. Bhí srón fhada dhíreach air agus í beagáinín ró théagartha, ba dhóich leat, do’n chuid eile d’á cheannachaibh. Ní raibh puínn fhéasóige air agus féasóg dhonn ab eadh an méid a bhí air sar ar liath sí. An rud a déarfá leis an sróin déarfá le gach ball eile d’á cheannachaibh é nuair fheuchfá ar gach ball fé leith dhíobh, .i. go raibh an ball san beagáinín ró mhór; ach nuair fheuchfá ar a aghaidh i n-aonfheacht chífeá go raibh na ceannacha go léir do réir a chéile cruinn. Isé rud is mó a thabharfá fé ndeara, ámthach, ’ná go raibh, dar leat, an iomad báine ’n-a chúntanós. Ansan, nuair fheuchfá ar a phearsan ba dhóich leat, ar an gcéad amharc, go raibh na géaga pas beag ró mhór, ró théagartha, do’n chabhail, ach nuair a thómhaisfeá an cliabh chífeá go raibh an cliabh san níba théagartha go mór ’ná cliabh aon fhir eile des na fearaibh a bhí ar a theighlach. Ansan ar ball, ní ró mhór an iongnadh a bhéadh ort nuair a chífeá a chlaidheamh aige ’á chasadh i dtreó gur dhóich leat ná béadh meaghchaint slaite ann, agus nuair a bhéarfá ad’ láimh féin ar an gclaidheamh gcéadna go gcaithfeá do dhá láimh a chur ar an ndornchur chun é chasadh i n-aon chor. Thuigfeá ad’ aigne ansan gur bh’ é téagar agus neart na ngéag fé ndeara do’n chabhail feuchaint chómh caol.
Bhí an croídhe agus an aigne agus an mheabhair chinn, agus an tuisgint, agus an fhoidhne, agus an fhaidearaídhe, agus an géire inntleachta, chómh maith ar gach aon tsaghas cuma le neart an chuirp agus na ngéag.
Nuair a bhíodh an fear san ag riar na slógh agus ’ghá gcur i n-íodhnaibh catha agus nuair a labhradh sé leis na fearaibh, do h-airightí an uile fhocal uaidh go h-árd agus go glan, ó cheann ceann de pháirc an chamtha; agus i spéirlinn catha, dá labhradh sé árd, ag stiúrughadh na bhfear nó ’ghá ngríosadh [120] chun an chómhraic, do mhothuigheadh na fir a bhíodh i n’ aice píoparnach ’n-a gcluasaibh, bhí a leithéid sin d’uchtach aige agus a leithéid sin de neart ’n-a chliabh agus ’n-a cheann agus ’n-a ghuth. Nuair a labhradh an guth san i lár an chatha do chritheadh an namhaid, agus is minic a bhaineadh fuaim an ghutha san a misneach díobh agus go n-iompuighdís agus go dteithidís. Níor bh’ aon iongnadh an fear san do ghabháil tré shlóightibh namhad mar a ghaibh, agus é theacht chun Árdrígheacht na h-Éirean mar a tháinig.
Bhí ana dheabhramh agá mhac, Murchadh, leis. Bhí an téagar céadna ag Murchadh ins na géagaibh, agus an fheuchaint chaol sa chabhail aige mar gheall ar théagar na ngéag. Bhí sé i n-aigne Dhúlainn Óig agus i n-aigne na bhfear eile n-a raibh aithne acu ar an mbeirt, gur throime agus gur threise agus gur bh’fhearr d’fhear Murchadh ’ná a athair an lá b’fhearr a bhí an t-athair.
Bhí an bheirt tréan go maith. Bhí fir thréana ar Dhál gCais, agus d’ admhuighdar go léir ná raibh aon bhreith riamh ag aon fhear eile acu ar aoinne de’n bheirt sin.
Nuair a bhí Brian socair sa n-Árdrígheacht do thusnuigh breis des na h-uaislibh ar bheith ag teacht go Ceann Cora as gach áird i gcian agus i gcómhngar. Níor bhfada go mb’ éigean tuille slíghe dhéanamh sa ríghtheighlach. B’éigean an ríghtheighlach do chur i méid. B’éigean tighthe nua do chur suas, i n-aice an tíghe mhóir, i dtreó, nuair a thiocfadh rígh [121] cúige nó priúnsa nó fear léighinn, go bhféadfaí é chur chun cómhnuighthe ar a shuaimhneas, pé fada gairid ba mhaith leis fanmhaint.
Chuir an obair sin tuille gnótha ar Mheargach agus ar na ceárdaidhthibh a bhí ag obair aige. D’á éaghmuis sin, chómh luath agus bhí Brian i n’ Árdrígh ar Éirinn bhí na ríghthe eile, ríghthe na gcúigí, ag cur fios go Ceann Cora ar gach aon tsaghas airm. Ní raibh aon mheas ar chlaidheamh ná ar shleagh ná ar thuaigh mura bhféadfaí a rádh gur i gCeann Cora, i gceártain Mheargaigh, a deineadh iad. Do chuir san, leis, tuille gnótha ar Mheargach. B’ éigean dó tuille gaibhní agus tuille de gach aon tsaghas ceárdaithe do chur ag obair. Bhí cúram mór air, ach bhí nídh ar a aigne ba mheasa dhó chuige ’ná an cúram, d’á mhéid é. Bhí fhios aige go raibh an chailís dhaor úd guidithe as an mainistir agus gur bh’ é féin fé ndeár é. Bhí fhios aige gur dhein sé beart shímplídhe nuair a thug sé an mhacshamhail úd na h-eochrach isteach i láimh aoinne le breith síos ag triall ar Cholla. Bhí fhios aige go raibh sé ceart aige féin dul síos agus í thabhairt isteach i láimh Cholla féin. Dá ndeineadh sé mar sin thiocfadh an fhírinne amach láithreach, agus ní guidfí an chailís.
Bhí sé ag machtnamh ar an méid sin ó’n lá a bhí an Legáid ag caint leis agus d’á mhéid machtnamh a dhein sé ar an sgéal iseadh is mó a bhí an sgéal ag breith ghreama ar a chroídhe. Bhí an sgéal ’á chur amú ar a ghnó agus ag baint codla na h-oídhche dhé. Níor bh’ fhéidir dó labhairt le h-aoinne ’n-a thaobh, ná cómhairle dh’iaraidh ar aon duine de’n mhuintir a bhí ’n-a thímpal, ná ar aon duine de theighlach Bhriain, le h-eagla gur tuille díobhála a dhéanfadh sé. Fé dheire shocaruigh sé ar dhul síos agus ar labhairt le Colla féin. Chuaidh sé síos agus do labhair sé le Colla.
“Feuch, a Athair,” ar seisean, [122] “tá mo chroídhe briste ó bheith ag machtnamh ar an gcuma úd ’n-ar deineadh amadán díom i dtaobh na h-eochrach agus i dtaobh na cailíse. Ní fhéadfainn fanmhaint a thuille gan teacht chun cainte le t’ onóir. Ní foláir rud éigin a dhéanamh chun teacht suas leis an mbitheamhnach, pé h-é féin. Brisfidh mo shláinte nó imtheóchad as mo mheabhair mura ndeintear rud éigin.”
“Tá m’ aigne féin chómh suaithte le t’ aigne-se mar gheall air, a dhuin’uasail,” arsa Colla, “agus dá mbéinn ag machtnamh go ceann bliana air ní dóich liom go bhféadfainn cuimhneamh ar cad is ceart a dhéanamh. Dá dtagadh an t-Árdrígh chúgham anso agus go ndéarfadh sé gur mhaith leis an chailís a dh’fheisgint, cad a bhéadh agam le rádh leis? B’fhéidir go ndéarfadh sé i n’ aigne féin go bhfuil an chailís sin ró dhaor chun í fhágáilt anso. Níor bh’ aon iongnadh liom go ndéarfadh. B’fhéidir go dtuigfeadh sé i n’ aigne gur cheart cailís chómh luachmhar a thabhairt do phríomh-eaglais na h-Éirean. Gur mhaith an tseóid í d’ Árdrígh Éirean le bronnadh ar phríomh-eaglais Éirean, ar eaglais Árdmhacha. Is ar eaglais Árdmhacha ba cheart í bhronnadh. Siné a déarfadh aoinne a chífeadh í. Táim mar a bhéinn i n-uisge bheirithe ó fuair Brian an Árdrígheacht agus ná feadar cad é an neómat a bhéadh sé chúgham isteach ’ghá rádh gur mhaith leis an chailís sin a dh’fheisgint. Is truagh chráidhte nár choimeád sé í an chéad lá agus gan i thabhairt i n-aon chor dúinn!”
“Cad déarfá, a Athair,” arsa Meargach, “dá dtéidhinn agus an sgéal a dh’innsint do Mhurchadh ó thusach go deire?”
“Caithfear an sgéal a dh’innsint gan a thuille ríghnis, dó féin nó do Bhrian,” arsa Colla. [123] “D’innseas féin an sgéal do’n Legáid, mar is eól duit. Dá n-iartí an chailís orm an fhaid a bhí an Legáid anso do neósfadh an Legáid do’n Árdrígh cad a bhí imthighthe uirthi. Bhéadh an Legáid idir mé agus an t-Árdrígh agam. Anois tá an Legáid imthighthe agus tá sgannra orm le h-eagla go n-iarfaí an chailís orm. Má deir Brian, ‘Cad ’n-a thaobh nár innsis dúinn láithreach go raibh sí imthighthe?’ cad a bheidh le rádh agam? Déarfar gur breagh a thugas uain do’n bhitheamhnach ar imtheacht slán agus an chailís a bhreith leis agus do chur ó aon fhághail a bheith ar í thabhairt thar n-ais.”
“B’fhéidir, a Athair,” arsa Meargach, “go mbéadh sé chómh maith againn dul chun cainte le Murchadh agus an sgéal a dh’innsint dó ó thusach go deire. Mise fé ndeár an t-olc go léir. Ní raibh aon cheart agam gan teacht anso chun cainte leat-sa sar ar thugas uaim an eochair! Ní fheadar an tsaoghal cad d’ imthigh orm agus a leithéid de ghnó leanbaidhe dhéanamh. Nuair a chonac an aibíd agus an cochal do baineadh de m’ chosaint mé glan.”
“Is uathbhásach an sgéal é,” arsa Colla. “Ní fheadar an tsaoghal cá dtáinig an aibíd. Thaisbeáin an Legáid na manaigh go léir duit agus dúbhairt sé go ndúbhraís nár bh’ aoinne acu a bhí ann.”
“Dúbhart,” arsa Meargach, “agus dob’ fhíor dhom é. Ní h-aoinne acu a bhí ann.”
“Ní miste dhom a dh’innsint duit,” arsa Colla, “go raibh sórd droch amhrais ag an Legáid ar an sagart óg so againn, ar an Athair Art mac Duibh, ach dúbhart-sa leis dá mba dhó san a thabharfá-sa macshamhail na h-eochrach go n-aithneófá é.”
“D’ aithneóchainn, a Athair,” arsa Meargach. “Tá a lán des na manaigh atá anso agus d’ aithneóchainn iad, leis. An manach gur thugas an eochair dó ní fheaca roimis sin é ná ó shin.”
“Ní baoghal go bhfeacaís ó shin é,” arsa Colla, [124] “agus ní dócha gur baoghal go bhfeicfir airís é má fhéadan sé coimeád as do radharc. Is dóich liom d’á luathacht a bheidh an sgéal go léir innste do Mhurchadh againn gur b’ eadh is fearr é.”
D’imthigh an bheirt suas go Luimneach agus as san go Ceann Cora. Fuaradar caoi ar chaint a dhéanamh le Murchadh agus d’innseadar dó gach nídh fé mar a thuit amach, i dtaobh na cailíse. Cheistigh sé iad go dlúth, díreach mar a cheistigh an Legáid Colla. D’á fheabhas a cheistigh sé iad, ámhthach, iseadh ba mhó a chuaidh an sgéal i n-aimhréidh air agus iseadh ba dheacara dhó aon tuairim a thabhairt do cé r’ bh’ é an bitheamhnach. Dúbhairt sé leó gur bh’fhearr gan an sgéal do leigint amach.
“Isé mo thuairim láidir,” ar seisean, “pé h-é an bitheamhnach, ná fuil sé ró fhada uainn an neómat so, agus go bhfuil sé ag faire go dlúth orainn feuchaint cad a dhéanfaimíd. Ní h-aon duine iasachta é. Thaisbeáin sé an iomad eóluis. Bhí fhios aige cá raibh an chailís i gcoimeád, agus bhí fhios aige cá raibh an eochair, agus bhí fhios aige cé r’ bh’ é an gabha a dhein an eochair. Is iongantach an bob a bhuail sé ort, a Mheargaigh!” ar seisean, ag cur sgeartadh gáire as.—“Má airighim-se aon fhocal ó m’ athair,” ar seisean, “’ghá rádh gur mhaith leis an chailís a dh’fheisgint, nó gur mhaith leis í chur go h-Árdmhacha, cuirfidh mé dhé é. Ní mór dhúinn go léir bheith ag faire coitchianta feuchaint an bhfaighmís aon phioc de radharc ná de bhalaith an bhitheamhnaigh.”
Chuir an méid sin aigne na beirte chun suaimhnis mórán. Tháinig Meargach go Luimneach chun a ghnótha, agus tháinig Colla abhaile chun na mainistreach.
Nuair fhágadar Murchadh do chrom seisean ar mhachtnamh. Thuig sé áilneacht na cailíse agus a daoire. Bhí fhios aige, pé r’ bh’ é an bitheamhnach, go ndéanfadh an chailís sin fear saidhbhir dé i gcaitheamh a shaoghail, dá bhféadadh sé í dhíol, agus go ndéanfadh sí daoine saidhbhre d’á shliocht ar feadh seacht nglún. Bhí fhios aige nár bh’ fhéidir í dhíol i n-Éirinn: Dá gceannaightí í i n-aon mhainistir ná i n-aon eaglais i n-Éirinn go n-aireófí teacht tháirsí go luath, ó bhéal go béal, [125] ameasg ríghthe agus daoine, ar fuid na h-Éirean go léir. Bhí fhios aige, d’á bhrígh sin, nár bh’fhéidir í dhíol gan í chur amach a’ h-Éirinn. Tré cheannaighe éigin Lochlanach a caithfí san do dhéanamh. Bhí gach aon bhaoghal, dar leis, go raibh san déanta cheana. Bhí an iomad aimsire fághalta ag an mbitheamhnach, agus do réir an bhuib a bhuail sé ar Mheargach níor bhitheamhnach é do thabharfadh aon fhaillígh sa n-aimsir a tugadh dó. Má bhí an chailís imthighthe thar faraige ní raibh ann ach fiantas, dar leis, bheith ag cuimhneamh ar theacht suas léi go deó. “Ach ní’l agam le déanamh ach bheith ag faire chúgham,” ar seisean i n’ aigne féin.
“Ní chuirfinn thar mo leasmháthair é!” ar seisean, a’ machtnamh eile. [126] “Is aici bhí an chailís i gcoimeád sar ar cuireadh síos í go h-Inis Cathaigh. Agus is cuimhin liom go maith nách le h-aon deagh-thoil a sgar sí leis an seóid uasail. Ach cé r’ bh’ é an manach? Agus cá bhfuair sé an aibíd agus an cochal má ba mhanach bréige é? Conus a fuair sé amach gur bh’ é Meargach a dhein an eochair? Ní dócha go gcuirfeadh sí féin aibíd agus cochal uímpi——Ach cad é sin agam ’á rádh! D’aithneóch’ an gabha í láithreach. Má ’sí a dhein an gníomh, agus go deimhin, a rígan, ní chuirfinn-se thort é, bhí duine éigin aici chun na h-oibre dhéanamh di. Cé r’ bh’ é an duine sin?——Ní fheadar an tsaoghal. Ní’l agam ach bheith ag faire chúgham.——Ach caithfear feuchaint ad’ dhiaigh go géar, a rígan, i neithibh eile leis. Ní gan chúis a thug an Legáid an foláramh deirineach so dhom agus é ag imtheacht, tar éis an fholáraimh chéadna thabhairt dom tamal roimis sin. Ó, ambasa ní dhéanfaidh sé an gnó dhom aon mhíogarnach a theacht orm.”
Cuid de’n chéad ghnó a dhein Brian, chómh luath agus bhí sé socair daingean sa n-Árdrígheacht, ab eadh na h-eaglaisí a bhí loitithe i ndiaigh na Lochlanach do dheisiughadh agus do shlánughadh agus do chur i dtreó airís. Chuir sé suas an eaglais mhór i gCill Dálua; agus an eaglais i n-Inis Cathaigh; agus dhein sé athnuachaint ar an eaglais i dTuaim Gréine. Dhein sé bóithre móra ó thaobh taobh agus ó cheann ceann d’ oileán na h-Éirean, agus dhein sé drochaid bhreaghtha leathana láidire ins na h-áiteanaibh ’n-a dtéidheadh na bóithre sin treasna aibhní, i dtreó gur dhein sé tairbhthe ana mhór do’n phoibilidheacht, mar gur chuir sé ar chumas daoine dul ar chuardaibh fada gan an iomad trioblóide. Bhí áthas mór ar an bpoibilidheacht mar gheall ar na h-oibreachaibh sin.
Dhein sé dúna agus daingeana láidire, leis, i n-a lán áiteana, agus chuir sé buidheana maithe láidire fear isteach ins na dúnaibh sin agus ins na daingeanaibh sin, mar lucht coimeádta, i dtreó go mbeidís ann i gcómhnúighe chun na tíre do chosaint agus chun smacht an Árdrígh do chur i bhfeidhm ar aon duine, nó ar aon aicme daoine, do mheasfadh an smacht san do mhilleadh. Do neartuigh sé ar an gcuma san ríghtheighlach Chaisil, agus ríghtheighlach Cheanfheabhrad, agus an ríghtheighlach i n-Inis Locha Cé, agus an ríghtheighlach i n-Inis Locha Guir, agus an ríghtheighlach i nDún gCrot, agus mórán eile de dhúnaibh agus de ríghtheighlachaibh ar fuid na h-Éirean, agus chuir sé na buidheana fear isteach ionta chun iad a choimeád agus do chosaint. Do neartuigh san a chómhacht féin [127] go mór ar fuid na h-Éirean go léir, i dteannta sgáth agus eagla do chur ar a namhaid, amuich agus i mbaile.
Chuir sé lucht léighinn agus eóluis ag sgrúdadh agus ag breithniughadh na sean dlighthe agus ’ghá dtabhairt chun soluis, an chuid acu a bhí imthighthe a’ cuimhne; agus fé mar a chonaic sé gádh leó, chuir sé i bhfeidhm airís aon chuid acu a bhí imthighthe a’ feidhm le faillígh nó de thoradh aimsire. Níor ró dheacair dó san a dhéanamh. Bhí a leithéid d’uraim i gcómhnuighe riamh ag an nGaedhal do dhlígh na rígheachta nár ghádh a dhéanamh ach a chur i n-iúil dó go raibh an dlígh ann chun a chur fhiachaibh air an dlígh do chómhlíonadh. Bíon iongnadh anois ar sgoláirthibh nuair a chíd siad ná raibh aicme áirighthe, ceapaithe chun na dlígh chur i bhfeidhm, i n-Éirinn fadó. Is dóich leó, agus is fiór dhóibh é, gur bh’ obair bhaoth dlígh dhéanamh dos na daoine atá ar an saoghal anois, ná bheith ag brath air go ndéanfaidís an dlígh sin do chómhlíonadh, mura gceapfaí aicme láidir chun a chur fhiachaibh ortha an dlígh chómhlíonadh. Ní thuigid siad conus a fhéadadh dlighthe dhéanamh i n-Éirinn fadó agus ansan a dh’fhágáilt fé-s na daoine féin na dlighthe do chómhlíonadh. Do féadtí san do dhéanamh mar, chómh luath agus thuigeadh an phoibilidheacht an dlígh bheith ann, do chuireadh toil phoibilidhe na ndaoine fhiachaibh ar gach duine fé leith an dlígh do chómhlíonadh. B’ fhearr le gach duine fé leith, go mór, an dlígh do chómhlíonadh ’ná fulang leis an ndroch mheas phoibilidhe a bhéadh air dá bhfeiceadh na daoine é ag tabhairt droch mheas nó tarcaisne do’n dlígh. Tá soluídí maithe againn ar fheidhm de’n tsórd san sa n-aimsir seo féin. Má théidhean nós áirighthe i bhfeidhm ar an bpoibilidheacht anois féin feuch cá bhfuil an duine fé leith go mbeidh sé de mhisneach aige an nós san do bhriseadh! Aigne phoibilidhe na ndaoine isí chuireadh dlighthe i bhfeidhm i n-Éirinn fadó, agus is fearr a chuireadh sí i bhfeidhm iad, agus is iomláine, ’ná mar a thagan le neart armála dlighthe chur i bhfeidhm anois.
Ná measadh aoinne, ámhthach, ná bristí dlighthe i n-Éirinn fadó. Do bristí go deimhin. Ach nuair a thagadh an t-é ar a ndéintí an éagcóir, os cómhair an bhreithimh, agus nuair a thugadh an breitheamh a bhreith, do glactí an bhreith ar gach taobh agus do déintí d’á réir. Bhí sé daingean i n-aigne na ndaoine, aoinne ná taisbeánfadh an uraim sin do’n dlígh ná béadh an rath air. Níor ró dheacair dlighthe fóghanta do chur i bhfeidhm ameasg daoine de’n tsórd san.
Dhein Brian nídh eile do chabhruigh go mór leis chun na ndlighthe do chur i bhfeidhm. Ó’n lá a ghlac sé arm gaisge, agus gan é ach chúig bliana déag, do thaisbeáin sé, ’n-a ghníomharthaibh agus ’n-a bhéasaibh agus ins gach aon tsaghas deighleála idir é féin agus daoine eile, go raibh beann thar bár aige ar an gceart, ná déanfadh sé éagcóir ar aon Chríostaidhe, pé ’cu caraid nó namhaid é, pé ’cu íseal nó uasal é. Do tugadh an méid sin fé ndeara. Ansan, fé mar a leath cómhacht Bhriain agus fé mar a mhéaduigh a chreideamhaint, do dhein daoine eile, uasal agus íseal, aithris air. Ar ball, bhí acu go léir, nó dúbhradar go léir go raibh acu, beann thar bár ar an gceart, fé mar a bhí ag Brian. Do glacadh an ceart ’n-a nós acu. Ansan bhí neart an nóis ag cur le neart an chirt. Bhí neart eile ag cur leis an dá neart san. B’é neart é sin ’ná neart an Chreidimh.
Ná bíodh aon iongnadh ar aoinne gan aon ghádh a bheith le neart armála chun dlighthe chur i bhfeidhm nuair a bhí na trí nirt sin, neart cirt, agus neart nóis, agus neart Creidimh, ag oibriughadh as acfuinn a chéile chun dlighthe chur i bhfeidhm.
Tugaimís fé ndeara cad a thuit amach do Bhrian i n-aon phúnc amháin de’n cheart agus de’n bheann a bhí aige ar an gceart. Chonaic gach aoinne go raibh aon bheart amháin éagcóra ná ceadóchadh Brian ar aon tsaghas cleas ná résún. B’í beart éagcóra í sin ’ná masla thabhairt do mhnaoi. [129] Chonaic na fir go léir, íseal agus uasal, go raibh gráin gan teóra ag Brian ar ghníomharthaibh de’n tsórd san. Mar gheall ar an uraim a bhí acu do Bhrian do dhein na fir go léir, uasal agus íseal, aithris air sa nídh sin, leis. Má b’ uasal an rud do Bhrian an ghráin sin a bheith aige ar ghníomharthaibh de’n tsórd san, dob’ uasal an rud é, dar leó, d’ aon fhear. As san dúbhairt gach fear go raibh gráin aige féin ar ghníomharthaibh de’n tsórd san. As san do thug gach fear mar bhéas dó féin bheith ag maoidheamh as nár thug sé riamh “masla ná tarcaisne do mhnaoi.” Do lean an aithris ar Bhrian, agus do lean an chaint, agus do lean an maoidheamh. As san do neartuigh an nós agus do tugadh fé ndeara, ar fuid na h-Éirean, ná deineadh fir Bhriain gníomhartha de’n tsórd san. Fé mar a leath cómhacht Bhriain do leath na nósa a bhí ag fearaibh Bhriain. Ar ball do tugadh fé ndeara ná deintí na gníomhartha gráinneamhla úd i n-aon bhall i n-Éirinn.
Ansan, nuair a thagadh Niamh agus a h-athair go Ceann Cora, agus nuair a chíodh na ríghthe óga Niamh, do chuimhnighdís ar an uaisleacht agus ar an nósmhaireacht a bhí tagaithe ar Ghaedhlaibh Éirean go léir agus deiridís eatartha féin:—“Níor mhiste dhi slat ríoga do thógaint ’n-a láimh, agus fáinne óir i mbara na slaite, agus siúbhal ’n-a h-aonar ó Thonn Clíodhna go Dún Sobhairce, agus ní baoghal go ndéanfadh aon fhear Gaedhlach, uasal ná íseal, oiread agus focal neamh-uramach do labhairt léi.”
Dúbhradh an chaint sin, nó caint de’n tsórd, chómh minic sin, agus do tuigeadh chómh maith san fírinne na cainte, gur measadh, ’n-a dhiaigh san, nuair a bhí Brian agus Niamh agus an chuid eile acu sa n-iúir, nár chaint a bhí sa sgéal ach gur dhein óigbhean uasal éigin an siúbhal san, ’n-a h-aonar, ó Dhún Sobhairce go Tonn Clíodhna, agus an tslat ’n-a láimh aici agus an fáinne óir ar an slait, agus ná fuair sí ar an [130] slígh ach an uraim agus an onóir ba mhó a dh’fhéadfaí a thabhairt di. Do lean an sgéal ar an gcuma san i seanachus na h-Éirean go dtí go dtáinig an file Gallda, Ua Mórdha, agus gur chúm sé an dán úd:—
Is fiú an sgéal san machtnamh a dhéanamh air. Is ’mó rígh agus ímpire n-a bhfuil cúntas ortha i seanachus an domhain agus n-a bhfuil moladh mór ar a ngníomharthaibh agus ar a ngradam, ar an gcuma ’n-ar chuireadar tíortha fada fairsinge fé smacht a lámh, agus ar an gcuma ’n-ar chuireadar, má ba ríghthe fóghanta iad, dlighthe tairbhtheacha i bhfeidhm. Ní dóich liom, ámhthach, go bhfeaca riamh fós d’á thabhairt, ar obair ná ar shaothar aon rígh ná aon ímpire acu, moladh de shaghas an mholta so a thugan an sgéal seanachais seo ar Bhrian. Ní nósmhaireacht, ná macántacht, ná gníomhartha onóracha, ná uraim do bhantracht, is gnáth ag leanmhaint slógh agus cogaidh agus armála agus cathana fuilteacha. Neamh-shuim ins na neithibh sin iseadh is gnáth ’á leanmhaint riamh. Neamh-shuim i ngach deagh-nós, neamh-shuim i gceart an fhir thall, neamh-shuim sa n-uraim is dual do mhnáibh; an beithigheach allta ’ghá thaisbeáint féin sa duine; gabháil do chosaibh ins gach dualgas d’á mbainean le dlígh, le deagh-nós, le Creideamh; siniad na neithe is gnáth ag leanmhaint cogaidh agus cómhraic agus cathana fuilteacha.
Ní raibh Brian riamh, ó táinig sé i n-aois a chúig mblian ndéag, ach sáidhte i gcogaíbh. Bhí a ghaolta go léir chómh sáidhte ins na cogaíbh agus bhí sé féin. I n-aimhdheóin na gcogaí go léir do thuill Brian agus a shlóighte an moladh atá sa sgéal úd i dtaobh na mná óige agus i dtaobh na h-onóra a fuair sí ar feadh na slíghe go léir ó Dhún Sobhairce go Tonn Clíodhna. Tá buadh ag Brian sa méid sin ar chómhachtaibh agus ar ríghthibh agus ar ímpiríbh an domhain riamh.
Táimíd anois ag dul sa deichmhadh céad blian ó fuair Brian agus a shlóighte an buadh san. Do choimeád ár sínsear cuimhne air. Thugadar dúinne an cuimhne sin le coimeád. Is ceart dúinn greim daingean a choimeád air. Caithtear go minic ins na súilibh orainn ná fuil aon nídh ag baint le n-ár sínsear gur féidir dúinn aon mhaoidheamh ró mhór a dhéanamh as. Tá againn, i sgéal na mná óige sin, cúis mhaoidhte agus adhbhar creideamhna ná fuil a leithéid le fághail i seanachus aon tíre eile fé luighe na gréine indiu. Tá ceangailte orainn, ní h-amháin cuimhne choimeád ar an adhbhar creideamhna san, ach fós beart a dhéanamh d’á réir.
Bhíodh Murchadh go minic abhfad ó Cheann Cora ag feuchaint i ndiaigh gnóthaí na h-Árdrígheachta fé chómhairle a athar. Nuair a bhíodh sé imthighthe ó Cheann Cora bhíodh sgannra air le h-eagla go ndéanfaí aon droch ghníomh a gan fhios dó. Bhí an fear frithálmha ceapaithe aige chun frithálmha ar an Ardrígh, mar ba cheart agus mar ba ghnáth do réir nósa na h-aimsire sin. Ach cá bh’ fhios dó, dar leis, ná go nglacfadh an fear frithálmha breab dá ndéintí breab mhaith a thairisgint dó. Thuig sé i n-aigne gur i gcoinnibh mná a bhí ar an bhfear an cluiche dh’imirt, i gcoinnibh na mná ba bhreaghtha agus ba mheasa agus ba ghéire d’á raibh i n-Éirinn an uair sin. Cá bh’fhios dó, dar leis, cad iad na cleasa dh’imireóch’ sí ar an bhfear dá mba rud é go dtuigfeadh sí nár bh’fhéidir é bhreabadh. Chonaic an Legáid a diabhal coímhdeachta. Cá bh’ fhios cad é an congnamh a thabharfadh an diabhal coímhdeachta san di i n-aon droch ghnó a bheartóch’ sí a dhéanamh.
“Ní h-aon mhaith,” ar seisean i n’ aigne féin, “bheith ag brath air go bhféadfadh fear frithálmha bheith maith a dhóthin dí féin agus d’á diabhal coímhdeachta. Caithfidh mé bean a chur ag tabhairt aire dhi.”
Ní fhéadfadh sé cuimhneamh ar aon mhnaoi chun na h-oibre sin ach ar Niamh. Bhí fhios aige dá mbéadh Niamh i n-aice an Árdrígh, agus a fhios a bheith aici cad chuige go raibh sí ann, nár bhaoghal go bhféadfadh Gormfhlaith aon droch nídh dhéanamh a gan fhios di. D’ imthigh sé féin siar go h-Uíbh Máine. Do labhair sé le Niamh. D’inis sé dhi ó thusach go deire an sgéal go léir.
“Ní fhéadfainn-se dul go Ceann Cora agus fanmhaint ann, a rígh,” arsa Niamh. “Ní fhéadfainn imtheacht ó m’ athair féin.”
“Ní’l t’ athair-se i n-aon chontabhairt, a rígan,” arsa Murchadh. [133] “Ní mar sin do m’ athair-se. Tá sé i gcontabhairt mhór. Dá bhféadainn féin fanamhaint sa bhaile ní dóich liom go mbéadh aon bhaoghal air. Tá an iomad eagla aici rómham-sa. Nuair a bhím as baile bíon gach aon nídh ar a toil aici, agus ní bhíon aon eagla aici roim aoinne. Ní’l aon phioc d’á fhios agam’ athair go bhfuil aon chontabhairt os a chionn. Dá neósfaí dó é ní fhéadfaimís é chosaint. Do leigfeadh sé amach an sgéal, mar ní chreidfeadh sé focal dé. Tá fhios aige nách bean ró mhaith í, ach ní chreidfeadh sé i n-aon chor go ndéanfadh sí aon iaracht ar é chur chun báis. Dá n-abradh aoinne leis go ndéanfadh, is amhlaidh a thiocfadh fearg air. Déarfadh sé gur le corp droch aigne a déarfadh aoinne a leithéid. Thuigfeadh sé, dá mba ná béadh aon chúis eile aici le gan an gníomh san a dhéanamh, go seachnóch’ sí é ar mhaithe léi féin. Go gcuirfeadh bás an Árdrígh í féin as an Árdríganacht. D’á éaghmais sin, bean ró ábalta iseadh í. Tá curtha ’n-a luighe aici ar aigne m’ athar ná fuil aon nídh is fearr léi ’ná é mhaireachtaint abhfad, mar d’á fhaid a mhairfidh sé gur b’eadh is sia a bhéad-sa gan teacht sa n-Árdrígheacht. Caithfear an t-aireachas a dhéanamh ar m’ athair a gan fhios dó, a Niamh.”
“Ní fheadar, a rígh,” arsa Niamh, “an bhfuil aon bhaoghal go mbéadh dearmhad ort-sa féin sa sgéal.”
“Cad é an dearmhad a dh’fhéadfadh a bheith orm, a rígan?” ar seisean.
“Ba dhóich liom,” ar sise, “go bhfuil gach aon deabhramh ar an gcaint sin a dúbhraís i dtaobh an ruda atá curtha ’n-a luighe aici, mar a deirir, ar aigne t’ athar. D’á fhaid a mhairfidh t’athair iseadh is sia a bheidh Gormfhlaith ’n-a h-Árdrígain agus iseadh is sia a bhéir-se gan teacht sa n-Árdrígheacht. Má chuirean sí féin chun báis é cuirfidh sí í féin as an Árdríganacht láithreach, agus déanfaidh sí Árdrígh dhíot-sa. Tá fhios aici go maith nách baoghal go nglacfaid fir Éirean aoinne eile i n’ Árdrígh. B’fhearr léi í féin do bháth ’ná thusa dh’fheisgint sa n-Árdrígheacht. Sin dá dhíobháil mhóra aici ’á dhéanamh di féin leis an ngníomh. Cá bhfuil an tairbhthe, a rígh?”
“Tá sé chómh maith agam an sgéal go léir a dh’innsint duit, a Niamh,” arsa Murchadh, [134] “ach is fé riún atáim ’á innsint duit. Tá níos mó go mór d’ fhios a gnótha agam-sa ’ná mar is dóich léi. Tá, mar is eól duit, a mac ’n-a rígh ar Lochlanaigh Bhaile Átha Cliath. Tá uisge-fé-thalamh aici ’á dhéanamh le fada riamh a d’iaraidh go bhfaghadh na Lochlanaigh buadh agus go mbéadh a mac féin i n’ Árdrígh ar Éirinn. Éire ag Lochlanaigh agus Sitric i n’ Árdrígh. Siné atá uaithi. Ní fheadair aoinne beó cad é an t-uisge-fé-thalamh a dhein sí chuige sin i gcaitheamh na h-aimsire roim chath Gleanna Mháma. B’ shiné fé ndeár na Lochlanaigh a bheith chómh líonmhar sa chath san agus an cath a bheith chómh dian, chómh fuilteach. Bhí sí deimhnightheach go mbéadh buadh an chatha san ag Lochlanachaibh agus ná tiocfadh Brian ná aoinne eile againn beó ó’n gcath. Tá an t-uisge-fé-thalamh céadna ar siúbhal anois airís aici. Is dóich léi ná fuil fhios agam-sa é. Tá níos mó go mór d’ fhios a gnótha agam ’ná mar is dóich léi. Tá rígh Lochlan ag gleusadh armála agus ag déanamh loingeas agus ’á gcur ar uisge. Tá muintir na h-Ioruaidhe ’ghá ngleusadh féin chun cogaidh, ach ní h-innstear cad é an cogadh é ná cad chuige an gleusadh. Tá ollmhúchán ar siúbhal ar oileán Mhanain agus i n-oileánaibh Alban agus thuaidh i n-Ínsibh Orc. Ní deir aoinne focal i dtaobh cad é an bun atá leis an obair go léir agus leis an ollmhúchán go léir. Tá fhios agam-sa go maith cad é an bun atá leis an ollmhúchán. Tá Gormfhlaith agus a mac, rígh Lochlanach Átha Cliath, ag déanamh a ndíchil ar gach aon tsaghas cuma chun bheith ollamh ar chath uathbhásach eile do bhualadh ar son Árdrígheachta na h-Éirean chómh luath agus gheóbhaid siad an chaoi cheart air. Dá bhfaghadh m’ athair bás díreach nuair a bhéadh an t-ollmhúchán críochnuighthe acu, do thiocfadh san agus a dtoil isteach le n-a chéile go h-áluinn.”
“Tuigim thú, a rígh,” arsa Niamh. “Agus dá mba ná béadh aon fhonn ar t’ athair bás d’fhághail an uair ba mhaith leó é dh’fhághail báis, isé do mheas go dtabharfadh Gormfhlaith congnamh dó chun báis a dh’fhághail.”
“Táim deimhnightheach dé, a rígan,” arsa Murchadh. “Dá mbéadh a gcuid ollmhúcháin curtha chun cinn acu agus iad ollamh, agus ansan go bhfaghadh m’ athair bás oban, bhéadh gnó na h-Éirean ’n-a phraisigh, dar leó. Bhéadh sé ’n-a chogadh dhearg idir mise agus M’lsheachlainn feuchaint cé bhéadh i n’ Árdrígh. B’fhéidir go mbéadh sé ’n-a chath trír, go ndéanfadh Ua Néill thuaidh iaracht ar an Árdrígheacht do shealbhughadh dhó féin. Ansan dá bpreabadh neart maith láidir Lochlanach isteach chúghainn níor ró dheacair dóibh Éire chur fé n-a smacht agus Árdrígh dhéanamh de Shitric.”
“Ambasa, a rígh,” arsa Niamh, [135] “is breagh glan géar an fheuchaint atá aici ’á dhéanamh roímpi. Cad tá agaibh-se ’á dhéanamh? Ní dócha go bhfuiltí-se i nbhúr suidhe díomhaoin agus iad súd ’ghá n-ollamhughadh féin chómh díchealach.”
“Ná bíodh eagal ort, a rígan,” arsa Murchadh. “Ní’l aon fhaillígh againn ’á dhéanamh. Táimíd ag gleusadh slógh ins gach aon chúinne de’n tír agus ag cur na n-arm is fearr ’n-a lámhaibh. Tá an t-ollmhúchán againne ’á dhéanamh chómh dian chómh díchealach agus atá acu-san, nó b’ fhéidir níos déine, ach táimíd ’ghá dhéanamh a gan fhios chómh maith agus fhéadaimíd é. Táid na mílte fear againn cheana féin ins na dúnaibh agus ins na daingeanaibh anso agus ansúd ar fuid na tíre. Níor dhóich le h-aoinne ná béadh sáidhte i n-ár n-obair go bhfuil oiread nirt againn agus atá.”
“Ba dhóich liom-sa, a rígh,” arsa Niamh, “go bhfuil dearmhad sa nídh sin oraibh. B’fhéidir dá bhfeictí bhúr neart go n-eireófaí as an ollmhúchán thall, mar go dtuigfí nár bh’ aon mhaith bheith a d’iaraidh buadh fhághail oraibh.”
“Ní eireófaí, a rígan,” arsa Murchadh. [136] “Is amhlaidh a déanfaí tuille díchil ar an ollmhúchán thall. Tá Gormfhlaith ró cheapaithe ar an ndroch obair atá curtha roímpi aici. D’á laige a mheasfaidh sí sinne bheith iseadh is dóichíghde gan an iomad nirt a bheith cruinnighthe aici i n-ár gcóir. Tá fhios aici go bhfuilimíd ag gleusadh slógh ach ní’l ’fhios aici cad chuige go bhfuilimíd ’á ngleusadh. Ní’l fhios aici go bhfuil fios a h-oibre féin againn mar atá. Is dóich léi gur chun na h-Árdrígheachta do choimeád ó Mh’lsheachlainn agus ó Ua Néill an gleusadh slógh atá againn ’á dhéanamh. Dá mbeitheá-sa i gCeann Cora i bhfochair m’ athar do thuigfeadh Gormfhlaith gur ag faire uirthi féin a bheitheá ann. Ansan ní bhéadh aon bhaoghal go ndéanfadh sí aon droch nidh air. Tá an iomad eagla aici rómhat-sa. Ní fheadar an domhan cad a dhéanfad mura bhféadair teacht go Ceann Cora agus fanmhaint ann.”
“Ní fhéadfainn imtheacht ó m’ athair féin, a rígh,” arsa Niamh. “Ní h-aon mhaith dhuit bheith ’ghá iaraidh orm. Faigh duine éigin eile.”
“Feuch, a rígan,” arsa Murchadh, “cad é an bac atá ar t’ athair teacht i n-aonfheacht leat! Ná déanfadh do dhritháir aire thabhairt do’n rígheacht so Uíbh Máine? Tá sé chómh ceangailte ar Thadhg Mhór ua Chealla beart a dhéanamh i gcoinnibh namhad Éirean agus ’tá sé orm-sa, agus go deimhin, agus ní gádh dhom san do rádh le h-inghín Thaidhg, tá Tadhg Mór ua Cealla chómh h-ollamh ar bheart a dhéanamh i gcoinnibh namhad Éirean agus ’tá aon fhear, uasal ná íseal, d’á bhfuil beó i n-Éirinn indiu.”
“An bhfuil fhios agat cad a dhéanfair, a rígh,” arsa Niamh. “Labhair le m’ athair agus inis gach aon rud dó, tríd síos, fé mar atá innste agat dómh-sa. B’fhéidir ansan go dtuigfeadh sé gur ceart dó dul go Ceann Cora agus fanmhaint ann, agus mise do bhreith leis agus do choimeád i n’ fhochair ann.”
Do dhein Murchadh an nídh sin. D’inis sé do Thadhg Mhór ua Chealla an sgéal go léir tríd síos, an t-ollmhúchán a bhí ar siúbhal thall i gcríochaibh Lochlan agus i gcríochaibh na h-Ioruaidhe agus ins na h-oileánaibh, agus an t-uisge-fé-thalamh a bhí ag an Árdrígan ’á dhéanamh chun na h-Éirean a thabhairt fé smacht na Lochlanach agus Ardrígh a dhéanamh d’á mac féin, de Shitric. Thaisbeáin sé dhó gach deimhne d’á raibh aige ar an méid sin sgéil. D’inis sé dhó an dá fholáramh a thug an Legáid dó féin, tré bhéal Cholla. Nuair airigh Tadhg an sgéal is beag ná gur b’ amhlaidh a bhí sé ar buile toisg nár h-innseadh fadó dhó é. Shocaruigh sé láithreach ar theacht go Ceann Cora agus Niamh a thabhairt leis. Do tugadh tigh breagh glan uasal solusmhar dóibh, chun cómhnuighthe ann, i n-aice thíghe mhóir Bhriain. Do fuaradh, mar ghnó súl le déanamh do Thadhg Mór bheith ag cabhrughadh leis an Ardrígh i [137] ngnóthaibh stáit. Níor bh’ aon iongnadh, ansan, Niamh do theacht ann. Do thuig gach aoinne ná fanfadh sí sa bhaile i ndiaigh a h-athar.
Cá bhfuair Murchadh an t-eólus a bhí aige ar an ollmhúchán a bhí ar siúbhal i gcríochaibh Lochlan, agus ar an mbun a bhí leis an ollmhúchán? Fuair sé an t-eólus ar an gcuma so. Bhí a ghiollaí turais féin aige agus bhí Caoilte aige mar cheann ortha. Dar leis an bpoibilidheacht isé gnó Bhriain a bhí ortha a dhéanamh, gnó na rígheachta. Ach do thug Murchadh gnó eile, leis, le déanamh do chuid acu go raibh iontaoibh aige asta. Bhí fhios aige go maith ná féadfadh Gormfhlaith a suaimhneas a cheapadh. Go gcaillfeadh sí an t-anam nó go mbéadh droch obair éigin ’dir lámhaibh aici. Bhí fhios aige nár bh’ aon mhaith bheith a d’iaraidh cosg a chur léi. Dá gcurtí cosg léi i n-aon droch obair amháin ná déanfadh sí ach aghaidh a thabhairt ar dhroch obair eile agus é cheilt níb’ fhearr. Gur bh’ fhearr sgaoileadh léi agus eólus cruinn a dh’ fhághail, a gan fhios di, ar gach aon tsaghas droch oibre a bhéadh ar siúbhal aici. Thug Murchadh an gnó san le déanamh do Chaoilte, d’ “Fhear na gCos,” a ndúbhairt Conn. Níor mhiste an gnó thabhairt le déanamh do Chaoilte. Bhíodh sé ins gach aon chúinne d’oileán na h-Éirean, agus ní sa riocht gcéadna a chítí é aon dá lá as a chéile. ’N-a cheannaidhe Lochlanach a bhíodh sé uaireanta, istigh i gcathair Bhaile Átha Cliath, ag díol éadaí olna a déintí i n-Éirinn an uair sin níb’ fhearr ná mar a déintí iad i n-aon áit lasmuich d’ Éirinn. ’N-a [138] ghráséir a bhíodh sé uaireanta eile agus stoc beag ba seasga aige ’á dhíol le búistéiríbh Lochlanacha i gcathair Chorcaighe. Nuair oireadh dó eólus cruinn fhághail agus gan bheith ag brath ar ráflaí, radharc a shúl féin a dh’ fhághail ar neithibh, théidheadh sé ar bórd loinge, ’n-a Lochlanach mar ’dh eadh, agus théidheadh sé soir go Cathair na Beirbe agus chíodh sé gach nídh a bhíodh ar siúbhal ann. Chonaic sé le n-a shúilibh féin na slóighte d’á ngleusadh, agus d’ airigh sé le n-a chluasaibh na daoine ’ghá innsint d’á chéile gur siar go h-Éirinn a bhí na slóighte sin go léir le dul chun cathana cruadha do throid do’n Árdrígan uasal, do Ghormlóda. Gormlóda a thugaidís ar Ghormfhlaith. Bhí eólus ar chaint na tíre sin ag Caoilte chómh maith agus dá mb’ ann a tógfaí é. Nuair a théidheadh sé ameasg na ndaoine ann ní bhíodh fhios ag aoinne ná gur dhuine de mhuintir na tíre é.
Fuair sé amach, ar a measg, ar dtúis gur bh’í Gormfhlaith a bhí ag cur na h-oibre go léir ar siúbhal, ach is fé riún a h-innstí dhó é. Fuair sé amach, leis, ar an gcuma gcéadna, go raibh Sitric, mac Ghormfhlaith, rígh Lochlanach Átha Cliath, ag cabhrughadh le Gormfhlaith ar gach aon tsaghas cuma. Bhíodh sé coitchianta anonn ’s anall idir an dá chathair ag tabhairt gach aon tsaghas eóluis do rígh Lochlan ar ghnóthaibh na h-Éirean, ar an gcuma ’n-a raibh Brian ag tuitim agus nár bh’ fhéidir dó maireachtaint puínn eile aimsire. Nuair a gheóbhadh sé bás go dtuitfeadh a chómhacht as a chéile. Ná béadh aon bhreith ag Murchadh ar fhearaibh Éirean a choimeád dlúithte ’n-a chéile mar a bhíodar dlúithte ag Brian. Go mbéadh ríghthe na tíre, thuaidh agus theas, ag marbhughadh a chéile mar gheall ar an Árdrígheacht. Ná béadh aon bhac ar shluagh Lochlanach preabadh chúcha isteach an uair sin agus gabháil de chosaibh ionta i ndiaigh chéile. Go mbéadh a leath ar thaobh na Lochlanach féin, i gcoinnibh an leath eile, chómh luath agus thiocfadh na Lochlanaigh. Gur bh’é buac rígh Lochlan [139] an neart slógh ba mhó fhéadfadh sé chruinniughadh a bheith cruinnighthe gleusta curtha le chéile aige i gcóir bháis Bhriain, nó i gcóir pé rud a thiocfadh. Do thuig rígh Lochlan an nídh sin go h-áluinn, agus bhí sé ag déanamh a dhíchil agus ’á dhéanamh go maith, agus má bhí ní raibh oiread agus cor aige ’á chur dé, ná ag Sitric ’á chur dé, ná raibh cúntas cruinn ag Caoilte ’á thabhairt do Mhurchadh air.
Théidheadh Caoilte go h-oileán Mhanain, leis, agus chíodh sé cad a bhíodh ar siúbhal ann, agus chuireadh sé cúntas cruinn air ag triall ar Mhurchadh.
Thug sé cúpla cuaird óthuaidh go h-Ínsibh Orc agus chonaic sé cad a bhí ar siúbhal ann. Fuair sé go raibh ainim Ghormfhlaith i mbéalaibh na ndaoine ann, agus go raibh talamh saidhbhir geallta i n-Éirinn, saor ó chíos, d’aon fhear a thiocfadh ag cabhrughadh le Gormfhlaith agus le rígh Lochlanach Bhaile Átha Cliath sa chogadh a bhí le teacht.
’N-a chuardaibh go léir, nuair airigheadh Caoilte an cómhrádh ar siúbhal i dtaobh an chogaidh a bhí le teacht agus i dtaobh na dtalmhaintí saidhbhire saora a bhí le fághail de bhár an chogaidh, thugadh sé fé ndeara, nuair a deireadh an fear, “Ní raghad-sa go h-Éirinn. Is buan fear ’n-a dhúthaigh féin. Mharbhóch’ Murchadh mé,” go ndeireadh an bhean, “Is fear meathta thú! Mura dtéidhir-se ann raghad-sa ann! Nó má théidhean tú ann raighmídh go léir ann i n-aonfheacht leat. Tá fir againne a bheidh maith a dhóthin do Mhurchadh, ní h-eadh ach ró mhaith dhó. Is fearr dul go h-Éirinn, pé crích a bhéarfaidh sinn, agus beatha bog sóghail a bheith ag duine ar thalamh bhreagh shaidhbhir, ’ná bheith a d’ iaraidh beatha docht daor a bhaint as na riasgaibh fiaine fuara so!”
Bhí aithne mhaith ar Mhurchadh an uair sin, ní h-amháin ameasg na Lochlanach a bhí ’n-a gcómhnuighe i n-Éirinn, ach ar fuid tíre Lochlan go léir, agus ar fuid na h-Ioruaidhe, agus i n-Ínsíbh Orc, agus chómh fada óthuaidh le h-Inis Tuile. Nuair [140] ba mhaith le mnaoi eagla chur ar leanbh ní deireadh sí ach, “Eist do bhéal nó glaodhfad ar Mhurchadh chúghat!” nó, “Chúghat Murchadh!”
Ní raibh Caoilte i n’ aonar sa n-obair a bhí aige ’á déanamh. Bhí a theachtairí aige le cur uaidh go h-Éirinn nuair a bhíodh eólus éigin ná fuilingeóch’ ríghneas aige le cur ag triall ar Mhurchadh. Chuireadh sé uaidh a theachtaire agus d’fhanadh sé féin thall ag faire chuige, ag lorg tuille eóluis.
Do thárla, lá d’á raibh sé thall i gCathair na Beirbe, gur ghluais ráfla ó bhéal go béal ameasg na ndaoine.
“Ó,” a déarfadh duine le duine, “ar airighis an sgéal nua?”
“Níor airigheas airiú! Cad é an sgéal nua é?” a déarfaí ’á fhreagradh.
“Árdrígh Éirean atá marbh!”
“Eist do bhéal!”
“Ó, go deimhin ní’l aon fhocal bréige ann. Lochlanach óg uasal ó Áth Cliath a thug an sgéal nua anall anso ag triall ar an rígh, agus d’á chómhartha san féin isé Sitric, rígh Lochlanach Átha Cliath do chuir anall é. Tá Brian marbh agus beidh Sitric i n’ Árdrígh anois.”
Ansan déarfadh duine eile a thiocfadh suas:—
“Tá an éagcóir agat. Níor thugais an sgéal sa cheart leat. Ní h-é an t-Árdrígh atá marbh. Ní’l aoinne marbh. Is amhlaidh a chuir Sitric anall anso ó Áth Cliath an priúnsa óg, Amhlaoibh, ’ghá innsint do’n rígh go bhfuil Gormfhlaith go maith agus go bhfuil gach aon nídh ag dul chun cinn aici ar a toil. Go bhfuair sí an saidhbhreas a bhí uaithi agus go bhfuil sí sásta.”
“Cad é an saidhbhreas a bhí uaithi?” a déarfadh duine eile. [141] “Nách í Árdrígan na h-Éirean í? Tá an saidhbhreas san aici le fada anois. Nár bhuailtear a thuille uimpi! Cad a chuir i mbéal an amadáin seo Brian a bheith marbh?”
“Ní fheadar-sa san,” a déarfadh an fear eile, “mura mar seo a dh’eirigh an focal. Dúbhairt Gormfhlaith le h-Amhlaoibh a dh’innsint do’n rígh go raibh Brian ag tuitim leis an aois go tiugh, agus ná féadfadh sé, agus a dhícheal a dhéanamh, seasamh puínn níos sia. Is dócha, nuair a leath an chaint sin ameasg na ndaoine gur chuireadar leis an gcaint agus gur dheineadar a bhás as an gcaint. Nuair a bhíon ráfla ag gabháil tímpal bíon gach aoinne ag cur leis.”
Chuir an chaint sin Caoilte ag machtnamh. Cé r’ bh’ é an t-Amhlaoibh seo? Nó ar bh’fhéidir i n-aon chor gur bh’ é cara Thaidhg Óig uí Chealla é?
“Ní foláir dom, má fhéadaim é, radharc fhághail air,” ar seisean i n’aigne féin.
Chrom sé ar dhruidim, ar feadh raint laethanta, i dtreó an ríghtheighlaigh le pé mangaireacht a bhí ar siúbhal aige. Bhíodh sé ag faire ar na h-uaislibh agus iad ag dul isteach ’s amach. Theip air aon radharc fhághail ar aoinne de shaghas Amhlaoibh. Má theip bhí rud eile nár theip air. Níor theip air ceathrar lucht airm do theacht n-a thímpal do phreib agus prísúnach a dhéanamh dé agus é chur isteach i gcarcair dhaingean, sar a’ raibh fhios aige, ba dhóich leat, cad a bhí ag imtheacht air. Níor labhradh oiread agus focal leis. Níor deineadh ach breith air agus a dhá láimh a cheangal lastiar dé agus púicín a tharang anuas ar a shúilibh agus é thógaint chun siúbhail. Nuair a bhí sé istigh sa phrísún do cuireadh slabhra fan chuim air, agus bhí an ceann eile de’n tslabhra san daingean sa bhfalla. Do baineadh dé an púicín agus do fágadh ansan é i n’ aonar. Tar éis raint aimsire do tugadh bia chuige agus do baineadh an ceangal d’á lámhaibh an fhaid a bhí sé ag ithe an bhídh. Amáireach a bhí chúgainn, tár éis cheithre h-uaire fichid a bheith caithte aige i n’ aonar, do tugadh an bia chuige airís. Do tugadh an bia chuige mar sin gach aon lá. Gach aon uair a thagadh an bia do labhradh Caoilte [142] leis an dteachtaire, agus d’fhiafraigheadh sé dhé cad é an chúis gur cuireadh isteach sa phrísún san é agus gan aon rud déanta as an slígh aige. Ní thugadh an teachtaire aon fhreagra air ach fé mar a bhéadh sé bodhar balbh. D’ imthigh lá agus oídhche, agus d’imthigh lá eile agus oídhche eile, agus d’fhan Caoilte sa phrísún. D’imthigh seachtmhain, agus ambasa bhí gach aon deabhramh go bhfágfaí sa phrísún san é, níor bh’fhios cad é an fhaid. Bhí sé ag machtnamh agus ag machtnamh, agus ní fhéadfadh sé aon tuairim a thabhairt do cad fé ndeara prísúnach a dhéanamh dé. Bhí fhios aige go maith go raibh sé ag cur eóluis ag triall ar Mhurchadh go h-Éirinn ar neart slógh tíre Lochlan agus ar acfuinn na tíre agus ar gach aon tsaghas gnótha stáit d’á raibh ar siúbhal sa n-áit. Ach bhí fhios aige go maith, leis, ná raibh cogadh an uair sin idir an dá thír, idir Éire agus crích Lochlan, agus d’á bhrígh sin, pé eólus a chuirfeadh sé uaidh abhaile go h-Éirinn, nár bh’fhéidir spiaireacht do chur ’n-a leith. Má labhair sé caint na Lóchlanach chómh maith agus do labhradar féin í ní dhéanfadh san spiaire dhé nuair ná raibh aon chogadh ar siúbhal idir an dá thír.
Nuair a bhí breis agus seachtmhain caithte sa phrísún aige do labhair sé, lá, leis an dteachtaire, mar seo:—
“A dhuine mhacánta,” ar seisean, [143] “ní’l aon lá a tháinís anso le m’ chuid bídh chúgham nár fhiafraigheas díot cad é an chúis gur deineadh prísúnach díom. Níor thugais aon fhreagra orm. Is maith liom anois an méid seo do rádh leat, agus tá súil agam go raghaidh an focal ag triall ar rígh Lochlan. Pé duine is bun le mise chur isteach sa phrísún so, gan aon droch ghníomh do chur am’ leith, tá an dlígh briste aige agus díolfaidh sé as. Má tugtar aon anchor dom díolfar as chómh daor agus a díoladh riamh a’ h-éagcóir. Mura maith leat labhairt liom-sa labhair le duine éigin eile agus inis an méid sin dó. Labhair leis an t-é a dhein an gníomh so. Ní duine gan úghdarás a dhein an gníomh so.”
D’imthigh an teachtaire. Ní raibh sé abhfad imthighthe nuair a tháinig an ceathrar céadna úd airís. Do rugadar ar Chaoilte. Bhaineadar an slabhra d’á chom. Sháthadar an púicín anuas ar a cheann agus ar a shúilibh. Do rugadar leó amach é agus síos chun an chuain, agus chuireadar ar bórd loinge é. Bhí an long ag dul go h-Éirinn. Do cuireadh suas na seólta agus do ghluais an long. Nuair a bhí an long tamal amach ar uisge do baineadh an púicín de Chaoilte agus do baineadh an ceangal dh’á lámhaibh. Ansan do shín an captaéin leitir chuige. Sidé a bhí sa leitir:—
“A ‘Dhuinn,’ nó a ‘Chaoilte,’ nó a ‘Chosa Buídhe Árda,’ nó pé ainim n-ar maith leat freagairt dó, tá t’ anam ’á leigint leat an turus so. Mar a deirir, ní’l cogadh idir rígh Lochlan agus Árdrígh Éirean. Ach má feictar sa tír seo airís tú ní feicfear beó thú ’n-a dhiaigh san.”
Do léigh sé an leitir agus chuir sé chuige í. Bhí an captaéin agus é féin, agus an fhuirean, síbhialta go leór le n-a chéile go dtí gur sroiseadh cuan Chorcaighe. Do cuireadh i dtír ag calaith an chuain sin é agus do fágadh ansan é. Bhí a dhóthin daoine muinteartha i gCorcaigh aige. Níor bh’fhada an ríghneas a dhein sé eatartha. D’imthigh sé óthuaidh go Ceann Cora. Níor bh’fhada go bhfeacaidh sé an ríghdhamhna, Murchadh. Thaisbeáin sé an leitir dó, agus d’inis sé an sgéal go léir dó, tríd síos.
Nuair a h-innseadh an sgéal do Mhurchadh ní miste a rádh ná gur cuireadh ag machtnamh é. Cé r’ bh’é an fear a sgríbh an leitir sin a tugadh do Chaoilte? Cé ba bhun le breith ar Chaoilte agus é chur isteach i bprísún? Sin cuid des na ceisteanaibh a bhí ag Murchadh ’á fhiafraighe dhé féin. D’inis Caoilte dhó conus mar a dh’ iar Tadhg Óg ua Cealla air bheith ag faire, ’n-a chuardaibh, feuchaint an bhfaghadh sé aon tuairisg ar an Amhlaoibh úd, an comrádaidhe a bhí ag Tadhg Óg i sgoil Ínse Cathaigh. Nuair airigh sé na ráflaí, thall, i dtaobh an Amhlaoibh a tháinig ó Shitric, ó rígh Lochlanach Átha Cliath, ag triall ar rígh críche Lochlan, gur chuimhnigh sé ar an Amhlaoibh a bhí ar iaraidh agus gur bheartuigh sé i n’ aigne radharc fhághail, dá mb’ fhéidir é, ar theachtaire Shitric, le h-ionachus go mb’ fhéidir gur bh’ é an t-Amhlaoibh céadna é. Gur a d’ iaraidh an radhairc sin a dh’fhághail a bhí sé nuair a cuireadh an púicín air.
“Agus anois cad is dóich leat do’n sgéal, a rígh?” ar seisean le Murchadh.
“Tá raint neithe sa sgéal, a Dhuinn,” arsa Murchadh, “atá soiléir go leór.” (Bhí fhios ag Murchadh cé r’ bh’é Caoilte.) [145] “An fear a dh’órduigh an púicín do chur ort-sa bhí fhios aige cad a bhí uait, gur theastuigh uait radharc fhághail air féin. Bhí fhios aige go n-aithneófá é dá bhfaghfá radharc air. Fuair seisean radharc ort-sa sar ar fhéadais-se radharc fhághail air-sean. Do rugadh ’n-a láthair tu nuair a bhí an púicín ort. D’ fheuch sé go maith ort ansan. Is fear é go bhfuil cómhacht aige. Mura mbéadh go bhfuil ní bhéadh an lucht airm úmhal dó. Tá fhios aige cé ’ra mac tu. Siné cúis nár leig eagla dhó aon anchor a thabhairt duit. Tá an méid sin soiléir go leór. Cad ’n-a thaobh dó a thabhairt le tuisgint duit, agus dúinn go léir, as an leitir seo, go bhfuil aithne mhaith aige ort? Inis an méid seo dhom, a Dhuinn. An raibh aithne ag an Amhlaoibh a bhí i n-Inis Cathaigh ort?”
“Ní raibh, a rígh,” arsa Caoilte.
“Is dóich liom, a Dhuinn, go dtuigim an sgéal, ach b’fhéidir dearmhad a bheith orm,” arsa Murchadh. “Má’s aoinne amháin an dá Amhlaoibh do bhí aithne aige ort, ach cheap sé, agus dob’ fhíor dhó é, go rabhais-se deimhnightheach ná raibh. Ansan do sgríbh sé an leitir sin chun a chur ’n-a luighe ort nár bh’é féin an t-Amhlaoibh go rabhais ar a lorg, mar go raibh aithne mhaith aige féin ort, agus go raibh ’fhios agat féin ná raibh aon aithne ag an Amhlaoibh eile ort. Is cuimhin liom an t-Amhlaoibh a bhíodh ag teacht anso ainíos ó Inis Cathaigh i n-aonfheacht le Tadhg Óg ua Cealla. Mheasas gur bh’ ógánach deagh-chroídheach macánta osgailte é, agus is dóich liom gur bh’ é sin meas gach aoinne air. Is iongantach an sgéal é má bhí doimhneas fill ann lastigh de’n mhacántacht agus de’n osgailteacht go léir. B’fhéidir nár bh’fhearra dhúinn rud a dhéanfaimís ’ná labhairt le Niamh agus an nídh go léir do chur ’n-a cómhairle. Anso thall, feuch, atá sí féin agus a h-athair ’n-a gcómhnuighe,” agus thaisbeáin sé an tigh do Chaoilte.
“An bhfuil Niamh ’n-a cómhnuighe anso, a rígh?” arsa Caoilte, agus do las sé go bun na gcluas. Thug Murchadh fé ndeara an lasadh, ach d’iompuigh sé chómh h-oban san, ag feuchaint ar rud éigin eile, gur mheas Caoilte nár thug.
“Tá sí ’n-a cómhnuíghe anso le tamal maith anois. Tá sé chómh maith agam a dh’innsint duit cad ’n-a thaobh.”
Ansan d’inis sé do Chaoilte an dá fholáramh a thug an Legáid uaidh, agus an sgannra a bhí air féin le h-eagla go ndéanfaí aon iaracht ar nimh a thabhairt do’n Árdrígh; conus [146] nár fhéad sé a aigne chur chun suaimhnis go dtí gur chuir sé fhiachaibh ar Niamh teacht go Ceann Cora.
“Tá,” ar seisean, “eagla agam’ leas-mháthair roime n-a súil. An fhaid a bheidh sí anso ní déanfar aon iaracht ar éagcóir a dhéanamh ar an Árdrígh. Tuigean Niamh cad chuige go bhfuil sí anso, agus geallaim dhuit nach miste do Ghormfhlaith eagla bheith aici roime n-a súil. Ní thuigean aoinne eile sa teighlach, ámh, ach Niamh agus a h-athair, cad chuige go bhfuil sí anso. Tuigean fear frithálmha an rígh go bhfuil sé anso chun aire thabhairt do bhia an rígh, díreach mar is gnáth aire thabhairt do bhia aon rígh. Ní’l fhios aige go bhfuil aon chontabhairt fé leith ar m’ athair. Tá sé chómh maith againn dul agus do sgéal-sa a dh’innsint do Niamh feuchaint a’ ndéarfaidh sí go bhfuil dhá Amhlaoibh ann nó ná fuil.”
Bhuaileadar araon anonn chun an tíghe n-a raibh Niamh agus a h-athair ’n-a gcómhnuighe ann. Chuir Niamh agus a h-athair fáilte rómpa mar ba chóir.
D’inis Caoilte a sgéal di, ó thusach go deire, agus thaisbeáin sé an leitir di.
“Coimeádfad an leitir seo, le nbhúr dtoil,” ar sise, “agus taisbeánfad do Thadhg í. Má ’sé Amhlaoibh Thaidhg a sgríbh í aithneóchaidh Tadhg an sgríbhinn.”
“Ná béadh sé chómh maith agam-sa,” arsa Caoilte, “preabadh siar go h-Uíbh Máine agus an leitir a thaisbeáint láithreach dó?”
“Thar a bhfeacaís riamh,” arsa Murchadh.
D’imthigh Caoilte siar. Thaisbeáin sé an leitir do Thadhg Óg ua Chealla.
“Cé ’s dóich leat a sgríbh an leitir sin, a Thaidhg,” ar seisean.
D’ fheuch Tadhg ar an leitir. Do léigh sé í. Do léigh sé airís í. D’fheuch sé ar Chaoilte.
“Cé is dóich leat a sgríbh í?” arsa Caoilte leis.
“Airiú, cá bh’ fhios dómh-sa cé sgríbh í!” arsa Tadhg. “Ní’l aon phioc d’á fhios agam cé sgríbh í,” ar seisean, “ná cad é an brígh atá léi.”
Do stad Caoilte. Chonaic sé nár aithin Tadhg an sgríbhinn. Bhí sé i gcás ’dir dhá chómhairle cé ’cu ba cheart dó an sgéal go léir a dh’innsint dó nó nár cheart, gan cead ó Mhurchadh nó ó Niamh. Fé dheire thuig sé, ó thaisbeáin sé an leitir, gur cheart dó a dh’innsint cad ’n-a thaobh gur thaisbeáin sé í agus cad é an brígh a bhí léi. D’inis sé an sgéal go léir dó, na ráflaí a dh’ airigh sé thall i dtaobh bháis Bhriain agus i dtaobh an Amhlaoibh a chuaidh anonn ó Áth Cliath, ó Shitric, go rígh Lochlan, agus i dtaobh an teachtaireachta a bhí ag an Amhlaoibh sin do’n rígh thall, ’ghá rádh leis go raibh Gormfhlaith go maith, agus an saidhbhreas a bhí uaithi, go raibh sé fághalta aici. Ansan d’inis sé dhó conus mar a chuaidh sé féin i gcómhngar do ríghtheighlach rígh Lochlan feuchaint a’ bhféadfadh sé radharc fhághail ar an Amhlaoibh úd, agus conus mar a cuireadh an púicín air, agus mar a cuireadh sa phrísún é, agus mar a cuireadh anall go Corcaigh é, agus conus mar a thug an captaéin an leitir dó.
D’éist Tadhg leis an innsint go breagh socair go dtí go raibh an focal deirineach ráidhte. Níor labhair sé ansan féin. D’fhan sé gan labhairt ar feadh tamail mhaith. Nuair a bhí a mhachtnamh déanta aige do labhair sé.
“Cad é an saidhbhreas,” ar seisean, “a bhí ó Ghormfhlaith agus a fuair sí?”
“Siní díreach an cheist nách féidir le Niamh ná le Murchadh ná liom féin do réidhteach,” arsa Caoilte. (Níor mhaith leis trácht ar an gcailís gan cead ó Mhurchadh).
“Raghaidh mé leat soir go Ceann Cora,” arsa Tadhg.
Do ghluais an bheirt soir. D’innseadar nár aithin Tadhg an sgríbhinn.
“Shamhluigheas féin gur mar sin a bhéadh,” arsa Niamh.
“Agus ar neóin,” arsa Caoilte, “is tu a dúbhairt an leitir a thaisbeáint dó.”
“Is mé,” ar sise. “Níor bh’ aon dióbháil í thaisbeáint dó. Ní h-é an t-é do labhair an chaint do sgríbh an leitir. Fuair sé duine eile chun na sgríbhinne dhéanamh.”
Bhí Tadhg ana ghruama. Ní raibh focal ag teacht as ach é ag machtnamh. Bhí an triúr eile ag caitheamh tuairimí chómh maith agus d’fhéadadar é, agus bhí gach aon tuairim d’ár tugadh ag dúnadh isteach, i ndiaigh ar ndiaigh, ’ghá chur ’n-a luighe air gur bh’ aon Amhlaoibh amháin an dá Amhlaoibh. An fhaid a bhí na tuairimí ar siúbhal bhí a lán neithe beaga ag teacht chun cuimhne Thaidhg, neithe beaga nár chuir sé blúire suime ionta nuair a chonaic sé ar dtúis iad, ach gur chuir sé mórán suime anois ionta, agus bhíodar ’ghá thaisbeáint dó go raibh gach aon deabhramh gur bh’ aon Amhlaoibh amháin an dá Amhlaoibh.
Thuig Murchadh gur cheart guid na cailíse d’innsint do Thadhg. Do h-innseadh dó é. Níor bheag san.
“Ó,” ar seisean, “nách mé an t-amadán críochnuighthe! Le feall iseadh ghlac sé an Creideamh. Le feall iseadh ghlac sé na mion-Úird, chun go gcurfaí isteach sa n-érdam é. Ba cheart mé chrochadh mar gheall ar leigint dó a leithéid d’ amadán a dhéanamh díom! Feall ab eadh an cion a bhí aige orm! Ó! Ní chuirfead náire an sgéil díom an dá lá ’s ’n fhaid a mhairfead! Dá mairinn céad ní chuirfinn díom é. A Niamh, caithfir-se agus m’ athair dul siar abhaile.”
“Airiú, a Thaidhg, a laogh,” arsa Niamh, “cad é an gnó atá agat siar dínn? Ná fuil fhios agat cad chuige gur tugadh anso sinn? Cad ’tá chun tu féin a chosg ar aire thabhairt do’n áit thiar?”
“Ní’lim ag dul siar,” ar seisean. [149] “Leanfad an feallaire úd! Bainfead an gealgháire dhé. Ó! An claidhre! An bitheamhnach fill! Leanfad é agus tiocfad suas leis agus bainfead an ceann ó n-a ghuaillibh dé.”
“Go réidh, a Thaidhg,” arsa Murchadh. “Ní’l deimhne ceart i n-aon chor fós againn air gur b’é an t-Amhlaoibh a bhí i n-Inis Cathaigh do sgríbh an leitir sin nó do labhair an chaint atá inti. Dá mbéadh féin ní h-alaidh dhúinn gan feuchaint rómhainn le h-eagla gur bh’ amhlaidh a chuirfimís ar a chumas tuille díobhála dhéanamh dúinn. Má ’sé a dhein an méid díobhála atá déanta ní h-aon dóichín é. Ní foláir cuid d’á ghastacht féin a dh’imirt ’n-a choinnibh. Eirigh-se siar abhaile agus fanadh Niamh agus t’ athair anso. Ní gan fáth a cuireadh amach, thall i gcrích Lochlan, an ráfla úd i dtaobh bháis an Árdrígh. Do cuireadh amach an ráfla i dtreó go mbéadh daoine ag dul i dtaithighe an sgéil agus nuair a thiocfadh an tásg ná déanfaí iomad iongnadh dhé. Do cuireadh amach an ráfla le cúir eile, leis. Do cuireadh amach é mar chómhartha, ’ghá rádh le rígh Lochlan ‘Lean de’n ollmhúchán chómh dian agus fhéadfair é. Ní fheadaraís cad é an neómat a gheóbhadh Brian bás. Bí ollamh.’ Sé sin le rádh, ‘Cuirfimíd chun báis é chómh luath agus is féidir é, ach bídhidh-se ollamh!’ Siné brígh atá leis na ráflaíbh.”
“Gabhaim párdún agat, a rígh,” arsa Tadhg le Murchadh, “ach má tá daoine anso againn atá chómh ceapaithe sin ar an Árdrígh do chur chun báis cad ’n-a thaobh ná beirtear láithreach ortha agus a ndroch bhearta do chur ’n-a leith agus iad do chur chun báis! Cad chuige bheith ag feitheam go dtí go mbeidh an droch bheart déanta acu? Cad é an leigheas ar an ndroch bheart an cuirptheach do chur chun báis nuair a bheidh an droch bheart déanta?”
“Is fíor dhuit, a Thaidhg,” arsa Murchadh, [150] “gur shuarach an leigheas ar dhroch bheart an cuirptheach do chur chun báis nuair a bhéadh an droch bheart déanta. Ní h-amhlaidh atáthar ag feitheamh go dtí go ndéanfaidh an cuirptheach an droch beart. Is amhlaidh atáimíd ag déanamh ár ndíchil chun an chuirpthigh do chosg ar an ndroch bheart a dhéanamh. Ní féidir cuirptheach do chur chun báis, pé droch amhras a bhéadh agat air, go dtí go mbéadh droch ghníomh éigin agat le cur ’n-a leith. Mura mbéadh droch ghníomh agat le cur n-a leith cad a bhéadh agat le déanamh ach tu féin a chosaint air? Siné atá againn ’á dhéanamh, a Thaidhg. Táimíd ’ghár gcosaint féin ar an gcuirptheach. Eirigh-se siar abhaile, a Thaidhg, agus ná leig ort le h-aoinne aon nídh i dtaobh na cainte seo atá déanta anso againn indiu. Ná bíodh aon eagal ort ná go dtabharfad-sa caoi dhuit, nuair a thiocfaidh an t-am chuige, ar t’aigne shásamh ar an bhfeallaire.”
“Tá go maith, a rígh,” arsa Tadhg. “Tá t’ fhocal agam chuige sin agus táim sásta. Tiocfaidh mo lá.”
Agus d’imthigh sé abhaile.
Nuair a bhí Tadhg Óg ua Cealla imthighthe do labhair Murchadh le Caoilte.
“A Dhuinn,” ar seisean, [151] “pé h-é an t-Amhlaoibh do sgríbh an leitir sin, nó do labhair an chaint atá intí, tá botún mór déanta aige. D’á ghastacht é tá dearmhad déanta aige. Bainfead-sa geit as pé h-é féin. Imthigh ag triall ar Dhúlainn Óg agus abair leis buidhean d’fhearaibh tobhtha do chur le chéile gan mhaill agus tar chúgham anso chómh luath agus bheid siad ollamh aige.”
D’imthigh Caoilte.
“Cad a mheasan tú a dhéanamh, a rígh?” arsa Niamh.
“Raghad go h-Áth Cliath, a Niamh,” ar seisean, “agus labharfad le Sitric. Béarfad teachtaireacht ag triall air ó’n Árdrígh. Táid Lochlanaigh Átha Cliath, agus Sitric leó, fé smacht an Árdrígh. Taisbeánfad an leitir sin do Shitric. Tá síthcháin idir Éirinn agus tír Lochlan. Ó ’tá an tsíthcháin sin ann tá saor chead chun gnóthaí ceannaigheachta idir an dá thír, agus tá fhiachaibh ar gach tír acu cosnamh dlíghe a thabhairt dos na ceannaighthibh a thagan ó’n dtír eile. Tá an cosnamh san againne ’á thabhairt dos na ceannaighthibh Lochlanacha a thagan go h-Éirinn. Tá geallamhaint againn ó rígh Lochlan go dtabharfaí an cosnamh céadna do cheannaighthibh Gaedhlacha dá dtéidís anonn go Danmharg ag déanamh aon ghnótha ceannaigheachta ann. Chuaidh ceannaighe Gaedhlach anonn le déanaighe. Bhí sé ag déanamh a ghnótha, gan aon chur isteach aige ’á dhéanamh ar ghnó aon duine eile, agus gan briseadh ná milleadh dhéanamh ar aon dlígh de dhlighthibh na tíre sin. Tháinig ceathrar lucht airm, de lucht airm na tíre, agus do rugadar air, gan chúis gan adhbhar, agus chuireadar i bprísún é, agus do coimeádadh sa phrísun é breis agus seachtmhain. Caithfear sásamh a dh’fhághail ó rígh Lochlan as an ngníomh san. Caithfear an ceart céadna a tugtar do cheannaighthibh Lochlanacha i n-Éirinn do chur i n-áirighthe do cheannaighthibh Gaedhlacha thall i gcrích Lochlan. Ar sgáth na h-oibre sin, caithfear a dhéanamh amach má ’s féidir é, an bhfuil an dá Amhlaoibh ann, nó an é an t-Amhlaoibh a bhí anso againn atá anois ’n-a theachtaire idir Shitric agus an rígh thall.”
Le n-a linn sin tháinig Caoilte thar n-ais.
“Tá Dúlainn agus na fir ollamh, a rígh,” ar seisean.
“Tá go maith, a Dhuinn,” arsa Murchadh. “Tiocfair-se linn.”
“Cathin a gheóbhmíd aon sgéala uaibh, a rígh?” arsa Niamh.
“An túisge ’n-a mbeidh aon nídh le h-innsint gur fiú é é dh’innsint curfar teachtaire thar n-ais chúghat, a Niamh,” arsa Murchadh. “Ní gádh dhom a rádh leat aire mhaith a thabhairt dom’ leas-mhathair.”
“Ná bíodh ceist ort, a rígh,” ar sise. “Tabharfad aire mhaith dhi. Ní chuirfidh sí cor di a gan fhios dom. Táimíd go h-ana mhór le n-a chéile. Ach tá fhios aici, is dóich liom, cad é an gnó atá anso agam, agus tá sí ag déanamh a díchil chun a thaisbeáint dúinn go léir gur dearmhad mór dúinn aon droch amhras a bheith againn uirthi. Tá an dícheal san ’ghá coimeád ar fad ó aon nídh a dhéanamh a chabhróch’ leis an ndroch amhras. Beidh m’aigne féin ana mhí-shásta, a rígh,” ar sise, “go dtí go mbeidh ’fhios agam cé h-é an t-Amhlaoibh seo, nó an aon Amhlaoibh amháin an dá Amhlaoibh.”
“Curfar chúghat an t-eólus, a Niamh,” arsa Murchadh, “chómh luath i n-Éirinn agus bheidh an t-eólus againn le cur chúghat.”
D’imthigh Murchadh agus Caoilte amach chun na h-áite ’n-a raibh Dúlainn agus na fir ag feitheamh leó. Ar marcaigheacht a bhíodar le h-imtheacht. Marcaigh mhaithe ab eadh iad go léir. Marcach áluinn ab eadh Murchadh agus marcach áluinn ab eadh Dúlainn. Ach ní raibh aon bhreith ag aoinne de’n bheirt, ná ag aon fhear i n-Éirinn an uair sin, agus M’lsheachlainn Mór féin do chur chuige, ar Chaoilte, chun capail a mharcaigheacht. An stail ba mhó agus ba threise agus ba thréine dob’ fhéidir a dh’fhághail, agus é bheith ag imtheacht fiain, gan lámh duine do dhul ar a cheann go dtí go mbéadh sé i n-aois a sheacht mblian, do léimfeadh Caoilte ar a mhuin, gan srian gan ialait, agus dhéanfadh sé é mharcaigheacht treasna na dútha go dtí go mbéadh an stail sin chómh mín le h-uan caoirach aige. Bhí Caoilte cúmtha chun na marcaigheachta chómh maith díreach agus bhí sé cúmtha chun an reatha. Bhí an neart agus an fuinneamh go léir agus an [153] bhreis bheagh fhaid ins na cosaibh aige. Aon chapal a geobhfaí idir an dá chois sin ní raibh aon bhreith aige, pé léimreach a dhéanfadh sé ná pé casadh a bhainfeadh sé as féin, ar dhul ó n-a ngreim. Ní fhéadfadh sé an marcach a chur dé ach le h-é féin d’iomlasg ar an dtalamh. An túisge ’n-a gcuirfeadh an capal chun luighte bhéadh an marcach ’n-a sheasamh i n’ aice, agus ansan, an túisge ’n-a mbéadh an capal ar a chosaibh airís bhéadh an marcach ar a mhuin airís. Níor bheag de radharc, uaireanta, bheith ag feuchaint air féin agus ar chapal óg fhiain ag iomaigh le chéile go dtí go caitheadh an capal géilleadh dhó sa deire.
Do ghluais an dírim marcach ó Cheann Cora agus thugadar aghaidh soir óthuaidh ar Theamhair. Ba sheólta an ghluaiseacht acu é, fan an bhóthair áluinn a bhí go breagh leathan, leibhéalta, réidh, an bóthar a deineadh le h-órdughadh Bhriain, ó Cheann Cora go Teamhair.
Tímpal deich míle soir óthuaidh ó Cheann Cora bhí buachail ag aeireacht bhó ar an dtaobh thuaidh de’n bhóthar. D’ airigh sé, abhfad siar ódheas uaidh, mar a bhéadh séideadh beag gaoithe tré chrannaibh. Do neartuigh ar an séideadh i dtreó gur mheas an buachail gur stoirm a bhí ag teacht. Ansan do neartuigh ar an séideadh i dtreó gur mheas an buachail nár shéideadh a bhí ann ach fuaim uisge ag gabháil le fánaigh gleanna. Ansan d’airigh sé mar a bhéadh brúth agus meilt agus fuadar cuisidheachta, agus do ghluais an marc-shluagh chuige amach ó sgáth na coille a bhí ar thaobh an bhóthair agus a bhí ’ghá gclúdach uaidh go dtí san. Thánadar i n’ aice agus ghluaiseadar thairis, agus an fhaid a bhíodar ag gabháil thairis shamhluigh sé go raibh an talamh ag bogadh agus ag luasgadh agus ag crith fé n-a chosaibh le neart agus le brúth agus le fuinneamh a ngluaiseachta agus iad ag imtheacht mar imtheóch’ an tsídhe gaoithe, agus an ceó-bóthair ag eirighe ’n-a ndiaigh, agus suip agus bileóga feóchta d’á séideadh suas [154] agus d’á gcasadh agus d’á sguabadh chun siúbhail, leis an ngaoith a tháinig ó’n ngluaiseacht. D’imthíghdar thairis agus chuaidh an ceó ’n-a shúilibh agus bhí an fothram ’n-a chluasaibh, agus nuair fhéad sé a shúile do ghlanadh agus feuchaint airís ortha, bhíodar ag imtheacht soir óthuaidh as a radharc agus bhí an fothram ag maolughadh. Do mhaoluigh an fothram go dtí ná raibh ann ach mar a bhéadh fuaim uisge. Do mhaoluigh sé ansan go dtí ná raibh ann ach mar a bhéadh séideadh gaoithe tré chrannaibh. Ansan do mhaoluigh sé go dtí ná h-airigheadh an buachail ach puth beag anois agus airís dé. Ansan bhí sé imthighthe. Do cuireadh a leithéid de sgárd i gcroídhe an bhuachala gur fhan sé ar an áit sin gan coruighe as ar feadh abhfad.
Deich mbliana agus dachad ’n-a dhiaigh san, nuair a bhí an buachail sin ’n-a sheanduine, bhíodh sé ’n-a sheasamh ar an áit gcéadna go minic agus d’airigheadh sé an tsídhe gaoithe ag tusnughadh thiar theas, mar ar thusnuigh an séideadh gaoithe an uair sin, agus thagadh an tsídhe gaoithe chuige aniar andeas le fuinneamh, agus do sguabadh sí thairis soir óthuaidh ag déanamh ceó-bóthair agus ag sgaipeadh na sop, agus bhíodh sé daingean i n’ aigne gur bh’é Murchadh agus a mharc-shluagh a bhíodh ann! Bhíodar go léir ar shluagh na marbh, an uair sin.
Ach tháinig Murchadh agus a mharc-shluagh go Teamhair. Chuir sé teachtaire isteach ag triall ar Mh’lsheachlainn ’ghá rádh leis gur mhaith leis raint cainte dhéanamh leis. Tháinig M’lsheachlainn amach agus chuir sé míle fáilte roim Mhurchadh agus rómpa go léir. Do rug sé leis isteach iad agus dhéin sé cúram mór díobh. Do cuireadh cóir bídh agus díghe ortha. Ar ball d’inis Murchadh do Mh’lsheachlainn cad a thug é. Gur cuireadh duine de cheannaighthibh na h-Éirean i bprísún, thall i bpríomh-chathair tíre Lochlan, gan chúis gan adhbhar. Ansan thaisbeáin sé an leitir.
“Táim ceapaithe, a rígh,” ar seisean, [155] “ar dhul soir go h-Áth Cliath agus ar labhairt le Sitric, ó ’sé rígh Lochlanach Átha Cliath é, agus ar a fhiafraighe dhé an bhfuil aon eólus aige ar an t-é is bun leis an ngníomh éagcórtha so do dhéanamh orainn. Dá leigimís leó an gníomh so gan gearán a dhéanamh mar gheall air níor bh’ fhada, b’fhéidir, go ndéanfaí gníomh eile a bhéadh níba mheasa ’ná é. Is lag an bheart dúinne a rádh go mbéadh díon agus cosnamh againn ’á thabhairt do cheannaighthibh Lochlanacha i n-Éirinn, agus ná cuirfimís díon ná cosnamh i n-áirighthe do cheannaighthibh Gaedhlacha thall i dtír Lochlan.”
“Agus cá bhfuil an ceannaighe Gaedhlach do cuireadh i bprísún, a rígh?” arsa M’lsheachlainn.
“Má séantar an gníomh, a rígh,” arsa Murchadh, “beidh an ceannaighe le fághail.”
“An amhlaidh ba mhaith leat mise dhul leat go h-Áth Cliath, a rígh?” arsa M’lsheachlainn.
“Dá mb’ é do thoil teacht linn, a rígh,” arsa Murchadh, “ba dhian mhaith an rud é. Thabharfadh sé le tuisgint do Shitric, agus tré Shitric do rígh Lochlan thall, agus dos na Lochlanaigh go léir, go bhfuilimíd ar aon aigne sa sgéal. Do chuirfeadh san eagla ar an t-é dhein an gníomh pé h-é féin.”
“Tá go maith, a rígh,” arsa M’lsheachlainn. “Raghad-sa libh.”
Bhí dhá bhuidhean acu ann ansan agus iad ag tabhairt aghaidh ar Áth Cliath. Ní raibh i mBaile Átha Cliath an uair sin ach cathair ana bheag. Bhí an féar glas ag fás go saidhbhir ar fhormhór an tailimh atá fé thighthibh móra agus fé shráideanaibh breaghtha fada leathana anois. Níor dheacair ríghtheighlach Shitric a dhéanamh amach. Thug an dá bhuidhean aghaidh ar an ríghtheighlach. Do chonacthas ag teacht iad. Bhí Sitric agus Amhlaoibh thuas i bhfinneóig. Chonacadar an dá bhuidhean ag teacht chun an ríghtheighlaigh. D’ aithnighdar Murchadh agus [156] M’lsheachlainn. D’ aithin Amhlaoibh Caoilte. Do rith Amhlaoibh agus chuaidh sé i bhfolach.
“Ná leig ort go bhfuil aon phioc eóluis agat, a rígh, ar cá bhfuilim-se ná an bhfuilim beó nó marbh,” ar seisean le Sitric.
Chuaidh Sitric amach ag cur fáilte roim Mh’lsheachlainn agus roim Mhurchadh. Do tugadh isteach iad féin agus na h-uaisle a bhí i n-aonfheacht leó, agus do cuireadh gach aon chóir ortha. Ar ball d’inis Murchadh cad a thug é. Bhí ana chathughadh ar Shitric nuair a h-innseadh dó an éagcóir a deineadh ar an gceannaighe Gaedhlach thall i gCathair na Beirbe.
“Ó,” ar seisean, “cuirfead-sa teachtaire anonn ’ghá innsint do’n rígh gur deineadh an éagcóir sin, agus déanfar an uile shaghas deimhne agus uruidheachta air nách baoghal go dtabharfar aon chaoi d’aoinne ar a leithéid a dhéanamh airís.”
“Tá san maith go leór, a rígh,” arsa Murchadh, “ach ní dhéanfaidh san an gnó anois. Tá órdughadh agam-sa ó’n Árdrígh, má tá an fear a dhein an gníomh san i n-Éirinn anois, lucht cuardaigh do chur amach chun beirthe air agus chun é thabhairt chun lámha. Ar mhaithe leis an dá thír, le h-Éirinn, agus le tír Lochlan, ní foláir an fear a dhein an gníomh san do chur chun báis. Is bíodhba báis do’n rígh é, mar do thóg sé chuige féin an t-ughdarás a bhainean leis an rígh. Is bíodhba báis do mhuintir na h-Éirean é, mar do dhein sé gníomh i gcoinnibh anama fir Éireanaigh. Is bíodhba báis é do Lochlanaigh, i n-Éirinn nó i n-aon tír eile, mar do dhein sé gníomh a chuirfidh fhiachaibh ar lucht gach tíre eirighe ’n-a gcoinnibh, mura ndeintear an gníomh a dh’ agairt, agus san go luath, ar an t-é a dhein an gníomh. Ar mhaithe linn go léir, a rígh,” arsa Murchadh, [157] “ní foláir dómh-sa a bheith ar mo chumas a rádh leis an Árdrígh nuair a raghad abhaile, go bhfuil do bhriathar rígh agam uait-se chuige go ndéanfair féin do dhícheal, agus go ndéanfaidh rígh Lochlan a dhícheal, ar theacht suas leis an gcuirptheach a dhein an gníomh san agus é thabhairt chun lámha agus an bás atá tuillte aige dh’imirt air.”
“Asdó, b’ fhéidir, a rígh,” arsa Sitric, “ná féadfadh ár ndícheal teacht suas leis.”
“Ní duine suarach é, a rígh,” arsa Murchadh. “Ní fhéadfadh aon duine suarach an gníomh a dhein sé do dhéanamh. Ní bhéadh lucht airm an rígh úmhal do dhuine shuarach. An fear gur dhein lucht airm an rígh rud air, mar a dheineadar air siúd, ní ró fhuiriste dhó dul i bhfolach ó ríogra na tíre.”
“Ní fheadar an domhan, a rígh,” arsa Sitric. “Ní’l agam-sa le déanamh ach mo bhriathar rígh a thabhairt duit go ndéanfad mo dhícheal ar é thabhairt chun lámha, agus go n-iarfad ar rígh Lochlan a dhícheal a dhéanamh, leis, chuige. Isé ár mbuac go léir, aon fhear a mhillfidh ár smacht, é thabhairt chun lámha chómh luath agus is féidir é.”
Nuair a bhí an méid sin cainte déanta eatartha, d’fhág Murchadh agus M’lsheachlainn slán ag Sitric agus thánadar uaidh. Bhí Amhlaoibh i bhfolach agus é ag éisteacht leis an gcaint. Nuair a bhí an dá bhuidhean imthighthe tháinig sé amach, agus bhí a lán cainte idir é féin agus Sitric feuchaint conus fhéadfaidís teacht as an gcruadh-chás ’n-a rabhdar mar gheall ar an ngníomh a dhein Amhlaoibh.
“Déanfaidh an t-annsgian san, Murchadh, díobháil dúinn, a rígh,” arsa Sitric. [158] “Ní maith a dheinis é an fear do chur sa phrísún. B’fhearr sgaoileadh leis agus faire do choimeád air.”
“Siné díreach a dhéanfainn mura mbéadh a fhios a bheith agam go n-aithneóch’ sé mé dá bhfaghadh sé radharc orm,” arsa Amhlaoibh. “Is dóich leó i gCeann Cora go bhfuilim marbh. Ní’l aon phioc d’á fhios acu cé r’ bh’é Amhlaoibh ná an bhfuil sé beó. Dá bhfaghadh an fear úd na gcos radharc orm do neósfadh sé dhóibh cá bhfeacaidh sé mé. Tá aithne aige orm, ach is dóich leis ná fuil aon aithne agam-sa air féin. Siné ball ’n-a bhfuil an dearmhad air. D’ aithnigheas an peidléir thall chómh luath agus do leigeas mo shúil air. Dá bhfeiceadh sé mé sar a bhfeaca-sa é, agus go n-imtheóch’ sé gan mé ’ghá fheisgint, d’imtheóch’ sé abhaile láithreach agus do neósfadh sé dhóibh i n-Inis Cathaigh agus i gCeann Cora go bhfeacaidh sé mé, agus cá bhfeacaidh sé mé. Ansan do bhéadh ’fhios acu go léir cé thóg an chailís. Chonaic Colla mé i gCeann Cora an lá fhágas an áit. Do curfaí so agus súd le chéile agus bhéadh ’fhios acu go léir cad é an gnó a bhí agam i gCeann Cora an lá san. Thabharfaidís tuairim do cá bhfuil an chailís anois. Chaithfeadh do mháthair teitheadh le n-a h-anam as an áit.”
“Mo mháthair!” arsa Sitric.
“Ár máthair, má seadh,” arsa Amhlaoibh. “Ní beag di a bhfuil le fulang aici eatartha. Is fearr gan a thuille eóluis a thabhairt dóibh. Is dóich leó go bhfuil an chailís imthighthe thar faraige. Ní féidir d’ár máthair cor a chur di, do ló ná d’ oídhche, a gan fhios dóibh, tá an faire chómh géar san uirthi. Dá bhfaighinn-se mo thoil ní raghadh fear na gcos thar n-ais ag triall ortha. Bhí eagal ar an rígh, dá dtugtí aon anchor dó go dtiocfadh cogadh as, agus gan sinn ollamh fós, dar leis.”
“Cad é an neart atá ollamh aige?”
“Tá ocht míle fear ollamh aige, i n-arm ’s i n-éide. Dá nglaoidhtí amáireach air d’fhéadfadh sé dhá mhíle fear eile do chur leis an ocht míle sin. Ní dóich leis go bhfuilimíd laeth láidir ár ndóthin. Tá sgannradh Ghleanna Mháma fós air,” arsa Amhlaoibh.
“Ní h-aon iongnadh go mbéadh,” arsa Sitric. “Dhein Clann Chais obair uathbhásach an lá san.”
“Bainfear móráil an lae sin díobh nuair a thiocfaidh an lá atá ’n-a gcóir againn,” arsa Amhlaoibh.
“Bainfear,” arsa Sitric. “Ach is fearr feuchaint rómhainn agus sinn féin d’ ollamhughadh i gceart. Cad é an neart eile, nó na nirt eile, atá ollamh, nó ag ollamhughadh, i n-éaghmuis nirt rígh Lochlan agus ár neart féin i n-Éirinn anso?”
“Tá neart d’á ollamhughadh ar oileán Mhanain,” arsa Amhlaoibh, “agus ní neart suarach é. Tá chúig céad déag fear ann, ollamh aon lá glaodhfar ortha. Ní’l oileán des na h-oileánaibh atá lastiar d’ Albain gan míle nó cúpla míle fear ollamh ann. Is dóich liom go bhfuil trí mhíle fear ollamh ar oileán Sgathaigh.”
“Tá san maith go leór, a rígh, ach an bhfuil aon eólus cruinn agat ar an ollmhúchán atá ag Brian ’á dhéanamh?” arsa Sitric.
“Ambriathar go bhfuil,” arsa Amhlaoibh. “Ní’l aon mhíogarnach ar Bhrian. Tá sé ’ghá ollamhughadh féin chómh tréan agus d’fhéadfadh sé bheith ’ghá ollamhughadh féin dá mbéadh fios ár n-aigne aige chómh cruinn agus ’tá againn féin. Dá mbéadh sé deich mbliana níos óige ’ná mar atá sé bhéadh sé fuar againn bheith ag brath ar aon lámh uachtair a dh’fhághail air. Ach tá sé ana aosta. Ní fios cad é an neómat a shínfidh sé a chosa. Ansan má bhímíd ollamh beidh gach aon rud ar ár dtoil againn.”
“Mheasas,” arsa Sitric, “go raibh congnamh aige le fághail chun iad a shíneadh.”
“Is deacair an congnamh a thabhairt dó, tá an faire chómh dlúth san,” arsa Amlaoibh. [160] “Tá inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla sa n-áit i gcómhnuighe agus ní féidir aon nídh a dhéanamh a gan fhios di.”
“Airighim a lán daoine ag teacht tháirsi sin ’ghá rádh gur cailín ana bhreagh í. Cad é an saghas í?”
“Droch shaghas,” arsa Amhlaoibh. “Tá sí dathamhail, deabhraightheach, áluinn go maith. Déarfainn gur b’ í an bhean is áilne i n-Éirinn í, lasmuich de’n Árdrígain. Ach tá sí go h-olc.”
“Ní h-é sin adeirtear,” arsa Sitric. “Isé rud atá i mbéalaibh daoine ’n-a taobh ’ná go bhfuil áilneacht a pearsan thar na beartaibh agus gur bhuaidh uaisleacht a h-aigne agus a méinne ar áilneacht a pearsan.”
“Ná creid focal dé,” arsa Amlaoibh. “Creid a mhalairt. An chéad uair riamh a chonac í do chonac go raibh sí go h-olc. Droch shaghas iseadh í. Deirim leat é.”
“Cad é an saghas a dritháir?” arsa Sitric. “Deir gach aoinne go raibh ana chion aige féin agus ag Amhlaoibh ar a chéile; an t-Amhlaoibh úd a cailleadh nó d’imthigh amú. Deirtear go raibh sé ag briseadh a chroídhe ag gol i ndiaigh Amhlaoibh.”
“Ó, cúis gháire chúgainn! An fear bocht. Ní’l ann ach leath-amadán,” arsa Amhlaoibh. [161] “Bhíodh ana spórt agam air uaireanta. Ní leiginn m’ aigne chuige, ámhthach. Bhíomair thuas i gCeann Cora lá agus bhí cleasaidheacht ar siúbhal ann Bhain sé an cos de mharcach bréige ann le buille thuaigh. Do leigeas féin orm nár fhéadas an cleas a dhéanamh. ’Níor thugais a cheart féin do’n fhaobhar,’ ar seisean liom. Amadán iseadh é, a rígh. Ní miste fear láidir a thabhairt ar Mhurchadh, ámhthach. Ní dóich liom gur bhuail riamh fós umam fear chómh láidir le Murchadh. Deirtear gur treise d’fhear é ’ná a athair an lá is fearr a bhí a athair. Is iongantach an fear é. Ní fhéadfá do shúile thógaint dé dá bhfeicfeá ag déanamh na lúthchleas é. Ní’l aon teóra leis an neart atá suidhte ins gach ball d’á bhallaibh.”
“Tá súil agam ná buailfead uime sa chath so atá le teacht lá éigin,” arsa Sitric. “Ach feuch, a Amhlaoibh. Tá an sgéal go h-olc agat-sa.”
“Conus san airiú!”
“Caithfear an ceann a bhaint díot.”
“Ó, tuigim,” arsa Amhlaoibh. “Agus tá do bhriathar rígh tabhartha agat-sa do Mhurchadh agus do Bhrian go ndéanfair do dhícheal chun an cinn a bhaint díom. Nách símplídhe na daoine iad! Ach ar ndó, táim féin chómh símplídhe le h-aoinne acu. Dá mb’áil liom-sa an ceann a bhaint d’ fhear na gcos nuair a bhí greim agam air ní bhéadh an ceann le baint díom féin anois, agus ní bhéadh do bhriathar rígh tabhartha uait agat-sa chuige. Ach sin mar imthíghean i gcómhnuighe ar an nduine ná bainean an ceann d’á namhaid nuair a gheibhean sé an lom air. Gheóbhaidh an namhaid sin lom air féin agus bainfidh sé an ceann dé.”
“An neósfair do’n rígh gur tháinig M’lsheachlainn agus Murchadh anso?” arsa Sitric.
“Imtheóchad soir láithreach agus neósfad an uile fhocal dé dhó, agus neósfad dó go dtáinig fear na gcos anso i n-aonfheacht leó, agus ná tiocfadh d’á mb’áil leis an rígh leigint dómh-sa an ceann a bhaint dé i n-inead an phúicín a chur air,” arsa Amhlaoibh. “Chuirfinn-se púicín air a chuirfeadh deire le n-a chuid spiaireachta. Ach ní h-aon mhaith bheith ag caint anois air mar sgéal. An ceannaighe! An peidléir! Is deas an obair bheith ag tabhairt ceart ceannaigheachta d’á leithéid sin! Ceart spiaireachta atá tugaithe dhó!”
“Agus go mór mór ó’s duine tusa ná déanfadh spiaireacht i n-aon chor! Ba lag leat a leithéid a dhéanamh!” arsa Sitric.
“Cuir uait an magadh, a rígh,” arsa Amhlaoibh. [162] “Ní cúrsaí magaidh é. Déanfaidh Donn mac Beathach díobháil fós dúinn, agus ní dhéanfadh dá ndeintí rud orm-sa nuair a bhí greim againn air. Ach é chur anall abhaile ’n-a shaoghal agus ’n-a shláinte! Ní féidir liom foidhneamh leis mar sgéal nuair a chuimhnighim air!”
Do sgar an bheirt. D’imthigh Amhlaoibh anonn go ríghtheighlach rígh Lochlan agus d’inis sé dhó gach nídh i dtaobh teacht Mhurchadh agus Mh’lsheachlainn go h-Áth Cliath, fé mar a dúbhairt sé go neósfadh.
“Tá go maith,” arsa’n rígh. “Is fearr go mór an sgéal a bheith mar atá sé ’ná é bheith mar a bhéadh sé dá gcurtí an fear úd chun báis. Dá gcurtí chun báis é ní bhéadh Lochlanach beó i n-Éirinn um an dtaca so ach an méid acu do cuirfeadh iad féin go daingean fé smacht Bhriain. Ní fhéadfaimís-ne cosg do chur le n-ár ndaoine féin anso. Do caithfí iad do ghleusadh agus do chur ar loingeas agus iad do breith go h-Éirinn chun díoltais a dhéanamh ar Bhrian agus ar Ghaedhlaibh Éirean mar gheall ar mharbhughadh a gcine. Ní bhéadh ach dithineas agus droch ollamhughadh sa n-obair. Ní raghadh ár neart go h-Éirinn i n-aonfheacht. ’N-a mbuidhnibh fé leith iseadh do shroisfidís Éire. Ansan do mharbhóch’ Brian iad ’n-a mbuidhnibh fé leith. Is fearr go mór an sgéal a bheith mar atá sé. Beidh uain againn ar thuille nirt do chur le chéile. Agus feuch, a Amhlaoibh, a mhic ó,” ar seisean, “beidh uain ag Brian ar bhás a dh’ fhághail,———má tá aon aidhm aige ar bhás a dh’ fhághail i n-aon chor!”
D’fhan an sgéal mar sin agus do ghluais an t-ollmhúchán ar aghaidh, ins gach aon pháirt de chrích Lochlan agus ins gach aon pháirt d’ oileán na h-Éirean, go mór mór ins na h-áiteanaibh a bhí dílis do Bhrian.
An fhaid a bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal mór-thímpal na h-Éirean bhí aghaidh na h-Éirean ar Cheann Cora. Ní raibh lá gan priúnsa éigin, nó buidhean éigin d’uaislibh nó de mhaithibh móra, ó cheanntar éigin de’n tír, ag teacht go ríghtheighlach Bhriain, a d’iaraidh cómhairle, nó ag socarughadh cúise, nó ’ghá fhiafraighe an ’mó fear a bhéadh ortha do chur le chéile i gcóir an chogaidh a thuig gach aoinne a bhí ag teacht. Deiridís go léir, nuair a bhídís ag imtheacht, ná raibh riamh i n-Éirinn rígh chómh mór gradam le Brian; ná raibh riamh i n-Éirinn ríghtheighlach chómh greanta le ríghtheighlach Bhriain; ná raibh riamh i n-Éirinn, ná i n-aon tír eile, fir chómh h-uasal, chómh cródha, chómh tréan i gcath le Clainn Chais.
Ansan deiridís go léir, d’á áilneacht agus d’á nósmhaireacht agus d’á uaisleacht ar gach aon tsaghas cuma, an ríghtheighlach agus a raibh ann, gur chuir an Bhanríghin agus Niamh, ar an ngradam agus ar an uaisleacht agus ar an saidhbhreas agus ar an bhflúirse agus ar an rabairne, maise ná béadh ortha i n-aon chor mura mbéadh an bheirt sin a bheith sa n-áit.
Gan amhras dob’ áluinn an bheirt iad; agus ní aithneóch’ aoinne do thiocfadh ann mar sin ar chuaird ná go raibh caradas idir an mbeirt. Is ar éigin ba dhóich le duine a thuigeadh Niamh féin uaireanta go raibh aon nídh eatartha ach caradas, bhíodh Gormfhlaith chómh caoin chómh cneasda chómh grádhmhar san léi. Bhíodh an t-Aifrean gach aon mhaidion, ag Maolshuathain, i n-eaglais an ríghtheighlaigh, agus bhíodh Gormfhlaith agus Niamh ag an Aifrean coitchianta. Do chítí go minic i gcaitheamh an lae an bheirt i bhfochair a chéile, ag caint agus ag cómhrádh go soilbhir agus go suairc agus go [164] sultmhar, i dtreó ná bíodh aon phioc d’ á chuimhneamh ag aoinne ná raibh fios bunús an sgéil aige, go raibh aon nídh idir an mbeirt ach caradas fírinneach. Ní raibh fios bunús an sgéil ag Maolshuathain. Do tuigeadh gur bh’fhearr an sgéal a choimeád uaidh i dtreó ná taisbeánfadh sé aon sgáthamhlacht ’n-a chaint ná ’n-a chuideachtanas leis an Árdrígh ná leis an Árdrígain. Ach bhíodh iongnadh mhór air nuair a thagadh Niamh chuige chómh minic roimis an Aifrean, ar maidin, agus nuair a dh’iaradh sí chómh dian chómh dlúth air a guidhe do chur suas chun Dé sa Naomh Ídhbirt.
Bhí an aimsir ag gluaiseacht ar an gcuma san. Cómhacht Bhriain ag neartughadh ins gach aon bhall istigh i n-oileán na h-Éirean, agus cómhacht Lochlan ag neartughadh ins gach aon bhall lasmuich d’ oileán na h-Éirean. Na buidheana ins na daingeanaibh ag déanamh taithíghe des na h-armaibh agus ag leanmhaint ar an dtaithíghe chómh díchealach agus ba cheart d’fhearaibh ná feidir cad é an neómat a chaithfidís na h-airm sin do láimhsiáil i gcoímhsgar machaire chun iad féin a chosaint ar namhdaibh fíochmhara fuilteacha, mar a dhein cuid acu go minic cheana. Na ríghthe agus na h-uaisle ar fuid na tíre ag cur a mbuidheana féin le chéile, ’ghá múineadh agus ’ghá ngleusadh agus ag méadughadh a neart, ag toghadh na bhfear ab fhearr agus ag cur na n-iarmharán i leith taoibh. An gabha, Meargach, ag obair go dian, na ceardaighthe dob’ fhearr le fághail aige, na teinte ar lasadh agus na builg ag séideadh aige, do ló agus d’oídhche, agus gan ar a chumas na h-airm a dhéanamh chómh tiugh agus bhí glaodhach agus ceannach ortha, bhí a leithéid sin d’ airc ar gach aon rud i bhfuirm fir chun arm a bheith n-a láimh aige. Bhí Tadhg Mór ua Cealla i gCeann Cora, ach má bhí, bhí Tadhg Óg thiar sa bhaile, agus ní baoghal ná gur ghleus sé neart Uíbh Máine chómh maith díreach agus dhéanfadh Tadhg Mór féin dá mbéadh sé thiar.
Is amhlaidh a bhí faire agus formad agus iomarbháigh idir na ríghthibh agus idir na cineachaibh, feuchaint cé b’ fhearr a dhéanfadh an t-ollmhúchán, agus cé r’ bh’ iad an bhuidhean dob’ fhearr a bhéadh gleusta agus ba mhó do thaisbeánfadh neart nuair a thiocfadh an ghlaodh.
Bhí an feall a thuig sé a bhí déanta ag Amhlaoibh air ag déanamh ana bhuartha do Thadhg Óg ua Chealla. Nuair a chuimhnigheadh sé ar an bhfeall san do choruigheadh a chuid fola agus thagadh allus teith tré n-a chroicean amach le náire. Thuig sé i n’ aigne mura mbéadh an caradas a thaisbeáin sé féin do’n ropaire fill, go mb’ fhéidir ná béadh oiread iontaoibh ag Colla as agus do bhí. Thuig sé ansan go mb’ fhéidir gur cheart dó dul ódheas chun na mainistreach agus an sgéal go léir a dh’innsint do Cholla, sgéal Chaoilte a dh’innsint dó. Go mb’ fhéidir go dtiocfadh droch amhras ag Colla ar dhuine éigin eile, díreach fé mar a tháinig an droch amhras ag an Legáid ar an sagart óg, ar Art mac Duibh. Nuair a chuimhnigh sé ar an méid sin ba dhóbair dó preabadh ódheas láithreach. Ach ansan do chuimhnigh sé ar Niamh agus ar Mhurchadh, agus dúbhairt sé leis féin gur bh’fhearr dul soir ar dtúis go Ceann Cora agus labhairt le Niamh. Siúd soir é. Ní fhéadfadh sé fanmhaint socair. Ní fhéadfadh sé an oídhche chodladh. Ní fhéadadh sé aon tsuaimhneas fhághail ó n’ aigne ach an fhaid a bhíodh gnó éigin idir lámhaibh aige, gnó éigin a choisgfeadh é ar bheith ag machtnamh. Nuair a bhíodh sé ag siúbhal ní fhéadadh sé gan bheith ag géarughadh sa chuisidheacht go dtí ná féadfadh aoinne coimeád suas leis.
Tháinig sé go Ceann Cora. Nuair a bhí sé ag teacht i gcómhngar an ríghtheighlaigh agus é ag siúbhal go géar, chonaic sé an bheirt bhan ag siúbhal roimis amach agus é ag teacht suas leó. Bhí sé ag siúbhal géar agus bhíodar-san ag siúbhal [166] go breagh réidh. Bhí caint éigin ar siúbhal acu a bhí ’ghá gcur ag gáirí go h-iongantach. Níor mhothuighdar ag teacht é go dtí go raibh sé nách mór buailte leó. D’iompuighdar agus thugadar aghaidh air. Do stad sé ’n-a choilg-sheasamh ar lár an bhóthair. Gormfhlaith agus Niamh isiad a bhí ann.
“Ó! Míle fáilte rómhat, a rígh!” arsa Gormfhlaith go soilbhir. “Is fada ná feacamair thu,” ar sise, agus shín sí a lámh chuige agus gáire ’n-a snua.
Do rug sé ar an láimh, ach dá bhfaghadh sé Éire air ní fhéadfadh sé focal do labhairt.
“Is dócha,” ar sise, “ná fuairis aon tuairisg fós ar Amhlaoibh. Cuirean sé uaigneas orm, a Niamh,” ar sise le Niamh, “Tadhg a dh’fheisgint agus gan Amhlaoibh a dh’fheisgint le n-a chois. Bhí ana chion agam ar Amhlaoibh. Ní fheadar an domhan cad d’imthigh air. Ba mhór an truagh aon droch nídh a dh’imtheacht air.”
Chomáin sí léi mar sin ag caint. Níor labhair Tadhg. Ní fhéadfadh sé labhairt. Bhí sé mar a sádhfaí le sgiain é. Níor labhair Niamh ach chómh beag. Pé rud a bhí ’ghá cur ag gáirí sar a dtáinig Tadhg suas, níor fhan aon chuimhne aici air agus níor fhan aon gháire aici.
“Is dóich liom,” arsa Gormfhlaith, “go bhfuil rud éigin ag déanamh buartha do d’ dhritháir, a Niamh, agus gur maith leis bheith ag caint leat at’ aonar. Fanaigh ansan ag siúbhal daoibh féin go dtí go mbeidh bhúr gcaint déanta agaibh, agus raghad-sa isteach. Ach ná coimeád abhfad uaim í, a Thaidhg,” ar sise. “Tá cleas ar obair shnáthaide aici ’á mhúineadh dhom agus ní bheidh mé sásta go dtí go mbeidh an cleas agam.”
D’imthigh sí uatha. Níor labhair aoinne de’n bheirt go dtí go raibh sí as a radharc. Ansan do labhair Niamh.
“Airiú, a Thaidhg, a mhaoinach,” ar sise, “cad tá ort!”
“Ní’l blúire ar domhan orm,” ar seisean, [167] “ach do bhain an bhean san a leithéid de phreib asam! Níor fhan léas meabhrach agam nuair a chonac an bheirt agaibh i bhfochair a chéile ar an gcuma san. Nách uathbhásach an ara í! Cad é mar fhéadan sí caint agus sult agus gáirí dhéanamh, gur dhóich le duine ná fuil cor ná lúb ’n-a croídhe ach oiread leis an leanbh! Do bhuaidh sí ar a bhfeaca riamh!”
“Ní fheadaraís a leath, a Thaidhg. Ní fheadaraís a leath,” arsa Niamh. “Mura mbéadh m’ athair a bheith anso am’ aice agam chomáinfeadh sí as mo mheabhair mé. Ní fheadar an tsaoghal cad a dhall Brian agus í thabhairt leis riamh! B’fhearr liom go mbeinn féin agus m’ athair thiar sa bhaile agus go bhféadfaimís fanmhaint ann.” Ansan do chrom sí ar ghol, agus bhí sí ag gol ar feadh tamail mhaith.
Níor labhair Tadhg go dtí go raibh an greas san guil curtha dhi aici. Nuair a bhí sé curtha dhi aici: “Seadh!” ar sise. “Is mór an t-éadtromughadh ar mo chroídhe an méid sin.”
“A Niamh, a laogh,” arsa Tadhg, [168] “ní dhéanfaidh so an gnó go deó. Caithfear atharughadh dhéanamh ar an obair seo. Ní fágfar anso thusa níos sia. Tá cion agam ar Bhrian. Tá cion againn go léir air. Ach is measa liom-sa thusa ’ná é, agus ’ná a bhfuil beó d’á mbainean leis. Má thug sé leis í, agus má dhein sé dearmhad nuair a thug sé leis í, ní h-alaidh dhúinn tusa bheith thíos leis an ndearmhad san. Caithfidh Murchadh duine éigin eile do chur ag faire ar Ghormfhlaith. Bean éigin d’á saghas féin ba cheart do chur ag faire uirthi. Is maith liom mar a thánag. Ní raibh aon choinne agam go rabhais i n-a leithéid de chás aici. An bhfuil fhios agat cad ’tá ceapaithe aici? Tá sí ceapaithe ar do chroídhe a bhriseadh istigh ad’ chliabh le corp soilbhris agus síbhialtachta! Isé a nádúr féin fuath fíochmhar a bheith aici lastigh de’n tsoilbhreas agus de’n ghealgháire. Is amhlaidh a réidhtighean san le n-a goile agus le n-a sláinte. Tá fhios aici go h-áluinn nách mar sin duit-se, ná réidhtighean a leithéid le d’ ghoile ná le d’ shláinte. Tá fhios aici go gcuirfidh an obair sin sa chré thú ach leanmhaint air. Anois, ag feuchaint dom ort, chím go bhfuilir ag dul as. Caithfear duine éigin a dh’fhághail a bheidh maith a dóthin di sa chleas so atá ar siúbhal aici.”
“Is dóich liom, a Thaidhg,” arsa Niamh, “go bhfuil an ceart agat, nó pé ’n-Éirinn é, go bhfuil cuid de’n cheart agat. Tá sí, is dóich liom, ceapaithe ar mo shláinte bhriseadh, nó murab é sin é, ar mé dhíbirt as so. Is dóich liom gur cuma léi ach go mbéadh sí sgartha liom beó nó marbh. Má imthíghim anois beidh áthas uirthi agus déarfaidh sí léi féin go bhfuil eirighthe go maith léi sa chluiche a shocaruigh sí ar a dh’imirt. Ní maith liom an méid sin a thabhairt mar shásamh di agus gan cúrsaí an Árdrígh do bhac i n-aon chor.”
“Ní h-aon chomparáid i n-aon chor tusa agus í féin, a Niamh. Ní h-aon chreideamhaint duit-se an lámh uachtair a dh’fhághail uirthi ins na beartaibh atá curtha roimpi aici. Téanam agus labhraimís le m’ athair. Agus feuch airiú! Ba dhóbair dom an gnó a thug mé do dhearmhad. Táim ’ghá chuimhneamh, a Niamh, gur ceart dom dul síos go h-Inis Cathaigh agus a dh’innsint do Cholla gur b’ é Amhlaoibh a ghuid an chailís.”
“Agus ar neóin, a Thaidhg,” arsa Niamh, ag cur smuta gáire aisti, “ní’l aon deimhne ceart fós agat air gur b’ é an t-Amhlaoibh a bhí thíos i n-Inis Cathaigh do ghuid an chailís.”
“Tá deimhne mo dhóthin agam air,” ar seisean. [169] “Nách tapaidh a tháinig an dúil sa Chreideamh aige! Bhí rud éigin ’ghá chur n-a luighe orm i gcaitheamh na h-aimsire an fhaid a bhí sé ’ghá ollmhughadh féin chun an Chreidimh a ghlacadh ná raibh aon ghus sa n-ollmhuchán. Bhí eagal orm dá ngéillinn do’n smaoineamh san go mbéinn ag déanamh éagcóra ar an mbuachail, bhí sé chómh símplídhe, chómh leanabaídhe sin, an ropaire! Ansan airís, nuair a dúbhairt sé gur mhaith leis bheith ’n-a shagart, tháinig an smaoineamh céadna chúgham. Cheapas nár mhothuigheas an gus ceart ’n-a chaint ná ’n-a mheón i dtaobh an ruda a bhí aige ’á chur roimis, dar liom. Thugas fé ndeara go minic folamhas éigin ná féadainn a thuisgint ins na gnóthaibh Creidimh a bhíodh ar siúbhal aige. An lá a bhí Brian agus na h-uaisle thíos, nuair a thainig an Legáid, d’ airigheas daoine ag cáineadh agus ag gearadh na Lochlanach os cómhair an Lochlanaigh óig. Bhí eagal orm go mbéadh fearg air. Níor chuir sé blúire suime ’n-a gcaint, an ropaire fill! Is áluinn a choimeád sé a aigne istigh, agus mise ag déanamh éagcóra ar mo dhá shúil agus ar mo bhreitheamhntas féin le h-eagla go ndéanfainn éagcóir air-sean. Ní’l aon phioc d’á mhearbhall orm, a Niamh. Isé ghuid an chailís, agus is chun í ghuid do leig sé air gur ghlac sé an Creideamh, agus is chuige do leig sé air gur mhaith leis bheith ’n-a shagart. Bhí fhios aige, chómh luath agus bhéadh cuid des na mion-Órdaibh glacaithe aige, go gcuirfeadh Colla sa n-érdam é. Ansan bhí gach aon chaoi aige ar an gcailís a ghuid. Bhíos chun dul síos agus an sgéal go léir a dh’innsint do Cholla, ach níor mhaith liom é dhéanamh gan é chur ad’ chómhairle-se ar dtúis. Cá bh’ fhios ná go mb’ fhéidir go mbéadh sé ar dhuine éigin eile ag Colla. Téanam go bhfeicimíd m’athair, agus sa n-am gcéadna, bí ag cuimhneamh ad’ aigne ar cad is ceart dom a dhéanamh.”
Chuadar isteach i dtigh Thaidhg Mhóir uí Chealla, agus fuaradar Tadhg féin rómpa istigh.
Bhí Tadhg Mór féin rómpa istigh agus níor bh’ aon iongnadh má gheal a chroídhe nuair a chonaic sé chuige isteach an bheirt. Ní raibh le feisgint i n-Éirinn an lá san rígan óg a [170] dh’ fhéadfadh seasamh i n-aice na h-inghíne agus iomláine a h-áilneachta féin do choimeád. Pé áilneacht a chífí inti an fhaid a bhéadh sí ’n-a h-aonar do thiocfadh claoídhchlódh ar an áilneacht san nuair a curfaí ’n-a seasamh i n-aice Niamh í. Bhí daoine ag tusnughadh ar a thabhairt fé ndeara ná bíodh iomláine blátha ar áilneacht Ghormfhlaith féin, le deiriníghe, nuair a chítí Niamh ’n-a h-aice. Níor chóir puínn iongnadh dhéanamh dé sin, ámhthach, mar is ag teacht a bhí áilneacht Niamh agus bhí áilneacht Ghormfhlaith ag imtheacht, nó ag tusnughadh ar imtheacht. Agus i dtaobh an mhic. Bhí finne agus solusmhaire agus gileacht na h-inghíne ann, agus bhí folt óir na h-inghíne air; an t-ualach órdha ar a cheann agus anuas ar a ghuaillibh agus ar a shlinneánaibh. Bhí an tsúil ríoga chéadna n-a cheann, go glan agus go h-osgailte agus go neamh-eaglach. ’N-a theannta san bhí sé groídhe cumasach láidir mar ba dhual athar dó bheith. Ní raibh an chaoi fághalta fós aige ar ghníomharthaibh gaile agus gaisge dhéanamh, mar a bhí fághalta agá athair, i gcathanaibh Bhriain i n-aghaidh na Lochlanach. Ach bhí an chaoi roimis, agus bhí gach aon deabhramh go ndéanfadh sé na gníomhartha nuair a thiocfadh an chaoi, agus go mothóch’ na Lochlanaigh meaghchaint a bhuille.
Níor bh’ aon iongnadh má gheal croídhe Thaidhg Mhóir uí Chealla nuair a chonaic sé an bheirt chuige isteach.
“Dé bheatha-sa, a Thaidhg!” ar seisean. “Conus fhágais gach aon rud agus gach aoinne ad’ dhiaigh sa bhaile?”
“Go mairir-se, a athair!” arsa Tadhg. “D’fhágas gach aoinne agus gach aon rud am’ dhiaigh go maith, buidhchas le Dia! Bhí rud beag ag déanamh buartha dhom agus níor dheineas ach ruith aniar chun go labharfainn le Niamh mar gheall air.”
“An ’mó fear a bheidh agat i gcóir an chogaidh, a Thaidhg?” arsa Tadhg Mór.
“Tá chúig céad déag fear againn cheana, a athair,” arsa [171] Tadhg Óg, “agus tá fhios agam go mbeidh chúig céad eile againn sar a’ fada.”
“Tá san ró bheag, a mhic ó,” arsa Tadhg Mór. “Ba cheart dúinn an trí mhíle slán a bheith againn.”
“Is mó an neart dhá mhíle ó Uíbh Máine, a athair, ’ná trí mhíle ó áiteanaibh eile. Tá a lán d’ ár bhfearaibh agus tá muirighean óg ortha.”
“Tá,” arsa Tadhg Mór, “agus má gheibhid Lochlanaigh an lámh uachtair orainn cad a dhéanfaidh an muirighean óg? Beart lag, a Thaidhg, iseadh d’aon fhear atá ábalta ar chlaidheamh a chasadh fanmhaint siar anois. Nách dóich leat san, a Niamh?”
“Ní dóich liom, a athair,” arsa Niamh, “go bhfanfaidh aon fhear siar i n-Uíbh Máine, aon fhear go bhfuil lúth a ghéag i n-aon chor aige.”
“Ní dóich liom go bhfanfaidh, a ’nghean ó,” arsa Tadhg Mór. “Ach cad é seo oraibh, a Thaidhg?” ar seisean.
D’inis Tadhg dó ansan conus a tháinig sé go h-oban ar Ghormfhlaith agus ar Niamh agus cad a chonaic sé. Mhínigh sé dhó conus mar, do réir a thuisgiona féin, a bhí beartuighthe ag Gormfhlaith sprid agus croídhe agus aigne Niamh do bhriseadh agus do mhilleadh le corp soilbhris agus le corp caradais mar ’dh eadh.
“Ní fhéadfaidh Niamh an rud san do sheasamh, a athair,” ar seisean. “Tá sí ag dul as cheana féin. Ní fhágfaidh an bhean san goile ná sláinte aici. Ní fearrde í aon uair a’ chloig de’n aimsir a chaithean sí i gcómhluadar na mná san. Crochaire mná iseadh an bhean san! Má fágtar Niamh ’n-a fochair cuirfidh sí Niamh sa n-iúir, an rud atá beartuighthe aici a dhéanamh.”
D’fheuch Tadhg Mór ar Niamh.
“Ambriathar, a ghamhain,” ar seisean, [172] “gur dóich liom go bhfuil an ceart aige. Taoi’n tú ag dul as. Nách olc uaim nár thug fé ndeara é!”
“Ó, a athair,” arsa Niamh, “is truagh chráidhte nár fhanamair thiar sa bhaile. Tagan tocht agus ualach ar mo chroídhe nuair a chím chúgham í gach aon mhaidion agus í chómh séimh, chómh soilbhir, chómh gealgháiriteach. Bím a d’iaraidh gáire dhéanamh léi i dtreó ná tabharfadh sí fé ndeara an tocht orm, ach is beag ná go mb’fhearr liom bás d’ fhághail ’ná fanmhaint a thuille ’n-a fochair. Go maithidh Dia dhom é! ní fhéadaim gan bheith ’ghá mheas go bhfuil droch nídh ’ghá leanmhaint.”
“Ná bac í féin a thuille, a ’nghean ó,” arsa Tadhg Mór. “Is truagh nár labhrais níos túisge liom. Fanaigh araon ansan. Raghad anonn go teighlach Bhriain. Beidh mé chúghaibh sar a’ fada.”
D’imthigh sé amach agus anonn chun an teighlaigh. Gormfhlaith an chéad duine a bhuail uime.
“Móra dhuit, a rígh,” ar sise leis. “Cad tá ag coimeád Niamh uaim? Is iongantach an t-eólus atá aici ar obair shnáthaide. Tá cleas ar an obair sin aici ’á mhúineadh dhom agus isé is fada liom go mbeidh an cleas agam. An fada go dtiocfaidh sí, a rígh?”
“Tá sí gan bheith ar fóghnamh, a Árdrígan,” arsa Tadhg Mór. “Tá a dritháir ag caint léi. Is dóich liom gur inis sé rud éigin dí a chuir tré chéile aigne uirthi. Bíodh foidhne agat, a Árdrígan,” ar seisean. “B’fhéidir nách fiú biorán a’s é. B’ fhéidir go mbéadh sí chúghat gan puinn ríghnis. An bhfuil an t-Árdrígh le feisgint, le d’ thoil, a Árdrígan?”
“Anois díreach a chonac é féin agus an ríghdhamhna ag dul isteach,” ar sise.
“Gura maith agat, a Árdrígan!” arsa Tadhg Mór, agus d’imthigh sé isteach.
“Seadh!” arsa Gormfhlaith, ’n-a h-aigne féin, nuair a bhí sé imthighthe, [173] “ní deirim ná go bhfuil teinneas croídhe curtha agam ar do pheata-sa. ‘Tá sí gan bheith ar fóghnamh.’ An cailín bocht! Dá mb’ áil leó gan í chur am’ threó. Ní féidir aon nídh a dhéanamh a gan fhios di. Ach is féidir rud a dhéanamh os a cómhair. Is féidir an croídhe do chrádh inti os a cómhair.”
Pé caint a bhí ag Murchadh ’á dhéanamh leis an Árdrígh níor bh’fhada go raibh sí déanta. Ansan tháinig sé féin agus Tadhg Mór amach. D’inis Tadhg Mór a sgéal dó, agus ná féadfadh sé Niamh a dh’fhágáilt i gCeann Cora níba shia.
“Tá go maith, a Thaidhg, tá go h-ana maith,” arsa Murchadh. “Tagan san agus an rud ar a bhfuil socair isteach le n-a chéile go h-áluinn. Tá m’ athair ag dul ar a chuaird rígh. Fágfar an Árdrígan i gCeann Cora os cionn an rightheighlaigh. Ní féidir di aon droch nídh a dhéanamh an fhaid a bheidh an t-Árdrígh ar a chuaird. Ní foláir duit-se dul leis, a Thaidhg, agus ní foláir duit Niamh a bhreith leat. Má tá sí ag dul as tabharfaidh an chuaird tar n-ais ’n-a maise féin airís í, geallaim dhuit é.”
Do tháinig Tadhg Mór thar n-ais chun a thíghe féin. D’inis sé do’n bheirt cad air go raibh socair. Bhí áthas mór ortha araon.
“Tá mo ghuidhe tabhartha dhom ag Dia, moladh go deó leis!” arsa Niamh. “Ní’l maidion le fada,” ar sise, “nár iaras ar Mhaolshuathain mo ghuidhe do chur suas chun Dé sa Naomh Idhbirt. Bhíos ’ghá iaraidh ar Dhia, tré impidhe Sheanáin, mé dh’fhuasgailt as an gcruadh-chás ’n-a rabhas. Chuir Dia thusa chúgham ar dtúis, a Thaidhg. Do labhrais-se le m’ athair. Do labhair m’ athair le Murchadh. Agus sin déanta an fhuasgailt! Moladh go deó le Dia!”
“Is maith é sin,” arsa Tadhg Óg. [174] “Agus anois, ó tá do ghnó-sa déanta chun ár dtoile go léir, is mithid dómh-sa aghaidh a thabhairt ar mo ghnó féin. Tá mo chroídhe briste ó bheith ag cuimhneamh ar an ropaire fill úd agus ar ghuid na cailíse agus ar an lámh a bhí agam féin sa ghadaigheacht san.”
“Airiú, a Thaidhg, an ar buile ataoí!” arsa Niamh. “An lámh a bhí agat féin sa ghadaigheacht san! Cad é an lámh a dh’ fhéadfá-sa bheith agat sa ghadaigheacht san?”
“Mura mbéadh an caradas a chonaic Colla, agus gach aoinne eile, idir mise agus an ropaire úd, a Niamh,” ar seisean, “ní bhéadh oiread iontaoibh ag Colla as agus a bhí aige as. Mura mbéadh an iontaoibh a bhí ag Colla as ní curfaí isteach sa n-érdam é, agus ní bhfaghadh sé an chaothamhlacht a fuair sé ar an ngadaigheacht a dhéanamh. Fuair sé caradas, a Niamh, ó m’ athair agus óm’ mháthair, agus uaibh go léir, thiar i n-Uíbh Máine. Is truagh chráidhte mar a chuir sé cos leis riamh sa n-áit. Ní chuirfeadh sé cos leis sa n-áit agus ní bhfaghadh sé an caradas a fuair sé ann, a Niamh, mura mbéadh mise! Nuair a chuimhnighim air bíon náire orm ná féadfainn a dh’innsint duit!”
Nuair airigh Niamh an méid sin cainte ní miste a rádh ná go raibh náire a dóthin uirthi féin. Thuig sí go h-áluinn an uair sin, agus go minic roimis sin, cad é an saghas an grádh a tugadh di gan labhairt. Thuig sí an uair sin, agus go minic roimis sin, ó’n lá a dh’inis Caoilte sgéal an phúicín, cad é an saghas an glacadh Creidimh a dhein Amhlaoibh agus cad í an íntinn ar ar ghlac sé na h-Úird. Bhí an dá mhachtnamh úd tabhartha d’á chéile aici cruinn go leór. Bhí náire a dóthin uirthi nuair airigh sí Tadhg ’á rádh go raibh náire air. Ní dúbhairt sí aon fhocal, ámhthach, amach as a béal i dtaobh an náire a bhí uirthi ná i dtaobh ná cúise a bhí aici leis an náire; nídh nár locht ar an gcailín!
“Ó, a Thaidhg,” ar sise, [175] “ná labhair ar an gcuma san. Bhí sé siúd chómh sleamhain chómh gealgháiriteach san go raibh báigh agus caradas ag gach aoinne leis. Mheasamair go léir go raibh sé chómh símplídhe chómh h-osgailte leis an leanbh. Chuirfinn geall go n-admhóch’ Colla féin nách mar gheall ort-sa a thug sé aon iontaoibh riamh a’ h-Amhlaoibh, ach mar gheall ar Amhlaoibh féin. Ní h-alaidh dhuit éagcóir a dhéanamh ort féin, a Thaidhg. Níor dheinis ach an rud a dheineamair go léir. Níor bhuail sé ort-sa ach an bob a bhuail sé orainn go léir.”
“Níor bhuail sé aon bhob ort-sa, a Niamh,” arsa Tadhg, agus gan aon chuimhneamh aige ar an mbrígh a bhí le n-a chaint.
“Ambriathar gur bhuail,” ar sise. “Do bhuail sé an bob orm a bhuail sé ar gach aoinne. Ní raibh aon choinne agam ná gur bhuachail shímplídhe osgailte dheagh-chroídheach é. Bhí áthas mór orm mar gheall ar charadas a bheith idir thusa agus a leithéid d’ ógánach ghealchroídheach uasal onóireach, dar liom.”
Ba mhór go léir an suaimhneas aigne ar Thadhg an chaint sin a dh’aireachtaint ó Niamh.
“Agus cad ’deirir liom,” ar seisean, “i dtaobh dul síos agus an sgéal go léir a dh’innsint do Cholla?”
“Ní dóich liom,” ar sise, “go bhfuil aon ghádh leis. Cá bh’fhios duit ná go mb’ fhéidir go bhfuil fios an sgéil go léir ag Colla cheana chómh maith agus atá againne? Agus cá bh’fhios duit ná go mb’fhéidir gur mó an milleán atá ag Colla air féin ’ná mar atá aige ar aoinne eile? Cad is gádh dhuit-se dul agus tú féin a dhaoradh sa sgéal? I dtaobh aon droch amhrais a bheith ag Colla ar aon duine eile,” ar sise, “ní baoghal go gcuirfidh Colla aon droch amhras ar aoinne gan labhairt le Murchadh. Má labhran sé le Murchadh socaróchaidh Murchadh an sgéal dó. Isí cómhairle thabharfainn-se dhuit, a Thaidhg,” ar sise, “’ná gan aon chur isteach ná amach a bheith agat ar an sgéal a thuille an fhaid ná déanfaidh aoinne aon chur isteach ná amach ort mar gheall air. Do sgaoilfinn thorm é dá mbéinn ad’ chás.”
“Is dóich liom, a Niamh,” ar seisean, [176] “go ndéanfaidh mé rud ort. Ní’l aon lorg i n-aon chor agam ar bheith ag dul ag caint le Colla mar gheall air. Is amhlaidh atá gráin agam air mar sgéal, agus gráin agam orm féin mar gheall ar aon bhaint a bheith agam leis.”
Níor bh’ fhada gur ghluais Brian ar a chuaird rígh mór-thímpal na h-Éirean. Do ghluais Tadhg Mór ua Cealla agus Niamh ’n-a chualacht. Bhí saoghal breagh ansan ag Niamh, agus níor bh’ fhada go raibh a croídhe agus a h-aigne séin airís aici.
Do fágadh Ceann Cora fé chúram ’na h-Árdríghna. Bhí fhios aici cad é an brígh a bhí leis sin.
Do ghluais Brian ar a chuaird rígh. Bhí cualacht uasal i n-aonfheacht leis. Bhí Murchadh i n-aonfheacht leis, agus Dúlainn Óg, agus Tadhg Mór ua Cealla, agus Niamh. Bhí Tadhg Óg ua Cealla imthighthe siar a bhaile go h-Uíbh Máine chun aire tabhairt do’n rígheacht san, i n-inead a athar, agus chun na bhfear do chur le chéile agus do ghleusadh agus d’ ollamhughadh i gcóir an chogaidh adúbhairt gach aoinne a bhí ag teacht go luath. Ní raibh an cogadh fógartha. Bhí síthcháin idir Árdrígh Éirean agus rígh Lochlan. Bhí síthcháin idir é agus na ríghthe eile go léir, lastoir agus lastuaidh. Ach bhí sé daingean i n-aigne na ndaoine, ar fuaid na h-Éirean, go raibh an cogadh ag teacht agus nár bh’fhada go mbéadh sé ann. D’á bhrígh sin bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal ins gach aon bhall. Chun an ollmhúcháin sin do chur ar siúbhal níba ghéire dá mb’ fhéidir é iseadh chuaidh Brian ar an gcuaird rígh sin. Theastuigh uaidh a dh’fheisgint le n-a shúilibh féin conus a bhí an [177] gnó d’á dhéanamh. Bhí cuid d’á chlainn mhac, agus uaisle eile a bhí tuisgionach i ngnóthaíbh cogaidh, imthighthe roimis mór-thímpal chun na ndún agus chun na ndaingean a bhí curtha suas aige, chun a dh’innsint go raibh sé ag teacht, agus chun na bhfear a bhí ins na dúnaibh agus ins na daingeanaibh sin do ghleusadh agus do chur i dtreó, ionus go mbeidís oireamhnach ar dhul fé n-a shúil. Bhí sgéala curtha, leis, ag triall ar na ríghthibh, go raibh sé ag teacht, agus bhí gach rígh acu ceapaithe ar pé neart fear a bhí aige do bheith chómh ghleusta agus dob’ fhéidir iad a bheith, agus an méid ba mhó a dh’ fhéadfadh sé dhíobh a bheith curtha le chéile aige i gcóir an lae a thiocfadh Brian. Níor bh’ fhéidir aon bhob a bualadh ar Bhrian i neithibh de’n tsórd san. Bhí an tsúil ró ghéar aige. Do chífeadh sé ar an gcéad amharc an locht ba lúgha, ins na fir nó ins na h-airm, nó sa ghleus. Chífeadh sé, leis, ar an gcéad amharc, an raibh cóir iompair agus cóir gluaiste agus sáith lóin, ag an rígh sin dos na fearaibh sin, dá nglaoidhtí chun bóthair ortha.
Ansan, bhí árd fhormad ag na ríghthibh le n-a chéile feuchaint cé h-é an rígh a gheóbhadh moladh ó Bhrian nó cé h-é a gheóbhadh cáineadh; nó, dá mba ná cáinfí aoinne, cé ba mhó a gheóbhadh de’n mholadh. Bhí an formad san idir na fearaibh chómh mór díreach agus bhí sé idir na ríghthibh, i dtreó nár ghádh dos na ríghthibh puínn de dhuagh na bhfear a dh’fhághail chun iad a ghríosadh, mar go rabhdar féin ag gríosadh a chéile chómh dian agus dob’ fhéidir é. Ní raibh aoinne do thuig an méid sin níb’ fhearr ’ná mar a thuig Brian é, agus ní raibh aoinne dob’ fhearr a dh’ fhéadfadh toradh bhaint as ’ná mar a dh’fhéad Brian toradh bhaint as.
Siar tré Chonachtaibh a thug Brian aghaidh ar dtúis. Bhí fhios aige gur i gConachtaibh ba lúgha a bhí gádh le h-aimsir chun ollmhúcháin mar go raibh an t-ollmhúchán déanta cheana ann. Teighlach Thaidhg Mhóir uí Chealla an chéad theighlach i gConachtaibh [178] ar ar thug sé aghaidh. Bhí Tadhg Óg imthighthe siar roimis agus bhí gach nídh ollamh aige roimis.
Nuair a thagadh Brian isteach mar sin ar chuaird, i dtighearnas rígh, ar an eaglais a thugadh sé aghaidh ar dtúis. Dá mbéadh gádh le h-aon nídh a dhéanamh do’n eaglais, aon nídh i bhfuirm saoirseachta, chun an tíghe chur i méid, nó chun slacht a chur air, thugadh Brian síntiús maith do rígh na tíre sin chun na h-oibre sin do dhéanamh. Ansan, dá mbéadh mainistir sa n-áit thabharfadh sé cuaird ar an mainistir, agus dhéanfadh Maolshuathain feuchaint i ndiaigh oibre na mainistreach, feuchaint a’ raibh gach aon rud ’n-a cheart, agus aon rud ba ghádh a cheartughadh dhéanfadh sé é cheartughadh.
Ba bheag eaglais ná mainistir ná conbhint ban riaghalta ná bíodh nídh éigin tairbhtheach ag Brian le bronnadh ortha nuair a thagadh sé mar sin ar chuaird, agus do curtí gach eaglais agus gach mainistir agus gach conbhint ban riaghalta sa treó dob’ fhearr ’n-ar bh’ fhéidir iad do chur nuair a bhíodh súil le n-a theacht.
Deireadh sé, i gcómhnuighe, gur dos na gnóthaíbh a bhain le Creideamh ba cheart do ríghthibh agus do dhaoine aireachas a thabhairt ar dtúis. Gur cheart gnó Dé a dhéanamh ar dtúis sar a dtabharfaí aghaidh ar ghnó an tsaoghail seo. Gur dhóichígh-de do dhuine an rath a bheith ar a ghnóthaíbh saoghalta nuair a dhéanfadh sé a dhícheal ar dhualgaisíbh an Chreidimh do chómhlíonadh. Ach, pé ’cu ba thoil le Dia an rath do chur ar ghnóthaíbh saoghalta an duine nó gan a chur, go raibh ceangailte ar an nduine aitheanta Dé do choimeád.
Do mhúin Brian dos na ríghthibh agus dos na daoine a bhí fé n-a smacht an uraim is dual do bhantracht, ach do mhúin sé dhóibh, ’n-a theannta san, an uraim is dual do’n cheart ar gach aon tsaghas cuma, agus chuir sé ’n-a luighe ar a n-aigne go daingean gur i ndlígh Dé atá brígh agus bunús agus cúis agus fáth gach urama dhíobh go léir. An t-é ná beidh [179] eagla Dé air ná beann aige ar dhlígh Dé, go bhfuil sé fuar ag aoinne bheith ag brath air go staonfaidh an duine sin ó dhrúis ná ó chraos ná ó éagcóir a dhéanamh ar a chómharsain má gheibhean sé an chaoi. D’á bhrígh sin gur ceart ar dtúis greim daingean a thabhairt do’n Chreideamh i gcroídhe agus i n-aigne an duine. Nuair a bheidh an greim sin ag an gCreideamh gur b’eadh is féidir an duine sin a dhéanamh úmhal do gach dlígh agus do gach riaghail agus do gach dualgas bunaigh d’á mbainean leis an gCreideamh.
Na ríghthe agus na riaghaltaisí atá sa tsaoghal anois, an chuid acu go bhfuil aon admháil i n-aon chor acu do Chreideamh, do cheadóchaidís an Creideamh le h-ionachus go ndéanfadh an Creideamh na daoine úmhal dóibh. Chómh maith agus gur chuige sin a cuireadh an Creideamh ar bun, chun daoine dhéanamh úmhal do ríghthibh! Do thuig Brian nár bh’eadh. Gur chun daoine dhéanamh úmhal do Dhia a cuireadh an Creideamh ar bun. Ná fuil sa n-úmhluigheacht a chuirean an Creideamh i n-áirighthe do ríghthibh ach cuid de thoradh an Chreidimh. Gur maith an rud do ríghthibh an úmhluigheacht san a theacht mar thoradh as an gCreideamh ar an saoghal so, ach ná fuil sa méid sin de thoradh an Chreidimh ach neamhnídh seachas an toradh a fachtar as ar an saoghal eile. Go n-iompuighthear neithe taobh síos suas nuair a cuirtear suim i dtoradh an Chreidimh ar an saoghal so agus neamhshuim ’n-a thoradh ar an saoghal eile.
Do thuig Brian na neithe sin go léir agus dhein sé beart do réir a thuisgiona. Bhí an Creideamh aige ’n-a chroídhe féin istigh agus do bhí an Creideamh san le feisgint go soiléir ’n-a ghníomharthaibh. Do mhúisgil an deagh-shampla san Creideamh agus toradh an Chreidimh i gcroídhthibh na ríghthe agus na ndaoine a bhí fé n-a smacht.
Thug sé tusach do’n Chreideamh ins na h-áiteanaibh ’n-ar thug [180] sé a chuarda. Nuair a bhíodh feuchta aige ar na h-eaglaisíbh agus ar na mainistiríbh agus ar chonbhintíbh na mban riaghalta thugadh sé aghaidh ar na sgoileanaibh, agus d’fheuchadh sé isteach go cruinn sa chuma ’n-a mbíodh an obair ag dul chun cinn. Agus thugadh sé aire mhaith,—ach níor ghádh dhó san mar do thugadh na manaigh féin aire maith dó,—pé easnamh a bhéadh, ná ná béadh, ar aon tsaghas eile ealadhan, ná caithfeadh aon easnamh a bheith, ná aon fhaillígh a bheith, sa chuma ’n-a múintí an Creideamh dos na daoinibh óga. Bhí fhios ag Brian go maith, agus bhí fhios ag an uile dhuine des na h-oidíbh a bhí ag stiúrughadh na h-oibre sin, ná fuil ach diabhal ó ifrean sa bhfear a geóbhaidh sgoluigheacht gan Creideamh. D’á bhrígh sin níor ghádh do Bhrian bheith ag feuchaint ’n-a ndiaigh chun a chur fhiachaibh ortha an Creideamh do mhúineadh. Ach do bhíodh.
Nuair a bhíodh an obair sin go léir déanta ag Brian, sa n-áit ’n-a mbíodh sé ar a chuaird, thugadh sé aghaidh ar an ollmhúchán armála a bhíodh ar siúbhal i gcóir an chogaidh mhóir a bhí ag teacht, dar le gach aoinne. Do tugtí na fir amach os a chómhair agus do curtí tré n-a ngleacaidheacht iad. Bhíodh oiread san eagla roime n-a shúil ag na fearaibh go léir, idir uasal agus íseal, go mbídís ag déanamh taithíghe de’n ghleacaidheacht ar feadh mórán aimsire roim ré nuair a bhíodh súil le n-a theacht. Dheinidís a ndícheal chun ná faghadh sé aon locht ortha. Agus bhíodh an formad ann, leis, idir na ríghthibh, feuchaint cé aige dob’ fhearr n-a mbéadh an t-ollmhúchán déanta, agus idir na buidhnibh, feuchaint cia’cu buidhean ba mhó a thabharfadh sásamh dó.
Thugadh sé tabharthaistí uaidh, dos na ríghthibh agus dos na fearaibh, claidheamh, nó sleagh, nó tuagh, nó brat áluinn, nó capal breagh, agus bhíodh an formad ann feuchaint cé gheóbhadh an tabharthas ba luachmhaire, mar, gan amhras, is do’n t-é ab fhearr a thabharfadh sásamh a tabharfaí an tabharthas ab fhearr.
Bhí áthas an domhain ar Niamh nuair a fuair sí gur siar chun teighlaigh a h-athar a bhí Brian ag dul ar dtúis. Chuir Tadhg Mór teachtaire siar, chómh luath agus fuair sé an t-eólus, ’ghá innsint do Thadhg Óg go raibh an t-Árdrígh ag teacht. Ba mhaith le Brian féin dul siar chun na h-áite sin ar dtúis. Is ann a bhí a ghaolta ó thaobh a mháthar, agus is ann a bhí gaolta na clainne a bhí aige le n-a chéad mhnaoi. Drifiúr do Mhaolruanaidh na Paidre ab eadh í. Agus gan amhras bhí áthas an domhain ar an muintir thiar go léir, leis, nuair a h-innseadh dóibh go raibh sé ag teacht. Tháinig Maolruanaidh na Paidre, rígh Ua bhFiachrach Áidhne, agus a lán eile d’uaislibh Conacht, tamal maith de’n tslígh ’n-a choinnibh. Bhí Conn, mac Mhaoilruanaidh, i dteighlach Bhriain cheana. Thugadar go léir aghaidh ar theighlach Thaidhg Mhóir uí Chealla. Do cuireadh míle fáilte rómpa. Do cuireadh gach cóir ortha d’ár cheart, go h-uasal agus go ríoga, agus dúbhairt Niamh nár tógadh an ceó i gceart d’á croídhe go dtí go bhfuair sí í féin airís i dteighlach a h-athar agus uaisle Conacht agus Cheann Cora ’n-a tímpal.
D’ admhuigh an chuideachta gur shamhluighdar an solus ’n-a tímpal, mar a bhíodh cheana, agus gur bh’í an gath gréine céadna airís í ag teacht n-a measg.
Nuair a bhí an chuaird go h-Uíbh Máine tabhartha chuadar go léir, le cois a chéile, go h-Uíbh Fhiachrach Áidhne agus chuir Maolruanaidh cóir uasal ortha.
Nuair a bhí a chuaird agus a ghnó críochnuighthe i gConachtaibh ag Brian thug sé aghaidh óthuaidh ar Chúig’ Uladh. Thug muintir na cúige sin go léir an onóir dó ba cheart a thabhairt do’n Árdrígh, agus thug Brian dóibh na tabharthaistí ba cheart do’n Árdrígh a thabhairt do ríghthibh cúigí. D’fheuch sé ar na h-eagailsíbh agus ar na mainistreachaibh agus ar na sgoileanaibh, fé mar a dheineadh sé ins gach aon bhall. Ghlaoidh sé chun na gconbhintí leis, agus ba mhór ag na mnáibh riaghalta an t-Árdrígh do theacht ’ghá bhfeuchaint agus ag feuchaint na sgoileana a bhí acu. Bhíodh mná óga acu ’n-a sgoileanaibh agus iad ag múineadh gach aon tsaghas eóluis dos na mnáibh óga san ar na neithibh a bhí riachtanach an uair sin do mhnaoi bheith ar eólus aici.
Ba mhór ag na mnáibh riaghalta an t-Árdrígh a dh’fheisgint, agus Murchadh, agus Dúlainn Óg, agus gach fear eile de mhuintir Bhriain n-a raibh a n-ainimneacha i mbéalaibh daoine ar fuid na h-Éirean an uair sin. Ach ní raibh aoinne beó ab fhearr leó a dh’fheisgint ’ná Niamh. Chuaidh a tuairisg roímpe eatartha. Do h-innseadh dóibh ná raibh rígan óg eile ar thalamh na h-Éirean an uair sin chómh breagh ná chómh dathamhail léi. Agus do h-innseadh dóibh go raibh socair ’n-a h-aigne aici gan pósadh choídhche. Go bhfanfadh sí ag tabhairt aire d’á h-athair an fhaid ab é toil Dé iad fhágáilt ar an saoghal so i bhfochair a chéile, agus ansan, dá mb’ é a h-athair ba thúisge a gheóbhadh bás, go bhfanfadh sí singil ’n-a dhiaigh ar an saoghal so go dtí go mbéarfadh Dia chuige féin í agus go mbéadh sí i bhfochair a h-athar airís ar an saoghal eile.
Sar a’ dtagadh sí chúcha bhídís ag machtnamh ar a h-áilneacht [183] agus ag cuimhneamh ar na mnáibh óga dob’ áluinne agus ba bhreaghtha agus ba dhathamhla d’á bhfeacadar riamh, agus ’ghá shamhlughadh ’n-a n-aigne cad é an saghas í má bhí sí níba bhreaghtha le feisgint ’ná aoinne acu súd. Ansan, nuair a thagadh sí agus do chídís í, do leathadh a súile ortha agus d’ admhuighdís nár fhéad aon tsamhlughadh d’ár dheineadar teacht i n-aon ghioracht do’n radharc a chonacadar nuair fheuchadar uirthi. Ansan, ní bhíodh aon iongnadh ortha nuair airighdís i dtaobh an tsoluis ’n-a tímpal agus i dtaobh an ghath gréine. Do samhluightí dhóibh féin, nuair a thagadh sí isteach sa chonbhint chúcha, go dtugaidís fé ndeara an solus ’n-a gnaoi agus ’n-a tímpal, agus gur chuma í nó gath gréine ag teacht isteach.
Isé céad rud a dheineadh na mná riaghalta, ins gach aon chonbhint, chómh luath agus bhíodh tamal de lá caithte ann aici, ’ná cromadh ar thathant uirthi fanmhaint acu ar fad. Ghlacadh sise an tathant go breagh réidh agus go breagh séimh, ach ní baoghal go dtugadh sí aon chómharthaí uaithi ar ghéilleadh do’n tathant. Bhíodh áthas mór ortha an fhaid a bhíodh sí acu, agus bhíodh uaigneas mór ortha nuair a bhíodh cuaird na h-áite tabhartha, agus nuair a bhíodh Brian agus a chualacht ag imtheacht go h-áit eile.
Nuair a bhí Cúig’ Uladh siúbhalta do gabhadh tímpal tré Chúige Laighean. Do fanadh raint laethanta i gCúige na Mídhe, i dteighlach Mh’lsheachlainn Mhóir. Níor chuaird i n-aistear cuaird chun an teighlaigh sin. Do cuireadh cóir go fial agus go flathamhail ar an Árdrígh agus ar a chualacht ann. Dá mbéadh i gcualacht Bhriain an uair sin duine iasachta, duine ná béadh aon fhios aige ar cad a bhí tuitithe amach i n-Éirinn suim aimsire roimis sin, ní bhéadh aon chuimhneamh i n-aon chor aige go raibh Brian tar éis Mh’lsheachlainn do chur as an Árdrígheacht. Shamhlóch’ sé gur bh’ é Brian an t-Árdrígh i gcómhnuighe agus go raibh M’lsheachlainn [184] fé n-a smacht i gcómhnuighe. B’é an cleas céadna é ag an dá theighlach. Níor leig teighlach Mh’lsheachlainn ortha gur bh’ iad féin teighlach an Árdrígh riamh, agus níor thaisbeáin teighlach Bhriain aon mhór-is-fiú ná aon eiríghe anáirde os cionn an teighlaigh eile. Bhí an dá mhuintir go séimh agus go soilbhir le n-a chéile, agus go h-ollamh chun gach urama agus gach onóra thabhairt d’á chéile.
Chuaidh an t-Árdrígh agus a theighlach ag triall ar Shitric, ar rígh Lochlanach Bhaile Átha Cliath. Do cuireadh an chuaird sin chun cinn díreach mar a cuireadh i gcás Mh’lsheachlainn nó i gcás aon rígh cúige eile i n-Éirinn. Do ghlaoidh Brian chun tighthe na gceannaighthe agus d’ fheuch sé go cruinn ar an gcuma ’n-a ndéinidís a ngnó. D’fheuch sé ar na loingeas a bhí sa chuan. Do thuig sé i n’ aigne gur mhór go léir an tairbhthe do mhuintir na h-Éirean dá mbéadh mórán des na loingeas san sa chuan san, agus ins gach cuan eile de chuantaibh na h-Éirean, agus mórán de’n obair cheannaigheachta san acu d’á choimeád ar siúbhal idir oileán na h-Éirean agus dúthaíbh iasachta. An fhaid a bhí sé ag machtnamh ar an gcuma san ar an dtairbhthe a bhí ag cuan Bhaile Átha Cliath ’á dhéanamh, do chuimhnigh sé ar an gcothrom uathbhásach uisge atá ó chathair Luimníghe síos go h-Inis Cathaigh agus amach ar fad go Léim Chúchulainn, agus chuimhnigh sé ar an dtairbhthe a dhéanfadh an cothrom uisge sin dá mbéadh sé clúdaithe le loingeas bhreaghtha mhóra do bhéarfadh earaí ceannaigheachta amach ó Éirinn go cuantaibh an domhain, agus do thabharfadh earaí iasachta isteach go h-Éirinn sa bhflúirse chéadna, ó chuantaibh an domhain.
Nuair fhág sé Baile Átha Cliath agus cuaidh sé ódheas go teighlach rígh Laighean, teighlach Mhaoilmhórdha, teighlach drithár a chéile, bhí an machtnamh céadna i n’ aigne i dtaobh uisge Béil Sionainne. D’inis sé do rígh Laighean cad a bhí i n’ aigne, agus dúbhairt sé leis gur bh’ é a thuairim féin ná raibh le [185] fághail i n-Éirinn, ná i n-aon áit eile, adhmad a dhéanfadh crainn seóil do loingeas mhóra chómh maith agus do dhéanfadh an t-adhmad a bhí ag fás i gCúige Laighean.
“Dá gcurfá chúgham siar go Ceann Cora, a rígh,” ar seisean le Maolmórdha, “trí cinn de’s na crannaibh is fearr agat chun na h-oibre, do chuirfinn trí loingeas d’á ndéanamh gan a thuille ríghnis.”
“Cuirfead agus fáilte, a Árdrígh,” arsa rígh Laighean.
D’fhan an sgéal mar sin an uair sin.
Do ghluais Brian agus a chualacht ódheas isteach i n-Urmúmhain. Thug sé a chuaird chun teighlaigh rígh na nDéiseach. Mothla mac Faeláin ab ainim do’n rígh sin. Bhí sé dílis do Bhrian, bíodh ná raibh abhfad roimis sin ó bhris Brian cathana fuilteacha ar a chine. Bhí sé i n’ aigne, fé mar a bhí i n-aigne gach aoinne, go raibh tórmach cogaidh ar siúbhal, go raibh an spéir trom leis an dtórmach cogaidh sin, agus ná raibh aon fhear beó ach Brian a dh’fhéadfadh Éire thabhairt saor as an gcogadh san nuair a thiocfadh sé. D’á bhrígh sin bhí sé dílis do Bhrian.
Tháinig Brian agus a chualacht go teighlach athar Chaoilte. Fuair gach aoinne amach ansan cé r’ bh’ é Caoilte, gur mac rígh é agus gur Donn ab ainim dó, Donn mac Beathach. Nuair a fuair Conn, mac Mhaoilruanaidh na Paidre, gur mhac rígh Caoilte tháinig sé chuige agus do rug sé ar dhá láimh air.
“Ó, a Dhuinn,” ar seisean, [186] “cad ’n-a thaobh nár innsis dom cé r’ bh’ é thú! Bhí sé am’ aigne go mb’fhéidir go raibh braon éigin d’fhuil ríoga ionat, agus an bhfuil fhios agat cathin a chuimhnigheas air? Chuimhnigheas air nuair a thugas an tarcaisne dhuit agus nuair a chonac an chuma ’n-ar choimeádais srian le t’ fheirg. ‘Mura mac rígh é,’ arsa mise am’ aigne féin, ‘tá an fholuigheacht ann pé ball ’n-a bhfuair sé í bheith ann.’ Dúbhart go deimhin. Nách mór an cleasaidhe Niamh! Chuir sí thusa ar theachtaireacht an lá úd. Do chuir má’s fíor bréag! Ní h-eadh ach cheap sí sinn a chur ó chéile. Do rug sí mise i láthair Bhriain, agus geallaim dhuit gur cuireadh smacht orm. ‘Bíodh ciall agat, a mhic ó,’ arsa Brian. Idir Bhrian agus an sagart agus Niamh, agus í imthighthe amach, níor fágadh léas meabhrach am’ cheann. Nuair a bhíos tagaithe amach agus raint machtnaimh déanta agam iseadh thuigeas i gceart cad a bhí imthighthe orm. ‘Tá a h-aigne socair ag Niamh ar gan pósadh choídhche,’ arsa Maolshuathain, agus, ‘Bíodh ciall agat, a mhic ó,’ arsa Brian. Dheineadar amadán díom eatartha.”
“Agus nách maith nár dheinis aon dearmhad de’n fhocal amháin úd, a rígh,” arsa Caoilte.
“Cad é an focal?” arsa Conn.
“An focal úd adúbhairt Maolshuathain, ‘Tá a h-aigne socair ag Niamh ar gan pósadh choídhche.’”
“Ó, ambasa is fíor dhuit é,” arsa Conn. “D’ fhan an focal san ’n-a sheasamh am’ aigne ó shin. Tá sé ’n-a sheasamh am’ aigne anois chómh gléineach agus bhí sé nuair airigheas ag teacht a’ bhéal Mhaoilshuathain amach é! ‘Tá sochair ag Niamh ’n-a h-aigne,’ ar seisean, ‘gan pósadh choídhche.’ Dá mairinn míle blian ní imtheóch’ an méid sin cainte as m’ aigne.”
“’Sé an sgéal céadna agam-sa é,” arsa Caoilte. “Dúbhairt sí an chaint sin díreach amach as a béal féin liom nuair a bhí sí a’m chur ar a’ dteachtaireacht mar ’dh eadh, agus tá an focal ’n-a sheasamh am’ aigne anois, agus beidh go deó.”
“Feuch, a Dhuinn,” arsa Conn, [187] “is maith a dhein sí é agus a h-aigne do shocarughadh ar an gcuma san. Dá bpósadh sí thusa is dóich liom go mbainfinn an t-anam asat; agus dá bpósadh sí mise is dócha go mbainfeá-sa an t-anam asam-sa; agus dá bpósadh sí duine eile is dócha go mbainfimís araon an t-anam as san. Ach nuair ná pósfaidh sí aoinne choídhche ní bheidh aoinne agam-sa ná agat-sa ná againn araon chun an anama bhaint as! Is dian mhaith atá an sgéal socair aici!”
“Is fíor dhuit sin, a Chuinn,” arsa Caoilte. “Shocaruigh sí é i dtreó go bhféadfaimíd bheith ag baint spóirt as, an rud atá agat-sa ’á dhéanamh anois, agus i dtreó go bhfuil ar ár gcumas bheith muinteartha caradach le n-a chéile. Tá gádh againn anois le muintearthas agus le caradas. Is dóich liom nach ró fhada go mbeidh namhaid agus eascáirde ar ndóthin againn.”
“Is fíor dhuit sin, a Dhuinn,” arsa Conn. “Ná béadh sé chómh maith againn, agat-sa agus agam-sa a deirim, caradas daingean a bheith eadrainn, fé mar atá idir Mhurchadh agus Dúlainn, i dtreó nuair a bhéimís i lár catha go bhféadfaimís a chéile chosaint. Tá ana chion agam ort ó’n lá úd a bhuaidhis orm sa ruith.”
“Ní mó an cion atá agat orm, a Chuinn,” arsa Caoilte, “’ná mar atá agam-sa ort-sa. Agus a bhfuil fhios agat cad é an chúis go bhfuil an cion san agam ort, a Chuinn?”
“Andaigh ní fheadar, a Dhuinn,” arsa Conn. “Ní h-eól dom gur dheineas aon nídh riamh duit a thuillfeadh cion dom uait.”
“’Neósfad-sa dhuit cad a chuir an cion am’ chroídhe ort. An grádh a thaisbeánais a bheith agat do Niamh. Siné a dhein é.”
“Aililiú!” arsa Conn. “Ba dhóich liom gur éad, agus fuath dhom, agus gráin orm, a mhúisgileóchadh sé sin a d’ chroídhe.”
“Iseadh, leis,” arsa Caoilte, [188] “go dtí go ndúbhairt sí liom go raibh a h-aigne socair aici ar gan pósadh choídhche. Nuair airigheas an focal san uaithi bhí fhios agam gur bh’ fhíor an focal. Ansan nuair a chonac, agus nuair a thuigeas am aigne, an grádh a bhí agat-sa dhi tháinig truagh agam duit. Ansan tháinig an cion agam ort. Sin mar a tháinig sé. Tá sé am’ chroídhe fós, chómh láidir díreach agus bhí sé an uair sin.”
“Is iongantach an sgéal é sin, a Dhuinn,” arsa Conn. “Isé an sgéal céadna ó m’ thaobh-sa é ach nár thugas fé ndeara é chómh géar agus thugais-se fé ndeara é. Bhí fhios agam cad é an chúis n-a mbíodh Caoilte ag teacht fé dhéin teighlaigh Thaidhg Mhóir uí Chealla. Nuair a thánag amach ó Bhrian agus ó Mhaolshuathain, agus Maolshuathain tar éis an chinn a bhaint de’n sgéal dom, dar leis, agus Brian tar éis cómhairle thabhairt dom ciall a bheith agam, chómh luath agus d’ fhéadas mo mheabhair do chruinniughadh, agus níor bh’ fuiriste é, ‘Agus Caoilte bocht,’ arsa mise am’ aigne féin, ‘cad a dhéanfaidh sé! Tá an sgéal chómh h-olc aige agus ’tá sé agam-sa, nó b’fhéidhir níosa mheasa.’ Tá ana bháigh agam leat ó shin. Agus feuch, níor thugas fé ndeara an chúis go dtí anois nuair a dh’innsis-se do thaobh féin de’n sgéal dom.”
Do shnadhmuigh an bheirt a gcaradas go daingean ansan, agus bhí móráil agus aiteas agus áthas croídhe ortha as san amach.
D’ admhuighdar i gcómhnuighe, as san amach, gur mhór an tabharthas ó Dhia dhóibh an caradas san a bheith eatartha, agus gur ar Niamh a bhí a bhuidhchas acu Dia do thabhairt an tabharthais sin dóibh.
An fhaid a bhí Brian ar an gcuaird sin, mór-thímpal na h-Éirean, bhí sé ag táthughadh agus ag dlúthughadh agus ag méadughadh a nirt ar gach aon tsaghas cuma. Do bhíodh sé ag gríosadh na ndaoine a bhíodh neamh-shuimeamhail. Bhí a lán [189] neamh-shuimeamhlachta ins na daoine i n-áiteanaibh. Ní chreidfidís go raibh aon bhaoghal go dtiocfadh namhaid go dtí go bhfeicfidís ag teacht é. Ansan, nuair a marbhófaí a leath agus nuair a fágfaí an leath eile dhíobh leath-mharbh, agus nuair a bhéadh an namhaid imthighthe agus a gcuid an tsaoghal beirthe chun siúbhail aige, ní chuirfeadh aon nidh ’n-a luighe ortha gur cheart dóibh iad féin d’ollamhughadh mar nár baoghal ná go dtiocfadh an namaidh sin airís. Nuair a thagadh Brian ameasg daoine de’n tsórd san, ar a chuaird, bhíodh sé ag chaint leó agus ag plé leó agus ’ghá ngríosadh agus ag spídiúchán ortha, go dtí go gcuireadh sé a bhfearg suas agus go socaruighdís ar na h-airm a sholáthar agus ar thaithíghe dhéanamh díobh chómh maith le cách. Bhuaileadh duine uime uaireanta, ámhthach, agus ní fhéadadh a dhícheal aon spionadh chur ’n-a mhisneach. Thug aon fhear amháin an freagra so air:—
“Ná bí liom, a Árdrígh,” ar seisean. “Dá mbéadh sé i n-áirighthe agam maireachtaint míle blian b’fhearr liom gach aon lá de’n mhíle blian san do chaitheamh ar mhulach mo chinn sa laithigh ag sglábhaidheacht ’ná aon lá amháin do throid!”
B’éigean do Bhrian eirighe as. Ní mór de’n tsaghas san, ámhthach, a bhuail uime ar a chuaird. Na fir a bhuail uime, pé neamh-shuimeamhlacht a bhí ortha sar ar labhair sé leó, do bhain a chaint an neamh-shuimeamhlacht díobh. Do tugadh dóibh na h-airm agus do cuireadh ag déanamh na gleacaidheachta iad agus stiúrthóirí ’n-a mbun, agus bhí gach aon deabhramh nár ró fhada go mbeidís ábalta ar aghaidh a thabhairt ar Lochlanach i gcath agus ar chleas a mhúineadh dhó.
Um an am ’n-a raibh an chuaird d’á críochnughadh bhí measta i n’ aigne ag Brian go mbéadh suas le chúig mhíle fhichid fear ollamh aige i gcóir na Lochlanach nuair a thiocfaidís. Do réir a bhreitheamhantais is go cuan Bhaile Átha Cliath a bhíodar le teacht. Bhí eólus maith tabhartha aige do Chlainn Chais, [190] agus dos na cineachaibh eile sa Mumhain, ar na bóithribh go Baile Átha Cliath. Ní raibh aon bhaoghal go mbéadh na slóighte ag dul amú’ ná go mbéidís ag brúth ar a chéile ná ag teacht crosta ar a chéile.
Bhí fhios aige, dá mbéadh fir Éirean go léir i n-aonfheacht aige, go mbéadh breis mhór agus dachad míle fear aige, agus bhí fhios aige, dá mbéadh san amhlaidh, ná tiocfadh aon chogadh, mar ná raibh aon chómhacht lasmuich, i n-aon pháirt de’n domhan, a dh’fhéadfadh aghaidh a thabhairt ar chómhacht na h-Éirean dá mbéadh fir Éirean go léir i n-aonfheacht. Ach bhí fhios aige go maith go mbéadh cuid d’fhearaibh Éirean ar thaobh na Lochlanach, agus go mbéadh cuid acu ná raghadh i n-aon chor sa chaismirt. Dhein sé a dhícheal, sa chuaird, ar an dá aicme sin do luigheadughadh an oiread agus dob’ fhéidir é. Chuir sé go soiléir os comhair aigne na ndaoine, coitchianta, agus ins gach áit ’n-ar labhair sé leis na daoine, dá bhfaghadh na Lochlanaigh an lámh uachtair sa chogadh a bhí ag teacht go ngeóbhdís do chosaibh i nGaedhlaibh Éirean chómh tiubaisteach san gur bh’ fhearr go mór d’á raibh de Chríostaighthibh sa n-oileán bás a dh’fhághail sa chath a troidfí ’ná maireachtaint i n-Éirinn i ndiaigh an chatha san. Chuaidh an chaint sin i bhfeidhm ar fhormhór na ndaoine. Thuigeadar go raibh an fhírinne sa chaint. Shocaruighdar a n-aigne ar an lámh uachtair a bheith acu féin nuair a thiocfadh an cath nó thuitim sa chath. Chuaidh an focal san amach ameasg na ndaoine ins gach aon bhall. Ní h-ar theacht ó’n gcath a bhíodh aoinne ag trácht, ach ar thuitim sa chath nó an namhaid do thuitim. Chuaidh daoine i dtaithighe an fhocail chómh mór san go raibh a n-aigne socair acu, go breagh réidh, gan aon chorbhuais, ar dhul sa chath, nuair a thiocfadh an cath, agus ar gan teacht as. B’shiné saoghal a gheár gach fear amach dó féin, go dtí go dtiocfadh an cath san.
Ní baoghal gur fhág Brian gan cur ’n-a luighe ortha go léir [191] coitchianta, an fear a thuitfeadh sa chath gur bhás ar son an Chreidimh dó é, agus bhí fhios acu féin, an t-é a dh’fhuilingeóch’ bás ar son an Chreidimh go raibh aoibhneas na bhFlathas i n-áirighthe dhó láithreach. Ní fhéadfadh bás i gcath sgáth ná eagla do chur ar fhearaibh go raibh a n-aigne socair ar an gcuma san. Agus níor chuir, nuair a tháinig sé.
An fhaid a bhí an chuaird sin ar siúbhal, leis, bhí rud eile ar siúbhal. Bhí Caoilte ag imtheacht coitchianta ó áit go h-áit i n-Éirinn, agus bhíodh sé go minic imthighthe tar faraige a gan fhios d’ aoinne ach do Mhurchadh. Chuaidh sé soir go minic go crích Lochlan gan spleadhchas do’n fholáramh úd a tugadh dó sa leitir a fuair sé ó chaptaéin na loinge a thug abhaile go Corcaigh é tar éis a thamal a thabhairt sa phrísún thall i gcathair rígh Lochlan. Chuaidh sé anonn airís agus airís eile, agus thug sé leis anall, gach uair díobh, ag triall ar Mhurchadh, cúntas cruinn ar an neart fear a bhí thall ag rígh Lochlan, agus ar an méid loingeas a bhí aige chun na bhfear a bhreith thar faraige, agus gur anall go h-Éirinn a bhí na fir sin le tabhairt, chómh luath agus thiocfadh an t-am chuige.
Chuaidh sé óthuaidh, agus níor bh’aon uair amháin é, go h-Ínsíbh Orc agus go h-Ínsíbh Gaill, agus chonaic sé le n-a shúilibh féin cad é an neart fear a bhí ’á dhéanamh suas ins na h-oileánaibh sin, agus cé r’ bh’é an rígh a bhéadh os cionn na bhfear san. Chuaidh sé, ’n-a chuardaibh, soir óthuaidh go tír na h-Ioruaidhe, agus fuair sé ansan, leis, an t-eólus a bhí uaidh, agus eólus ná raibh coinne aige leis. Nuair a bhíodh raint eóluis cruinnighthe aige thagadh sé abhaile agus thugadh sé an t-eólus do Mhurchadh, agus thugadh Murchadh do Bhrian é, ’sé sin, an méid ba mhaith a thabhairt dó dhé. Bhí cuid de’n eólus agus níor tugadh do Bhrian é go dtí ’n-a dhiaigh san.
Do h-innseadh dó cad é an neart slógh a bhéadh ag teacht anall ó rígh Lochlan agus cé r’ bh’iad na taoiseacha a bhéadh ’n-a bhun. Do h-innseadh dó cad é an neart slógh a bhéadh [192] ag teacht anall ó rígh na h-Ioruaidhe agus cé r’ bh’iad na taoiseacha a bhéadh ’n-a bhun. Do h-innseadh dó cad é an neart slógh a bhéadh ag teacht adtuaidh ó Ínsíbh Orc agus ó Ínsibh Gaill agus cé r’ bh’iad na taoiseacha a bhéadh i mbun na slógh san. Agus do h-innseadh dó nách namhaid ar fad a bhéadh ag teacht; go mbeadh congnamh fear, agus nár chongnamh shuarach é, ag teacht anoir adtuaidh ó Ghaedhlaibh Alban, chun buille bualadh le Gaedhlaibh Éirean i gcoinnibh cómhacht Lochlan, agus go mbéadh an dá rígh uasal, an dá Mhaor Mhór, i gceannus an chongnaimh sin. Fuair Caoilte amach, leis, go raibh slóighte ag teacht anoir ó’n gceann tuaidh de’n Almáinn ag cabhrughadh le namhdaibh na nGaedhal. Bhí, ba dhóich le duine, an Phágánacht go léir, thoir agus thuaidh, ag cruinniughadh agus ag eirighe, mar a bhéadh tonn mór faraige, chun an oileáin seo na h-Éirean do bháth agus do mhúchadh agus do thraochadh d’ aon mhór-iaracht amháin.
Bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal go h-uathbhásach ins gach aon bhall, ar fuid na h-Éirean agus ins na dúthaíbh thall, ach ’n-a thaobh san a’s uile ní raibh ach síthcháin agus caradas ins gach aon bhall, i n-Éirinn agus thar lear. Ba chuma é nó an ciúnas roimis an dtóirthnigh. Bhí an tsíthcháin ann. D’á bhrígh sin bhí neart do Chaoilte agus d’á aicme féin ar bheith ins gach aon chúinne, ag faire agus ag fághail eóluis, agus bhí, ar an gcuma gcéadna, neart do’n namhaid ar a lucht faire bheith acu ins gach aon chúinne d’ oileán na h-Éirean, ag feuchaint agus ag iniúchadh agus ag fághail eóluis, chómh maith agus dob’ fhéidir leó é.
Pé cúis a bhí leis, bíodh go ndeigh Caoilte anonn go minic go críochaibh Lochlan, agus anonn go Cathair na Beirbe, níor deineadh aon iaracht ar aon chur isteach a dhéanamh air ná ar bhaint leis i n-aon tsaghas cuma. Thug sé féin aire mhaith gan aon dlígh a bhriseadh.
Idir an dá aicme faire ba dheacair puinn eóluis a bheith [193] i n-Éirinn a gan fhios do’n namhaid, agus ba ró dheacair do’n namhaid aon chor a chur díobh a gan fhios do Chaoilte. Ní raibh ag gach taobh le déanamh ach bheith ’ghá neartughadh féin chómh maith agus dob’ fhéidir leó é, agus bheith a d’iaraidh eóluis a nirt do choimeád ó’n dtaobh eile chómh maith agus dob’ fhéidir leó é, go dtí go bpléasgfadh an tóirthneach eatartha.
Bhí dhá shaghas eóluis ag gach taobh de’n dá thaobh ’á chruinniughadh. Bhí gach taobh a d’iaraidh eóluis a dh’ fhághail ar na neithibh ab fhearr a dhéanfadh cur le n-a neart féin agus ar na neithibh ab fhearr a dhéanfadh baint ó neart an taoibh eile.
Ní raibh Brian abhfad imthighthe ó Cheann Cora, ar a chuaird rígh, agus Niamh agus a h-athair imthighthe i gcualacht Bhriain, nuair a tugadh fé ndeara daoine iasachta ag teacht ann. Níor cuireadh aon tsuim ró mhór sa méid sin. Bhíodh daoine ag teacht ó gach aon pháirt d’ Éirinn go ceártain Mheargaigh ag ceannach na n-arm. Bhí cúram teighlaigh an Árdrígh i gCeann Cora ar an Árdrígain, nídh nár bh’iongnadh, agus ba léir do gach aoinne go raibh sí ábalta ar a smacht do chur i bhfeidhm agus ar mhuintir an teighlaigh do choimeád fé n-a láimh, agus ar a gceann a choimeád fútha, agus ar a chur fhiachaibh ortha a ngnó dhéanamh mar ba cheart. D’á bhrígh sin, nuair a thagadh daoine iasachta ann, ní leigeadh eagla d’aoinne de mhuintir an teighlaigh aon rud a thabhairt fé ndeara ná aon chur isteach a dhéanamh ar neithibh nár bhain leó, dar leó féin.
I n-éaghmuis na ndaoine iasachta eile d’ár tháinig ann tháinig Amhlaoibh ann. Sa n-oídhche iseadh tháinig sé, agus bhí fhios ag Gormfhlaith roim ré go raibh sé ag teacht. Do shleamhnuigh sé isteach a gan fhios do’n teighlach. Ní fheacaidh aoinne é. B’éigean dó teacht ar an gcuma san mar bhí an iomad aithne sa n-áit air, agus dá bhfeictí ann é do shroisfeadh an ráfla Inis Cathaigh agus Uíbh Máine. Ansan do shroisfeadh sé Murchadh agus Brian agus níor bh’ fhios cad a thiocfadh as. Tháinig sé ann sa n-oídhche, a gan fhios d’aoinne. Nuair a bhí sé féin agus Gormfhlaith i bhfochair a chéile, i seómra a bhí abhfad isteach, do chuir sí na mílte fáilte roimis. B’ fhuiriste a dh’ aithint ó’n gcuma ’n-ar ghlac sí é go raibh an gaol achamair go maith eatartha. Ná féadfadh sé bheith níb’ achamaire.
“Ó! a mhic ó, a laogh,” ar sise, “nách fada gur fhéadais teacht! Shíleas ná tiocfá choídhche. Conus tá an obair ag dul chun cinn? Cathin a buailfear an buille do shaorfaidh sinn ó’n annsgian, ní h-eadh ach ó’n sluagh annsgian! Cathin a thiocfaidh an chabhair, a mhic?”
“Thiocfadh an chabhair amáireach, a mháthair,” ar seisean, “dá mbéadh do thaobh-sa de’n obair déanta.”
“Conus fhéadfainn mo thaobh de’n obair a dhéanamh anois agus gan Brian anso? An fhaid a bhí sé anso bhí an eascú san Thaidhg Mhóir ag faire orm ins gach aon chúinne gach aon rae sholuis. Ní fhéadfainn cor a chur díom gan mé féin a chur i gcontabhairt. Tá Murchadh ag faire orm. Tá Donn mac Beathach ag faire orm. ’Sé mo thuairim láidir gur dhein an t-easbog úd a bhí anso ó’n Róimh rud éigin, nó go ndúbhairt sé rud éigin, do chuir iad go léir ar a gcosaint féin orm. Thugas fé ndeara é, cupla uair, ag feuchaint orm, agus níor thaithn an fheuchaint liom. Mheasas gur fheuch sé treasna thríom. Ní fheadar an domhan cad a chuir iad go léir ar a gcosaint féin mar atáid. Níor dheineas aon nídh a dh’ fhéadfadh aon rud do chur ar a súilibh dóibh. An fhaid a bhí Niamh anso ag faire orm do leigeas mé féin fé n-a súilibh chómh h-osgailte agus dob’ fhéidir dom é. Dheineas gach aon rud, dar liom, chun a thaisbeáint dí ná raibh brígh ná bunús leis an bhfaireachán. Dheineas níba mhó ’ná san. Thugas mé féin di chómh h-iomlán san gur dóich liom dá bhfanadh sí abhfad eile anso go mbéadh sí curtha fé ’n gcré agam!”
“Airiú, cad a chuirfeadh fé’n gcré í, a mháthair? Ar nóin ní h-amhlaidh a thabharfá dhi féin an rud n-a raibh sí ag faire ort sar a dtabharfá do Bhrian é!” ar seisean.
“Ní h-amhlaidh,” ar sise. “Níor ghádh dhom é. Cailín fíor uasal ’n-a h-aigne iseadh í. Do deineadh árd éagcóir uirthi nuair a cuireadh anso í. Tá sí ana ghéarchúiseach, ach tá sé bun os cionn ar fad le n-a meón agus le n-a nádúr aon rud i bhfuirm faireacháin a thabhairt le déanamh di. Ní raibh fasg agá h-athair agus í thabhairt anso. Níor dheineas-sa ach í thachtadh agus do mhúchadh le séimhe agus le soilbhreas agus le gealgháiriteacht. Go deimhin le fírinne dhuit, a Amhlaoibh, do bhíodh truagh agam do’n chailín bhocht nuair a chínn í ag casadh le gáire dhéanamh agus gan aon gháire ’n-a croídhe. Mura mbéadh a luathacht a rugadar leó chun siúbhail í bhéadh sí ar an gclár acu.”
“Bhí aithne agam uirthi,” arsa Amhlaoibh. “Chonac í thiar sa bhaile cúpla uair. Níor mheasas gur bh’ aon rud fóghanta í.”
“Aon rud fóghanta!” arsa Gormfhlaith. “Tabharfad a ceart féin di, a mhic, agus tuigim cad tá agam ’á rádh. Isí cailín í is fearr agus is uaisle agus is gile agus is glaine croídhe agus aigne d’ár bhuail riamh fós umam-sa! Déarfad an méid sin di dá ndéineadh sí oiread eile faireacháin orm. Ní’l fasg ag an muintir a chuir anso í.”
“Tá sí imthighthe anois, a mháthair, pé ’r domhan é, agus tá an áit seo fút féin. Ba chóir go bhféadfá rud éigin a dhéanamh nuair a thiocfadh an t-Árdrígh seo abhaile. Nár chóir go bhféadfá bheith ollamh i dtreó nár ghádh dhuit tú féin a chur i n-aon chontabhairt nuair a bhéadh sé sa bhaile. Tá sé ana aosda. Dá dtagadh an bás air díreach nuair a bhéadh ár neart ag teacht isteach i gcuan Bhaile Átha Cliath bhéadh gach aon rud ar ár dtoil againn láithreach. Bhéadh Éire againn gan a bheith orainn oiread agus aon fhear amháin do chailleamhaint. Do thuitfeadh neart Bhriain as a chéile. D’éileóch’ M’lsheachlainn airís an Árdrígheacht a baineadh dé chun í thabhairt do Bhrian. D’éileóch’ Murchadh an Árdrígheacht ó ’sé an ríghdhamhna é. D’eireóch’ Ua Néill chun gan an Árdrígheacht d’ fhágáilt ag aoinne acu ach í bheith aige féin. Bhéidís go léir ag marbhughadh a chéile láithreach bonn. Níor ghádh dhúinn aon phioc d’á nduagh dh’ fhághail. Mharbhó’dís féin a chéile dhúinn. Ní bhéadh le déanamh againn ach sgaoileadh leó agus bheith ag brúth isteach ortha fé mar a bhéidís ag lagughadh a chéile. Um an dtaca ’n-a mbéidís dísgighthe agá chéile bhéimís-ne i seilbh an oileáin. Déin rud éigin, a mháthair. Tabhair congnamh éigin do Bhrian chun an tsaoghail seo dh’fhágaint. Is mithid dó imtheacht.”
“Déanfad mo dhícheal, a mhic ó,” ar sise. “Ach caithfir aon nídh amháin a gheallamhaint dom, a Amhlaoibh,” ar sise.
“Geallfad aon rud is maith leat duit, a mháthair,” ar seisean. “Cad é an rud é?”
“Geall dom,” ar sise, “má eirighean linn go bpósfair Niamh.”
“Aililiú!” ar seisean, agus do leath a dhá shúil air. “Ag magadh athaoín tú, a mháthair!” ar seisean.
“Ní h-eadh, a mhic mo chroídhe!” ar sise. [197] “Lom dáiríribh atáim. Ní’l cor ’n-a croídhe ná ’n-a h-aigne ná fuil ’fhios agam. Níor bhuail a leitéid eile riamh umam. Go dtí gur bhuail sí féin umam níor mheasas go raibh a leithéid ar bith. Níor mheasas gur bh’fhéidir a leithéid a bheith ar bith. An oídhche úd a bhíobhair go léir anso nuair a chonac tu ag rince léi mheasas ná feaca riamh aon bheirt chómh h-oireamhnach d’á chéile. Ní mise amháin a mheas é. D’ airigheas an cogarnach: ‘Ó! nác áluinn an lánmha a dhéanfaidís!’ An ngeallfair dom go bpósfair í má eirighean linn?”
“Ní’l eirighthe linn fós, a mháthair,” ar seisean, “ach ní dóich liom gur miste dhom a gheallamhaint duit go bpósfad í—————má phósan sí mé. Tá sé i mbéal gach aoinne go bhfuil socair aici ’n-a h-aigne gan pósadh choídhche.”
“Ó’n aithne atá curtha agam uirthi ní chuirfeadh san féin blúire iongnadh orm,” arsa Gormfhlaith. “Tá meón ana mhaith, ana naomhtha, aici. B’fhéidir go n-atharóch’ sí a h-aigne. Is cuimhin liom cogarnach eile dh’airigheas an oídhche chéadna ad’ thaobh-sa. ‘Ó,’ adeirthí, ‘nách mór an truagh sagart a dhéanamh dé!’ Cúis gháire chúghainn! Ach pósfair í má phósan sí thú?”
“Tá go maith, a mháthair,” ar seisean. “Ní dóich liom, ámhthach, go bpósfaidh sí mé pé tathant a dhéanfair uirthi. Is éagsamhlach an bhean tú, a mháthair,” ar seisean. “Mheasas go marbhófá mé níba thúisge ’ná mar a leigfeá dom í phósadh!”
“Dá dtuigtheá a feabhas mar a thuigim-se é ní mheasfá san,” arsa Gormfhlaith.
Thugadar formhór na h-oídhche ag caint. Thug Amhlaoibh cúntas cruinn di ar an neart a bhí le teacht go h-Éirinn chun seilbh na h-Éirean do ghlacadh chómh luath agus gheóbhadh Brian bás. D’inis sé dhi cad é an neart fear a bhí ollamh ag rígh Lochlan agus cad iad na loingeas a bhí ollamh ar uisge aige. D’inis sé dhi cad é an neart fear a bhí ollamh ag rígh na h-Ioruaidhe, agus cad iad na loingeas a bhí ollamh ar uisge aige, agus conus mar a bhí beirt mac an rígh, an bheirt óigfhear ba threise agus ba thréine i dtír na h-Ioruaidhe an [198] uair sin, ag teacht ’n-a bhfearaibh cinn-riain ar shlóightibh na h-Ioruaidhe.
D’inis sé dhi conus mar a bhí Sígurd mac Lódair, rígh Ínsí h-Orc, chun teacht agus mór-shluagh aige d’fhearaibh luatha láidire cruadha ó Ínsíbh Orc agus ó Ínsíbh Gaill, ó Sgathaigh agus ó Cheann Tíre agus ó-s na dúthaíbh sin go léir mór-thímpal.
Thug sé gach aon chúntas mar sin di ar an gcuma ’n-a raibh neart Lochlan suidhte an uair sin agus ar an gcuma ’n-a raibh an neart ag méadughadh agus ag dul i n-acfuinníghe i n-aghaidh an lae. Agus chuir sé ’n-a luighe ar a h-aigne ná raibh aon nídh ag teastubháil feasta ach bás Bhriain.
D’fhan Amhlaoibh i gCeann Cora an chuid eile de’n oídhche sin agus an lá a bhí chúghainn. Níor thaisbeáin sé é féin d’ aoinne i gcaitheamh an lae. Chómh luath agus bhí am mhairbh na h-oídhche airís ann d’imthigh sé. Thug sé aghaidh ar Bhaile Atha Cliath. Chuaidh sé chun cainte le Sitric, rígh Lochlanach Bhaile Atha Cliath, agus d’inis sé dhó an uile fhocal de’n chaint a bhí idir é féin agus Gormfhlaith.
Bhí eagal ar an mbeirt ná déanfadh Gormfhlaith an bheart. Níor thaithn leó i n-aon chor an bháigh a thaisbeáin sí a bheith aici do Niamh. Thuigeadar ’n-a n-aigne má bhí congnamh le tabhairt do Bhrian chun imtheacht as an saoghal, agus má b’ í Gormfhlaith a thabharfadh an congnamh san dó, nár bh’ fholáir congnamh a thabhairt do Ghormfhlaith féin sa ghnó.
Conus a tabharfaí an congnamh san di, ámhthach, agus cad é an saghas an congnamh a tabharfaí dhi? B’shiní an cheist acu, agus níor cheist ró bhog í.
Bhí an bheirt istigh i seómra i ríghtheighlach Shitric i mBaile Átha Cliath agus iad ag cur ’s ag cúiteamh i dtaobh an sgéil.
“Ní dhéanfaidh sí an bheart,” arsa Amhlaoibh. “Ní’l an sgairt chómh láidir aici agus do mheasas. Siné fé ndeár gan an gnó bheith déanta fadó. Do cuireadh Niamh ag faire uirthi. Isí Niamh a choisg í ar an obair a dhéanamh an fhaid a bhí Brian sa bhaile, ach ní leis an bhfaire do choisg sí í. Chuir Niamh Gormfhlaith ó’n ndroch ghníomh a gan fhios do Ghormfhlaith féin. Deirim an méid seo leat, a rígh. Dá bhfanadh Brian sa bhaile i gCeann Cora agus dá bhfanadh Niamh ann, agus í féin agus Gormfhlaith a bheith chómh mór i gcuideachtanas a chéile agus bhíodar, ní dhéanfadh Gormfhlaith an gníomh i n-aon chor. Bhéadh sí ceapaithe ar an ngníomh a dhéanamh, ach an fhaid a bhéadh Niamh ann agus í fé shúilibh Ghormfhlaith, agus a h-anál ag dul fé Ghormfhlaith, agus a guth agus a gáire ag dul fé Ghormfhlaith, ní dhéanfadh Gormfhlaith an gníomh.”
“Ach!” arsa Sitric. “Airiú, nách eólgaiseach an buachail tu! Cá bhfuarais an fháidheamhlacht go léir? Ba dhóich le duine gur ag breithniughadh aigne an duine a chaithis do shaoghal.”
“Abair do rogha rud, a rígh,” arsa Amhlaoibh, [200] “i dtaobh conus a chaitheas mo shaoghal, ach bain-se an chluas anuas ó’n gceann díom mura bhfuil an ceart sa méid úd agam. Bhéadh an rud atá uainn déanta fadó mura mbéadh Niamh a theacht go Ceann Cora. Chun na faire dhéanamh iseadh do tugadh ann í. Dhein sí an fhaire, ach ní leis an bhfaire do choisg sí an gníomh, ach le h-í féin a bheith ann.”
“Ba dhóich liom gur conus a déanfar an gníomh an cheist anois agus nách conus a coisgeadh é. Ó bhreithnighis an cosg chómh maith b’ fhéidir go bhfuil breithniughadh éigin déanta agat ar conus a curfar an cosg as an slígh,” arsa Sitric.
“Tá an breithniughadh san, leis, déanta agam, a rígh,” arsa Amhlaoibh.
“Is maith é sin. Sgaoil chúghainn toradh do mhachtnaimh,” arsa Sitric.
“Ar airighis riamh,” arsa Amhlaoibh, “conus a deineadh Árdrígh de Dhiarmaid mac Céirbheóil?”
“Do marbhuigheadh Tuathal Maolgarbh,” arsa Sitric. “Ach ar airighis-se cad d’ imthigh ar an bhfear a mhairbh Tuathal?”
“Do deineadh goin galáin dé,” arsa Amhlaoibh.
“Go díreach,” arsa Sitric; “an rud a dh’ imtheóch’ láithreach bonn ar an t-é a mharbhóch’ Brian, ach so a bheith de dheifrigheacht idir an dá sgéal. Do deineadh goin galáin de ’n t-é mhairbh Tuathal, ach tar éis an ghnímh a deineadh dé é. An fear a thabharfadh fé Bhrian a mharbhughadh, roimis an ngníomh a déanfaí goin galáin dé.”
Bhí an bheirt ag caint ar an gcuma san. Tháinig seirbhíseach isteach.
“Tá duine sa phóirse agus ba mhaith leis labhairt leat, a rígh,” arsa’n seirbhíseach.
“Tabhair anso isteach é,” arsa Sitric.
Do tugadh isteach é.
Sidé saghas duine a chonaic an bheirt nuair a tháinig sé isteach. Firín beag agus ceann mór air. Bhí folt odhar ar a cheann, folt trom agus é ag tuitim anuas ar a ghuaillibh agus siar sios ar a shlinneánaibh. Bhí mar bhéadh raca beag óir ar gach taobh d’á cheann, agá uiseanaibh, ag coimeád a ghruaige siar d’á éadan agus d’á shúilibh. Bhí éadan leathan árd air agus fáibrí treasna ann, ’ghá thaisbeáint go raibh sé, an chuid ba lugha dhé, trí fichid blian. Bhí srón fhada dhíreach [201] air agus dhá shúil mhaithe mhóra sholusmhara aige, agus iad aibigh go maith. Bhí a cheannacha faidleicineach agus bhí féasóg throm, liath-ghorm air agus í ag dul abhfad síos ar a bhrollach. Bhí brat, nó clóca, de’n éadach saidhbhir ba cheart a bheith ar dhuin’uasal, aniar ar a shlinneánaibh.
“Cad é an gnó atá agat díom-sa, a dhuine mhacánta?” arsa Sitric leis.
“Liagh iseadh mé, a rígh,” arsa’n duine iasachta. “Tá mórán de chríochaibh an dómhain siúbhalta agam i gcaitheamh mo shaoghail. Ó’n mBreatain anall a thánag le déanaighe. Tá mórán taithighe agam ar na galaraibh a thagan ar an nduine, agus ar na neithibh is fearr chun na ngalar san do leigheas. Thánag anso go dtí an chathair seo ag brath air go mb’fhéidir go bhféadfainn úsáid a dhéanamh ann de’n eólus atá agam agus raint tairbhthe dhéanamh do dhaoine a bhéadh ’n-a ghátar. Is léir duit féin, a rígh,” ar seisean, “gur ró bheag an gnó a bhéadh agam’ leithéid ag teacht anso chun na h-oibre sin a dhéanamh gan mé féin do chur i n-iúil ar dtúis do’n rígh agus cead a dh’iaraidh air.”
“Tá san fíor go leór,” arsa Sitric, “ach cá bh’ fhios dómh-sa nách díobháil a dhéanfá dom’ dhaoine dá dtugainn an cead san duit,” agus chuir sé gáire as. “Cá bh’fhios dom,” ar seisean, “ná gur b’ amhlaidh a thabharfá nimh dúinn go léir.”
“Cúis gháire chúgat, a rígh,” arsa’n duine iasachta. “Ní gádh dhom a dh’innsint duit-se, a rígh,” ar seisean, [202] “gur b’é meón agus nádúr an liaigh gur túisge leis go mór leigheas a dhéanamh ’ná aon díobháil sláinte dhéanamh d’ aon duine. Tuigim go maith cad a bhainean le nimh, agus cad a bhainean le duine do leigheas ó nimh dá mbéadh sé tar éis an nímhe do thógaint, pé ’cu le tionóisg nó le toil a bhéadh an nimh tógtha aige. Ach ní gádh dhom bheith ’ghá innsint cad a dh’fhéadfainn a dhéanamh. Tá teistiméireachtaí anso agam ó ríghthibh agus ó uaislibh agus ó choláistíbh móra, ’ghá thaisbeáint cad é an saghas mé, agus cad é an saghas oibre a dheineas cheana ins na h-áiteanaibh eile ’n-a rabhas sar a dtánag anso.”
Tharaing sé amach beart phápéar agus shín sé chun an rígh iad. Thóg Sitric iad agus chrom sé ar iad do léigheadh. Thaisbeáin sé d’ Amhlaoibh cuid acu. Do léigh Amhlaoibh iad.
“Chím asta so,” arsa Sitric, “gur Lonán is ainim duit.”
“Iseadh, a rígh,” ar seisean. “Lonán m’ ainim.”
“Tá go maith,” arsa Sitric. “Tá mo chead-sa agat chun aon tairbhthe is féidir leat a dhéanamh do mhuintir na catharach so. Is dócha gur cuma leat cé ’cu Lochlanaigh nó Éireanaigh an mhuintir n-a n-imireóchair do chuid eóluis ortha?”
“Is cuma, a rígh,” arsa Lonán. “Imireóchad mo chuid eóluis ar an muintir is mó a chífead ’n-a ghátar agus ar an muintir is fearr a dhíolfaidh mé.”
“Ó, tuigim,” arsa Sitric. “Ba dhóich liom féin, ámhthach,” ar seisean, “go bhfaghadh duine a shiúbhluigh oiread agus shiúbhluighis-se ceannach ar a chuid eóluis, agus díol as, níos fearr ’ná mar a gheóbhair-se sa chathair seo.”
“Conus san, a rígh, le d’thoil?” arsa Lonán.
“Ba dhóich liom gur ’mó rígh, nó Árdrígh, gur mhaith leis tusa bheith i n’ aice i gcómhnuighe ag feuchaint i ndiaigh a shláinte dhó, agus go mb’fhéidir gur bh’ fhearr a dhíolfadh sé thú as do chuid eóluis ’ná mar fhéadfadh daoine bochta na catharach so thú dhíol,” arsa Sitric.
Do gheal gnúis Lonáin.
“Tá go maith, a rígh,” ar seisean. [203] “Ní’l aon rud ab fhearr a thaithnfeadh liom, má’s chuige atá t’ onóir, ’ná an gnó san a dhéanamh do t’ onóir-se. Thabharfainn aire mhaith do’n ghnó, agus is dóich liom, nuair a bhéadh taithighe agat ar m’ eólus ar feadh tamail, agus ar m’obair, nách go ró bhog ba mhaith leat sgaramhaint liom.”
“Ní h-orm féin a bhíos ag cuimhneamh nuair a labhras,” arsa Sitric. “Is ar Árdrígh Éirean, ar Bhrian, a bhíos ag cuimhneamh.”
Do dhoirchigh gnúis Lonáin. Níor labhair sé. B’fhuiriste a dh’aithint go raibh rud éigin nár bh’fhóghanta istigh aige i gcoinnibh an Árdrígh. D’fheuch an bheirt eile ar a chéile. Ar ball do labhair Lonán.
“Gabhaim párdún agat, a rígh,” ar seisean, “agus agat-sa, a rígh,” ar seisean le h-Amhlaoibh. “Tháinig ainim an fhir sin ró oban orm. Tháinig ainim an Árdrígh sin ró oban orm,” ar seisean. Do stad sé. “Mheasas gur ort féin a bhís ag trácht, a rígh,” ar seisean.
“Ní mheasaim,” arsa Sitric, “go bhfuil aon ghrádh ró mhór agat do’n Árdrígh.”
Níor labhair Lonán, ach do dhoirchigh a ghnúis airís.
“Ach bíodh nách orm féin a bhíos ag cuimhneamh ar dtúis b’ fhéidir nár bh’fhearra dhom rud a dhéanfainn ’ná cuimhneamh orm féin anois. B’fhéidir nách i gcómhnuighe a thiocfadh do leithéid-se crosta orm. Tar chugam anso amáireach agus b’fhéidir go bhféadfaimís socarughadh,” arsa Sitric.
Do gheal gnúis Lonáin airís. Ba dhóich le duine air gur rígheacht a bronnadh air bhí sé chómh h-áthasach, chómh mórálach, chómh buidheach.
D’imthigh sé. D’fheuch an bheirt ar a chéile.
“Cad é an fuadar é seo fút anois?” arsa Amhlaoibh.
“Fágaim le h-uadhacht,” arsa Sitric, “ná feadar cad é an fuadar é seo fúm!”
“Ní’l aon ghrádh ag Lonán do Bhrian,” arsa Amhlaoibh.
“Tá an méid sin soiléir go leór,” arsa Sitric. “Ní fheadar an domhan cad a dhein Brian air.”
“Is ’mó duine nách é gur dhein Brian droch bheart air,” arsa Amhlaoibh.
“Bhí sé ar bhara mo theangan dhá uair a dh’ fhiafraighe dhé cad a dhein Brian air, ach bhí eagal orm go samhlóch’ sé go raibh cúis éigin agam leis an gceist a chur chuige,” arsa Sitric.
“Tiocfaidh sé anso amáireach,” arsa Amhlaoibh.
“Ní deirim ná go dtiocfaidh,” arsa Sitric.
“Agus cad a dhéanfair leis?” arsa Amhlaoibh.
“B’fhéidir gur ’mó rud a féadfaí a dhéanamh leis,” arsa Sitric.
Do stad an bheirt agus iad ag machtnamh. Bhí Sitric ’n-a shuidhe ar chathaoir agus bhí Amhlaoibh ag siúbhal síos a’s suas. Thug an bheirt tamal maith ar an gcuma san. Ar ball do labhair Amhlaoibh:—
“Is fíor san,” ar seisean. “Is ’mó rud, b’fhéidir, a féadfaí a dhéanamh leis. Tiocfaidh sé anso amáireach. Ní gádh dhom a rádh leat aire mhaith a thabhairt. Faigh-se greim air má ’s féidir é, ach ná leig dó aon ghreim fhághail ort.”
“Ná bíodh eagal ort,” arsa Sitric. “Mar adúbhart, ní’l aon phioc d’á fhios agam fós cad a déanfar. Pé rud ar a socarófar isé Lonán féin a shocaróchaidh air, uaidh féin.”
“Siní an chaint,” arsa Amhlaoibh. “Ansan, má sgéidhean sé is air féin a sgéidhfidh sé.”
Do sgar an bheirt i gcóir na h-oídhche.
Seachtmhain díreach tar éis na h-oídhche ’n-a raibh Sitric agus Amhlaoibh agus Lonán i bhfochair a chéile istigh i dteighlach Shitric i mBaile Átha Cliath, bhí Gormfhlaith agus beirt [205] d’á mnáibh coímhdheachta ag siúbhal ar bruach glaise bige a bhí ag gabháil thar ríghtheighlach Bhriain i gCeann Cora. Chonacadar ag gabháil chúcha aníos ó threó Luimníghe capal agus cárbat agus beirt sa chárbat. Nuair a tháinig an cárbat i gcómhngar na h-áite ’n-a raibh na mná uaisle do stad an cárbat.
“Siné ríghtheighlach an Árdrígh agat anois,” arsa duine de’n bheirt leis an nduine eile, “agus siní an Árdrígan féin, Gormfhlaith, an bheanuasal is aoirde de’n triúr, an bhean n-a bhfuil an t-éadach corcra uirthi.”
Tháinig an fear eile amach as an gcárbat.
“Ní dócha,” ar seisean, leis an bhfear a dh’fhan istigh, “go mbeidh a thuille gnótha agam díot-sa indiu. Tá sé chómh maith agat casadh thar n-ais.”
Dhíol sé é agus chuir sé uaidh é, agus thug sé féin aghaidh ar an áit ’n-a raibh na mná uaisle ag siúbhal. Níor stadadar d’á gcaint, ná níor shamhluigh sé gur chuireadar blúire suime ann go dtí go raibh sé ar a n-aghaidh amach. An uair sin féin gheóbhaidís thairis gan feuchaint air ná aon tsuim a chur ann mura mbéadh gur chaith sé é féin ar a dhá ghlúin ar aghaidh Ghormfhlaith amach agus gur shín sé leitir chúichi.
“Gabhaim párdún agat, a Árdrígan,” ar seisean, “ar bh’é toil do Shoillse an leitir sin do léigheadh. Ó rígh Lochlanach Átha Cliath iseadh í.”
“Déirc atá uaidh seo is dócha,” ar sise leis na mnáibh coímhdeachta, agus do rug sí ar an leitir. D’aithin sí an sgríbhinn a bhí ar an gcúmhdach. B’ fhíor do’n duine é gur ó Shitric a fuair sé an leitir le tabhairt ag triall uirthi. D’osgail sí an leitir agus chrom sí ar í léigheadh. Ar ball d’ fheuch sí ar an bhfear. D’ fheuch sí go géar air. Firín beag ab eadh é agus ceann mór air; an fear céadna a bhí istigh i dteighlach rígh Lochlanach Átha Cliath an oídhche úd, seachtmhain roimis sin, ag caint le Sitric agus le h-Amhlaoibh.
D’fheuch Gormfhlaith ar na mnáibh coímhdeachta.
“Teidhigh-se isteach, a chlann ó,” ar sise. “Oirean dom labhairt leis an nduine seo i n’ aonar.”
D’imthigh an bheirt bhan.
“Chím,” arsa Gormfhlaith leis an bhfear, “gur Lonán is ainim duit-se.”
“Iseadh, chun do thoile, a Árdrígan,” ar seisean.
“Cad chuige gur cuireadh anso thú?” ar sise.
“Do réidhtigh an rígh liom, a Shoillse,” arsa Lonán, “chun go ndéanfainn, mar is gnáth a dhéanamh do rígh, aireachas a thabhairt do’n bhia agus do’n digh a curfaí os a chómhair le caitheamh, le h-eagla go ndéanfaí éagcóir air, le h-eagla go dtabharfaí nimh dó.”
“Agus cad ’n-a thaobh nár choimeád sé thú?” arsa Gormfhlaith.
“Dúbhairt sé liom, a Shoillse,” arsa Lonán, “go mb’fhéidir gur mhó an gnó bhéadh anso dhíom féin agus dem’ chuid eóluis agus dem’ chuid foghluma ’ná mar a bhí aige féin díom. Is dócha gur inis sé sa leitir cad é an gnó ba dhóich leis a bhéadh anso dhíom?”
“Do réir mar a thuigim-se an chaint atá sa leitir is ’mó gnó fhéadfadh bheith anso dhíot,” arsa Gormfhlaith.
“Ní mó na gnóthaí a dh’fhéadfadh bheith dhíom anso, a Shoillse,” arsa Lonán, “’ná na gnóthaí a dh’fhéadfainn-se a dhéanamh anso.”
“Ach go ndíolfaí thu asta, is dócha,” arsa Gormfhlaith. “Agus is dócha,” ar sise, “d’á mhéid iad na gnóthaí gur bh’ eadh ba mhó a bhéadh le díol asta?”
“Do réir dheabhraimh, a Shoillse,” arsa Lónán.
Do stad Gormfhlaith ar feadh tamail mhaith. Bhog sí a béal chun labhartha cúpla uair agus níor labhair sí. Is amhlaidh a dhún sí a béal airís agus do lean sí d’á machtnamh. An fhaid a bhí sí ag machtnamh bhí Lonán ag feuchaint uaidh ar an [207] sruthán agus gan aon chor aige ’á chur dé. Do bhog sí a béal chun labhartha fé deire agus do labhair sí.
“Tá sé chómh maith agam an ceann a bhaint de’n sgéal duit,” ar sise. “Tá oiread anso agus chrochfadh thú seacht n-uaire dá bhfaighfí amach ort é.”
“Is fíor san, a Árdrígan,” arsa Lonán.
“Nách breagh bog a ghlacan tú é!” ar sise.
“Tá iontaoibh agam asat, a Shoillse,” ar seisean. “Dúbhart leis an rígh i n-Ath Cliath go raibh iontaoibh agam asat.”
Do chruaidh a súil agus a gnúis agus thug sí droch fheuchaint air.
“Ní fheicim,” ar sise, “cad é an chúis go mbéadh an iontaoibh sin agat asam-sa, a ghiolla. Ní’l crot na fírinne ar an gcaint sin.”
Thóg sí anáirde a lámh fé mar a bhéadh cómhartha éigin aici ’á dhéanamh. Do rith chúichi anuas ó’n ríghtheighlach ceathrar d’fhearaibh luatha láidire agus a chlaidheamh nocht i láimh gach fir acu.
“Curtar sa charcair an fear san,” ar sise, go breagh réidh. Ba dhóich le duine gur chun a dhínnéir a dh’ órduigh sí é bhreith, do labhair sí chómh cneasta san.
Do rugadh ar Lonán agus do cuireadh isteach sa charcair é. Do léigh Gormfhlaith an leitir airís, agus dhein sí a machtnamh airís ar an gcaint a bhí sa leitir. Sidí an chaint a bhí sa leitir:—
“A mháthair,
“Déanfaidh sé seo an gnó. Tá a chúis féin aige chun na h-oibre dhéanamh. Ní miste, ámhthach, é dhíol go maith; ansan beidh dhá chúis aige chun na h-oibre dhéanamh. Ní h-obair thútach a dhéanfaidh sé. Tá an t-eólus tar bár aige.
“Tá ár neart go léir ollamh ar phreabadh isteach [208] chúghainn chómh luath agus d’ aireóchaid siad an tásg.
“Dá bhféadfaí an gnó dhéanamh chómh luath agus bhéadh an chuaird críochnuighthe b’ shin mar ab fhearr é. Bhéadh fios na h-aimsire againn agus d’ fhéadfaimís an aimsir d’ fhrithálamh. Déanfaidh an fear so an gnó. Ná caill.
“Is eól duit cé h-é
“Mise.”
Nuair a bhí beagán aimsire caithte agus uain fághalta ag Lonán ar sgannra theacht i gceart air, do ghlaoidh sí airís ar an gceathrar.
“Tugtar chúgham anso an fear úd,” ar sise.
Do tugadh.
Nuair a bhí an bheirt ’n-a n-aonar airís do labhair sise. Bhí Lonán ag crith.
“Cad é an chúis a bhí agat-sa le n-a rádh,” ar sise, “go raibh iontaoibh agat asam-sa?”
“Ní féidir do dhuine i gcómhnuighe, a Shoillse,” ar seisean, “a dh’innsint cad é an chúis dó iontaoibh a bheith aige as duine eile. Ach is léir, a Árdrígan, mura mbéadh iontaoibh a bheith agam-sa as do Shoillse-se ná tiocfainn anso i n-aon chor. Thánag chúghat anso, a Árdrígan, agus an téad ar mó mhuineál. Ní dhéanfainn san mura mbéadh an iontaoibh a bheith agam as do Shoillse.”
“Ní dhéanfá,” ar sise, “do réir dheabhraimh. Ní dhéanfadh aoinne é ach duine buile. Tá crot na fírinne air sin. Ach ní innsean san cad é an chúis a bhí agat leis an iontaoibh. Inis an chúis dom.”
“Tá go maith, a Shoillse,” ar seisean, “ach tabhair do bhriathar ríoga dhom ná tógfair orm é má innsim an fhírinne do d’ Shoillse.”
“A dhuine!” ar sise, agus bhuail sí speach d’á cois sa talamh, “nách í an fhírinne atá uaim!”
“Tá sgannra orm rómhat, a Árdrígan!” ar seisean.
“Mo bhriathar ríoga dhuit,” ar sise, “nách baoghal duit mé. Inis dom an rud atá ar t’ aigne.”
“Tá sé am’ aigne, a Shoillse,” ar seisean, “an gnó a thug mise anso agus an gnó ba thoil leat-sa a dhéanfainn anso gurab aon ghnó amháin iad. D’á bhrígh sin, nuair a bhíos ag teacht anso chun an ghnótha san a dhéanamh tháinig iontaoibh agam asat-sa, a Árdrígan, agus mar gheall ar an iontaoibh sin thánag anso, mar a chíon tú, agus an téad ar mo mhuineál. Ní raibh le déanamh ach mé chur suas ar an gcroich!”
“Tá go maith,” ar sise. “Táim sásta. An ndéanfair an gnó?”
“Déanfad, a Árdrígan,” ar seisean.
“Gheóbhair do thuarasdal go maith as an ngnó,” ar sise.
“Thuigeas go bhfaighinn, a Shoillse,” ar seisean.
Bhí an sgéal socair eatartha ansan. Níor bh’fhada go bhfeictí iad coitchianta ag imtheacht tríd an ínse ar bhruach na glaise bige ag stathadh na luibhneacha agus ’ghá mbreithniughadh. Do chítí sa gháirdín iad agus an gnó céadna ar siúbhal acu. Agus d’admhuigheadh Lonán gur bh’ fhearr an t-eólus a bhí ag Gormfhlaith ar na luibhneacha agus ar na cómhachtaibh a bhí ionta chun uilc nó chun maitheasa ’ná mar a bhí aige féin.
Níor bh’ fhada gur tugadh post gnótha sa teighlach do Lonán. Do cuireadh ’n-a stíobhard os cionn an bhídh é, chun feuchaint i ndiaigh an bhídh agus aireachas a thabhairt do gach aon tsaghas bídh a bhéadh le h-úsáid sa teighlach, i dtreó nár bhaoghal go dtabharfaí chun búird ann aon bhia a bhéadh mí-fholáin. Níor mhór stíobhard de’n tsórd san a bheith i dteighlach a bhí chómh mór agus n-a mbíodh oiread san bídh d’á ollamhughadh gach aon lá an tseachtmhain do dhaoinibh ann.
Ach isé gnó fé leith a bhí ceapaithe do Lonán ann ’ná feuchaint chun an bhídh a h-ollmhófaí do’n Árdrígan, le h-eagla go gcurfaí aon droch nídh ann.
Bhí Lonán ag déanamh na h-oibre sin agus ag déanamh na h-oibre go maith, agus bhí an aimsir ag gluaiseacht agus gach aoinne ag cóimhreamh na laethanta agus ag breithniughadh na h-aimsire ’n-ar dhóich leó a bhéadh an t-Árdrígh agus a chualacht ag teacht abhaile. Bhí uaigneas mór sa teighlach i ndiaigh na ndaoine a bhí amuich, agus b’é b’fhada le gach aoinne go rabhdar ag teacht abhaile. Bhítí ag trácht go minic ar Niamh agus ar a h-athair agus ar Chaoilte agus ar Chonn. Agus do cuimhnightí ar an rás agus ar an bhfeirg a bhí ar Chonn. Agus ar conus mar adúbhairt Brian leis ciall a bheith aige. Do cuimhnightí ar Mhurcadh agus ar Dhúlainn, agus ar an ngarsún óg, mac Mhurchadh, a dheineadh, a deirtí, gníomhartha nár bh’é gach fear a dh’ fhéadfadh iad a dhéanamh, agus go mbíodh daoine ’ghá rádh, nuair a bhéadh sé deich mbliana fichid go mbéadh sé chómh láidir le beirt de shaghas Mhurchadh an lá b’fhearr a bhí Murchadh riamh. Do cuimhnightí ortha go léir ar an gcuma san, agus b’é b’fhada le gach aoinne go mbéidís ag teacht abhaile, mar, nuair a thiocfaidís, ní bhéadh aon rud sa teighlach, ar feadh abhfad, ach spórt agus gleó agus pléisiúr agus caitheamh aimsire, rince agus ceól agus ól agus imirt, agus an uile shaghas aoibhnis.
Ar an gcuma gcéadna iseadh bhíodh an sgéal ag an muintir a bhí amuich. Bhídís ag feuchaint rómpa amach chun an lae ’n-a mbéadh an chuaird críochnuighthe agus iad go léir ag teacht abhaile go Ceann Cora i n-aonfheacht leis an Árdrígh, agus a gcáirde sa bhaile ag cur na mílte fáilte rómpa agus ag cur an uile shaghas ceisteana chúcha i dtaobh an chuma ’n-ar chaitheadar an aimsir an fhaid a bhíodar amuich agus i dtaobh na ndaoine a bhuail úmpa ins na críochaibh iasachta, an rabhdar fial fáilteach, nó an rabhdar go dothígheasach. I gcaitheamh na cuairde bhídís a d’iaraidh cúntas cruinn a choimeád ar gach nídh agus ar gach aicme daoine, agus go mór mór ar gach aon sgéal sultmhar a bhuaileadh úmpa, i [211] dtreó, nuair a thiocfaidís abhaile, go mbéadh a lán le h-innsint acu, a lán a bhainfeadh gáirí agus sult amach, agus a lán a chuirfeadh daoine ag déanamh iongnadh des na rudaí a neósfaí dhóibh.
Thagadh teachtairí abhaile coitchianta ó’n áit ’n-a mbíodh an t-Árdrígh agus a chualacht, agus d’innseadh na teachtairíconus a bhíodh gach aoinne agus gach aon rud. Ansan do bheireadh na teachtairí leó thar n-ais, ag triall ar an Árdrígh agus ar a chualacht, cúntas cruinn ar conus a bhíodh gach aoinne agus gach aon rud sa bhaile.
Ní raibh Lonán abhfad socair ’n-a phost i gCeann Cora nuair a bhí a fhios go cruinn ag Murchadh agus ag Brian agus ag an gcualacht go léir go raibh sé ann. Nuair a h-innseadh an sgéal i láthair Mhurchadh níor labhair sé focal. Ní dúbhairt sé olc ná maith leis an sgéal. Nuair a h-innseadh i láthair Bhriain é níor dhóich le duine gur airigh sé i n-aon chor é, mar níor chuir sé suim ar bith ann. Ní h-air, ná ar neithibh d’á shórd, a bhí sé ag cuimhneamh. Bhí sé ag cuimhneamh ar na tuairisgíbh a bhí ag teacht chuige i n-aghaidh an lae, agus uaireanta go minic sa ló, tuairisgí ó chrích Lochlan anoir, agus ó chrích na h-Ioruaidhe, agus ó Ínsíbh Orc, agus ó áiteanaibh ná raibh chómh fada ó bhaile, agus gan ins na tuairisgíbh go léir ach fuadar agus ollmhúchán, fuadar agus ollmhúchán, chun cogaidh, agus gan fios ró chruinn ag aoinne ar cá raibh an cogadh le bheith. Bhí a fhios ag Brian agus ag Murchadh, agus ag an gcuid eile de lucht cómhairle Bhriain, cad é brígh a bhí leis an ollmhúchán agus leis an bhfuadar. Bhí fhios acu go raibh geinte Lochlan go léir, agus a lucht cabhartha agus conganta agus cómhluadair, ’ghá ngleusadh féin agus ’ghá gcórughadh féin agus ag cruinniughadh a neart chun aon iaracht amháin eile, bháis agus bheatha, do dhéanamh ar oileán na h-Éirean do shealbhughadh dhóibh féin agus d’á [212] sliocht. D’á dhaingine a chuaidh an méid sin ’n-a luíghe ar aigne Bhriain agus ar aigne lucht cómhairle Bhriain iseadh ba dhéine a dheineadar an uile shaghas díchil, i gcaitheamh na cuairde sin, ar neart na h-Éirean do ghleusadh agus do chur i dtreó, ins gach aon bhall, ins na daingeanaibh a bhí curtha suas ag Brian, agus i dteighlachaibh na ríghthe agus na n-uasal a bhí dílis do Bhrian, ionus, nuair a tiocfadh na geinte iasachta, go bhfaighdís an tseilbh,—ach gur fé’n bhfód a gheóbhdís an tseilbh.
Nuair airigh an chuid eile de chualacht Bhriain Lonán a bheith i gCeann Cora agus an gnó a bhí aige ’á dheanamh ann, bhí iongnadh ortha agus bhíodar ag cíoradh an sgéil go tiugh. Bhídís ’á fhiafraíghe cé r’ bh’é; cá dtáinig sé; conus a fuair sé eólus ann; cé ba bhun leis an bpost san a thabhairt i n-aon chor dó; agus ceisteana de’n tsórd san. Ansan do tháinig amach gur bh’ árd liagh é, agus gur thug sé teistiméireachtaí móra leis ag triall ar an Árdrígan, agus gur thug an Árdrígan an post dó i dtreó go mbéadh liagh chómh mór san eólus agus chómh mor san tuisgint sa ríghtheighlach i gcómhnuighe, chun feuchaint i ndiaigh bídh an ríghtheighlaigh i dtreó go mbéadh an bia foláin i gcómhnuighe, agus chun feuchaint i ndiaigh sláinte na ndaoine sa ríghtheighlach, leis. I ríghtheighlach n-a raibh oiread san daoine ann nár bh’ fhios cad é an neómat, sa lá nó sa n-oídhche, do thiocfadh taom oban ar dhuine éigin de mhuintir an ríghtheighlaigh, agus ansan dá mba ná béadh liagh maith sa n-áit go mb’ fhéidir go bhfaghadh an [213] duine bás sar a mbéadh dochtúir tagaithe ó áit eile, dá mbéadh ar an ndochtúir teacht abhfad.
“Cad dúbhairt Niamh, agus a h-athair, agus Murchadh, leis an ngnó?” a déarfaidh duine éigin, b’fhéidir.
Pé rud adúbradar leis an ngnó is eatartha féin adúbhradar é. Níor leigeadar aon fhocal dé amach ameasg na cod’ eile de’n chualacht. Bhíodar ’á chíoradh agus ’á bhreithniughadh eatartha féin, ámhthach, chómh dian, ní h-eadh ach níba dhéine go mór, ’ná mar a bhí an mhuintir a labhair ’ghá chíoradh agus ’á bhreithniughadh. Chífear ar ball cad é an breithniughadh a bhí ag Niamh agus agá h-athair agus ag Murchadh ’á dhéanamh ar an sgéal, agus cad é an chúis a bhí acu leis an sgéal a bhreithniughadh go dlúth.
Pé breithniughadh a bhí ag Niamh ná agá h-athair ná ag Murchadh, ná ag aoinne eile de chualacht Bhriain ’á dhéanamh, i gcaitheamh na cuairde san, ar an sgéal san, ná ar aon sgéal eile d’á shórd a tháinig chúcha ó Cheann Cora, bhí aon bhreithniughadh amháin acu go léis ’á dhéanamh ar na sgéalta a bhí ag teacht chúcha anoir agus adtuaidh, agus anoir-adtuaidh, ó’n uile áird de’n dómhan Lochlanach. Bhí na sgéalta san ag teacht coitchianta, agus fé mar a bhí an aimsir ag imtheacht bhíodar ag teacht níba thiúgha. Isé breithniughadh a bhí ag cualacht Bhriain ’á dhéanamh ’ná so: nuair a thiocfadh na slóighte a bhí chun teacht, nuair a thiocfadh toradh ar an dtórmach go léir, nuair a thiocfadh an cogadh a bhí geallta, nár bh’ fholáir dó bheith ’n-a chogadh bháis do thaobh éigin, do Ghaedhlaibh Éirean nó dos na geintibh a bhí ag teacht. Thuig gach aoinne, agus dúbhairt gach aoinne le n-a chómharsain agus le n-a chomrádaidhe é, i gcaitheamh na cuairde sin, go raibh ceangailte ar gach aon fhear de shliocht Gaedhal gan bheith beó i ndiaigh an cogaidh sin dá mb’ ag na geintibh a bhéadh an buadh sa chogadh. Dúbhairt gach fear le gach fear eile, [214] “Beidh buadh ag Gaedhlaibh nó ní bhéad-sa beó! Ní’l orm ach bás d’fhághail aon uair amháin. Is fearr go mór bás d’fhághail i lár an chatha ’ná bheith beó i n-Éirinn fé smacht na Lochlanach. Má bhíon an buadh acu bíodh Éire acu ach ní bhéad-sa acu! Ach geallaim an méid seo dhóibh. Má ’sé mo bhás a bheidh acu ní h-i n-aisge a bheidh sé acu!”
Fé mar a thagadh na tuairisgí bhíodh an saghas san cainte le clos níba mhinicíghe, agus bhíodh an machtnamh a bhíodh laistigh de’n chaint ag dul i ngéire i n-aghaidh an lae go dtí, fé dheire, go raibh sé socair i n-aigne gach fir ná raibh aige le caitheamh ar an saoghal so ach go dtí lá an chatha mhóir sin a bhí le teacht, pé fada gairid go dtiocfadh sé, agus do thuig gach fear i n’ aigne ná raibh a thuille saoghail uaidh. Bás a dh’fhághail an lá san, ar son Gaedhal Éirean agus ar son Chreidimh Chríost, tar éis an éirligh ba mhó a dh’fhéadfadh sé do dhéanamh ar an namhaid iasachta, air sin iseadh bhí aigne gach fir socair. Níor chuimhnigh aoinne ar cad a dhéanfadh sé ná ar conus a mhairfeadh sé dá dtagadh sé saor ó’n gcath agus an buadh ag Gaedhlaibh. Níor bheag, dar le gach duine, bheith ag cuimhneamh air sin nuair a bhéadh san amhlaidh.
Bhí aigne na bhfear socair ar an gcuma san ní h-amháin i gcualacht an Árdrígh, ar an gcuaird, ach fós i dteighlach gach rígh cúige n-ar chaith an t-Árdrígh raint laethanta ann, agus ins na daingeanaibh a bhí curtha suas ag an Árdrígh, agus ins gach aon bhall ’n-ar chuaidh caint na bhfear san agus a n-anál fé’n bpoibilidheacht. Bhí aigne na mban chómh socair air sin agus bhí aigne na bhfear. Nuair a thiocfadh an lá ní fhanfaidís sa bhaile i ndiaigh na bhfear. Do raighdís isteach sa chath agus do thabharfaidís gach congnamh dos na fearaibh, agus dá mbéadh buadh ag an namhaid iasachta ní bhéadh aon bhean acu beó i n-Éirinn i ndiaigh an chatha. Gheóbhdís bás i dteannta na bhfear. Agus dá mbéadh aon fhear chómh meathta san agus go dtaraingeóch’ sé siar ó fhód a bháis, do sheasóch’ bean ar an bhfód san agus thabharfadh sí aghaidh ar an namhaid [215] agus do ghlacfadh sí an bás a sheachain seisean. Sin mar a labhraidís, pé rud a dhéanfaidís. Bhí cuid acu, agus níor chuid bheag é, do dhéanfadh an gníomh chómh dána díreach agus dhéanfadh aon duine des na fearaibh é. Dhéanfadh Niamh é, bíodh ná dúbhairt sí go ndéanfadh.
Dá mbéadh fhios ag an muintir a bhí le teacht, agus a bhí ag socarughadh ar a mná agus a gclann a thabhairt leó chun cur fútha i n-Éirinn, dá mbéadh fhios acu go raibh an saghas san aigne ag fás agus ag neartughadh agus ag aibiughadh i n-Éirinn ’n-a gcóir, b’fhéidir go dtiocfaidís ar atharughadh aigne agus go bhfanfaidís thall. Ach ní raibh aon phioc d’á fhios acu. Bhí daoine i n-Éirinn a bhí coitchianta ag cur tuairisgí anonn ag triall ortha, ach níor innseadar dóibh go raibh a leithéid siúd de dhásacht croídhe ’n-a gcóir. B’fhéidir nár thuigeadar féin go raibh, agus b’fhéidir gur chuma leó ach bheith ag séideadh fé ’n muintir thall, i dtreó go dtiocfaidís, pé rud a thiocfadh as, thall ná abhus. Gormfhlaith agus Amhlaoibh macánta agus Sitric, rígh Lochlanach Átha Cliath, a bhí ’ghá dhéanamh san. Bhéadh Maolmórdha, rígh Laighean, drítháir Ghormfhlaith, ’ghá dhéanamh leó, ach, dar leis an dtriúr eile, leath-amadán ab eadh é, agus níor bh’ aon iontaoibh é chun aon ghnó chontabharthach a thabhairt le déanamh dó.
Do críochnuigheadh an chuaird.
Tháinig Brian agus a chualacht abhaile go Ceann Cora. Bhí lán a chroídhe d’ áthas ar gach aoinne; an mhuintir a bhí sa bhaile ag cur gach aon tsaghas tuairisgí ar an muintir a tháinig, agus an mhuintir a tháinig ag cur gach aon tsaghas tuairisgí ar an muintir a bhí sa bhaile. Nuair a bhí na ceisteana go léir curtha, freagartha, ar gach taobh, agus na tuairisgí go léir tabhartha, thusnuigh ceist ar ghabáil tímpal i dtaobh an stíobhaird nua a bhí tagaithe ann chun bheith ag feuchaint i ndiaigh an bhídh agus i ndiaigh na ndaoine a bhéadh breóite, dá mba rud é go mbéadh a leithéidí ann.
“Ce h-é sin?”
“Cad as é?”
“Cad a thug anso é?”
“Cé ’ro díobh é?”
Do freagradh na ceisteana fé mar a féadadh teacht ortha agus fé mar a bhí eólus ag an muintir n-ar cuireadh chúcha iad. Ansan do chuaidh gach aoinne isteach i n’áit féin, ag déanamh a ghnótha féin, agus chuaidh gach aon rud chun suaimhnis, gnó an ríghtheighlaigh d’á dhéanamh go cruinn agus go slachtmhar mar ba ghnáth, na ríghthe agus na h-uaisle, na sagairt agus na h-easboig, ag teacht gach aon lá chun cainte dhéanamh leis an Árdrígh, agus an t-uathbhás bídh agus díghe, an t-uathbás aráin agus ime agus fíona agus feóla, d’á chaitheamh gach aon lá sa ríghtheighlach, mar ba ghnáth.
Cúpla lá tar éis Bhriain a theacht abhaile do shocaruigh Tadhg Mór ua Cealla ar dhul siar abhaile go h-Uíbh Máine. Bhí Brian, i gcaitheamh na cuairde, tar éis a chur ar a súilibh dos na ríghthibh go léir agus do thaoiseachaibh na slógh, nár bh’ fhios cathin a thiocfadh an namhaid, agus nár bh’fholáir do gach rígh cúige agus do gach taoiseach airm agus do gach fear cinn riain, agus do’n uile dhuine a bhí i n-aon chor ábalta ar arm do láimhsiáil, bheith ollamh, chómh luath agus gheóbhdís an focal, chun aghaidh a thabhairt ar an namhaid pé áit ’n-a dtaisbeánfaidís iad féin. Níor bh’fholáir do Thadhg Mhór ua Chealla, nídh nár bh’ iongnadh, dul siar go h-Uíbh Máine agus a mhuintir féin do ghleusadh agus d’ollamhughadh, agus a chur ar a súilibh dóibh nár mhór dóibh bheith ollamh, chómh maith le cách, chun aghaidh a thabhairt ar an namhaid chómh luath agus thiocfadh an ghlaoidh.
Bhí Tadhg Óg ua Cealla thiar cheana, ag déanamh na h-oibre sin, agus ba mhaith chuige é, ach má bhí féin, agus má ba mhaith féin, do thuig an t-athair nár bh’ alaidh dhó féin gan dul siar, leis, agus bheith ag feuchaint i ndiaigh na h-oibre. Bhí gach [217] rígh cúige i n-Éirinn, go mór mór na ríghthe a bhí dílis do Bhrian, ag gleusadh a neart féin, fé n-a súilibh féin, agus é daingean i n-aigne gach rígh acu gur bh’é fód an chatha, pé áit ’n-a raibh an fód san, fód a bháis. Bhí Tadhg Mór ua Cealla chómh dílis do Bhrian le h-aon rígh cúige acu, agus bhí an rud eile chómh daingean i n-aigne Thaidhg agus bhí sé i n-aigne aoinne acu. Níor bh’fhéidir dó gan dul siar.
Agus níor bh’fhéidir do Niamh gan dul siar i n-aonfheacht leis.
Is ar Thadhg Óg a bhí an t-áthas nuair a chonaic sé chuige iad.
“Ó! a Niamh,” ar seisean, “is áluinn a dh’ fheuchan tú! Dhein an chuaird sin ana thairbhthe dhuit. Tá do ghnaoí agus do dhá shúil féin airís agat.”
Thug Niamh gach aon chúntas dó ar an gcuaird, agus ar na tuairisgíbh agus ar na ráflaíbh a bhí ag gluaiseacht ins gach aon bhall i dtaobh na namhad iasachta a bhí ag teacht go h-Éirinn chun clanna Gaedhal do dhísgiughadh agus seilbh na tíre do thógaint dóibh féin. D’inis sí dhó go cruinn an obair a bhí déanta ag Brian chun neart na nGaedhal do ghleusadh i gcóir an chogaidh mhóir a bhí ag teacht, agus conus mar a bhí fir Éirean socair ’n-a n-aigne ar bhás a dh’fhágail sa chogadh san nuair a thiocfadh sé, nó ar bhás a thabhairt do’n namhaid.
Thug sí dhó go cruinn agus go mion tuairisg agus cúntas ar gach nídh d’ár thuit amach ins gach aon áit ’n-ar ghabhdar i gcaitheamh na cuairde. Agus d’inis sí dhó go raibh Maolmórdha, rígh Laighean, ag teacht go Ceann Cora i n-achmaireacht, ag tabhairt na gcrann leis i gcóir na loingeas a bhí le déanamh ar linn Luimnighe.
“Siné anois agat, a Thaidhg,” ar sise, [218] “an sgéal go léir, ó’n lá fhágamair an áit seo go dtí an lá a thánamair thar n-ais ann.”
An lá a chuaidh Niamh agus a h-athair siar go h-Uíbh Máine, nó an lá ’n-a dhiaigh, tháinig Caoilte go Ceann Cora, agus níor bh’ fhios an mór de ’n domhan a bhí siúbhalta aige. Chómh luath agus bhí bia caithte aige, agus a thuirse curtha dhé aige, bhí sé féin agus Murchadh agus Brian i seómra fé leith agus é ag tabhairt eóluis dóibh ar a chuardaibh agus ar cad a chonaic sé.
“Anonn go crích Lochlan a chuadhas ar dtúis,” ar seisean, “a ríghthe. Dúbhart liom féin go dtabharfainn fútha pé rud a dh’imtheóch’ orm. Ní fheadar cé ’cu do h-aithnigheadh mé nó nár aithnigheadh. Má aithin aoinne mé níor leig sé air gur aithin sé mé.
“Níor fhágas aon phioc d’á neart gan feuchaint, agus do bhreithnigheas a neart chómh cruinn agus d’fhéadas é bhreithniughadh. Táid na daoine go léir as a meabhair, ba dhóich le duine, le dúil teacht go h-Éirinn agus seilbh a ghlacadh i n-oileán na h-Éirean agus cur fútha ann. Tá sé buailte isteach ’n-a n-aigne go bhfuil an t-oileán so chómh saidhbhir, agus an talamh chómh torthamhail sin ann, nách gádh dos na daoine gur leó é aon obair a dhéanamh ag saothrughadh an tailimh. Chím go soiléir go bhfuil daoine éigin anso i n-Éirinn atá ag séideadh fútha agus ag cur neithe de’n tsórd san isteach ’n-a n-aigne. Pé cúis atá leis ní’l aon mheas i n-aon chor acu ar a dtír féin, agus d’á luathacht a bheid siad tagaithe anall anso i n-aonfheacht iseadh is fearr é, dar leó. Táid na mná agus an chlann chómh mór buile chun teacht agus atáid na fir, nó níos mó. Tá oiread loingeas ollamh acu agus thabharfadh anoir fiche míle fear agus airm agus lón [219] dóibh. Is dóich leó féin go mbeidh deich míle fear acu, agus go dtógfaid na mná agus an chlann suas oiread slíghe agus thógfadh deich míle eile fear.
“Ní mheasaim féin, tar éis na cainte go léir, go bhféadfaid siad deich míle fear do chur le chéile agus do thabhairt anso anoir. Ba mhaith an rud a bhéadh déanta acu dá dtugaidís ocht míle fear leó i dteannta na mban agus na clainne.
“Chuadhas óthuaidh go tír na h-Ioruaidhe. Tá an obair chéadna ar siúbhal ansan, agus an bhuile chéadna ar na daoine go léir chun imtheacht as a dtír féin agus teacht go h-Éirinn. Ní h-aon iongnadh an dithineas a bheith ortha san chun imthighthe as a dtír féin. Ní’l sa bhaile acu ach beatha chruaidh, agus tuillid siad go cruaidh í. Talamh fuar fiain neamh-thorthamhail atá acu. Tá obair chruaidh acu le déanamh coitchianta, ag casadh leis an dtalamh a shaothrughadh, agus ansan, tar éis na sglábhuigheachta go léir, ní bhíon puínn de bhár a saothair acu. Ní h-aon iongnadh dithineas a bheith ortha chun na tíre dh’fhágáilt agus teacht chun cómhnuighthe i dtír a dhéanfaidh, dar leó, iad do chothughadh díomhaoin. Tá daoine éigin ó Éirinn ag séideadh fútha san, leis, agus ag cur na smaointe sin isteach ’n-a n-aigne. Mura mbéadh go bhfuil ní thiocfadh na smaointe chúcha.”
“An mó míle fear is dóich leat, a Dhuinn, a dh’ fhéadfaidh rígh na h-Ioruaidhe do chur le chéile agus do thabhairt leis, má thagan sé?” arsa Brian.
“Déarfainn, a Árdrígh,” arsa Caoilte, [220] “go gcuirfidh sé le chéile trí nó ceathair de mhíltibh fear. Tá beirt mhac aige, fir ana chródha. Fé’n mbeirt sin iseadh bheidh an tsluagh. Beidh, is dócha, trí nó ceathair de mhíltibh ban agus leanbh acu i dteannta na bhfear. Is mó an dithineas atá ar mhnáibh na h-Ioruaidhe chun teacht ’ná mar atá ar mhnáibh tíre Lochlan. Tá sé ’n-a n-aigne ná beidh acu le déanamh nuair a thiocfaid siad go h-Éirinn ach bualadh isteach agus suidhe síos. Tá duine éigin, nó daoine éigin, ’ghá gcur amú’, ’ghá gcur ar a n-aimhleas, ag cur an duibh ’n-a gheal ar na daoine bochta.”
“Comáin leat, a Dhuinn,” arsa Brian.
“Chuadhas óthuaidh go h-Ínsíbh Orc, a Árdrígh,” arsa Caoilte. “Chuireas mé féin i riocht file, agus thógas cláirseach liom agus thánag go ríghtheighlach an Iarla Sígurd, Iarla na n-Ínsí sin Orc. Bhí cuideachta le bheith ann. Bhí cuireadh tabhartha ag Sígurd do’n Iarla Gilli, fear atá pósta agá dhrifiúr. Tháinig an t-Iarla Gilli, fear driféur Shíguird. Tháinig a lán eile uaisle ann. Bhí glaodhach ar cheól agus thugas dóibh an ceól. Cé bhuailfeadh chúghainn isteach ach Sitric, rígh Lochlanach Átha Cliath. Do cuireadh fáilte roimis féin agus roime n-a chualacht. Bhí fear ann a tháinig adtuaidh ó Inis Tuile. Bhí cúntas aige ’á thabhairt ar cad fé ndeara dhó féin agus do raint eile de mhuintir an oileáin sin imtheacht ó’n mbaile. Dheineadar coir throm. D’eirigh idir iad agus duin’uasal fóghanta a bhí ann, agus mheasadar an duin’uasal do chur chun báis. Do theip ortha ar feadh abhfad, mar bhí clann mhac ró chródha aige agus do chosain an chlann mhac é. Fé dheire do fuaradar lom air theighlach an duin’uasail do losgadh, agus do loisgeadar ’n-a mbeathaigh é féin agus a bhean agus a chlann istigh ’n-a dtigh féin. Nial ab ainim do’n duin’uasal. B’éigean do’n mhuintir a dhein an losgadh imtheacht as an oileán. Thánadar, nó tháinig cuid acu, go teighlach Shíguird i n-Inis Orc. Gunar, nó Conchubhar, ab ainim do’n fhear a bhí ag innsint an sgéil. An fhaid a bhí an sgéal ar siúbhal tháinig fear chun an doruis, lasmuich, ach níor thaisbeáin sé é féin. Cairí ab ainim do’n fhear san, agus fear ana chródha iseadh é. Cliamhain iseadh é do’n duin’uasal a loisgeadh, agus ba dhóbair go loisgtí é féin mar bhí sé sa tigh an oídhche do déanadh an losgadh. Bhí sé ar an dtaobh amuich de dhorus ríghtheighlaigh Shíguird an [221] uair sin, agus bhí sé ag éisteacht leis an sgéal. Duine de’n mhuintir a dhein an losgadh ab eadh an fear a bhí ag innsint an sgéil. Bhí an dá Iarla ag an mbórd agus rígh Lochlanach Átha Cliath eatartha, agus iad ag éisteacht leis an sgéal. Bhíos féin ag éisteacht leis an sgéal agus mo chláirseach fé m’ uillinn agam. Do labhair Sitric.
“‘Conus a dh’fhuiling Scraphádinn an teine, a Ghunair?’ ar seisean.
“‘Maith go leór ar dtúis, a rígh,’ arsa Gunar, ‘ach nuair a rug an teas i gceart air do liúigh sé agus do ghoil sé mar a dhéanfadh seana bhean.’
“Air éigin a bhí an méid sin cainte as a bhéal nuair a léim Cairí an dorus isteach agus suas chun na h-áite ’n-a raibh Gunar ’n-a shuidhe i n-aice an bhúird ar aghaidh an rígh agus an dá Iarla amach. Sar a’ raibh fhios ag aoinne cad a bhí ar siúbhal aige do tharaing Cairí a chlaidheamh agus le aon sguab-bhuille amháin do bhain sé an ceann de’n sgéalaídhe. Chuir sé a leithéid sin d’fhuinneamh leis an mbuille gur léim an ceann isteach ar an mbórd, ar aghaidh Shitric agus an dá Iarla amach, agus go raibh an bórd lán d’fhuil, mór-thímpal an chinn, sar a raibh uain ag aoinne ar a thuisgint cad a bhí tuitithe amach. Níor dhein Cairí ach feuchaint ’n-a thímpal agus ansan imtheacht amach. Níor lean aoinne é. Ar ball, nuair a bhí caoi agam air, do chromas ar dhuine a bhí am’ aice do cheistiughadh. Do labhras i gcaint na h-Ioruaidhe.
“‘Cé h-é an rígh sin, Sitric?’ arsa mise.
“‘Ó Éirinn andeas é sin,’ arsa’n duine liom. ‘Isé rígh Lochlanach Átha Cliath é.’
“‘Agus cad a thug anso é?’ arsa mise.
“‘Do réir mar a thuigim,’ ar seisean, ‘is amhlaidh a tháinig sé ’ghá iaraidh ar an dá Iarla, ar Shígurd agus ar Ghilli, a neart do chur le chéile agus dul leis go h-Éirinn ag cabhrughadh leis sa chogadh so atá le déanamh i gcoinnibh Bhriain.’
“‘Agus cé h-é Brian?’ arsa mise go neamh-thuairimeach.
“‘Ach!’ ar seisean, ‘an amhlaidh nách eól duit cé h-é Brian!’
“‘Agus cé h-é féin asdó?’ arsa mise.
“‘Árdrígh Éirean,’ ar seisean. ‘Mheasas,’ ar seisean, ’ná raibh aoinne beó gan aithne aige ar Bhrian.’
“‘Is dócha,’ arsa mise, ‘gur droch rígh é, treás go bhfuil an cogadh mór so d’á bheartughadh ’n-a choinnibh.’
“‘Ní droch rígh,’ ar seisean. ‘Siné iongnadh an sgéil ar fad. Ní’l rígh eile beó sa domhan atá chómh maith leis. Nuair a déintear feall air maithean sé an feall an chéad uair, agus má dheinean an duine sin feall air an tarna h-uair maithean sé an feall an tarna h-uair. Ansan, má dheinean an duine céadna feall air an trímhadh h-uair tugan sé an cuirptheach suas do’n dlígh. Sin rígh fóghanta agat!’ ar seisean.
“‘Agus cad ’n-a thaobh an cogadh má ’seadh?’ arsa mise.
“‘Ní fheadar an tsaoghal,’ ar seisean, ‘murab amhlaidh atá daoine éigin ag déanamh an fhill an trímhadh h-uair air. Ní bhéidís ag déanamh an fhill an trímhadh h-uair air,’ ar seisean, ‘dá mb’ áil leis iad do chrochadh an chéad uair, nó, an chuid ba lúgha dhé, an tarna h-uair.’
“‘An bhfuil Sígurd ag dul le Sitric?’ arsa mise.
“‘Deir gach aoinne go bhfuil,’ ar seisean, ‘agus Gilli, agus Ospac. Deir gach aoinne,’ ar seisean, ‘nách féidir do Bhrian agus do Ghaedhlaibh seasamh i n-aghaidh na slóighte atá ag cruinniughadh as an uile áird ’n-a gcoinnibh. Go gcurfar clanna Gaedhal go léir chun báis, agus ansan go mbeidh Éire gan chíos ag an muintir a raghaidh ann anois ag déanamh an chogaidh.’”
“An mór an neart is dóich leat a dh’fhéadfaidh Sígurd agus Gilli do thabhairt leó?” arsa Brian.
“Tá mórán loingeas acu, a Árdrígh,” arsa Caoilte, [223] “agus tá mórán loingeas ag Ospac. Tá taithighe ag an uile shaghas lucht gadaidheachta agus rabála ar theacht ag triall ar Shígurd nuair a bhíon sé ag dul ar chuaird tar faraige. Bíon deimhne acu ar chuid mhaith de’n fhoghail a dh’ fhághail dóibh féin. Is deacair tuairim a thabhairt do’n méid nirt slógh a dh’ fhéadfaidh sé a thabhairt leis.”
“An bhfuil aon tuairim acu,” arsa Murchadh, “do’n neart slógh a bheidh ’n-a gcoinnibh i n-Éirinn?”
“Tá tuairim acu, a rígh,” arsa Caoilte, “nách i n-aisge a gheóbhaid siad seilbh na h-Éirean, ach ní’l aon chuimhneamh acu go bhfuil aon bhaoghal ná go bhfaighid siad an tseilbh. Tá an méid sin curtha ’n-a luighe ar a n-aigne go daingean, agus is ó Éirinn a cuireadh ’n-a luighe ar a n-aigne é.”
“Nách mór an iongnadh nár aithin Sitric thú, a Dhuinn,” arsa Brian.
“Fágaim le h-uadhacht, a Árdrígh,” arsa Caoilte, “gur bainead preab asam nuair a chonac ag teacht isteach é. Ach bhí an cheilt ró mhaith orm. Thugas aire do’n chláirsigh, agus bhí a ghnó féin ag déanamh buartha dhó-san. D’á éagmuis sin ní dóich liom go n-aithneóch’ sé mé dá mba ná béadh aon cheilt orm. Ní ró mhinic a chonaic sé riamh mé, agus níor chuir sé puínn suime riamh ionam.”
“Táimíd go léir fé chomaoine mhór agat, a Dhuinn,” arsa Brian. “Ní’l aon teóra le n-a bhfuil d’eólus tabhartha agat chúghainn, agus eólus tairbhtheach iseadh é. Ní bheimís ollamh i gceart i n-aon chor mura mbéadh a bhfuil d’eólus tabhartha chúghainn agat. Thiocfaidís a gan fhios orainn mura mbéadh tú!”
Um an dtaca ’n-a raibh deire an eóluis tabhartha dhóibh ag Caoilte do ghluais an focal tríd an ríghtheighlach go raibh Maolmórdha, rígh Laighean, ag teacht go Ceann Cora agus cualacht le n-a chois agus na trí crainn mhóra acu ’á thabhairt leó, chun na gcrann-seóil dos na loingeas a bhí le déanamh ar linn Luimníghe.
Nuair a bhí an t-eólus san go léir fághalta ag Brian agus ag Murchadh, ó Chaoilte, do labhair Brian.
“Dúbhraís dhá uair nó trí, a Dhuinn,” arsa Brian, “gur daoine anso i n-Éirinn atá ag séideadh fé mhuintir na ndúthaí iasachta so go léir agus ’á ngríosadh i n-ár n-aghaidh. B’fhéidir go bhfuil obair de’n tsórd san ar siúbhal. Má tá ní h-uatha féin atá na daoine sin, anso i n-Éirinn, ag déanamh na h-oibre sin. Tá cómhachta atá níos treise ’ná cómhachta daona, ag oibriughadh ag bun-phréimh na h-oibre go léir. Cómhachta ifrinn isiad atá ’ghá n-oibriughadh féin i n-ár gcoinnibh, i gcoinnibh an Chreidimh atá istigh i n-ár gcroídhe. Táid cómhachta ifrinn ag spriocadh agus ag gríosadh na ndroch dhaoine atá anso i n-Éirinn againn, chun na smaointe úd do chur isteach i n-aigne ár namhad, agus tá cómhachta ifrinn, ar an gcuma gcéadna, ag spriocadh agus ag gríosadh ár namhad, ins na tíorthaibh sin go léir a shiúbhluighis, chun na smaointe sin do ghlacadh agus beart a dhéanamh d’á réir. Tá cómhacht is treise ’ná cómhacht dhaona i n-ár gcoinnibh. Ní foláir dúinne, d’á bhrígh sin, cómhacht is treise ’ná comhacht dhaona do bheith ag cabhrughadh linn sa ghleic seo atá ag teacht orainn. Ba mhaith liom bheith ag caint le m’ anamchara.”
Do tugadh chuige Maolshuathain. Dheineadar an chaint. Ansan dúbhairt Brian le Maolshuathain teachtaireacht do chur mór-thímpal ag triall ar chléir na h-Éirean, ’ghá órdúghadh guidhe na n-easbog agus guidhe na sagart agus guidhe na bpobal do bheith ag dul suas chun Dé coitchianta, as san amach, ’ghá iaraidh ar Dhia, tré ímpídhe na Maighdine Muire [225] agus na naomh go léir, agus tré ímpídhe Phádraig agus Bhríghde agus Cholum Cille agus naomh Éirean go léir, an Creideamh agus sliocht Gaedhal do thabhairt saor as an ngleic uathbhásach a bhí ag teacht ortha.
“Tá an nídh sin d’á dhéanamh cheana, a Árdrígh,” arsa Maolshuathain. “Tá sé ’á dhéanamh ar fuid na h-Éirean ins gach áit ’n-a bhfuil sagart agus pobul, agus Aifrean d’á rádh, agus tá sé ’á dhéanamh ins gach mainistir agus ins gach conbhint ban riaghalta. Ach cuirfead an teachtaireacht tímpal, mar sin féin. B’fhéidir gur déine-de a déanfar an guidhe an teachtaireacht do chur tímpal uait-se, a Árdrígh. Ní fhéadfaidh an guidhe bheith ró dhian.”
“Ní fhéadfaidh,” arsa Brian, “ná chómh dian agus ba mhaith é bheith. Ba mhaith liom, thar gach nídh eile, go mbéadh Naomh Ídhbirt an Aifrinn d’á dhéanamh coitchianta ar an íntinn chéadna.”
“Curfar san sa teachtaireacht, a Árdrígh,” arsa Maolshuathain.
Do cuireadh an teachtaireacht san mór-thímpal na h-Éirean.
An fhaid a bhí an chaint sin ar siúbhal idir Bhrian agus Maolshuathain bhí aos óg an bhaile imthighthe amach, gach bóthar agus gach cómhngar, soir an treó ’n-a raibh rígh Laighean agus a chualacht ag teacht, chun go bhfeicfidís an rígh, agus na h-uaisle iasachta, agus na crainn mhóra. Fé dheire do chonacadar an rígh agus chonacadar na h-uaisle iasachta agus chonacadar na crainn. Bhí fiche fear, deichniúbhar ar gach taobh, fé gach crann acu. Bhíodar ag siúbhal go breagh réidh. D’iompuigh an t-aos óg leó siar agus thánadar go Ceann Cora. Tháinig Brian amach agus chuir sé fáilte roim rígh Laighean. Do leigeadh na crainn anuas ar an bpáirc bhreagh ghlas a bhí amach ó’n ríghtheighlach. Do rugadh na fir isteach agus do cuireadh gach cóir ortha. Ansan d’imthigh na fir abhaile agus d’ fhan an rígh i bhfochair Bhriain chun raint [226] laethanta chaitheamh ag caint agus ag cómhluadar leis. Tháinig sé mar a raibh an Árdrígan, a dhrifiúr.
“Seó, a Ghormfhlaith,” ar seisean, “do chailleas an cnaipe óir a bhí sa bhrat so agam. Feuch a’ bhféadfá cnaipe do chur ann dom.”
“Conus a chaillis an cnaipe?” ar sise.
“Nuair a bhíomair ag teacht leis na trí crannaibh,” ar seisean, “bhí muintir Uíbh Fáilge fé chrann acu agus muintir Uíbh Faoláin fé chrann eile agus muintir Mhuireadhaigh fé’n dtrímhadh crann. Bhíomair ag teacht tré Shliabh an Bhogaig. Níor bh’fhéidir dos na trí buidhnibh gluaiseacht i n-aonfheacht. Níor bh’fholáir dóibh gluaiseacht i ndiaigh ’chéile. D’ eirigh eatartha feuchaint cé’cu buidhean a bhéadh ar tusach. Bhí fearg ag teacht ortha. Ní ghéillfeadh aon bhuidhean acu do bhuidhean eile. Shíleas go mbéadh sé ’n-a bhruidhin chaorthainn eatartha. Níor dheineas féin ach túirliocan de m’ chapal agus dul agus mo ghuala chur fé’n gcrann a bhí ag muintir Uíbh Faoláin. Nuair a chonaic an dá bhuidhin eile an méid sin tharaingeadar siar agus bhí an tsíthcháin againn. Nuair a tháinig meághchaint an chrainn ar mo ghualainn do sgeinn an cnaipe as an mbrat agus do chailleas é.”
Bhí Gormfhlaith ag éisteacht leis agus ag feuchaint air an fhaid a bhí sé ag caint. Nuair a stad sé níor dhein sí ach an brat do chaitheamh sa teine. Do las an brat agus do loisgeadh ’n-a luaithrigh é os cómhair na beirte agus iad ag feuchaint air. Brat ana dhaor ab eadh é. Níor bh’fhada roimis sin ó thug Brian do rígh Laighean é. Bhí iongnadh agus alltacht ar rígh Laighean nuair a chonaic sé cad a bhí déanta ag Gormfhlaith. Ní fheidir sé an domhan cad a bhí ag eirighe dhi. Níor fhág sí abhfad gan eólus é. Do sheasaimh sí ar a aghaidh amach agus a gnúis áluinn ar lasadh le buile feirge, agus a dhá súil, agus ba bhreagh an dá shúil iad, ag taithneamh le solus éigin nár bh’ fhóghanta. Do chaoluigh na fabhraí anuas [227] ortha agus do dhoirchigh a h-aghaidh, fé mar a thiocfadh sgamal ar an ngréin, agus dubhairt sí, tré n-a fiacalaibh, i gcogar nách mór:—
“A rádh gur rug sé am’ beathaigh orm mo dhritháir a bheith n-a bheithigheach iompair ag Brian!”
Nuair a dúbhairt sí an focal san d’iompuigh sí uaidh agus do ghluais sí ag rástáil síos agus suas an seómra. Do leath a dhá shúil air-sean, agus ní fheidir sé cad ba mhaith dó a rádh. D’iompuigh sí airís air sar a raibh uain aige ar phuínn machtnaimh a dhéanamh.
“Ní ró fhada,” ar sise, “go mbheidh sé ’n-a bheithigheach iompair ag Murchadh, leis! Ansan iseadh a bainfear obair as an mbeithigheach. Ansan iseadh a curfar an t-ualach air, agus má chuirean sé stailc suas ní bheidh ach an bata thabhairt dó!”
“Tá an éagcóir agat, a bhean!” ar seisean. “Ná tabhair a thuille de’n chaint sin dómh-sa mar ní glacfar uait í. Níor dheineas aon rud ach an rud ba cheart do Chríostaidhe a dhéanamh chun daoine gan chiall do choimeád ó n-a chéile mharbhughadh. ’A’m beithigheach iompair ag Brian’! Is ró maith an bhail ort nách fear thu! Dá mb’ eadh ní déarfá an chaint sin. Dá n-abarthá ní déarfá an tarna h-uair í!”
Do stad sí airís ar a aghaidh amach agus do chaoluigh na súile i dtreó gur bheag ná go rabhdar dúnta.
“Ní déarfainn,” ar sise. [228] “Níor ghádh dhom é. Ní gádh dhom an chaint do rádh anois. Déarfaidh daoine nách mé í. Déarfaidh muintir Uíbh Faoláin í, ag maoidheamh as an gcuma ’n-a bhfuaradar tusach ar an dá mhuintir eile. Déarfaidh an dá muintir eile í ag gearán ar an éagcóir a deineadh ortha. Raghaidh an chaint ó bhéal go béal ar fuid na h-Éirean. Raghaidh an chaint ó shliocht go sliocht an fhaid a bheidh sliocht Gaedhal beó; ‘Dhein rígh Laighean beithigheach iompair dé féin do Bhrian.’ Conus a chuirfir-se fhiachaibh ar na daoine gan an focal do rádh an tarna h-uair! Mairfidh an focal, a rígh, an fhaid a mhairfir-se, an fhaid a mhairfidh aoinne de d’ shliocht i n-Éirinn. Cad ’déarfaid Laighnigh feasta nuair a caithfear ins na súilibh ortha go bhfuil an rígh atá ortha n-a bheithigheach iompair ag Brian!”
An túisge ’n-a raibh an méid sin as a béal aici bhí sí imthighthe amach dorus a bhí i n-iachtar an tseómra agus an dorus dúnta ’n-a diaigh aici agus an eochair casta sa ghlas aici.
D’fhág sí ansúd n-a sheasamh é agus a mheabhair bainte dhé nách mór. D’fhan sé ar feadh abhfad gan aon chor a chur dé. Fé dheire bhuail sé amach. Chuir sé an dínnéar agus an tráthnóna dhé gan puínn cainte dhéanamh le h-aoinne. Nuair a bhí an dínnéar caithte agus an chuideachta sgaipithe bhuail sé isteach i seómra n-a raibh uaisle ag imirt fichille ann. Bhí Murchadh agus Conáing, beirt de mhacaibh Bhriain, ag imirt chluiche, agus iad ’á ímirt go dian. Bhí rígh Laighean ’n-a sheasamh os a gcionn ag feuchaint ar an gcluiche. Thug sé fé ndeara dá n-aistirigheadh Conáing fear áirighthe go mbuadhfadh sé an cluiche. Thug sé cómhartha éigin do Chonáing. Do dhein Conáing an t-aistiriughadh agus do bhuaidh sé an cluiche.
Bhí fhios ag Murchadh gur thug rígh Laighean an cómhartha uaidh.
“Is fearr an chómhairle a thugais do Chonáing anois, a rígh,” arsa Murchadh leis, “’ná an chómhairle thugais dos na Lochlanaigh roim chath Ghleanna Mháma. Do buadhadh ortha mar gheall ar an gcómhairle úd a thugais-se dhóibh.”
“Tabharfad cómhairle a bheidh níos fearr ’ná an chómhairle sin dóibh lá eile,” arsa rígh Laighean.
“Má ’seadh,” arsa Murchadh, [229] “ná dein aon dearmhad de chrann a bheidh folamh ’n-a lár a bheith i n-aice na h-áite agat chun dul i bhfolach ann, fé mar a chuadhais sa chrann i nGleann Mháma. Agus bíodh an poll mór a dhóthin i dtreó go bhféadfair do chosa tharang isteach. Mura mbéadh do chosa bheith lasmuich de’n pholl a bhí sa chrann úd i nGleann Mháma ní fheicfinn tú ann i n-aon chor.”
D’iompuigh rígh Laighean agus do rith sé an dorus amach.
“Ó, a Mhurchadh,” arsa Conáing, “tá cathughadh orm nár leigeas orm nár thuigeas an cómhartha! Tá fearg air. Beidh an t-Árdrígh ar buile chúghainn mar gheall air.”
“Ná féadfadh sé é féin d’iompar!” arsa Murchadh.
“Is truagh mar a thráchtais i n-aon chor ar an gcrann!” arsa Conáing.
“Dá mba ná béadh agat ach aon gháire amháin, a Chonáing,” arsa Murchadh, “dhéanfá an gháire sin dá bhfeicfeá é nuair a rugas ar dhá chois air agus tharaingeas amach a’ poll an chrainn é. Ní raibh aon choinne i n-aon chor agam gur bh’é a bhí agam go dtí go raibh sé taraingthe amach agam. Tá sé riamh ag gabháil páirt na Lochlanach a gan fhios. Gabhadh sé a bpáirt os cómhair an tsaoghail agus ní déarfad focal leis! Ach ’ghá leigint air go bhfuil sé dílis dúinn agus ansan ag déanamh an fhill orainn!”
Ní fheacadar rígh Laighean an chuid eile de’n oídhche. D’imthigh sé roim lá agus thug sé aghaidh soir abhaile. Nuair a tháinig an mhaidion do fuaradh go raibh sé imthighthe. Do h-innseadh do Bhrian an rud a thuit amach i dtaobh an chluiche. Chomáin Brian teachtaire i ndiaigh rígh Laighean ’ghá iaraidh air casadh agus go ndéanfaí leórghníomh sa n-easonóir a tugadh dó. Go raibh tabharthaisí ag Brian le bronnadh air mar gheall ar na crainn a thabhairt chuige.
Tháinig an teachtaire suas leis. Thug sé a theachtaireacht dó. Bhí bata ’n-a láimh ag rígh Laighean. Níor dhein sé ach cúpla buille de’n bhata thabhairt sa cheann do theachtaire an Árdrígh, agus comáint leis soir. Ar ghuaillibh fear a tugadh abhaile an teachtaire. Nuair a chonaic muintir ríghtheighlaigh Bhriain an cor a bhí ar an dteachtaire d’iaradar ar Bhrian leigint dóibh rígh Laighean do leanmhaint agus é thabhairt thar n-ais ’n-a phrísúnach. Ní thoileóch’ Brian chuige sin.
“Is do rígh Laighean a tugadh an easonóir ar dtúis,” arsa Brian. “Leigtear dó imtheacht slán abhaile. Ansan raighmíd soir agus bainfimíd sásamh dé ag dorus a thíghe féin.”
Chómh luath agus a fuair Gormfhlaith go raibh rígh Laighean imthighthe i bhfeirg agus go raibh an easonóir tabhartha aige do theachtaire Bhriain, bhí fhios aici go raibh sé n-a chogadh dhearg eatartha. Sin a raibh uaithi. Chomáin sí teachtaire go Baile Átha Cliath ag triall ar Shitric agus ar Amhlaoibh ’ghá innsint dóibh cad a bhí tuitithe amach.
“Anois an t-am agaibh!” ar sise. “Tagadh bhúr neart go léir chómh tapaidh agus is féidir é. Beidh an gnó eile déanta agam-sa agus ag Lonán sar a mbeidh bhúr neart cruinnighthe, tagaithe.”
Duine b’eadh rígh Laighean nár chuir aoinne puínn suime i n-aon rud a dhéanfadh sé ná i n-aon nídh a déarfadh sé. Fear baoth ab eadh é. Mheas sé féin ná raibh duine ar bith dob’ fhearr ciall agus tuisgint ’ná é, ach níor bh’é sin meas daoine eile air. Bhí sé ollamh i gcómhnuighe chun daoine eile do chómhairliughadh. Do leigeadh daoine ortha go nglacfaidís an chómhairle, ach ní ghlacaidís. Thugadh sé a aigne do gach aoinne agus ní thugadh aoinne a aigne dhó-san. Dá dtugaidís ní choimeádfadh sé rún. Bhí sé ar thaobh na Lochlanach i gcath Ghleanna Mháma agus bhí sé amuich air gur mar gheall ar chómhairle éigin a thug sé dhóibh a chuaidh an lá [231] n-a gcoinnibh. Tar éis an chatha bhí Murchadh agus Dúlainn Óg ag gabháil tímpal ag feuchaint i ndiaigh na bhfear ngunta. Chonacadar crann agus poll dreóite ann agus a lár folamh. Bhí dhá chois duine amach as an bpoll. Do rug Murchadh ar an dá chois agus tharaing sé an duine amach a’ poll an chrainn. Cé bhéadh aige ach Maolmórdha! Dhein Murchadh agus Dúlainn gáirí a ndóthin nuair a chonacadar cé bhí acu. Do deineadh rígh ar Laighnibh ’n-a dhiaigh san dé tré chómhairle Ghormfhlaith agus Shitric.
Níor thug Gormfhlaith ná Sitric ná Amhlaoibh fios ná eólus dó ar an uisge-fé-thalamh a bhí ar siúbhal acu i gcoinnibh Bhriain agus Mhurchadh. Ní fhéadfaidís é. Do sgoilfeadh air nó do leigfeadh sé amach é. Do leigeadar dó go dtí go raibh gach aon nídh ollamh acu i gcóir an chogaidh. Theastuigh uatha ansan é féin agus slóighte Laighean a bheith ar a dtaobh féin, i gcoinnibh Bhriain, sa chogadh. Chuige sin iseadh chuir Gormfhlaith an fhearg air nuair a chuaidh sé go Ceann Cora leis na crannaibh. Dhein sí an gnó go feilimionta. Tháinig sé go Ceann Cora an uair sin agus gan idir é agus Brian ach an caradas ba threise agus ba dhílse. D’fhág sé Ceann Cora agus gan ’n-a chroídhe do Bhrian ach fuath agus fíoch agus fearg, agus a chroídhe d’á losgadh ag an bhfocal úd a chuir Gormfhlaith isteach ’n-a chluais, é bheith ’n-a “bheithigheach iompair ag Brian!” Bhí sé lán cheapaithe ar dhul, gan stad gan ríghneas, ag triall ar Shitric agus ar a dh’innsint dó cad é an tarcuisne a tugadh dó i gCeann Cora, agus ar a iaraidh air cabhrughadh leis chun an tarcuisne do dhíoghalt ar Bhrian agus ar Mhurchadh agus ortha go léir.
Nuair a bhí san mar sin bhí a h-aidhm féin curtha chun cinn go h-áluinn ag Gormfhlaith. Bhí rígh Laighean gabhtha isteach go daingean aici ar a taobh féin, sa chogadh a bhí ag teacht, agus ní raibh aon phioc d’á fhios ag rígh Laighean ná gur bh’é a ghnó féin a bhí aige d’á dhéanamh; ná gur bh’é a fhuath féin agus a [232] mhiosgais féin a bhí aige d’á shásamh i gcoinnibh Bhriain. Bhí gnó Ghormfhlaith aige d’á dhéanamh chun a toile go h-iomlán agus ní raibh aon bhaoghal go leigfeadh sé amach aon rún, mar níor tugadh dó aon rún.
Sar a raibh uain ag Maolmórdha ar bheith sa bhaile ó Cheann Cora bhí teachtaire Ghormfhlaith i mBaile Átha Cliath ’ghá innsint do Shitric cad a bhí déanta. Chómh luath agus do shrois Maolmórdha an baile siúd isteach go Baile Átha Cliath é ’ghá innsint do Shitric cad d’ imthigh air i gCeann Cora agus ’ghá iaraidh air a pháirt do ghabháil i gcoinnibh Bhriain.
“Geóbhad, a rígh,” arsa Sitric, “do pháirt i gcoinnibh Bhriain, agus ní mise amháin a gheóbhaidh do pháirt ’n-a choinnibh. Geóbhaidh rígh Lochlan do pháirt ’n-a choinnibh. Agus geóbhaidh rígh na h-Ioruaidhe do pháirt ’n-a choinnibh. Agus geóbhaid ríghthe nách iad do pháirt ’n-a choinnibh. Comáinfead teachtairí láithreach ag triall ortha ’ghá iaraidh ortha teacht anso go cuan Bhaile Átha Cliath chómh luath i n-Éirinn agus is féidir é, chun do pháirt-se ghabháil, agus díoltais a dhéanamh ar Bhrian agus ar a chlainn mar gheall ar a bhfuil d’ olc déanta acu ar chlannaibh Lochlan le fada bhliantaibh. Imthigh-se abhaile, a rígh,” ar seisean, “agus cruinnigh do neart agus cuir thu féin i dtreó, agus bí anso le d’ shlóightibh nuair a thiocfaidh an neart iasachta.”
D’imthigh rígh Laighean abhaile agus dhírigh sé ar a shlóighte do chruinniughadh agus do ghleusadh. D’inis sé do gach aoinne cad é an tarcuisne a tugadh dó i gCeann Cora, conus mar a caitheadh Gleann Mháma ins na súilibh air féin agus ar Laighneachaibh, agus conus mar adúbhairt Murchadh, mac Bhriain, leis féin agus leis na Laighneachaibh gan aon dá chuid a dhéanamh d’á ndícheal.
Do chealg an chaint sin na Laighneacha, agus dúbhradar go mbéadh lá eile acu féin agus go ndíolfadh Brian agus Murchadh, agus Clann Chais go léir, a’ Gleann Mháma. [233] Bhíodar ag dhéanamh na h-oibre a bhí geártha amach dóibh ag Gormfhlaith, agus ní raibh aon phioc d’á fhios acu gur bh’ í sin obair a bhí acu ’á dhéanamh. Ba dhoimhinn agus ba ghasta agus ba dhroch aigeanta an bhean Gormfhlaith, agus dob’ ábalta an bhean í. Ach bhí cluiche bháis a’s bheatha aici d’á imirt le daoinibh a bhí beagán ró dhoimhinn di, agus ró ghasta dhi, agus ró ábalta dhi. Do thuigeadar an cluiche a bhí aici d’á imirt agus do sgaoileadar léi. Bhí bob aici d’á bhualadh ar rígh Laighean agus ar na Laighneachaibh, agus ní raibh aon phioc d’á fhios aici go raibh a chothrom, agus breis, de bhob d á bhualadh, i láthair na h-uaire céadna, uirthi féin.
Raint laethanta tar éis rígh Laighean a dh’ imtheacht i bhfeirg ó Cheann Cora bhí Brian agus Murchadh agus Dúlainn Óg i bhfochair a cheile i gcómhairle. Bhí a lán neithe acu ’á bhreithniughadh. Bhíodar ag áireamh na mílte fear a féadfaí thabhairt as gach triúch nuair a thiocfadh an ghlaodh. Thuigeadar gur isteach i gcuan Bhaile Átha Cliath a thiochfadh an namhaid iasachta. Bhíodar ag breithniughadh na mbóithre a bhí ó Cheann Cora go Baile Átha Cliath; agus ó Uíbh Máine go Baile Átha Cliath; agus ó Chaiseal go Baile Átha Cliath; agus ó thír na nDéise go Baile Átha Cliath; agus ó Chiarraighe go Baile Átha Cliath; agus mar sin, ó gach aon áit ’n-a raibh cuid de neart slógh Bhriain go dtí an áit i n-aice Bhaile Átha Cliath ’n-a gcaithfeadh a shlóighte go léir teacht agus cruinniughadh i gcoinnibh na slógh namhad iasachta a bhí ag teacht go h-Éirinn ó’n uile pháirt de’n domhan Lochlanach. Ansan iseadh do tuigeadh go h-áluinn tairbhthe na h-oibre a bhí ag Brian ’á dhéanamh ar feadh abhfad roimis sin, nuair a bhí na bóithre breaghtha leathana aige ’á dhéanamh ins gach aon bhall agus nuair a bhí na drochaid bhreaghtha láidire aige ’á chur ar na h-aibhníbh. Do tuigeadh, leis, an uair sin gur deineadh maitheas mór nuair a rugadh slóighte Bhriain go minic roimis sin, go Cill Mhaighneann i n-aice Bhaile Átha Cliath, an áit ’nar [235] ghnáth le Brian dul agus longphort a dhéanamh agus raint aimsire chaitheamh, nuair a bhíodh gnó aige le déanamh, aighneas a shocarughadh idir ríghthibh, nó a smacht féin do chur i bhfeidhm. Bhí aithne mhaith ag Dál gCais ar na bóithribh ó Cheann Cora go Cill Mhaighneann.
Nuair a bhí cuid mhaith aimsire caithte sa chómhairle, agus caint agus breithniughadh déanta ar a lán neithe, táinig an t-am chun dul agus bia chaitheamh. Tháinig teachtaire ’ghá rádh go raibh an bia ollamh. D’eirigh an triúr agus thánadar go seómra an bhídh. Shuighdar chun an bhúird. Tháinig Gormfhlaith agus shuigh sí i n-aice an Árdrígh. Bhí sí go séimh agus go soilbhir agus go gealgháiriteach leó, agus go mór mór leis an Árdrígh. Bhí sí ag déanamh grínn agus suilt de’n chuma ’n-ar chuir rígh Laighean fearg ar Mhurchadh nuair a dhein sé an bhagairt ar Chonáing sa chluiche.
“Níor dhéineas aon iongnadh de m’ dhritháir,” ar sise. “Fear iseadh é, is dóich liom, nár theip an tuathal riamh air. Ach go deimhin agus go dearbhtha níor mheasas go ndéanfadh Murchadh an rud a dhein sé.”
“Cad a dheineas, a Árdrígan?” arsa Murchadh.
“Nuair a thagan fearg ort, a rígh,” ar sise, “ní h-aon dóichín tu. Ach ní gnáth leat fearg a theacht ort gan puínn cúise.”
“Is fíor dhuit, a Árdrígan,” ar seisean. “Ní raibh aon cheart agam a dhéanamh de’n sgéal ach neamhnídh, mar ní raibh ann ach neamhnídh. Is truagh ná táinig sé thar n-ais nuair a tháinig an teachtaire suas leis. Dá dtagadh d’ admhóchainn láithreach go raibh an éagcóir agam agus d’iarfainn air mo leathsgéal do ghabháil.”
Níor chuir Brian ná Dúlainn aon fhocal isteach sa chómhrádh san. Níor mhaith leó trácht i n-aon chor ar an easonóir a tugadh do theachtaire an Árdrígh. Dar leó d’fhéadfadh rígh Laighean diúltughadh do chasadh agus gan an [236] teachtaire do bhualadh. Cuid ab eadh é sin de’n tuathal nár theip riamh ar rígh Laighean.
Ba ghnáth, i ndeire gach dínnéir, sódhluist éigin, nó mísleán éigin, do thabhairt isteach agus do chur ar an mbórd. Bhí gaidhrín na h-Árdríghna ar a ghlúin ag Murchadh agus é ag cimilt a bhaise dh’á dhrom, ag feitheamh leis na mísleáin. Lonán a bhí ag frithálamh. Do tógadh chun siúbhail na miasa móra. Tháinig Lonán isteach agus trí miasa beaga aige agus sórd éigin bídh ortha, agus aon mhias bheag amháin agus dhá ubhall uirthi. Chuir sé an mhias ar a raibh na h-ubhla os cómhair na h-Árdríghna, agus na trí miasa eile os cómhair an trír fear. D’fheuch sé ar Mhurchadh. Chuir Murchadh a lámh anonn láithreach agus tharaing sé chuige an mhéisín a cuireadh os cómhair Bhriain agus an mhéisín a cuireadh os cómhair Dhúlainn. Dhein sé an méid sin go tapaidh, i dtreó ná raibh uain ag aoinne acu ar aon phioc de’n bhia chur ’n-a bhéal. Ansan do thóg sé blúire de’n bhia agus chuir sé i mbéal an ghaidhrín é agus do sgaoil sé an gaidhrín uaidh ar an dtalamh. Shiúbhluigh an maidirín beagán ar an úrlár. Ansan do thuit sé. D’ iompuigh sé na cheithre cosa anáirde. Do croth na cosa ar feadh tamail bhig agus bhí an gaidhrín marbh.
D’fheuch Murchadh ar Ghormfhlaith.
“Dheinis láidir ár ndóthin dúinn é!” ar seisean.
Thug sé fé ndeara a lámh aici ’á chur isteach ’n-a brollach. Do phreab sé anonn agus do rug sé ar an láimh.
“Ná dein é sin, a Árdrígan!” ar seisean. Is amhlaidh a bhí sgian ’n-a brollach aici agus mheas sí Lonán do shádh leis an sgiain.
Nuair a bhí greim ag Murchadh ar a láimh d’ fheuch sí ar Lonán, agus ba dhóich leat go sádhfadh sí é le n-a súilibh. An mhuintir a bhí láithreach an uair sin agus do chonaic a h-aghaidh agus í ag feuchaint ar Lonán, ní miste a rádh ná go bhfeacadar a diabhal coímhdeachta má chonaic aoinne riamh é.
“Do dhíolais mé!” ar sise le Lonán.
“Cad é an brígh atá leis an obair seo?” arsa Brian, agus d’fheuch sé ó dhuine go duine d’á raibh láithreach.
“Tá, a Árdrígh,” arsa Murchadh, “go bhfuil oiread nímhe sa méid bídh atá ar na trí miasaibh beaga san agus mharbhóch’ trí naonbhúir, ní áirighim triúr.”
D’fheuch Brian ar Lonán.
“Cad chuige dhuit a leithéid sin de ghníomh a dhéanamh?” ar seisean.
“Níor dhein sé ach an rud a dúbhradh leis a dhéanamh,” arsa Murchadh.
“Ní shaorfadh san i n-aon chor é!” arsa Brian.
“Osgail do bhéal agus inis an fhírinne do’n Árdrígh,” arsa Murchadh le Gormfhlaith.
“Osgail-se féin do bhéal,” arsa Gormfhlaith, “agus inis an sgéal go léir dó. Is dóich liom gur tu is fearr eólus air.”
“Cad é an ainim atá ort-sa?” arsa Murchadh le Lonán.
“Lonán mac Beathach, a rígh,” arsa Lonán.
“Airiú, an dritháir do Dhonn tu?” arsa Brian.
“Ó! Ó! Ó!” arsa Gormfhlaith.
“Iseadh, a Árdrígh,” arsa Lonán.
“Tar i dtusach an sgéil, a Lonáin,” arsa Murchadh, “agus inis do’n Árdrígh é, tríd síos.”
“Déanfad sgéal gairid dé dhuit, a Árdrígh,” arsa Lonán. “Thánag abhaile anso go h-Éirinn tar éis sgoileana agus coláistí an domhain do shiúbhal, ag cruinniughadh eóluis ar ghearántaibh agus ar thaomaibh an duine, agus ar na leighseanaibh is fearr ortha. Ní rabhas abhfad sa bhaile nuair a chuir mo dhritháir, Donn, nídh am’ chómhairle.
“‘Táthar ar tí an t-Árdrígh do chur chun báis le nimh,’ ar seisean. ‘Tá aireachas maith ’á thabhairt dó,’ ar seisean, ‘ach tá sgannra orainn go léir le h-eagla go bhfaighfí caoi ar an [238] ngníomh a dhéanamh i n-aimhdheóin ár n-aireachais. D’fhéadfá-sa beart a dhéanamh,’ ar seisean, ‘a chuirfeadh an t-Árdrígh ó bhaoghal.’
“‘Cé atá ar a thí?’ arsa mise.
“‘Tá Gormfhlaith,’ ar seisean, ‘agus a mac, rígh Lochlanach Átha Cliath.’
“‘Cad é an tairbhthe a dhéanfaidh a bhás dóibh?’ arsa mise.
“‘Ní sa tairbhthe a dhéanfaidh a bhás dóibh atá an cheist,’ ar seisean, ‘ach sa tairbhthe is dóich leó a dhéanfaidh a bhás dóibh. Tá Gormfhlaith,’ ar seisean, ‘agus Sitric ag obair, fé thalamh agus os cionn tailimh, chun geinte críche Lochlan agus críche na h-Ioruaidhe do chruinniughadh agus do thabhairt anso go h-Éirinn chun na nGaedhal do dhísgiughadh agus Éire bheith acu féin, agus Sitric a bheith i n’ Árdrígh ar Éirinn. Dá bhfaghadh Brian bás le linn an chruinnighthe bheith déanta do thuitfeadh, dar leó, cómhacht Bhriain as a chéile. Bhéadh ríghthe Éirean go léir ag marbhughadh a chéile chun teacht ar an Árdrígheacht, agus ba ró fhuiriste do chómhacht Lochlanach bualadh isteach agus an Árdrígheacht do sgiobadh uatha go léir. Chuige sin,’ ar seisean, ‘tá Gormfhlaith ag faire feuchaint an bhfaghadh sí caoi ar nimh a thabhairt do Bhrian, agus táimíd-ne ag faire uirthi chun gan an chaoi a thabhairt di. Thugamair Niamh, inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla, go Ceann Cora, chun na faire dhéanamh, ach tá Gormfhlaith ró ghlic do Niamh. D’á éaghmais sin ní réidhtighean faireachán de’n tsórd san le meón ná le h-aigne Niamh. Thugamair fé ndeara go raibh a sláinte ag imtheacht uaithi sa n-obair. Tá an aigne ró uasal ag Niamh. Do mharbhóchadh faireachán de’n tsórd san í. Díreach nuair a bhíomair i gcás ná raibh fhios againn cad ba mhaith dhúinn a dhéanamh shocaruigh Brian ar dhul ar a chuaird rígh. An fhaid a bheidh sé ar an gcuaird agus Gormfhlaith i gCeann Cora ní’l baoghal air. Ach nuair a bheidh an chuaird tabhartha ní fheadar an tsaoghal cad a dhéanfaimíd.’
“‘Inis an sgéal go léir do Bhrian féin,’ arsa mise.
“‘Ní bhéadh aon mhaith ann,’ ar seisean. ‘Ní chreidfeadh sé go ndéanfadh sí é, agus ansan is amhlaidh a bhéadh an chontabhairt níba mhó.’
“‘Agus cad ’tá agam-sa le déanamh?’ arsa mise.
“‘Éist go cruinn liom,’ ar seisean, ‘agus neósfad duit cad tá agat le déanamh. Ní’l Sitric sásta nuair ná fuil an gnó d’á dhéanamh chómh tapaidh agus ba mhaith leis é. D’á bhfaghadh sé duine a dhéanfadh an gnó níos tapamhla do thabharfadh sé tuarasdal maith dhó as an obair a dhéanamh. Imthigh-se go Baile Átha Cliath, ad’ dhochtúir, mar ’dh eadh. Leig do Shitric tu dh’fhághail amach. Tuigeadh sé uait, i ndiaigh ar ndiaigh, ná fuil aon ghrádh agat do Bhrian. Nuair a thuigfidh sé an méid sin measfaidh sé go ndéanfair-se an gnó. Curfar siar go Ceann Cora thu. Beidh tú ann nuair a thiocfaidh Brian abhaile. Ceapfar tu chun na h-oibre dhéanamh agus geallfar tuarasdal maith dhuit. An fhaid a bheidh an gnó ar do láimh-se ní baoghal go gcurfar ar aon láimh eile an gnó. Luigh isteach chun na h-oibre chómh maith agus dá mbeitheá dáiríribh. Dein gach aon rud díreach mar a déarfar leat é dhéanamh. Tabhair a toil féin do Ghormfhlaith. Dein rud uirthi ins gach aon nídh a chuirfidh sí os do chómhair. Ansan, nuair a thiocfaidh an t-am ceart chuige féadfair sgéidh uirthi.’
“Chuadhas go Baile Átha Cliath. Thuit gach nídh amach díreach mar a mheas Donn a thuitfeadh. Is uathbhásach an bhean í!” ar seisean, agus d’ fheuch sé anonn ar Ghormfhlaith, mar fheuchfadh duine ar éan éigin neamh-choitchianta, nó ar bheithigheach neamh-choitchianta.
D’fheuch sise air, idir an dá shúil.
“Ní foláir a dh’ admháil,” ar sise, [240] “gur dheinis do ghnó go maith. Bhuailis bob ar Shitric, agus bhuailis bob ar fhear atá níos géire go mór ’ná Sitric. Bhuailis bob ar Amhlaoibh. Mura mbéadh san ní bhuailfeá an bob orm-sa mar a bhuailis. Is ábalta an buachail tu,” ar sise. “Tháinig amhras am’ aigne cúpla uair go mb’ fhéidir go rabhais am’ mhealladh, ach chuiris m’ aigne chun suaimhnis gach uair acu le d’ shímplidheacht. Ó, is sleamhain an bioránach tu! Is truagh nách ag triall orm féin a tháinís ar dtúis! Ach nuair a tháinís chúgham ó’n mbeirt sin cad fhéadfainn a rádh! Cad é an díobháil dom ach Amhlaoibh.”
“Cé h-é Amhlaoibh?” arsa Brian.
Chrom gach aoinne a cheann.
“Nách é sin an t-ógánach úd a thagadh anso aníos ó Inis Cathaigh i n-aonfheacht le mac Thaidhg Mhóir uí Chealla?” arsa Brian.
Níor labhair aoinne, ach do las gnúis Mhurchadh.
“Ná neósfaidh aoinne dhom cé h-é an t-óganach úd?” arsa Brian.
“Ní’l ach aoinne amháin anso a dh’fhéadfadh an cheist sin do fhreagairt duit, a athair,” arsa Murchadh, agus do labhair sé go h-ana íseal.
D’eirigh Brian ó’n mbórd agus d’ imthigh sé amach gan feuchaint ar Ghormfhlaith.
“Coimeádtar ’n-a prísúnach í,” arsa Murchadh le Dúlainn, agus d’imthigh sé amach i ndiaigh an Árdrígh.
“Tá cárbat na h-Árdríghna féin ollamh amuich chun bóthair,” arsa Lonán. “Bhíomair chun imtheacht ar cos-anáirde go Baile Átha Cliath,” ar seisean, “chómh luath agus bhéadh an gníomh déanta,” agus chuir sé gáire as.
“Imthigh amach agus inis an méid sin do Mhurchadh,” arsa Dúlainn. “Tabharfad-sa aire dhi seo.”
D’imthigh Lonán amach. Bhí Brian agus Murchadh amuich agus iad ag siúbhal síos agus suas agus Brian ag caint. D’ airigh sé an t-aon fhocal amháin ó Bhrian.
“Ní mac d’ Amhlaoibh é. Tuigim an sgéal go léir anois.”
Chonaic sé Lonán ag teacht ’n-a dtreó.
“A Lonáin, a mhic ó,” ar seisean, “tá comaoine mhór curtha agat orm! Chuiris t’anam féin i gcontabhairt ar mo shon.”
“Is suarach le rádh m’anam-sa seachas t’anam-sa anois, a Árdrígh,” arsa Lonán. “Ach a leithéid seo, a rígh,” ar seisean le Murchadh. “Tá cárbat na h-Árdríghna ollamh chun bóthair. Bhí socair aici ar dhul láithreach go h-Áth Cliath agus ar mise bhreith léi. Do crochfaí mé chómh luath agus bhéinn thíos dá mbéadh an sgéal aici mar a mheas sí a bhéadh sé. Siné tuarasdal a gheóbhainn uatha,” agus chuir sé gáire as.
“Tá san go maith! Tá san go h-ana mhaith!” arsa Brian. “Ní’l aon phioc d’á fhios ag aoinne cad ’tá tuitithe amach. Cuir isteach sa chárbat í, a Mhurchadh, agus cuir buidhean fear léi síos go Baile Átha Cliath, agus fágtar thíos í.”
D’imthigh Brian isteach ’n-a sheómra féin, agus d’imthigh Murchadh agus Lonán chun an ruda a dh’ órduigh sé do dhéanamh. Thánadar isteach mar a raibh Dúlainn agus Gormfhlaith, agus an gaidhrín marbh.
“Tuigim go bhfuilir ag dul go h-Áth Cliath, a Árdrígan,” arsa Murchadh. “Tá do chárbat féin ollamh duit.”
D’éirigh sí, gan labhairt, agus bhuail sí amach i n-aonfheacht leis. Tháinig Lonán i n-aonfheacht leis an mbeirt. Thug sé cogar do Mhurchadh. Thánadar mar a raibh an cárbat, gabhtha, ollamh chun bóthair.
“Tá an Árdrígan ag dul go h-Áth Cliath, a ghiolla,” arsa Murchadh leis an ngiolla. “Tabhair aire mhaith dos na capailibh.”
D’fheuch Murchadh isteach sa chárbat. Chonaic sé bosca beag [242] deas istigh ann. Thóg sé amach an bosca.
D’fheuch Gormfhlaith air. D’fheuch seisean uirthi. Níor labhair aoinne acu.
Do ghluais an cárbat.
Nuair a bhí an cárbat ag gluaiseacht bhí beirt bhan uasal sa chárbat i n-aonfheacht le Gormfhlaith, beirt d’á mnáibh coímhdeachta, beirt a tháinig léi go Ceann Cora nuair a phós Brian í. Bhí Dúlainn agus dírim marcach aige chun dul, mar ghárda, i n-aonfheacht leis an gcárbat. Le Gormfhlaith féin ab eadh cúigear dos na marcachaibh. Thánadar léi go Ceann Cora nuair a bhí sí ag teacht ann. Ní raibh aon phioc d’á fhios ag aoinne acu, ná ag aoinne des na mnáibh coímhdeachta, cad a bhí tuitithe amach. Choimeád Gormfhlaith an gnó go léir idir í féin agus Lonán. Bhí socair aici ar imtheacht láithreach nuair a bhéadh an gníomh déanta. Dá mbéadh Brian agus Murchadh agus Dúlainn chómh marbh leis an ngaidhrín bhéadh sí féin agus Lonán, agus an méid d’á muintir féin a bhí i gCeann Cora, bhéidís leath na slíghe go h-Áth Cliath sar a mbéadh teighlach Chinn Cora tagaithe as an sgeón, dar léi. Bhéidís socair, ó bhaoghal, i n-Áth Cliath sar a mbéadh teighlach Chinn Cora ábalta ar aon tsaghas gnímh a dhéanamh, bhéadh a leithéid sin de mheasgán mearaídhe ar an áit agus ar na daoine, dar léi. Ansan d’fhéadfaí Lonán a chrochadh agus ní bhéadh fhios ag aoinne beó cé dhein an gníomh. Choimeád sí féin agus Lonán an rún chómh maith san ná raibh aon phioc d’á fhios ag aoinne ach acu féin go dtí gur sgéidh [243] Lonán, ach amháin ag Murchadh, agus ag Caoilte, dritháir Lonáin. An mhuintir a bhí ag gluaiseacht i n-aonfheacht leis an gcárbat an uair sin, lasmuich de Dhúlainn, ní raibh aon choinne acu ná go mbéidis ag teacht thar n-ais airís i n-aonfheacht leis an gcárbat gcéadna, agus an Árdrígan istigh ann acu, i gceann beagán aimsire, nuair a bhéadh a cuaird go h-Áth Cliath tabhartha aici.
Nuair a druideadh soir ó Cheann Cora chuir Dúlainn beirt des na marcachaibh, beirt de mhuintir Ghormfhlaith, uaidh, níba ghéire ’ná mar a bhí an chuid eile ag gluaiseacht, agus leitir acu do rígh Lochlanach Átha Cliath, ’ghá rádh leis dírim marcach a thabhairt leis agus teacht ’n-a gcoinnibh chun na h-Árdríghna do thógaint uatha agus í thionnlacan an chuid eile de’n tslígh. Ansan do ghluais Dúlainn go réidh i dtreó go mbéadh Sitric tamal maith ar an slígh ’n-a gcoinnibh.
An uair a sgar Murchadh leó do thóg sé leis an bosca agus chuaidh sé go seómra Bhriain. D’ osgail sé an bosca i láthair Bhriain, agus thóg sé rud amach as agus chuir sé ar an mbórd é.
“Cad chuige gur tugadh an chailís sin aníos ó’n mainistir, a Mhurchadh?” arsa Brian.
D’inis Murchadh cúrsaí na cailíse dó ó thusach go deire. Níor labhair Brian aon fhocal amach as a bhéal an fhaid a bhí Murchadh ag innsint an sgéil dó.
“Bhí fhios againn,” arsa Murchadh, ag críochnughadh an sgéil, [244] “gur anso bhí an chailís agus cé r’ bh’é an bitheamhnach. D’inis Caoilte do Lonán an sgéal. Ní raibh Lonán abhfad anso nuair a fuair sé amach gur sa bhosca san a bhí an chailís. Bhí socair aici, nuair a bhéimís go léir sínte chómh marbh leis an ngaidhrín, an bosca bhreith léi. Bhí sé aici anois sa chárbat. Chonaic Lonán é agus thug sé an cogar dom. Thógas an bosca os cómhair a súl. Níor dhein sí ach feuchaint orm. Níor labhair sí focal. Labharfaidh an coileán úd léi nuair a raghaidh sí síos ag triall air féin agus ar an gcoileán eile.”
“Is fearr,” arsa Brian, “an chailís do chur síos airís go mainistir Ínse Cathaigh, mar a raibh sí cheana. I n-onóir do Sheanán iseadh thugas do’n mhainistir í. Cuir síos ann airís í, a Mhurchadh. Agus feuch. Is ceart a dh’innsint do Mheargach gur fuaradh í. Beidh áthas air. Ní deirim ná go bhfeuchfaidh sé roimis sar a ndéanfaidh sé macshamhail eochrach airís, an fear bocht! Is dóich liom, leis, go dtabharfaidh Colla aireachas níos fearr di féin agus do gach aon chailís eile d’á bhfuil aige.”
Do cuireadh síos an chailís go dtí an mhainistir. Ní miste a rádh ná go raibh áthas ar Cholla. Do h-innseadh an sgéal do Mheargach. Bhí áthas air. Bhí seirbhthean, leis, air, chuige féin. Níor bh’ fhuiriste a bhreithniughadh, ámhthach, cé ’cu ag an áthas nó ag an seirbhthean a bhí an lámh-uachtair i n’ aigne.
Do h-osgaladh an córtha láidir sa n-érdam agus do tógadh amach as an bosca iarainn a bhí folamh. Do cuireadh an chailís dhaor isteach airís sa bhosca bheag iarainn sin, mar a raibh sí cheana, sar a dtáinig an t-ógánach Lochlanach úd, an t-ógánach breagh dathamhail úd, a bhí chómh naomhtha, chómh séimh, chómh grianach, chómh gealgháiriteach, chómh h-osgailte ’n-a mheón, gur dhóich le duine ná raibh ’n-a chroídhe ar fad ach fírinne agus dílse. Dhein Meargach glas eile agus eochair eile do’n bhosca, agus ní baoghal gur dhein sé macshamhail do’n eochair sin.
Ní bhfuair Art mac Duibh amach riamh go raibh sé ar feadh tamail i n-a leithéid de chontabhairt. Ní bhfuair na manaigh amach, ó’n lá a cuireadh an chailís sa bhosca san ar dtúis go dtí an lá a cuireadh iad féin as an oileán, go raibh an bosca folamh ar feadh tamail agus an chailís dhaor imthighthe.
Tháinig an Legáid céadna airís, tar éis suim blianta. B’ í céad cheist a chuir sé ar Cholla, chómh luath agus d’fhéad [245] sé labhairt a gan fhios leis, ’ná, “An bhfuaradh an chailís?”
Do taisbeánadh dó í. Bhí áthas mór air. Do h-innseadh an sgéal go léir dó; conus a ghuid Amhlaoibh an chailís; conus a cuireadh Niamh ag faire ar Ghormfhlaith le h-eagla go dtabharfadh sí nímh do Bhrian; conus ab éigean Niamh a thógaint as an obair sin mar go raibh Gormfhlaith ’ghá cur chun báis le neart soilbhris agus cuideachtanais agus gealgháirí. Ansan do h-innseadh dó conus a h-imireadh an cleas ar Ghormfhlaith; conus a cuireadh Lonán chúichi ag cabhrughadh léi, mar dh’eadh, chun an ghnímh a dhéanamh, agus conus mar a bhí Brian ó bhaoghal ar fad an fhaid a bhí an cabhrughadh san ar siúbhal, agus cad é an deire a bhí ar an gcabhrughadh. Do gháireadh an Legáid airís agus airís eile nuair a chuimhnigheadh sé ar an gcuma na mbíodh an bheirt, Gormfhlaith agus Lonán, ag déanamh a ngnótha chómh disgréideach, agus an disgréid go léir ag Lonán ’á thabhairt do Mhurchadh i gcaitheamh na h-aimsire.
“Ó!” a deireadh sé, “do tugadh a srian féin dí ar áilleacht an domhain! An bhean bhocht!”
Do shrois an bheirt mharcach an chathair. Thánadar go dorus ríghtheighlaigh an rígh. Do rugadh an leitir isteach. Do léigh Sitric í. Bhí Amhlaoibh ann. Bhí an bheirt ag faire agus ag feitheamh. Bhíodar ag brath, i n-aghaidh gach neómait, ar sgéal uathbhásach a dh’aireachtaint ó Cheann Cora. Nuair a tháinig an leitir bhí an bheirt deimhnightheach go raibh an sgéal a bhí uatha sa leitir. Ní raibh aon nídh iongantach sa leitir. Leitir ó Dhúlainn ab eadh í ’ghá innsint go raibh an Árdrígan ag teacht agus ’ghá iaraidh ar an rígh, ar Shitric, dul ’n-a coinnibh chun í thionnlacan go h-Áth Cliath. Tháinig an bheirt amach mar a raibh an dá mharcach. D’fheuchadar ortha, agus d’fheuchadar ar a chéile.
“Cad é an sgéal ó Cheann Cora agaibh é, a fheara?” arsa Sitric.
“Mar ba ghnáth, a rígh. Níor thugamair aon nuacht linn,” arsa duine de’n bheirt.
“Conus tá an t-Árdrígh?” arsa Sitric.
“Go h-ana mhaith, a rígh,” arsa’n fear a labhair.
“Agus an Ríghdhamhna, conus tá sé?” arsa Sitric.
“Go h-áluinn, a rígh,” arsa’n fear.
“Agus Dúlainn, conus tá sé?” arsa Sitric.
“Tá sé go maith, a rígh,” arsa’n fear. “Is fé n-a láimh atá na fir atá ag tionnlacan na h-Árdríghna,” ar seisean.
“Tá go maith,” arsa Sitric. “Téidhigh-se isteach go gcurfar cóir oraibh. Ní iarfar oraibh dul chun bóthair airís indiu.”
“Gura maith ag bhúr Soillse!” arsa’n fear, agus d’imthigh an bheirt.
“Cad deirir leis an sgéal?” arsa Sitric le h-Amhlaoibh.
“Ní féidir liom tón ná ceann a dh’fhághail air!” arsa Amhlaoibh.
D’imthigh Sitric agus chuir sé dírim marcach ar bóthar, agus ghluais sé chun siúbhail. Níor fhéad sé gan gluaiseacht ana ghéar. Chonaic an dírim eile chúcha é abhfad sar ar mheasadar a chífidís é. D’úmhluighdar d’á chéile mar ba chóir. Thug Dúlainn an Árdrígan suas d’á mac, agus d’iompuigh sé féin agus a chualacht abhaile. Níor bh’ fhada go raibh an chualacht eile sa chathair. Focal amach as a béal níor labhair Gormfhlaith go dtí go raibh an triúr i bhfochair a chéile istigh agus gan aoinne ann ach iad. Ansan do labhair sí agus níor mhaith leat bheith ag éisteacht léi.
“Seadh!” ar sise, “dheineabhair go deas é! Ní miste gnó thabhairt do bheirt agaibh le déanamh!”
“Cad a dheineamair, a mháthair?” arsa Sitric.
“Inis an méid seo dhom,” ar sise. [247] “Cá bhfuarais Lonán? Nó an bhfuil fhios agat cé h-é?”
“Liagh tuisgionach iseadh é,” arsa Sitric. “Tá an t-eólus a dh’oir duit aige. Do shiúbhluigh sé chuige. Cad é sin dúinne cé h-é, ach, mar a dúbhart leat, é chrochadh chómh luath agus bhéadh an obair déanta.”
Bhí sí ag feuchaint ó dhuine go duine acu an fhaid a bhí sé ag caint.
“Ó,” ar sise, “is deacair do dhuine foidhneamh le n-bhúr leithéidí de bheirt amadán! Dritháir do Chaoilte iseadh é.” (Do léim an bheirt ’n-a seasamh.) “Tháinig sé anso chúghaibh-se ’ghá leigint air go raibh fuath aige do Bhrian. Chuireabhair-se ag triall orm-sa é, an rud a bhí uaidh. Bhí iontaoibh agam-sa as mar gheall ar é theacht chúgham uaibh-se. D’ oibríghmair araon a’ láimh a chéile. Níor chuireamair cor dínn nár inis sé do Mhurchadh chómh luath agus chuireamair dínn é. Díreach nuair a bhí an obair nách mór déanta do sgéidh sé. Chuir sé na trí miasa nímhe os cómhair an trír. Tharaing Murchadh chuige na trí miasa sar a raibh uain ar aoinne de’n bheirt eile ar an mbia do bhlaiseadh. Thug Murchadh blúire de’n bhia dom’ ghaidhrín. Thuit an gaidhrín marbh os cómhair ár súl go léir. Ansan d’inis Lonán dóibh cé r’ bh’ é agus cad é an bob a bhí buailte aige orm-sa. Ní féidir liom gan uraim a bheith agam dó. Chosain sé Brian orm chómh h-áluinn agus do cosanadh aoinne riamh. Conus fhéadfainn-se aon bheart eile tharang chúgham an fhaid a bhí an iontaoibh agam a’ Lonán agus sinn ag oibriughadh a’ láimh a chéile! Níor bh’fhéidir an gníomh a dhéanamh gan sinn araon ’á dhéanamh. Níor bhaoghal do Bhrian an fhaid a bhí lámh Lonáin sa ghníomh, nídh nách iongnadh. Ní bhéadh a lámh sa ghníomh mura mbéadh é theacht chúgham uaibh-se. Ó, táid siad go léir ag cur a n-anam amach ag gáirí umainn agus ag magadh fúinn! Agus gan amhras tá a chúis acu.”
Chomáin sí léi ag caint. Níor labhair aoinne de’n bheirt eile go ceann abhfad. Ar ball do labhair Amhlaoibh.
“Ar thugais leat an chailís?” ar seisean.
“Níor thugas!” ar sise. “Bhí sí agam sa chárbat agus mé ag fágaint na h-áite. Chonac Lonán, an ropaire! ag cogarnaigh le Murchadh. Tháinig Murchadh chúgham anall agus thóg sé leis an bosca ’n-a raibh an chailís. Ó, dheineabhair an gnó go h-áluinn ar fad nuair a chuireabhair Lonán chúgham! Dá mb’áil leis teacht ar aon chuma eile chúgham ach uaibh-se! Is gasta a dhein sé é. Go deimhin ní féidir liom gan uraim a bheith agam dó.”
D’iompuigh dath dubh ar ghnúis Amhlaoibh nuair a fuair sé go raibh an chailís imthighthe.
“Dá mb’áil liom-sa,” ar seisean, “a mhalairt de chúram a chur ar Fhear na gCos nuair a bhí an chaoi agam air!”
“Eist, a Amhlaoibh,” arsa Sitric. [249] “Ní fiú biorán a’s an gnó go léir. Tá ár máthair anso againn beó. Is iongantach an sgéal iad ’ghá leigint uatha chómh bog. Beidh caoi airís agat ar shocarughadh le Fear na gCos uair éigin. Tá ár neart ollamh ins gach aon bhall. Ba mhór go léir an tairbhthe dhúinn neart Gaedhal a bheith gan cheann, dá n-eirigheadh linn. Ach tá sé ana aosta. Is cuma nó bheith gan cheann dóibh an ceann a bheith chómh h-aosta. Ná h-abraimís a thuille mar gheall ar Lonán ná ar a ghnó. Ní dóich liom go bhfuil puínn d’á fhios ag aoinne go raibh an gnó ar siúbhal. Tugaimís aghaidh ar an obair atá rómhainn. Comáinimís teachtairí mór-thímpal ’ghá rádh le n-ár neart cruinniughadh, gan a thuille ríghnis, sa chuan so amuich; go bhfuil gach aon rud ollamh. Tá Maolmórdha ar dearg-bhuile, a mháthair. Dheinis an méid sin go maith. Tá néal chun cogaidh i Lochlanachaibh na h-Éirean, agus is ag triall ar rígh Laighean atáid siad ag teacht. Buadhfaimíd fós ar Bhrian agus ar Chlainn Chais!”
Chómh luath agus bhí an cogar tabhartha ag Lonán do Mhurchadh agus an bosca tógtha ag Murchadh as an gcárbat, d’imthigh Lonán isteach chun an tseómra a bhí aige sa ríghtheighlach ó tháinig sé ann ’n-a dhochtúir, agus ’n-a stíobhard ar gach córughadh bídh d’á mbéadh le déanamh ann. Ní fheacaidh aoinne riamh ó shin an Lonán céadna ag teacht amach as an seómra san. Tháinig fear amach as an seómra, ach níor bh’ é an Lonán céadna é, dar le h-aoinne a chonaic an Lonán a chuaidh isteach, agus ansan, an Lonán a tháinig amach. Bhí folt odhar, ag tuitim siar síos ar a shlinneánaibh, ar an Lonán a chuaidh isteach. Bhí folt breagh fionn-ruadh, ag tuitim siar síos ar a shlinneánaibh, ar an Lonán a tháinig amach. Bhí féasóg fhada liath-ghorm ar an Lonán a chuaidh isteach. Bhí féasóg ruadh ná raibh ró fhada, ar an Lonán a tháinig amach. Firín beag agus ceann mór air ab eadh an Lonán a chuaidh isteach. Níor bh’ fhear ró mhór an Lonán a tháinig amach, ach bhí an ceann tar éis dul i luighead, agus ansan níor fheuch an fear chómh beag agus d’fheuch sé fé’n gceann mór. Bhí na fáibrí imthighthe as an éadan, ach bhí an t-éadan leathan go maith agus árd go maith ag an Lonán a tháinig amach, díreach mar a bhí ag an Lonán a chuaidh isteach. Bhí an Lonán a chuaidh isteach trí fichid, mura raibh sé os a chionn. Ní raibh an Lonán a tháinig amach aon lá os cionn seacht mbliana fichid. Dá bhfeiceadh Amhlaoibh, nó Sitric, nó Gormfhlaith, an Lonán a tháinig amach thabharfaidís an leabhar ná feacadar riamh é. D’á bhrígh sin níor ghádh do’n Lonán a tháinig amach puínn eagla bheith aige roimis an gcaint a bhí ar [250] siúbhal idir an dtriúr, istigh i ríghtheighlach Shitric i n-Áth Cliath, nuair a bhíodar ’ghá mhaoidheamh agus ’ghá dhearbhughadh go ndéanfaidís so ’s súd leis an Lonán a bhuail an bob ortha, chómh luath agus gheóbhdís greim air.
Isiad a bhí go loisgithe sgólta ’n-a gcroídhe agus ’n-a n-aigne, ag cuimhneamh ar an gcuma ’n-ar bhuail sé an bob san ortha, díreach nuair a mheasadar gur bh’ iad féin a bhí ’á bhualadh air-sean go h-áluinn. Bhí Caoilte i gCeann Cora an uair chéadna agus is ’mó gáire maith a bhí aige féin agus ag Lonán agus ag Murchadh agus Lonán ag seanachus do’n bheirt eile ar an gcuma ’na mbíodh sé féin agus Gormfhlaith ag toghadh na luibhneacha agus ag áireamh na gcómhacht a bhí ionta.
“Tá an méid seo agam le radh, ámhthach,” arsa Lonán leis an mbeirt. “Tríd an obair go léir ní mise do chúm ná do cheap ná do bheartuigh ná do thusnuigh aon droch nídh. Í féin a thusnuigheadh gach aon rud. Níor thugas di aon bhlúire droch eóluis ná raibh aici cheana. Nuair a bhí an bia againn d’á ollamhughadh chun an ghnímh a dhéanamh, níor dheineas ach gach aon rud do shocarughadh agus do chórughadh díreach mar a dh’órduigh sí dhom é dhéanamh.”
“Tá fhios agam-sa aon rud amháin a dheinis, a bhitheamhnaigh, agus níor órduigh sí dhuit é dhéanamh,” arsa Murchadh.
“Cad é an rud é sin, a rígh?” arsa Lonán agus iongnadh ag teacht air.
“Níor órduigh sí dhuit an bhagairt úd a dhéanamh orm-sa,” arsa Murchadh.
“Ó!” arsa Lonán. “Is fíor dhuit, a rígh,” agus gháireadar, mar do baineadh iaracht de gheit a’ Lonán.
“Tá aon nídh amháin sa sgéal agus ní ró mhaith a thaithnean sé liom,” arsa Caoilte.
“Cad é an rud é?” arsa Murchadh.
“Tá Gormfhlaith i n-Áth Cliath,” ar seisean, [251] “agus tá cead a cos aici, agus cead a cinn, agus cead a béil. Is truagh nár coimeádadh anso í. Déanfaidh an bhean san díobháil dúinn. Tá sí ar dearg bhuile mar gheall ar an gcuma ’n-a bhfuil stáicín áiféis déanta dhi os cómhair an domhain. Ní chuirfeadh sé blúire iongnadh orm d’á dtéidheadh sí féin, do shiúbhal a cos dá mb’ fhéidir é, soir chun cainte le rígh Lochlan, agus as san óthuaidh chun cainte le rígh na h-Ioruaidhe, agus mór-thímpal chun gach rígh agus chun gach tíre ’n-ar dhóich léi go bhfaghadh sí a bheag nó a mhór d’ aon rud i bhfuirm nirt slógh le tabhairt léi chun díoltais a dhéanamh ar Árdrígh Éirean agus orainn go léir. Daoine ná cuimhneóch’ i n-aon chor ar theacht meallfaidh sí léi iad agus tiocfaid siad. Is mór an truagh nár coimeádadh anso í!”
“Tá an ceart agat sa méid sin, a Chaoilte,” arsa Murchadh. “Dúbhart féin leis an Árdrígh gur í choimeád anso ba cheart. Ní dhéanfadh. Ba lag leis é. Ní’l againn ach aon ghnó amháin a dhéanamh de pé neart a thiocfaidh. D’á mhéid a thiocfaidh díobh, má thugaimíd Gleann Mháma an tarna h-uair dóibh, rud a thabharfaimíd, iseadh is lúgha is baoghal iad do theacht go deó airís chúghainn. Táid siad fada a ndóthin ag teacht. Is mithid deire chur le n-a gcuardaibh. Ní raibh fir Éirean riamh chómh ceapaithe ar dheire chur le cómhacht Lochlan agus atáid siad anois. Ach ní h-ag caint is ceart dúinn a bheith. Téanaíg. Tá caint ag an Árdrígh le déanamh liom-sa agus le beirt agaibh-se.”
Chuadar i láthair an Árdrígh. Bhí a lán eile des na giollaíbh turais cruinnighthe rómpa ann. Bhí Maolshuathain ann agus leitireacha aige ’á sgrí’ chómh tiugh agus d’ fhéadadh sé an cleite chomáint. Fé mar a bhíodh gach leitir sgríobhtha aige chuireadh Brian a ainim thíos léi, agus do tugtí do dhuine des na giollaíbh turais í agus chuireadh sé sin an talamh dé.
Ag triall ar na ríghthibh agus ar na taoiseachaibh a bhí cuid [252] des na leitireachaibh ag dul: Sidé bunús na cainte a bhí ionta san:—
“A rígh onóraigh,
“Tá an lá buailte linn. Ní fios cad é an neómat a thiocfaidh sgéala chúghainn ’ghá innsint dúinn loingeas rígh Lochlan agus loingeas rígh na h-Ioruaidhe agus loingeas Shíguird, rígh Ínsí h-Orc, a bheith i gcuan Átha Cliath. Ní h-alaidh dhúinn gan bheith ollamh dóibh. Cruinnigh do neart, a rígh, agus tabhair aghaidh ar Chill Mhaighneann. Ní bheidh aon uaigneas ort ar an slígh. Beid fir Éirean ’n-a míltibh ag bualadh umat. Tá socair againn go léir i n-ár n-aigne gan teacht abhaile beó nó teacht abhaile le buadh. Abair le gach fear d’á bhfuil agat gur fearr go mór bás d’fhághail i gcath ’ná luighe fé smacht Lochlanach anois.
“Mise Brian.”
Bhí cuid des na leitireachaibh ag dul ag triall ar easbogaibh agus ar shagartaibh agus ar mhainistreachaibh. Seo bunús na cainte a bhí ionta san:—
“A Thighearna Easboig,
“Cuir do ghuidhe suas chun Dé ar ár son chómh dian chómh díchealach agus chuiris guidhe suas chun Dé riamh. Tá an lá cruaidh buailte linn fé dheire. Tá ár namhaid ag cruinniughadh chúghainn as an uile áird. Má bheirean an namhaid seo buadh anois orainn tá deire linn; tá deire le sliocht Gaedhal i n-Éirinn agus tá deire leis an gCreideamh a thug Pádraig chúghainn tré ghrásta Dé. Cuir féin do ghuidhe suas chun Dé ’ghá iaraidh ar Dhia gan an buadh thabhairt do’n namhaid. Iar ar na pobalaibh go léir a nguidhe chur suas chun Dé ar an íntinn gcéadna. ‘Éistean Dia le guidhe na ndaoine.’
“Brian.”
Chómh luath agus fuair gach rígh agus gach taoiseach a leitir do thusnuighdar ar na fir do chruinniughadh. Do thuig na daoine go léir an focal úd, “gur fearr go mór bás d’ fhághail i gcath ’ná luighe fé smacht Lochlanach anois.” Thuig gach aoinne gur bh’ fhearr an fharaige do theacht isteach ar Éirinn agus gan aon Chríostaidhe dh’ fhanmhaint beó ar an oileán ’ná sliocht Gaedhal do luighe fé smacht na Lochlanach an uair sin. D’á bhrígh sin, na mná agus na seandaoine a bhí ag fanmhaint sa bhaile níor dheineadar buairt ná gol ná ologón. Má bhí an bhuairt ortha, agus is dócha go raibh, níor thaisbeánadar puínn dé.
Na mná a bhí pósta agus go raibh cúram clainne ortha d’fhanadar sa bhaile, ach má fhanadar níor airigh aoinne osna ó aoinne acu, ná ní fheacaidh aoinne deóir le n-a súil. Is dócha gur shileadar a ndóthin díobh nuair ná raibh aoinne ag feuchaint ortha. Níor fhan na cailíní óga sa bhaile. Chuadar i n-aonfheacht le n-a ndrithárachaibh chun bídh a dh’ ollamhughadh dhóibh ar an slígh agus chun éadaigh a níghe dhóibh nuair ba ghádh é, agus chun banaltranais a dhéanamh ortha tar éis an chatha dá mbéadh gádh acu leis. Bhí mná na nGaedhal go léir, óg agus críona, ana thuisgionach sa n-obair sin.
Chómh luath agus fuair na h-easboig agus na sagairt agus na h-abbana ins na mainistreachaibh na leitireacha, do cuireadh an guidhe ar siúbhal ins gach aon bhall láithreach. Bhí na h-Aifrinní ins na h-eaglaisibh gach maidion ar an íntinn sin Bhriain agus na pobuil ag guidhe ar an íntinn gcéadna, agus na manaigh ag guidhe ins na mainistreachaibh, ní h-amháin sa lá ach i gcaitheamh na h-oídhche leis. Chaithidís an oídhche i láthair na h-Altórach ’ghá iaraidh ar an Slánuightheóir, tré ímpídhe na Maighdine Muire agus tré ímpídhe Phádraig agus Bhríghde agus Cholum Cille, gan an buadh thabhairt dos na Lochlanaigh sa chath uathbhásach a bhí ag theacht. Ní miste a rádh ná gur dheineadar a nguidhe go dúrthachtach, mar bhí fhios acu [254] go dian mhaith cad a bhí le h-imtheacht ortha féin agus ar na mainistreachaibh dá mbeireadh na Lochlanaigh buadh. Bhíodar go léir ollamh, gan amhras, ar bhás a dh’fhulang ar son an Chreidimh, ach bhí fhios acu, dá mbeireadh na Lochlanaigh buadh an chatha san a bhí ag teacht an uair sin, go gcuirfidís an Creideamh féin ar neamhnídh i dteannta na ndaoine do chur chun báis. D’á bhrígh sin do leanadar ag guidhe go cruaidh, do ló agus d’ oídhche, agus ag déanamh trosgaidh go dian, an fhaid a lean an chontabhairt.
Níor bh’ fhada go bhfeacathas ag gluaiseacht na bóithre soir óthuaidh, ó gach aon pháirt de’n Mhúmhain, mar a bhéadh sochraidí móra fada, na fir chródha, fir bhreaghtha óga láidire, fir go raibh socair ’n-a n-aigne acu gan teacht thar n-ais beó ó’n gcogadh dá mbéadh buadh ag Lochlanaigh. Ag machtnamh ar an nídh sin dóibh shocaruighdar ’n-a n-aigne ná tiocfaidís thar n-ais beó pé taobh a bhuadfadh. Shocaruighdar ’n-a n-aigne d’á luighead eagla bhéadh acu roimis an mbás gur bh’ eadh b’fhearr a dhéanfaidís an troid agus gur bh’eadh ba mhó an t-éirleach a dhéanfaidís ar na Lochlanaigh, agus, as san, gur bh’eadh ba dhóichígh-de an buadh bheith ag Gaedhlaibh agus an cath do bhriseadh ar na Lochlanaigh. Chuaidh an socarughadh san ’n-a luighe chómh daingean san ar a n-aigne gur ghnáth eatartha, ’n-a gcómhrádh, agus gan acu ’á dhéanamh dé ach cúis gháire, an focal, “Pé duine thiocfaidh thar n-ais ná ná tiocfaidh, ní thiocfad-sa thar n-ais.”
“Siní an chaint! Ní chun teacht thar n-ais atáimíd ag dul sa chath so!” a déarfadh duine eile.
“Caithfead bás a dh’fhághail uair éigin. Ní thiocfaidh uair choídhche a bheidh níos fearr ar gach aon tsaghas cuma chun báis a dh’fhághail ’ná an uair a chífead na bitheamhnaigh ar m’ aghaidh amach agus an t-arm am’ láimh!” adéarfadh an trímhadh duine.
“Agus d’á éaghmuis sin,” adéarfadh an ceathramhadh duine, [255] “is bás ar son an Chreidimh é, agus an t-é a dh’fhuiling eóchaidh bás ar son an Chreidimh raghaidh a anam suas láithreach go h-aoibhneas na bhFlathas! Dá dtagainn thar n-ais agus maireachtaint fiche bliain eile, b’fhéidir nár ró mhór an deimhne a bhéadh agam air sin. Déanfaid na Lochlanaigh a ngnó go h-olc nó ní thiocfaidh aon chos díom-sa thar n-ais.”
Siné saghas cainte a bhíodh ar siúbhal acu agus iad ag gluaiseacht na bóithre soir óthuaidh ’n-a sochraidíbh móra fada. Bhíodh na seandaoine ar na cnucánaibh ag feuchaint ortha ag gluaiseacht, agus do lasadh a gcuid fola le dásacht, agus, “Ó!” adeiridís, “Nách truagh gan mé óg airís!” Chídís na fir agus na gathana breaghtha fada ’n-a lámhaibh acu agus reana glasa, cruadha, géara na ngathana san ag taithneamh agus ag spréacharnaigh sa ghréin, agus na tuaghana ar ghuaillibh na bhfear, agus na bratacha ar a gcrannaibh i dtusach gach buidhne, ag luasgadh sa ghaoith; agus gach buidhean ag gluaiseacht go breagh, réidh, stuamdha, cos le cois, guala le gualainn, agus an bhuidhean ag casadh fé mar a chasadh an bóthar agus ag díriughadh nuair a dhírigheadh an bóthar. Chíodh na seandaoine ar na cnucánaibh an obair go léir, agus do ghluaiseadh an tsean’fhuil trés na sean fhéitheachaibh, ’n-a caisíbh teine, agus thagadh luas croídhe ar na seandaoinibh, agus, “Ó!” adeiridís, [256] “Nách truagh chráidhte gan mé óg airís!”
Ag triall ar na ríghthibh ba shia ódheas iseadh do cuireadh an chéad cuid des na leitireachaibh, ó b’iad ba shia ó áit an choinne. Ansan do cuireadh iad ag triall ar ríghthibh Conacht; ag triall ar na dúnaibh; ag triall ar rígh na nDéise, agus mar sin. Chuaidh Lonán ó dheas go Ciarraighe Luachra, ag triall ar a athair, Mac Beathach. Chuaidh Caoilte siar go h-Uíbh Máine agus leitir aige do Thadhg Mhór ua Chealla. Ní raibh puínn gádh le leitir a chur ag triall ar Thadhg. Bhí an méid nirt a bhí acu gleusta, ollamh chun bóthair aige féin agus agá mhac. Bhí ráflaí ar siúbhal ann ar conus mar ba dhóbair go gcurtí Brian agus Murchadh chun báis le nimh, agus gur bh’í an Árdrígan a mheas an gníomh a dhéanamh ach gur chaill an feartíghis uirthi nuair a bhí gach aon rud ollamh aici. Ansan gur mhairbh sí an feartíghis agus gur imthigh sí síos go h-Áth Cliath ag triall ar a mac, Sitric.
Thug Caoilte an sgéal ’n-a cheart dóibh. Nuair a tugadh dóibh an sgéal ’n-a cheart dúbhradar go léir an focal céadna adúbhairt Caoilte féin, gur mhór an truagh nár coimeádadh an Árdrígan ’n-a prísúnach.
Nuair airigh Niamh an sgéal ’n-a cheart, “Ó!” ar sise, “ní’l aon teóra libh! Ní’l aon teóra leat, a Chaoilte,” ar sise, “agus cuimhneamh ar a leithéid de chleas.”
“Mura mbéadh Lonán a bheith agam ní chuimhneóchainn air, a rígan,” arsa Caoilte. [257] “Dheineamair dochtúir iasachta de Lonán i dtreó nár aithin a athair féin é, ná a mháthair, nuair a bhí sé socair againn. Ní raibh aon bhaoghal go dteipfeadh an t-eólus air mar is ag foghluim chun bheith ’n-a dhochtúir atá a shaoghal go dtí so caithte aige. Dhein sé a ghnó go h-áluinn. Dá mba ná béadh agat ach aon gháire amháin dhéanfá an gháire sin dá mbeitheá ag éisteacht leis ’ghá innsint conus a chaith sé féin agus Gormfhlaith an aimsir, ag piocadh luibhneacha agus ’ghá mbreithniughadh.”
I lár a gcod’ cainte dhóibh, siúd chúcha isteach teachtaire ainíos ó Inis Cathaigh.
“Ó! a ríghthe,” ar seisean, “tá an fharaige go léir, ó Inis Cathaigh amach go Léim Chúchulainn, lán de loingeas iasachta. Is dócha go bhfuil an mhainistir tré theine um an dtaca so agus na manaigh go léir marbh!” agus chas sé an dá ologón déag agus é ag greadadh a dhá bhas.
Siúd gach aoinne ’ghá cheistiughadh:—
“Cathin a thánadar?”
“Cad iad na loingeas iad?”
“Ar labhair aoinne leó?”
“An bhfeacaís féin iad?”
“Cá bh’fhios duit an loingeas namhad iad?”
Ní raibh uain aige ar aon fhreagra thabhairt ar na ceisteanaibh nuair siúd isteach teachtaire eile.
“Eist do bhéal, a amadáin!” arsa’n tarna teachtaire. “Is tu dhein an fothram gan ghádh gan riachtanas! Táid na loingeas ann, a ríghthe,” ar seisean, [258] “ach ní loingeas namhad iad. Is loingeas carad iad. Ospac is ainim do’n rígh atá ortha. Tháinig sé isteach chun na mainistreach i mbád, agus do labhair sé le Colla agus d’inis sé dhó cad a thug é agus gach aon rud. Tá an chabhlach loingeas ansúd mór-thímpal an oileáin agus tá Ospac agus Colla imthighthe soir go Ceann Cora chun labhartha leis an Árdrígh. Deir na fir atá ar na loingeas go bhfuil cabhlach eile ag Bruadar. Bhí an dá rígh (beirt dritás iseadh iad) muinteartha go maith le n-a chéile ar feadh tamail, go dtí gur thoiligh Bruadar chun an chogaidh seo atá dh’á dhéanamh i gcoinnibh Bhriain. Do thuig Ospac i n-a aigne gur bh’ éagcóir an cogadh agus dhiúltuigh sé d’ aon lámh a bheith aige ann. Bhí loingeas Ospaic agus loingeas Bhruadair istigh i n-aon chuan amháin lastuaidh i n-áit éigin. Do leath Bruadar a loingeas féin ar bhéal an chuain chun gan loingeas Ospaic do leigint amach. Cheangail sé a loingeas féin d’á chéile le téadaibh móra láidire agus cheangail sé long acu de’n talamh tirim ar gach taobh. Níor leig Ospac air gur thug sé fé ndeara an gníomh san. Nuair a tháinig an oídhche agus bhí Bruadar agus a mháirnéalaigh ’n-a gcodla, chuir Ospac a loingeas go léir i ndiaigh chéile i n-aon líne amháin agus d’ órduigh sé gan aon tsolus do lasadh ar aon loing acu. Ansan do bhog sé chun gluaiste iad i ndiaigh chéile, i dtreó na h-áite ’n-a raibh long na láimhe deise de loingeas Bhruadair ceangailte de’n talamh tirim. Chuaidh fuirean i mbád agus do ghearadar an téad gan aon fhothram a dhéanamh. Ansan do shleamhnuigh na loingeas go léir amach. Nuair a tháinig solus na maidine chonaic Bruadar an cuan laistigh dé folamh, agus loingeas Ospaic abhfad amach ar an bhfaraige agus iad ag imtheacht siar ódheas fé lán a seól. Thánadar anso go dtí an linn seo Luimnighe chun a dh’ innsint do Bhrian cad a bhí chuige, agus chun pé cabhair a bhéadh ar a gcumas do thabhairt dó. Dá mb’ áil leat-sa,” ar seisean leis an gcéad teachtaire, “beagáinín foidhne bheith agat níor ghádh dhuit an ruith a dheinis do dhéanamh anso ainíos, agus níor ghádh dhómh-sa bheith ag briseadh mo chos agus ag cur saothair orm féin ag ruith ainíos ad dhiaig chun gan leigint duit an dúthaigh a chur as a meabhair.”
“Seadh!” arsa Tadhg Mór ua Cealla, “is mithid dúinn go léir bheith ag gluaiseacht. Cad dúbhairt Ospac a bhí Bruadar ar aigne dhéanamh?” ar seisean leis an dteachtaire.
“Dúbhairt sé le Colla, a rígh,” arsa’n teachtaire, [259] “gur bh’é a thuairim go mbéadh Bruadar ’n-a cheann ar loingeas rígh Lochlan agus go mbéadh Sígurd agus pé loingeas a bhéadh aige fé smacht Bhruadair. Agus dúbhairt sé gur bh’é a thuairim go bhfuilid siad go léir istigh i gcuan Átha Cliath um an dtaca so, nó geall leis.”
“Ó! foth, foth!” arsa Tadhg Mór. “Ní bheimíd i n-am i n-aon chor!”
Le n-a linn sin cé bhuailfeadh chúcha isteach ach Tadhg Óg ua Cealla agus Conn agus athair Chuinn, Maolruanaidh na Paidre, rígh Ua bhFiachrach Áidhne. Do cuireadh fáilte roimis an rígh agus roim Chonn.
“Bhíomair díreach ollamh ar imtheacht,” arsa Maolruanaidh, “ach ní bhéadh Conn sásta gan teacht feuchaint an rabhabhair-se ollamh. Deir sé, agus is dócha gur fíor dhó é, gur fearra dhúinn coimeád i n-aice chéile ar an slígh, agus ansan coimeád i n-aice chéile sa chath, leis, má fhéadaimíd é.”
“Tá an ceart aige, a rígh,” arsa Caoilte. “Is ’mó cuma ’n-a ndéanfaimíd áise d’á chéile má choimeádaimíd i n-aice chéile, ’sé sin, ach gan bheith ró achmair d’á chéile. An ’mó fear a bheidh agaibh, a Chuinn?” ar seisean.
“Beidh breis agus fiche céad fear, is dóich liom,” arsa Conn. “An bhfuil Niamh ag teacht?” ar seisean.
“Tá, Niamh ag teacht,” arsa Niamh féin; “ná bíodh aon phioc d’á mhearbhall ort-sa ná ar aoinne eile,” ar sise.
“Ní fhanfaidh Niamh i n-aon bhall i ndiaigh a h-athar,” arsa Tadhg Mór ua Cealla.
“Is maith an inghean a thug Dia dhuit, a rígh,” arsa Maolruanaidh, “nuair a thug sé Niamh duit. Tá súil agam go gcuimhnighean tú go minic air sin, agus go dtugan tu buidhchas do Dhia mar gheall air.”
Rígh ana dhiadha ab eadh Maolruanaidh na Paidre. Bhíodh sé coitchianta ag machtnamh i láthair an Athar Síoruídhe, agus, as an machtnamh, bhíodh sé coitchianta ag labhairt leis an Athair Síoruídhe. Thuigeadh sé i n’ aigne ná raibh aon tsaghas cainte ba chirte chun labhartha leis an Athair [260] Síoruídhe ’ná an chaint a chuir ár Slánuightheóir i mbéalaibh na gCríostaidhthe chun labhartha leis an Athair Síoruídhe. D’á bhrígh sin, nuair a labhradh sé leis an Athair Síoruídhe is, “Ár n-Athair atá ar neamh, &c.” adeireadh sé. Bhíodh sé ag rádh na Paidre sin coitchianta, agus do tugadh an ainim, “Maolruanaidh na Paidre,” air mar gheall air sin. Fear ana láidir, ana chródha, ab eadh é, agus mura raibh eagla ag na Lochlanaigh roime n-a Phaidir ní baoghal ná go raibh eagla acu roime n-a thuaigh.
Níor bh’ fhada go rabhdar go léir ollamh chun bóthair. Bhí cárbat áluinn ag Niamh, agus bhí beirt d’á mnáibh coímhdeachta sa chárbat i n-aonfheacht léi, ach thugadh sí a lán d’á h-aimsir ameasg na mban óg eile a bhí ag dul ó’n mbaile, i n-aonfheacht leis na fearaibh, agus í ’ghá stiúrughadh agus ’ghá thaisbeáint dóibh conus na h-éadaí lín a theastóch’ uatha ar ball, do chur chúcha agus do choimeád i n-eagar.
D’ fhan an dá bhuidhean san, buidhean Thaidhg Mhóir uí Chealla agus buidhean Mhaoilruanaidh na Paidre, i n-aice chéile ar an slígh, agus bhíodh Conn agus Caoilte i gcómhluadar a chéile go mór. B’éigean do Chaoilte an sgéal go léir ó thusach go deire a dh’innsint do Chonn, conus a chuir Sitric agus Amhlaoibh an fear ó Áth Cliath chun Briain do chur chun báis le nimh, agus gur bh’é fear a chuireadar uatha chun na h-oibre sin a dhéanamh ’ná Lonán, dritháir Chaoilte, an fear, thar a raibh d’fhearaibh i n-Éirinn, dob’ fhearr a dhéanfadh Brian do chosaint ar an mnaoi a bhí ceapaithe ar an nimh a thabhairt dó.
Do ghluais na buidheana eile ó gach aon pháirt de Chúige Conacht, na bóithre soir, i dtreó na h-áite ’n-ar ghnáth le Brian longphort a dhéanamh, i n-aice Átha Cliath. Tháinig an dá bhuidhean, buidhean Ua Máine agus buidhean Ua bhFiachrach Áidhne, go Ceann Cora, chun bheith i n-aonfheacht le buidhin an Árdrígh. Ansan do ghluaiseadar féin agus buidhean an Árdrígh an bóthar soir óthuaidh.
Díreach sar ar fhágadar Ceann Cora tháinig teachtaire ó rígh Laighean ag triall ar an Árdrígh agus thug sé leitir do’n Árdrígh, agus sidiad na focail a bhí sa leitir sin.
“A Árdrígh Éirean,
“Do tugadh easonóir dómh-sa ad’ ríghtheighlach-sa i gCeann Cora. Tar anois agus cosain thu féin orm, mar táim ceapaithe ar an easonóir sin do dhíoghailt ort-sa agus ar do chlainn, agus ar Dhál gCais.
“Mise Maolmórdha
“Rígh Laighean.”
Do léigh Brian an leitir. Ansan do sgríbh sé ar dhrom na leitire na focail:—
“Táim ag teacht, a dhritháir. Feuch chúghat féin.
“Mise Brian.”
“Seo, a ghiolla,” ar seisean leis an dteachtaire. “Beir thar n-ais í.”
Thóg an teachtaire an leitir agus do rug sé leis thar n-ais í.
Ní raibh um an dtaca san bóthar andeas ná bóthar aniar ná bóthar óthuaidh tré Chúige Laighean ná raibh clúdaithe leis na buidhnibh fear agus iad ag gluaiseacht ’n-a míltibh, fé n-a ríghthibh agus fé n-a dtaoiseachaibh, agus a n-airm ar a nguaillibh, agus a mbratacha breaghtha síoda anáirde ar a gcrannaibh ag lúbadh agus ag luasgadh sa ghaoith, agus a n-aghaidh go léir ar an áit ’n-ar ghnáth le Brian a longphort a dhéanamh, i n-aice Átha Cliath. Agus ní raibh ins na buidhnibh sin go léir oiread agus aon fhear amháin ná raibh socair go daingean i n’ aigne aige gan teacht thar n-ais beó.
“Má’s ag Lochlanaigh a bheidh buadh,” a deiridís, [262] “is fearr gan teacht thar n-ais beó. Má’s ag Gaedhlaibh a bheidh buadh bíodh a thoradh ag an muintir atá sa bhaile i n-ár ndiaigh. Pé taobh ar a mbeidh buadh, díolfaid na Lochlanaigh as.”
Bhí Brian agus a ghnáth-theighlach tamal soir ó Cheann Cora, ar bhóthar Átha Cliath, agus iad ag gluaiseacht go h-áluinn agus go stuamdha agus go mileata. Bhí buidhean Thaidhg Mhóir uí Chealla agus buidhean Mhaoilruanaidh na Paidre ag teacht ’n-a ndiaigh. Bhí Niamh ’n-a cárbat i dtusach buidhne Thaidhg. Tháinig bean agus clóca uirthi, agus cochal an chlóca amach ar a ceann aici, i gcómhngar do’n chárbat. Bhagair sí ar Niamh. Do stad an cárbat. Do shín an bhean leitir isteach chun Niamh agus d’ imthigh sí. Do léigh Niamh an leitir. D’ fheuch sí ’n-a tímpal. Ní raibh Caoilte abhfad ó’n áit. Dúbhairt sí le duine des na fearaibh glaodhach air. Tháinig sé. Thug sí dhó an leitir. Do léigh sé í.
“Cad is fearr a dhéanamh, a rígan?” arsa Caoilte.
“Measaim gur fearr an leitir sin a thabhairt do Mhurchadh,” ar sise.
“Is fíor,” arsa Caoilte.
D’imthigh sé amach i ndiaigh ghnáth-theighlaigh an Árdrígh, agus thug sé an leitir do Mhurchadh. Bhí iongnadh ar Mhurchadh nuair a léigh sé an leitir.
“Tá go maith, a Chaoilte,” ar seisean.
Tháinig Caoilte thar n-ais.
Lar na mháireach an lae sin tháinig giolla turais ag triall ar Chaoilte, duine d’á ghiollaíbh turais féin, agus shín sé leitir chuige. Do léigh Caoilte í. Siúd ag triall ar Niamh é agus shín sé chúichi an leitir. Do léigh sí í.
“Ó!” ar sise. “Imthigh láithreach, a Chaoilte,” ar sise, “agus tabhair í seo leis do Mhurchadh.” Do dhein.
I dtreó go dtuigfear brígh agus bunús an dá leitir sin [263] ní foláir dul siar beagán agus a dh’innsint conus a dh’imthigh le Gormfhlaith ó fhág sí Ceann Cora agus ó tháinig sí go teighlach rígh Lochlanach Átha Cliath.
Do h-innseadh i dtusach an sgéil seo conus mar a thug Brian a inghean le pósadh do Shitric, le h-ionachus go ndéanfadh an cleamhnas san a chómhacht féin do neartughadh leis an gcaradas, dar leis, a thiocfadh as idir Lochlanaigh Átha Cliath agus Clann Chais. Béibionn ab ainim do’n inghean san Bhriain, ainim a mháthar féin. Rígan ana chiallmhar, ana thuisgionach ab eadh í. Do coimeádadh uaithi an t-uisge-fé-thalamh a bhí ’á dhéanamh i gcoinnibh a h-athar an fhaid a bhí Niamh ag déanamh na faire, agus ansan, an fhaid a bhí Lonán ’ghá leigint air go raibh sé ag cabhrughadh le Gormfhlaith sa droch obair a bhí ar siúbhal aici. Choimeád a muintir féin an sgéal ó Bhéibionn i gcaitheamh na h-aimsire sin chun gan bheith ag cur buartha uirthi gan ghátar, agus i dtreó gur shuaimhneasaíghe a bhéadh an saoghal aici nuair a chífeadh Sitric go soiléir ná raibh aon phioc d’ fhios na droch oibre aici. Choimeád Sitric an t-eólus uaithi díreach mar a dhein sé a dhícheal ar é choimeád ó gach aoinne ba dhóich leis a dhéanfadh aon iaracht ar an ndroch obair do chosg.
Ach nuair a tháinig Amhlaoibh thar n-ais ó Inis Cathaigh chómh h-oban, agus nuair nár h-innseadh d’aoinne cad é an chúis, agus ansan, nuair a thug sí fé ndeara an disgréid agus an cogarnach ag Amhlaoibh agus ag Sitric, agus an bheirt ag stad de pé caint a bhíodh eatartha nuair a thagadh sí ’n-a láthair, thuig sí ’n-a h-aigne go raibh rud éigin nár bh’ fhóghanta d’á bheartughadh acu. D’á shoiléire a thuig sí an nídh sin iseadh ba lúgha a leig sí uirthi gur thuig sí é féin ná aon nídh dh’á shórd, agus iseadh ba lúgha a bhí aon chuimhneamh acu-san gur thuig sí é féin ná aon nídh dh’á shórd. Bhí sí ag faire ortha go géar agus ní raibh aon choinne acu go raibh. D’á fheabhas faire a dhein sí, ámhthach, níor fhéad sí teacht suas le h-aon [264] nídh áirighthe do thabharfadh eólus cruinn dí ar cad a bhí ar siúbhal acu, ná ar cé ’n-a choinnibh go raibh an t-uisge-fé-talamh ’á dhéanamh.
Do lean an sgéal mar sin go dtí go dtáinig Gormfhlaith go h-Áth Cliath. Ansan do thuig Béibionn go raibh donas éigin thar na beartaibh déanta. Níor bh’ fhada gur tugadh le tuisgint di ná raibh Gormfhlaith ag dul thar n-ais ag triall ar Bhrian. Ansan do stadadh de bheith ag déanamh aon choimeád ar cad n-a thaobh gur tháinig sí uaidh ná ar cad ’n-a thaobh ná raibh sí ag dul thar n-ais. Do thárla go raibh an ceathrar i bhfochair a chéile agus gur eirigh fearg Ghormfhlaith. Do léim sí agus do spriúch sí. Do chaith sí ins na súilibh ar Shitric agus ar Amhlaoibh an bob a bhuail Lonán ortha, agus ansan, an bob a bhuail sé uirthi féin nuair a chuaidh sé siar ag triall uirthi agus teistiméireacht aige uatha-san. Ansan do thuig Béibionn cad é an brígh a bhí leis an ndisgréid agus leis an gcogarnach agus leis an stad cainte nuair a thagadh sí féin. Níor labhair sí aon fhocal amach as a béal mar gheall ar an ngníomh a measadh a dhéanamh ar a h-athair. Dúbhairt sí, ’n-a h-aigne féin: “Do theip an méid sin oraibh. Ní stadfaidh sibh anois. Déanfaidh sibh iaracht eile. Ní mór dhom faire níos fearr a dhéanamh, le h-eagla go mb’ fhéidir ná teipfeadh an tarna h-iaracht oraibh.”
Níor dhein sí aon cheilt ar an ndroch mheas a bhí aici ortha, ná ar an bhfeirg a bhí uirthi mar gheall ar an rud a cheapadar a dhéanamh. Ach níor dhein sí trácht ar imtheacht as an áit mar gheall air. Níor bh’fhada gur thuit rud amach a thaisbeáin di gur mhaith a dhein sí é agus fanmhaint.
Tháinig rígh Laighean ann.
“Seadh!” arsa Gormfhlaith leis, [265] “measaim gur dheineas éagcóir ort nuair a dúbhart gur bheithigheach iompair ag Brian tu. Measaim gur bh’fhearra dhó go sgaoilfeadh sé thairis an beithigheach. Airighim go bhfuil do neart agat d’á chruinniughadh go cuthaigh. Fíorfair an focal úd a dúbhraís le Murchadh; ‘Má cailleadh Gleann Mhámha tré m’ chómhairle,’ arsa tusa, ‘buadhfar Gleann Mháma eile tré m’ chómhairle.’ An t-annsgian! Mura mbéadh an bheirt seo bheith chómh símplidhe,” ar sise, “bhéadh sé féin agus a athair agus Dúlainn fé ’n bhfód go tréith anois.”
“Ní gádh dhuit é chur ar an mbeirt seo, a mháthair,” arsa Amhlaoibh. “Bhí aimsir do dhóthin agat chun an ghnímh a dhéanamh sar a ndéigh Lonán ag triall ort, agus níor dheinis é. Níor dheinis, agus ní dhéanfá ó shin é, pé caoi a bhéadh agat air, an fhaid a bhéadh inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla at’ aice! Is dóich liom,” ar seisean, “dá mbéadh sí abhfad at’ aice go ndéanfadh sí mírbhuilt ort, a mháthair,” agus chuir sé drana-gháire as. Níor dheas an drana-gháire é, bhí sé chómh diablaídhe agus an ghnúis chómh h-áluinn, chómh h-óg. An t-é a chífeadh an ghnúis sin an uair sin agus an drana-gháire, déarfadh sé go raibh duine i n-éaghmuis Ghormfhlaith gur bh’fhéidir a dhiabhal coímhdeachta a dh’fheisgint uaireanta. Chonaic Béibionn diabhal coímhdeachta Amhlaoibh an uair sin, agus choimeád sí cuimhne air.
“Cad é sin agat dh’á rádh, a choileáin!” arsa Gormfhlaith. “Cad í an mhírbhuilt a dhéanfadh sí orm!”
“Dhéanfadh sí naomh díot, a mháthair,” ar seisean, “agus ba mhór an mhírbhuilt é,” agus do leathnuigh an drana-gháire.
Do stad sí agus í ag feuchaint air.
“Ní dhéanfadh mírbhuilt féin naomh díot-sa!” ar sise.
“Foth, foth!” arsa Maolmórdha, “ní’l aon tairbhthe le teacht as an saghas san cainte. Cuirigh uaibh í. Ní deirim ná go bhfuil rud déanta agam-sa do chuirfidh chun cinn an bheart so do theip ar thriúr agaibh-se.”
Do léim Sitric agus chuir sé bas ar bhéal rígh Laighean, agus shín sé a mhéar i dtreó na h-áite ’n-a raibh Béibionn [266] ’n-a seasamh i lúib na finneóige. Dhruid sí isteach sa lúib sin nuair a thusnuigh an chaint ar dhul i n-olcas idir Ghormfhlaith agus Amhlaoibh. D’ airigh sí an focal, ámhthach, a’ béal rígh Laighean, ach níor leig sí uirthi gur airigh. Do rith cailín isteach, duine de mhnáibh coímhdeachta Bhéibionn.
“Ó!” ar sise, “tá an cuan lán de loingeas!”
Do rith gach aoinne amach ach Béibionn.
“Tar a leith, a laogh,” ar sise leis an gcailín. “Tháinís anso i n-aonfheacht liom-sa,” ar sise. “Tá fhios agam nách miste dhom rún a thabhairt duit. Tá, mar is eól duit, mar is eól do gach aoinne, Lochlanaigh an domhain ag cruinniughadh a neart i n-aghaidh na h-Éirean agus i n-aghaidh Árdrígh Éirean. Tá an t-Árdrígh ag cruinniughadh neart na nGaedhal chun na h-Éirean do chosaint. Tuigid ríghthe Lochlanach dá mbéadh Árdrígh Éirean as an slígh go dtuitfeadh cómhacht na nGaedhal as a chéile agus nár dheacair an lámh uachtair a dh’ fhághail ortha. Tá, d’á bhrígh sin, iaracht mhalluighthe d’á déanamh le fada ar an Árdrígh do chur chun báis le nimh. Tá teipithe glan ar an iaracht san. Siné fé ndeara Gormfhlaith a bheith anso anois. Tá iaracht eile d’á dhéanamh anois. Tá feall éigin eile d’á dhéanamh anois ar m’ athair. D’ airigheas an focal ó chiainibh ó rígh Laighean. ‘Tá rud déanta agam-sa,’ ar seisean, ‘do chuirfidh chun cinn an bheart so do theip ar thriúr agaibh-se.’ Ní dúbhairt sé a thuille mar do chuir Sitric lámh ar a bhéal. Ní dóich leó gur airigheas-sa an focal. Ní mór sgéala chur láithreach ag triall ar an Árdrígh. Indiu an lá chun an fhíona do chur siar go Sórd Cholum Cille. Imthigh, a laogh, agus cuir an fíon sa bhosca mar is gnáth leat a dhéanamh, fíon Aifrinn, agus tar chúgham anso nuair a bheidh san déanta agat.”
D’imthigh an cailín agus chuir sí an fíon sa bhosca. Ba ghnáth le Béibionn an fíon san do chur chun na mainistreach san, agus d’á bhrígh sin níor chuir aoinne aon tsuim sa rud a bhí ag an gcailín ’á dhéanamh. Nuair a bhí an bosca i dtreó [267] aici tháinig sí ag triall ar an mBanríghin mar a dúbhradh léi.
“Seó anois,” arsa’n Bhanríghin léi, “cuir chúghat an dá leitir seo. Tabhair an dá leitir do’n Airchinneach, do Ghiolla Pádraig, agus dein an rud a déarfaidh sé leat.”
D’imthigh an cailín agus do rug sí léi an bosca, agus an capal agus an cárbat aici, mar ba ghnáth. Chonaic Sitric agus Amhlaoibh agus Gormfhlaith ag imtheacht í. Chonacadar an bosca fíona. Níor chuimhnighdar ar aon nídh eile bheith aici, agus níor chuireadar blúire suime inti.
Tháinig sí go Sórd Cholum Cille. Thug sí an dá leitir do’n Airchinneach. D’osgail sé leitir acu, mar dó féin ab eadh í. Do léigh sé í. Thug an cailín fé ndeara gur iompuigh a lith ann.
“An bhfuil fhios agat cad ’tá sa leitir seo atá léighte agam?” ar seisean leis an gcailín.
“Tá tuairim agam dó, a Athair,” ar sise.
“An mbéarfá-sa an leitir eile seo ag triall ar inghín Thaidhg Mhóir uí Chealla?” ar seisean. “Deir Béibionn ná fuil aoinne is fearr a dhéanfaidh an gnó ’ná mar a dhéanfair-se é.”
“Agus cá bhfuil inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla le fághail?” arsa’n cailín.
“Tá sí le fághail,” arsa’n t-Airchinneach, “i mbuidhean a h-athar, sa mhór-shluagh atá ag teacht aniar ó Cheann Cora. Cuirfead cárbat agus giolla leat. Thabharfainn an leitir do’n ghiolla le breith siar ach deir an Bhanríghin gan an leitir a thabhairt d’ aoinne ach duit-se. Agus deir sí go gcaithfir do cheann a choimeád folaighthe go maith, le h-eagla go n-aithneófaí thu. Caithfidh Niamh an leitir a dh’fhághail a gan fhios d’ aoinne, agus caithfidh sí an leitir a dh’fhághail gan a fhios a bheith aici cé uaidh go bhfaighidh sí í.”
“Tá go maith,” arsa’n cailín. [268] “Dúbhairt Béibionn liom go neósfá-sa dhom cad a bhéadh le déanamh agam.”
“Nuair a bheidh an leitir tabhartha do Niamh agat féadfair an cárbat agus an giolla do bhreith leat siar abhaile ag triall ar do mháthair. Cuirfidh Béibionn fios ort airís i ndiaigh an chatha. Ní fios cé bheidh beó an uair sin, ámhthach.”
Do gabhadh capal agus cárbat, agus do cuireadh an cailín sa chárbat agus do cuireadh an tsrian i láimh an ghiolla.
“Dein an dithineas is mó a dh’ fhéadfair,” arsa’n t-Airchinneach leis an ngiolla, “ach gan súile na ndaoine tharang ort ach chómh beag a’s is féidir é.”
Do ghluais an cárbat. Níor fhéad an giolla oiread dithinis a dhéanamh agus a measadh a dhéanfadh sé, mar bhí na bóithre go léir lán de dhaoine. Ach thánadar fé dheire chun buidhne Thaidhg Mhóir agus, mar a dúbhradh cheana, do tugadh an leitir do Niamh agus chuir Niamh chun Murchadh í. Chómh luath agus do léigh Murchadh an leitir d’imthigh sé chun na h-áite ’n-a raibh Brian agus d’ atharuigh sé na fir a bhí i n-aice le pearsain an Árdrígh.
Nuala ab ainim do’n chailín a thug an leitir sin do Niamh. Chómh luath agus bhí an leitir tabhartha uaithi aici d’imthigh sí amach chun na h-áite ’n-ar fhág sí an giolla agus an cárbat. Bhailighdar leó amach a’ brúth na slógh, agus thugadar aghaidh siar go Cúige Conacht, chun na h-áite ’n-a raibh máthair an chailín ’n-a cómhnuighe.
Isé cúis go ndúbhradh le Nuala a ceann do choimeád folaighthe ’ná so. Do thuig Béibionn go raibh Maolmórdha tar éis breibe gheallamhaint d’ fhear éigin ach dul i n-aice an Árdrígh sa ghluaiseacht agus sleagh do shádh ann, nó é chur chun báis ar chuma éigin mar sin. Bhí eagal uirthi, dá mb’ ar an gcuma san a bhéadh an sgéal, go mb’ fhéidir go n-aithneóch’ an fealltóir Nuala agus ansan go bhfaghadh Sitric amach an sgéal go léir, agus go marbhóch’ sé í féin. Níor fhág sí ar a chumas Nuala do mharbhughadh, pé rud a thuitfeadh amach, [269] mar dúbhairt sí léi dul siar abhaile. Choimeád Nuala a ceann folaighthe agus níor aithin aoinne í. Níor aithin Niamh féin í, bíodh go raibh aithne mhaith thiar sa bhaile aici uirthi féin agus ar a máthair.
Um thráthnóna an lae, a dh’imthigh Nuala ó ríghtheighlach Shitric agus an capal agus an cárbat agus an bosca fíona aici, do thárla gur airigh duine eile de mhnáibh coímhdeachta Bhéibionn caint idir an dá rígh, idir Shitric agus Maolmórdha.
“Ná bíodh ceist ort, a rígh,” arsa Maolmórdha. “Déanfaidh Mícheál Ruadh an bheart. Tá sé i ngnáth-theighlach an Árdrígh anois le cheithre bliana, agus tá árd iontaoibh ag Brian as. Tá iontaoibh acu go léir as. Is dóich le Murchadh ná fuil fear eile sa ríghtheighlach chómh dílis leis. Gormfhlaith a thug aithne dhom air. Is cuma leis cé ’cu curfar chun báis é nó ná curfar nuair a bheidh an gníomh déanta, mar tá geallta againn dó go mbeidh fearan saor go deó agá mhnaoi agus agá shliocht má chuirean sé Brian as an slígh uainn. Dá mbéadh Brian as an slígh bhéadh gach aon rud ar ár dtoil againn.”
D’imthigh an bhean choímhdeachta agus d’inis sí do Bhéibionn an chaint a dh’airigh sí. D’imthigh Béibionn agus chomáin sí ar siúbhal giolla turais i lár na h-oídhche agus leitir eile aige le tabhairt do Niamh. D’ aimsigh sé capal maith. Bhí aithne ar na bóithribh agus ar na cómhngair aige. Do shrois sé an áit ’n-a raibh buidhean Thaidhg Mhóir uí Chealla. Thug sé an leitir do Chaoilte, mar adúbhradh, agus thug Caoilte do Niamh í, agus chuir Niamh ag triall ar Mhurchadh í. Do léigh Murchadh í. D’fheuch sé ’n-a thímpal. D’fheuch sé ar an ngárda a chuir sé, indé roimis sin, ó bheith i n-aice Bhriain. Bhí aithne mhaith aige ar Mícheál Ruadh. Ní raibh Mícheál Ruadh le feisgint i n-aon bhall. Nuair a deineadh an t-atharughadh indé roimis sin do thuig Mícheál i n’ aigne go raibh sgéidhte [270] ag duine éigin air. D’euluigh sé sa n-oídhche as an áit. Chómh luath agus fuair Murchadh imthighthe é do sgaoil sé an focal ameasg na bhfear, breith air agus é thabhairt thar n-ais. Níor bh’ fhada gur tugadh thar n-ais é. Bhí an iomad aithne air. Do tugadh i láthair Mhurchadh é.
“Pé duine thabharfadh cúl le cath,” arsa Murchadh leis, “níor mheasas gur tusa dhéanfadh é! Seasaimh ansan at’ inead, agus ná fág an áit airís.”
Cheap Mícheál nuair a tugadh thar n-ais é go gcrochfaí é. Bhí fhios aige go raibh an chroch tuillte aige. Nuair nár deineadh ach a rádh leis dul agus seasamh i n’ inead féin bhí iongnadh air. Níor thug sé fé ndeara an bhagairt a dhein Murchadh ar na fearaibh eile.
Dá gcrochtí é b’fhéidir go raghadh an sgéal ó bhéal go béal agus go sroisfeadh sé rígh Lochlanach Átha Cliath, agus nár bh’fhearr-de Béibionn san. Dá bhféadadh sé imtheacht slán go h-Áth Cliath nuair a dh’euluigh sé thiocfadh an díobháil céadna as, b’fhéidir.
Sheasaimh sé i n’ inead féin ameasg na bhfear an lá san——ach ní feacathas ’n-a dhiaigh san é beó ’ná marbh.
Nuair a bhíodh Caoilte i n-Albain ag breithniughadh an nirt a bhí ag Lochlanaigh i n-Ínsibh Orc agus ins na h-oileánaibh eile ann, is i dteighlach Dhómhnaill mhic Éimhin, i Mágh Geirrghinn, a chaitheadh sé an chuid ba mhó de’n aimsir. Thugadh sé, sa chaint a bhíodh eatartha, tuairisg cruinn do Dhómhnall [271] ar an gcuma ’n-a raibh gach aon rud ag dul chun cinn i n-Éirinn. Bhiodh Dómhnall coitchianta ’ghá cheistiú’ i dtaobh Bhriain agus i dtaobh Mhurchadh agus i dtaobh Dhál gCais go léir.
Thugadh Caoilte cuid d’á aimsir, leis, i bhfochair Mhuireadhaigh, Mórmhaor Leamhna, agus chaitheadh sé na tuairisgí céadna thabhairt dó san ar an gcuma ’n-ar sheasaimh cómhacht Bhriain, agus ar gach dóchas a bhí go bhféadfadh sé seasamh i n-aghaidh na mór-chómhacht a bhí ag cruinniú’ as gach áird ’n-a choinnibh.
Bhí ana bháigh ag an mbeirt sin le Brian agus le Gaedhlaibh. Níor bh’iongnadh báigh a bheith ag Dómhnall le Brian, mar ó Oilioll Olum do shiólraidh an bheirt. Ó Ghaedhlaibh a shiolraidh Muireadhach leis. D’á éaghmuis sin, níor bh’ aon iongnadh dúil mhór a bheith ag an mbeirt go mbuadhfadh Brian sa mhór-chath a bhí ag teacht, mar dá mb’ ag na geintibh a bhéadh an buadh do chuirfidís deire leis an gCreideamh a mhúin Colum Cille do Ghaedhlaibh agus do Chruithneachaibh Alban, agus níor mhiste deimhin a dhéanamh dé go ndéanfaidís Gaedhil Alban do dhísgiughadh.
Bhíodh Caoilte ’ghá innsint do’n bheirt cad é an saghas fir Brian, agus cad é an saghas fir Murchadh, agus cad é an saghas fir Dúlainn, agus Maolruanaidh na Paidre, agus Tadhg Mór ua Cealla.
“Agus,” arsa Dómhnall, “cad é an saghas an cailín seo, inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla, go bhfuilimíd bodhar ag gach aoinne ag moladh a h-áilneachta?”
Nuair a cuireadh an cheist sin chuige do las Caoilte go bun na gcluas. Ansan do bhánuigh sé chómh bán le cailc.
D’ fheuch Dómhnall air agus thuig sé an sgéal go léir láithreach, dar leis féin.
“Is dócha,” ar seisean, “gur fíor an chaint a deirtear, go bhfuil sí níos áilne ’ná Gormfhlaith féin.”
“Is fíor, a rígh,” arsa Caoilte. [272] “Tá sí níos áilne ’ná mar a bhí Gormfhlaith riamh. Ní h-é an saghas céadna áilneachta atá ionta. Tá sé chómh maith agam an sgéal go léir a dh’innsint duit, a rígh,” ar seisean le Dómhnall.
Ansan tháinig sé i dtusach an sgéil agus d’inis sé do Dhómhnall, ó thusach go deire, gach aon rud a bhí aige le h-innsint i dtaobh Niamh; conus a bhain a h-áilneacht a mheabhair shaoghalta dhé an chéad uair a chonaic sé í; conus mar a bhí éad ar Chonn chuige mar gheall uirthi; conus mar adúbhairt sí leis féin, agus leis an gcuid eile des na ríghthibh óga, go raibh socair aici ’n-a h-aigne gan pósadh i n-aon chor, ach fanmhaint i bhfochair a h-athar an fhaid a mhairfeadh a h-athair, agus ansan maireachtaint singil ar an saoghal so go dtí go leanfadh sí é.
Fear breagh dathamhail uasal cumasach ab eadh Dómhnall. D’éist sé le Caoilte an fhaid a bhí Caoilte ag caint. Thuig sé i n’ aigne nár bh’fholáir nó gur bh’uathbhásach an áilneacht a bhí sa rígan óg san. Dúbhairt sé leis féin gur dhócha gur bh’é cúis go ndúbhairt sí go raibh a h-aigne socair ar gan pósadh mar nár thaithn aoinne des na fearaibh óga san léi. Go mb’ fhéidir dá bhfeiceadh sí an fear a thaithnfeadh léi go n-atharóchadh sí an socarughadh san. Níor leig sé air le Caoilte go raibh aon mhachtnamh de’n tsórd san i n’ aigne. Bhí sé i mbéalaibh na ndaoine go léir go raibh Sitric chun a mháthar féin, Gormfhlaith, a thabhairt le pósadh d’ Iarla Ínsí h-Orc. Bhí tuairim ag daoine go raibh sí geallta aige do níba mhó ’ná an t-Iarla san. Gan amhras bhí Gormfhlaith ag dul amach ins na bliantaibh. Ach má bhí féin bhí na geallamhna úd ann. Is dócha gur thuig Sitric go mb’fhéidir go socaróch’ an cath, nuair a thiocfadh sé, a lán de’n tsaghas san geallamhna.
Thuig Dómhnall i n’ aigne dá bhféadadh sé féin Niamh a dh’ fhághail go mbéadh bean aige a bhéadh níob’ áilne, agus níob’ fhearr ar gach aon tsaghas cuma, ’ná an bhean so a bhí [273] ’á geallamhaint do gach aoinne ach teacht ag cabhrughadh le Sitric.
Pé ’r domhan é, bhí Dómhnall socair ar theacht go h-Éirinn ag cabhrughadh le Brian i gcoinnibh na Lochlanach, ach nuair airigh sé an moladh a dhein Caoilte ar inghín Thaidhg Mhóir uí Chealla bhí sé socair níba dhaingine, naoi n-uaire níba dhaingine, ar theacht, agus ar an uile fhear a dh’ fhéadfadh sé, do thabhairt leis. Do labhair sé leis an Mórmhaor eile, Mórmhaor Leamhna a tugtar air sa tseanachus, agus chuir sé suas é chun a nirt go léir do chruinniughadh ar an gcuma gcéadna agus teacht go h-Éirinn ag cabhrughadh le Brian.
“Má buaidhtear ar Bhrian,” ar seisean, “sa chath so atá ag teacht, tá sé chómh maith ag Gaedhlaibh imtheacht a’ h-Albain. Dísgeófar sinn go léir. Is fearra dhúinn tuitim i gcath ag cabhrughadh le Brian ’ná na Lochlanaigh a theacht agus sinn a mharbhughadh anso sa bhaile má buaidhtear ar Bhrian.”
Do chruinnigh an bheirt a neart go léir. Tháinig chúcha an uile shaghas fir a dh’ fhéadfadh aon nídh i bhfuirm airm do láimhseáil. Níor fhan sa bhaile ach seandaoine agus mná agus leanbhaí.
Is ró bheag d’á chuimhneamh a bhí ag Niamh gur bh’ í fé ndeár an méid sin de’n chongnamh a tháinig ag triall ar Bhrian a bheith chómh láidir agus bhí sé. Díreach mar a bhí sí gan aon phioc d’á chuimhneamh aici, nuair a bhí sí ag faire ar Ghormfhlaith chun gan leigint di nimh a thabhairt do Bhrian, nách leis an bhfaire do chosain sí Brian ach leis an gcosg a chuir a cómhluadar fóghanta, agus a cuideachtanas fóghanta, agus a h-anál fóghanta, le droch íntinn Ghormfhlaith, a gan fhios di féin agus a gan fhios do Ghormfhlaith.
An fhaid a bhí na slóighte ar an slígh bhí mórán tairbhthe ag Niamh ’á dhéanamh, a gan fhios di féin, ar an gcuma san. Bhí dúil ag na fearaibh go léir gach gnó dhéanamh ar an gcuma ba dhóich leó dob’ fhearr a thaithnfeadh léi; agus i mbuidhnibh [274] na mban ní raibh aon nídh ba mhó ag na mnáibh ’ná focal molta dh’fhághail uaithi nuair a bhíodh sí ag gabháil eatartha ag feuchaint ar an gcuma ’n-a mbíodh a ngnó acu ’á dhéanamh. Dheinidís go léir a ngnó níob’ fhearr go mór, ar gach aon tsaghas cuma, ’ná mar a dhéanfaidís é dá mba ná béadh sí ann.
Ach dhein sí, leis, mórán tairbhthe agus ní h-a gan fhios di a dhein sí é, ach le h-iomláine feasa agus machtnaimh.
Do h-innseadh cheana cad é an chúis gur tugadh “Maolruanaidh na Paidre” ar rígh Ua bhFiachrach Áidhne. Gur thuig sé i n’ aigne a bheith ceangailte ar an gCríostaidhe bheith coitchianta ag guidhe chun an Athar Síoruidhe, agus ná fuil aon chaint is oireamhnaighe chun labhartha leis an Athair Síoruidhe, moladh a’s glóire leis, ’ná an chaint a mhúin ár Slánuightheóir dúinn.
Do labhair Niamh anois a’s airís le cuid des na fearaibh. Do thrácht sí leó ar an gcuma ’n-a rabhdar go léir lán cheapaithe ar’ gan teacht thar n-ais ó’n gcath. Chuir sí i gcuimhne dhóibh gur ar son an Chreidimh, chómh maith le h-ar son na h-Éirean, a bhí an ceapadh san déanta acu go léir. Bhí focal aici le rádh, ó am go h-am, ar rígh Ua bhFiachrach Áidhne agus ar an gcuma ’n-a mbíodh an Phaidir ar siúbhal aige i gcómhnuighe. Chuir sí ’n-a luighe ortha go raibh gach duine acu chómh ceapaithe ar bhás a dh’fhághail sa chath a bhí rómpa agus bhí Maolruanaidh. D’á bhrígh sin, go raibh gach duine acu chómh mór i ngádh leis an bPaidir agus bhí Maolruanaidh.
“Is dócha,” ar sise, “go bhfuil oiread gádh agam féin leis agus atá ag aoinne,” agus thusnuigh sí ar an bPaidir dó rádh coitchianta.
“Má tá gádh ag Niamh leis an bPaidir,” arsa duine des na fearaibh, “is deacair a rádh ná go bhfuil gádh agam-sa leis!” agus tusnuig sé ar an bPaidir do rádh coitchianta. Níor bh’fhada go raibh an Phaidir ar siúbhal ag gach duine d’á raibh ar an mór-shluagh.
Bhí a lán sagart ar an mór-shluagh. Ní raibh gnáth-theighlach rígh ann gan sagart fé leith, nó b’ fhéidir beirt shagart dá mbéadh a lán daoine sa ghnáth-theighlach. Do chabhruigh na sagairt go mór leis an bPaidir do chur ar siúbhal ameasg na bhfear, agus ansan, ameasg na ndaoine go léir a bhí ag leanmhaint na slógh. Ní baoghal ná go ndúbradh an Phaidir sin ó chroídhe, go dúrthachtach. Thuig gach aoinne dá mba ná béadh lámh Dé go láidir le Gaedhlaibh Éirean sa chath a bhí ag teacht ná béadh an buadh acu. D’á mhéid a tuigeadh an nídh sin iseadh is dúrthachtaíghe a dúbhradh an Phaidir agus iseadh is aoirde do glaodhadh ar Dhia, le gach saghas úrnuighthe, ’ghá iaraidh air cabhrughadh le Gaedhlaibh agus leis an gCreideamh. Do glaodhadh ar an Slánuightheóir ó b’é do mhúin an Phaidir dos na Críostaidhthibh. Do glaodhadh ar an Maighdin Muire, ó b’ í Máthair an tSlánuightheóra í. Do glaodhadh ar Mhicheál Naomhtha an t-Árdaingeal, ar Naomh Eoin Baiste, ar Pheadair agus ar Phól, ar Phádraig agus ar Bhríghid agus ar Cholum Cille, agus ar na naoimh go léir, ’ghá iaraidh ortha a nguidhe chur suas chun an tSlánuightheóra agus chun an Athar Síoruidhe ar son na nGaedhal agus ar son an Chreidimh, ionus go dtabharfadh Dia an buadh do Ghaedhlaibh sa mhór-chath a bhí rómpa.
Do thuig Brian cad a bhí ar siúbhal agus do ghaibh sé a bhuidhchas go dúrthachtach le Dia, agus do neartuigh a ghuidhe féin chun Dé ar son na slógh a bhí ’ghá leanmhaint chun an chatha mhóir, slóighte ná fillfeadh aon duine acu ó’n gcath san dá mbéadh buadh ag an namhaid, slóighte ná fillfeadh duine as an gcéad acu pé taobh ar a mbéadh buadh.
Ní sa mhór-shluagh amháin a bhí éigean d’á dhéanamh ar Rígheacht na bhFlathas ar an gcuma san le guidhe daoine. Ins na mainistiribh agus ins na h-eagailsibh, ar fuid na h-Éirean, bhí sagairt agus manaigh agus mná riaghalta, do ló agus d’oídhche, gan bhia gan deoch gan chodla gan suan, ag [276] briseadh a gcroídhe ag glaodhach go h-árd ar Dhia, tré impídhe na Maighdine Muire agus na naomh go léir, gan buadh an chatha a bhí ag teacht do leigint leis an namhaid.
Ar an gcuma gcéadna, ins gach aon pháirt d’ Éirinn, go mór mór i ngach lín-tíghe go raibh duine de mhór-shluagh Bhriain tagaithe as, bhí an t-éigean céadna ’á dhéanamh ar Rígheacht na bhFlathas, an t-athair agus an mháthair agus an chuid eile de’n chlainn ’ghá iaraidh ar Dhia an t-é a bhí amuich uatha do thabhairt saor ó’n gcath agus é thabhairt chúcha thar n-ais slán. Bhí na paidreacha agus na h-úrnuighthe ba ghnáth ar siúbhal ins gach tigh, agus i n-éaghmuis na n-úrnuighthe ba ghnáth bhíodh na h-úrnuighthe móra ar siúbhal, Mairineamh Phádraig, agus Amhra Colum Cille, agus Lúireach Phádraig, agus mórán úrnuighthe de ’n tsórd san i n-onóir do naoimh fé leith, ’ghá iaraidh ortha a nguidhe chur chun Dé ar son duine éigin fé leith a bhí sa mhór-shluagh agus an duine thabhairt saor.
Bhí gach fear des na fearaibh a bhí sa mhór-shluagh ceapaithe ar gan filleadh o’n gcath, ach bhí a mhalairt sin d’aigne ag an muintir a bhí sa bhaile n-a ndiaigh. Bhí an mhuintir a bhí sa bhaile ag déanamh a gcroídhe dícheal ’ghá iaraidh ar Dhia iad do thabhairt abhaile slán.
Ba bheag aon treabhchas fé leith gan naomh de naoimh Éirean fé leith acu. Bhí Seanán ag muintir gnáth-theighlaigh Bhriain. Bhí Breandán ag muintir Chiarraighe. Bhí Íta ag muintir Uíbh Chonaill Ghabhra. Bhí Deaclán ag muintir na nDéise. Bhí Barra ag muintir Chorcaighe. Mar sin dóibh. Agus bhí na h-úrnuighthe ag dul suas coitchianta chun gach naoimh acu san, ó’n muíntir a bhí fé n-a chomairce, a d’iaraidh a n-ímpidhe chun Dé, an uair sin thar gach uair d’ár tháinig riamh roimis sin.
Idir mhór-shluagh ag gluaiseacht chun an chatha agus gaolta ’n-a ndiaigh sa bhaile, ní raibh ach aon-ghuth úrnuighthe ag dul suas chun Dé ó Ghaedhlaibh Éirean go léir.
Bhí mac ag Murchadh agus Toirdhealbhach ab ainim dó. Ní raibh sé ach trí bliana dh’ aois nó mar sin nuair a tháinig Tadhg Óg ua Cealla agus Amhlaoibh go h-Inis Cathaigh chun na sgoluigheachta dh’ fhághail. Tímpal na h-aimsire céadna san do rugadh an leanbh siar go ríghtheighlach Mhaoilruanaidh na Paidre, toisg an gaol a bheith ann. Ní fada a bhí sé thiar sa ríghtheighlach san nuair a tháinig Niamh ann ar chuaird, ó ríghtheighlach a h-athar i n-Uíbh Máine. Do chuir an leanbh aithne ar Niamh. Má chuir do cheangail sé suas di. Nuair a bhí sí ag dul abhaile bhí an leanbh ag briseadh a chroídhe ag gol. B’éigean dóibh leigint dó imtheacht i n-aonfheacht léi go h-Uíbh Máine. As san amach is mó d’á aimsir a chaith sé i n-Uíbh Máine ’ná i n-aon áit eile. Bhíodh sé ann nuair a thagadh Tadhg Óg ua Cealla agus Amhlaoibh ar a gcuardaibh ó Inis Cathaigh ainíos ann. Tháinig árd chion aige ar Amhlaoibh an chéad uair a chonaic sé é. Bhí cion aige ar Thadhg Óg, agus bhí cion aige ar Thadhg Mhór, agus ar gach aoinne sa teighlach. Ach do fuair Amhlaoibh inead ’n-a chroídhe ná fuair aon duine eile an uair sin, lasmuich de Niamh féin.
Chonaic Niamh an nídh sin. Chonaic gach aoinne é, ach níor chuir aoinne eile puínn suime ann. Ní raibh ann, dar leó, ach mian leinbh. Chonaic Tadhg Óg é, agus bhí áthas air, mar, dar leis, tháinig mian an leinbh agus an caradas a bhí idir é féin agus an Lochlanach óg isteach le n-a chéile. Chuir Niamh suim ana mhór i mian an leinbh an uair sin, ach níor leig sí uirthi gur chuir. Do chuir sí an suim ann mar, dar léi, do thaisbheáin an cion san a tháinig ag an leanbh san ar Amhlaoibh an uair sin, nách gan adhbhar a tháinig an nídh eile úd [278] ’n-a h-aigne agus ’n-a croídhe féin an uair chéadna i dtaobh an Amhlaoibh chéadna.
Bhí san mar sin. Bhíodh Niamh agus an leanbh i bhfochair a chéile coitchianta. Ní raibh aon teóra leis an leanbh san chun ceistiúcháin, agus Niamh a caitheadh na ceisteana go léir a fhreagairt dó. Bhíodh ceisteana aige le cur chúichi i dtaobh an uile shaghas nídh; an spéir; an talamh; na cnuic; na h-aibhní; an ghrian; an ghealach; an duine; an bás; an saoghal eile; gach aon rud ar a bhféadadh sé cuimhneamh. Bhí an chiall agus an breitheamhantas go h-áluinn aici-sin agus, gan a leigint uirthi go raibh sí ’ghá dhéanamh, chuir sí isteach i n-aigne an leinbh sin eólus ar an gCreideamh chómh cruinn agus chómh h-iomlán agus chómh fórlíonta agus a dh’fhéadfadh Colla féin a dhéanamh. Ní déarfainn ná gur dhein sí an gnó níb’ fhearr ’ná mar fhéadfadh Colla é dhéanamh. Mar gheall ar an gcion a bhí ag an leanbh uirthi, agus aici air, do tugadh an t-eólus agus do glacadh an t-eólus ar chuma nár bh’ fhéidir é thabhairt ná é ghlacadh dá mb’ é Colla, nó duine mar é, a bhéadh i n-inead Niamh.
Nuair a bhíodh na ceisteana a bhaineadh leis na neithibh a thagadh fé n-a shúilibh réidhtighthe dó d’iompuigheadh an leanbh ar na ceisteanaibh a thagadh os cómhair a aigne, agus ansan ar na ceisteanaibh a bhain le h-Éirinn agus le ríghthibh Éirean, agus le naoimh na h-Éirean, le teacht an Chreidimh go h-Éirinn agus le dílse na nGaedhal do’n Chreideamh. Ansan, do cheistigheadh sé í ar theacht na Lochlanach agus ar an léirsgrios teine agus fola a dheinidís i gcómhnuighe nuair a thagaidís, agus d’innseadh sí dhó gach aon rud fé mar a bhíodh le h-innsint. Ní baoghal ná gur mhínigh sí dhó go soiléir na gníomhartha móra a dhein a shean-athair ar na Lochlanaigh i gcaitheamh a shaoghail, agus na gníomhartha a dhein a athair féin, Murchadh, ortha, agus dritháracha a athar.
Leanbh mór ab eadh é d’á aois. Nuair a bhí sé chúig bliana dh’ aois bhí sé chómh mór le leanbh a bhéadh seacht nó h-ocht de bhlianaibh. Bhí an dúchas garbh ann agus thug sé leis an dúchas. Níor bh’fhada go raibh sé ag breith suas ar bheith chómh h-árd, geall leis, le Niamh féin. Chíodh na daoine i n-aonfheacht iad ag gluaiseacht ar fuid na mbánta agus an ceistiúchán ar siúbhal.
Nuair a chíodh na daoine mar sin iad do chuimhnighdís ar “Eachtra Thaidhg mhic Céin,” agus ar “Chonnla Ruadh,” mac Cuinn Chéadchathaigh, agus ar an mnaoi do rug léi Connla. Bhí ’fhios ag gach aoinne gur bh’ óigbhean ana naomhtha, ana dhiadha, Niamh, agus bhí ’fhios acu go raibh Toirdhealbhach óg lán de naomhthacht agus de Chreideamh agus de gach aon tsaghas eile deagh-thréithe aigne, mar gheall ar an oileamhaint aigne a bhí aige d’á fhághail ó Niamh.
Níor bh’fhada gur thug na daoine “Connla” mar ainim cheana air. Níor thugadar “Connla Ruadh” air, mar ní ruadh a bhí sé ach donn. Nuair a bhí “Connla” ag gach aoinne air is “Connla” a bhíodh ag Niamh air.
Nuair a tháinig an sgéal áthais go h-Uíbh Máine go raibh Amhlaoibh ag glacadh an Chreidimh bhí áthas ana mhór ar Chonnla. Bhí oiread áthais air agus bhí ar Niamh.
“A Niamh,” ar seisean léi, “an bhfuil ’fhios agat cad a dhéanfainn-se dá mbéinn am’ Árdrígh?”
“Ní fheadar, a Chonnla,” ar sise. “Is dócha gur rud éigin fóghanta a dhéanfá.”
“Chuirfinn fheuchaint ar na Lochlanaigh go léir,” ar seisean, “an Creideamh do ghlacadh.”
“Ach, a Chonnla,” ar sise, “ní bhéadh aon tairbhthe sa ghníomh san.”
“Cad ’n-a thaobh, a Niamh?” ar seisean.
“Ní féidir Creideamh a ghlacadh,” ar sise, [280] “ach le saor thoil. Ní Creideamh i n-aon chor é mura nglactar é le saor thoil.”
“Tuigim,” ar seisean. “D’fhéadfadh duine a rádh, ‘Creidim,’ ’n-a chaint, agus gur, ‘Ní chreidim,’ a bhéadh istigh ’n-a chroídhe.”
“Go díreach,” arsa Niamh.
“Má ’seadh,” arsa Connla, “chuirfinn an Creideamh d’á mhúineadh dhóibh, agus ansan, nuair a bhéadh an t-eólus acu do ghlacfaidís an Creideamh le saor thoil.”
“Ní dhéanfadh an t-eólus féin an gnó, a Chonnla,” arsa Niamh, “gan rud eile i dteannta an eóluis.”
“Cad é an rud eile bhéadh uatha, a Niamh?” arsa Connla. “Ar nóin nuair a bhéadh eólus ar an bhfírinne ag duine ní fhéadfadh sé gan an fhírinne chreideamhaint.”
“D’fhéadfadh duine cur i gcoinnibh an Chreidimh, a Chonnla,” arsa Niamh, “pé eólus a múinfí dhó ar na fírinníbh, mura bhfaghadh sé congnamh agus solus ó ghrásta Dé.”
“Ó, tuigim,” arsa Connla, “agus tugan Dia a ghrásta do’n t-é a dheinean a dhícheal ó n-a thaobh féin.”
“Tugan,” arsa Niamh, “agus tugan sé a ghrásta do’n duine sin chun an díchil sin a dhéanamh.”
“Moladh go deó le Dia!” arsa Connla.
Tháinig an tuairisg go raibh Amhlaoibh chun bheith n-a shagart. Ansan iseadh bhí an obair ag Niamh chun gan a leigint uirthi le Connla go raibh an dá mhachtnamh úd os cómhair a h-aigne agus é ag teip uirthi iad do thabhairt d’á chéile. Dhein sí an bheart, ámhthach, maith go leór. Bhí Connla ró óg. Ach d’á óige a bhí sé do chuaidh ’n-a luighe ar a aigne nár thaithn an sgéal ró mhaith le Niamh. Níor fhéad sé dul a thuille.
Nuair a tháinig an sgéal uathbhásach ná raibh aon tuairisg ar Amhlaoibh bhí iongnadh agus alltacht i gceart ar Chonnla. Chonaic sé an bhuairt go léir ar Thadhg Óg ua Chealla. Bhí uaigneas agus buairt a dhóthin air féin. Chonaic sé go raibh buairt ar Niamh, ach níor mheas sé gur bh’í an bhuairt cheart í. Do lean sé ar feadh tamail ag cur ceisteana chúichi [281] ’n-a thaobh, ’ghá fhiafraighe a’ raibh aon tuairisg air; cad ba dhóich léi a bhí imthighthe air; a’ raibh aon tsúil go dtiocfadh sé thar n-ais; cé r’ bh’ iad a mhuintir; agus a lán ceisteana de’n tsórd san. Ní raibh aon eólus aici le tabhairt dó go dtí go bhfuair Caoilte gach aon rud amach i dtaobh Amhlaoibh. Ansan féin do coimeádadh an sgéal ó Chonnla go dtí go raibh an Árdrígan, Gormfhlaith, imthighthe agus na slóighte ar na bóithribh ag dul go h-áit an choinne chun an chatha mhór do throid i gcoinnibh na Lochlanach.
Nuair a bhí an t-ollamhughadh chun gluaiste d’á dhéanamh i ríghtheighlach Bhriain i gCeann Cora do measadh Connla dh’fhágáilt thíos i n-Inis Cathaigh fé láimh Cholla. Ní fhanfadh she ann.
“Táim chúig bhliana déag,” ar seisean. “Ní raibh m’ athair ach chúig bhliana déag nuair a mhairbh sé Maolmuaidh i mBealach Leachta. Ní raibh mo shean-athair ach chúig bhliana déag nuair a thóg sé claidheamh i gcoinnibh na Lochlanach. Tá sé chómh ceart agam-sa claidheamh a thógaint agus mé i n-aois mo chúig mblian ndéag agus bhí sé agam’ athair agus agam’ shean-athair.”
B’éigean a shlígh féin a thabhairt dó, agus do tugadh. Bhí áthas ar Bhrian agus ar Mhurchadh nuair a fuaradar é chómh ceapaithe ar dhul sa chath. Bhí rud eile, leis, sa sgéal. Bíodh ná raibh Connla ach na chúig bhliana déag, ba bheag ná go raibh sé chómh h-árd le n’ athair agus bhí an ghairbheacht agus an neart ins na géagaibh aige mar a bhí agá athair. An Lochlanach a thiocfadh ’n-a choinnibh sa chath níor bh’ fholáir dó bheith láidir go maith nó bhéadh Connla maith a dhóthin dó.
Nuair a bhí an méid sin socair agus an mhór-shluagh ar an slígh, do labhair Connla le Niamh.
“A Niamh,” ar seisean, “tá ceist agam le cur chúghat, agus caithfidh tu labhairt agus an cheist do fhreagairt dom.”
“Deanfad gan amhras, a Chonnla,” ar sise, [282] “má fhéadaim é.”
“Féadfair,” ar seisean. “An t-eólus atá uaim tá sé agat-sa. Tá an t-eólus céadna ag Tadhg Óg. Ar feadh tamail tar éis Amhlaoibh a dh’imtheacht bhí ana bhuairt ar Thadhg, díreach mar a bhí orm féin, agus mar is dóich liom a bhí ort-sa. Le déanaighe, má thráchtan aoinne ar Amhlaoibh i láthair Thaidhg dubhan gnúis Thaidhg. Tá fuath fíochmhar aige d’ Amhlaoibh. Siní mo cheist, a Niamh. Cá bhfuil Amhlaoibh? An bhfuil sé beó? Pé ’cu beó nó marbh dó, inis dom cad a dhein sé ar Thadhg?”
B’éigean di teacht i dtusach an sgéil agus é go léir a dh’innsint dó, ó thusach go deire.
D’éist Connla le Niamh an fhaid a bhí sí ag innsint an sgéil agus é ’n-a shuidhe le n-a h-ais sa chárbat, agus iad féin agus an tsluagh ag gluaiseacht go réidh. D’inis sí dhó i dtaobh na cailíse; i dtaobh na h-eochrach; i dtaobh an phúicín a cuireadh ar Chaoilte thall i gCathair na Beirbe; i dtaobh na leitire a tugadh dó nuair a bhí sé ar an loing ag teacht anall go Corcaigh; agus i dtaobh conus mar a dheineadar amach gur bh’ aon Amhlaoibh amháin an dá Amhlaoibh agus gur chun caoi a dh’ fhághail ar an gcailís a ghuid do leig sé air an Creideamh a ghlacadh agus na mion-Úird do ghlacadh. D’éist Connla leis an sgéal go léir gan focal do labhairt. Bhí iongnadh ar Niamh a rádh go raibh sé chómh ciúin. Bhí a chúis féin aige leis.
Nuair a chonaic sé Amhlaoibh ag teacht ar dtúis go Ceann Cora agus go h-Uíbh Máine agus nuair a bhíodh an rince ar siúbhal, ba chuimhin leis gur airigh sé an focal: “Nách áluinn an lánmha a dhéanfaidís!” Níor thaithn an focal an uair sin leis, d’á óige a bhí sé. Ba leis féin Niamh, dar leis, agus níor theastuigh uaidh aon éileamh a bheith ag Amhlaoibh ná ag aoinne eile uirthi. Bhí cion an uair sin aige ar Amhlaoibh, mar a bhí ag gach aoinne, ach má bhí féin níor thaithn an focal úd leis.
An fhaid a bhí sí ag innsint an sgéil dó bhí sé ag cuimhneamh ar an bhfocal úd agus bhí uabhar agus bochtaineacht agus fearg agus diombágh agus buile seirbhthin ’n-a chroídhe, a rádh gur labhradh an chaint sin riamh agus gur cuireadh i n-aice ’chéile sa chaint Niamh agus a leithéid de ropaire fill agus éithigh agus díthchreidimh.
Nuair a bhí cúrsaí na cailíse innste aici dhó d’inis sí dhó gnóthaí Ghormfhlaith agus conus mar a bhí sí féin i gCeann Cora chómh fada agus í ag faire le h-eagla go dtabharfadh Gormfhlaith nimh do’n Árdrígh.
Níor bhain sí aon fhocal cainte as go dtí gur inis sí obair Lonáin dó. Ansan do gháir sé a dhóthin, agus nuair a bhí an sgéal go léir innste dhó do sgeartadh sé ar gháirí, as a mhachtnamh, nuair a chuimhnigheadh sé ar an gcleas a dhéin Lonán.
Ach do lasadh an fhearg airís, ar buile, gach aon uair a chuimhnigheadh sé ar an bhfocal úd, “Nách áluinn an lánmha a dhéanfaidís!” Agus a fhios aige ná raibh ag Amhlaoibh ’á dhéanamh i gcaitheamh na h-aimsire go léir ach feall!
Bhí an doimhneas ann, ó n-a shean-athair, agus níor thug Niamh fé ndeara i n-aon chor go raibh a leithéid d’ fhearg air. Ach bhí.
An uair úd do rith an cailín isteach mar a raibh Sitric agus Maolmórdha agus Amhlaoibh agus Gormfhlaith ag caint, agus adúbhairt sí go raibh an cuan lán de loingeas, do rith, mar a dúbhradh, an ceathrar amach go bhfeicfidís na loingeas. [284] Chonacadar iad ach ní raibh oiread acu ann agus mheasadar ba cheart a bheith ann. Ní raibh ann ach loingeas Shíguird ó Ínsibh Orc. D’ aithin Sitric iad.
“Is ceart dúinn dul amach chun cainte leis an Iarla,” arsa Gormfhlaith.
“Is fíor san, a mháthair,” arsa Sitric, “ach ní mór dhom nídh áirighthe a dh’ innsint duit-se ar dtúis.”
“Cad é an nídh é?” ar sise.
“Nídh a bhainfidh gáire asat,” ar seisean, agus do stad sé.
“Sgaoil chúghainn é!” ar sise. “Má bhainean sé gáire asainn ní miste dhuit é sgaoileadh chúghainn. Cad é an greim atá agat air?”
“Gheallas nídh do’n Iarla so. Ní thiocfadh sé liom go dtí gur thugas an gheallamhaint dó.” Do stad sé airís. (Bhí Maolmórdha láithreach.)
“Ochón!” ar sise, “is agat atá an greim air. Cad a gheallais dó?”
D’iompuigh sé uirthi agus d’ fheuch sé uirthi.
“Gheallas tusa dhó!” ar seisean.
“Is maith a dheinis é,” ar sise, “rud a gheallamhaint dó ná raibh ar do chumas a thabhairt dó. Ní dóich liom, ámhthach, gur maith a dhein seisean é agus an gheallamhaint sin do ghlacadh uait.”
“Do ghlac sé an gheallamhaint agus do tháinig sé. Mura mbéadh gur thugas an gheallamhaint dó ní thiocfadh sé. Dar leis, agus dar leó go léir, ní’l bean eile sa domhan chómh breagh leat-sa.”
“Agus conus a bheidh an sgéal agat ar ball má dhiúltuighim-se do’n gheallamhaint do chómhlíonadh?”
“Bhí san sa mhargadh. Gheallas go bhfaghadh sé thu le m’ lán toil-se. Bhí fhios aige go maith ná féadfadh sé thu dh’fhághail i gcoinnibh do thoile féin. Mar a deirir, is ceart dul amach agus labhairt leis, agus fáilte chur roimis agus roime n-a mhuintir, roimis na daoine a tháinig i n-aonfheacht leis. Ná leig ort leis, a mháthair, go bhfuil fhios agat gur gheallas dó go bhfaghadh sé thu, ach bí chómh séimh chómh cneasda leis agus a dh’ fhéadfair a bheith. Fear láidir tréan cuthaigh iseadh é, agus má gheibhean sé thusa séimh gealgháiriteach leis is troime-de a bheidh a bhuille ar fhearaibh Éirean nuair a thiocfaidh an cath.”
“Tá go maith, a mhic ó,” ar sise. “Teánam agus feicimís é, agus feiceadh sé sinn.”
Do ghluais an ceathrar síos chun an chalaith. Ag gabháil síos an uair sin dóibh iseadh chonacadar an cailín agus an bosca fíona aici agus í ag dul siar go Sórd. Níor chuireadar aon tsuim inti. Chuirfidís suim inti dá mbéadh fhios acu go raibh an dá leitir úd istigh ’n-a brollach aici. Ní raibh aon phioc d’á fhios acu, agus chomáineadar leó gan aon tsuim a chur inti.
Chuadar isteach sa bhád, bád an rígh. Bhí fir an rígh ann i gcómhnuíghe agus iad ollamh ar an mbád do ghleusadh, fé sheóltaibh dá mbéadh gaoth ann, nó fé bhataíbh ramha dá mba ná béadh gaoth ann. Bád breagh mór órnáideach ab eadh é, agus bhí gach aon chóir d’á uaisleacht agus d’á dhaoire ar bórd air, mar ba cheart a bheith ar bhád an rígh. Pé áit ’na bhfeictí ar an gcuan é do h-aithnightí é mar gheall ar ghlaine agus ar uaisleacht a dhathana.
Bhí gaoth ann an lá san agus do cuireadh suas na seólta. Do ghluais an bád an cuan amach, i dtreó na h-áite ’n-a raibh na loingeas iasachta. D’ aithin Sitric long an Iarla. Do tugadh aghaidh ar an loing sin. Do tagadh ’n-a h-aice. Chómh luath agus bhíodar i n-aice na loinge d’aithin an t-Iarla Sitric. Do cuireadh an dréimire síos láithreach idir an long agus an bád agus chuaidh an ceathrar ar bórd na loinge. Chuir an t-Iarla na mílte fáilte roimis an rígh, rígh Lochlanach Átha Cliath, agus roim Ghormfhlaith. Ní raibh aithne roimis sin [286] aige ar Mhaolmórdha ach do cuireadh aithne acu ar a chéile. Bhí sean aithne aige ar Amhlaoibh. Théidheadh Amhlaoibh óthuaidh go minic go h-Ínsibh Orc ag breith teachtaireachtaí ag triall ar an Iarla ó Shitric, agus ag tabhairt eóluis dó ar an gcuma ’n-a mbíodh gach nídh ag dul chun cinn i n-Éirinn. Bhí Amhlaoibh tar éis a dh’innsint do’n Iarla, ar na cuardaibh sin, conus mar a bhí Brian ana aosta agus conus mar a bhí gnó ar siúbhal a chuirfeadh Brian as an slígh, díreach um an dtaca ’n-a mbéadh cómhacht Lochlan ollamh ar theacht go h-Éirinn chun an ghnímh a dhéanamh. Ní baoghal, ámhthach, gur thug Amhlaoibh aon eólus do’n Iarla ar cia a bhí chun an ghnótha dhéanamh do Bhrian nuair a thiocfadh an t-am. D’á bhrígh sin ba bheag ná gur bh’ í céad cheist a chuir an t-Iarla chúcha ’ná conus a bhí Brian.
“Tá sé chómh maith, a rígh,” arsa Maolmórdha, “agus is féidir d’fhear a bheith sa n-aois atá aige, ach ní fheadramair cad é an neómat a gheóbhmís tásg a bháis.”
“An amhlaidh atá aon bhreóiteacht air, a rígh?” arsa’n t-Iarla.
“Ní h-amhlaidh, a rígh,” arsa Maolmórdha. “Is amhlaidh atá duine curtha agam-sa ag tabhairt aireachais dó, duine d’á mhuintir féin, duine de’n bhuidhin a bhíon ’n-a seasamh i n’ aice coitchianta, duine d’á bhuidhin chosanta. Curfar sleagh ’n-a chroídhe nuair is lúgha a bheidh coinne aige leis. Ansan ní bheidh ’n-a mhór-shluagh ach mór-shluagh gan cheann. Tuitfidh a chómhacht as a chéile. Beidh Éire againn féin, agus beidh Sitric i n’ Árdrígh ar Éirinn.”
D’fheuch an t-Iarla ar Shitric, chómh maith le n-a rádh, “An é sin a gheallais-se dhómh-sa?” Do labhair sé:—
“Do réir mar a thuigim-se an sgéal,” ar seisean, “dá n-imthigheadh aon nídh ar Bhrian anois bhéadh Éire ag an Árdrígain, agus ag an bhfear a phósfadh í.”
Do phreab aigne Ghormfhlaith nuair airigh sí an focal san. [287] “Ó,” ar sise, ’n-a h-aigne, “Ní mise a bhéadh uait ach an Árdrígheacht! ‘Mo ghrádh thu agus rud agat.’”
Ní raibh focal a’ h-aoinne ar feadh tamail. Do labhair Amhlaoibh agus é ag gáirí.
“Gan dabht!” ar seisean. “Dá n-imthigheadh aon rud ar Árdrígh Éirean is ag an Árdrígain a bhéadh an Árdrígheacht, agus ag an t-é go dtabharfadh sí dhó an Árdrígheacht. Marbhuighmís Brian ar dtúis agus ansan beidh fhios againn cad a dhéanfaidh an Árdrígan.”
“Is fíor,” arsa’n t-Iarla. “Marbhuighmís Brian ar dtúis. Ní’l brígh ná éifeacht le caint go dtí go mbeidh san déanta ar dtúis. An fear san a chuiris-se ag tabhairt aire do Bhrian,” ar seisean le Maolmórdha, “má dheinean sé a ghnó go maith, agus go luath, beidh caoi ag an Árdrígan ar a taobh féin de’n ghnó dhéanamh. Ansan iseadh bheidh éifeacht le caint. Go dtí san ná deintear a thuille cainte.”
“Dar so ’s súd!” arsa Gormfhlaith ’n-a h-aigne féin, “ach má bhíon Árdrígheacht agam-sa le tabhairt d’ aoinne ní baoghal gur duit-se thabharfad í, a bheithigh allta! Ó! is mór idir thu agus Brian, d’á olcas é! Agus is mór idir thu agus Bruadar!”
“Bara na teangan go mbaintear amach as do bhéal, a bhrealláin!” arsa Sitric, i n’ aigne féin, le Maolmórdha.
“Ba mhaith linn na fir a thugais leat a dh’fheisgint, a rígh,” arsa Amhlaoibh leis an Iarla.
Do rug an t-Iarla leis iad ó loing go loing agus thaisbeáin sé a shluagh dhóibh. Ní ró shuaimhneasach an aigne a bhí ag aoinne de’n cheathrar tar éis an méid úd cainte, agus ní suaimhneas ar fad a chuir an radharc a taisbeánadh dóibh ortha. Chonacadar fir mhóra láidire agus airm mhaithe ghéara ’n-a lámhaibh acu, agus a dheabhramh ortha go rabhdar ábalta ar úsáid a dhéanamh go neamh-eaglach agus go cródha des na h-airm. Chuir san sásamh aigne ar an gceathrar. Ach do [288] chonacadar, i n-éaghmuis na bhfear, sloigisg ban agus leanbh agus gan ionta, nách mór, ach daoine fiaine. Is ceart a dh’ admháil go dtáinig uabhar agus bochtaineacht ar an uile dhuine de’n cheathrar nuair a thuigeadar n-a n-aigne cad é an cor a bhéadh ar Éirinn agus ar Ghaedhlaibh Éirean nuair a leigfí an tsloigisg sin isteach ortha agus an buadh acu. Ach má bhí uabhar agus bochtaineacht ortha do bhrughdar fútha é. Choimeádadar istigh é. Níor dheineadar oiread agus a dh’admháil d’á chéile ’n-a gcaint gur mhothuighdar istigh é. Sin mar a bhíon i gcómhnuighe ag an t-é a dheinean an droch ghníomh. Chun sásamh aigne thabhairt dó féin iseadh dhéinean sé an droch ghníomh, agus ar ball isé rud a thagan as dó ’ná mí-shásamh aigne, agus seirbhthean aigne, agus buaireamh aigne, agus cancar agus tré chéile aigne. Ansan bíon an tré chéile aigne laistigh aige agus an gealgháire lasmuich aige, agus is mór an truagh é.
Tháinig an ceathrar abhaile go ríghtheighlach Shitric agus dheineadar an ceann ab fhearr de’n ghnó, chómh maith agus d’fhéadadar é, ’n-a gcaint. Mholadar an t-Iarla mar gheall ar a mhéid agus ar a neart. Dar leó, ní raibh aon fhear ar theighlach Bhriain a dh’ fhéadfadh seasamh ’n-a láthair agus é throid: Mholadar na fir a bhí aige, agus na h-airim a bhí acu. Ní dúbhradar puínn i dtaobh na mban agus na leanbh. Níor mhaith le Gormfhlaith cuimhneamh ortha i n-aon chor, bhíodar chómh grána chómh salach chómh fiain.
D’imthigh Maolmórdha. Bhí a shlóighte féin ag teacht isteach ó árdaibh Cúige Laighean. Níor mhór dó dul agus feuchaint chúcha.
Nuair a bhí sé imthighthe do labhair Sitric.
“Greadadh chuige,” ar seisean, [289] “ba dhóbair dó an donus a dhéanamh orainn! Mura mbéadh Amhlaoibh bhí an donus déanta aige. Nách uathbhásach an sgéal ná féadfadh sé a bhéal a dh’ osgailt gan toirmeasg éigin a dhéanamh! Mura mbéadh a thapamhlacht a labhair Amhlaoibh do dhéanfadh sé an donas.”
“Tá ’fhios ag an dtalamh,” arsa Amhlaoibh, “gur mheasas go mbéadh an sgéal go léir sgaoilte amach aige sar a mbéadh uain agam ar labhairt!”
“Ní fheicim cad é an díobháil a bhéadh déanta dá dtigeadh leis an sgéal go léir do sgaoileadh amach,” arsa Gormfhlaith.
“Ní bheidhfeá mar sin, a mháthair,” arsa Sitric, “dá mbéadh fios an sgéil go léir agat. Dá mbéadh an chuid eile de’n sgéal agat chífeá go h-áluinn cad é an díobháil a dhéanfadh sé agus cad é an díobháil ba dhóbair dó a dhéanamh.”
“Aililiú!” ar sise. “Inis-se dhom an chuid eile de’n sgéal, a Amhlaoibh, nuair ná neósfadh sé seo dhom é.”
“Ní’l puínn deifrigheachta,” arsa Amhlaoibh, “idir an dtaobh atá agat agus an taobh eile. Gheall Sitric go dtabharfadh sé thusa do’n Iarla. Ansan, nuair a bhí sé ag caint le Bruadar, gheall sé dhó go dtabharfadh sé thusa dhó! Taoín tú geallta dhóibh araon, a mháthair. Má gheibhid siad araon amach é beidh spórt againn!”
Chaith sí í féin i gcathaoir agus ba dhóich leat go dtuitfeadh an t-anam aisti le neart gáirí. Do gháir sí, agus do gháir sí airís.
“Ó!” ar sise fé dheire, “feuch air sin! An ’mó duine eile gur gheallais mé dhóibh?” (Bhí ’fhios aici go raibh sí geallta do Bhruadar.)
“Níor gheallas tu ach do’n bheirt sin, a mháthair,” arsa Sitric.
“Ach!” ar sise, “is olc a dheinis é! Bhíos ag brath air go mb’fhéidir gur gheallais mé do bheirt mhac rígh na h-Ioruaidhe. Ar gheallais-se d’ aoinne mé?” ar sise le h-Amhlaoibh.
“Níor gheallas, a mháthair,” ar seisean, [290] “ach is dócha go mbeidh Bruadar, agus loingeas rígh Lochlan aige, ag teacht isteach sa chuan so ar maidin amáireach. Chuadhmair amach chun cainte leis an Iarla, leis an bhfear mór mileata meirgeach. Ní foláir dul amach chun cainte le Bruadar nuair a thiocfaidh sé. Dá n-airigheadh sé gur chuadhais-se amach chun cainte leis an bhfear meirgeach agus gan tu dhul amach chun cainte leis féin b’fhéidir go dtiocfadh éad air.”
“Tá go maith,” ar sise. “Raighmíd amach chun cainte leis.” Agus chuir sí sgeartadh gáire eile aisti.
“Seachain, a mháthair,” arsa Sitric, “agus ná tuigeadh sé uait go bhfuilir geallta do’n Iarla.”
“Ní baoghal duit,” ar sise. “Is amhlaidh a bheidh sé a d’ iaraidh a thuisgint go bhfuilim deimhnighthe dhó féin.”
Nuair a tháinig an mhaidion d’ fheuchadar amach ar an gcuan. Bhí cabhlach loingeas a bhí dhá uair chómh mór le cabhlach an Iarla tar éis teacht isteach sa chuan agus tar éis inead do ghlacadh laistigh de chabhlach an Iarla, fan na trágha, ar an dtaobh thuaidh de’n chuan. Bhí a lán des na fir, a’ cabhlach an Iarla, tar éis imtheacht as na loingeas agus dul i dtír, lastuaidh de’n chuan, agus cábáin a chur suas dóibh féin, agus teinte do lasadh chun bídh a dh’ ollamhughadh agus leapacha dhéanamh dóibh féin agus tuirse na faraige chur díobh. Bhí na daoine a bhí sa chabhlach mhór a tháinig i gcaitheamh na h-oídhche ag tusnughadh ar an rud céadna dhéanamh. Bhí na báid, agus iad lán de dhaoine agus d’ adhbhar na gcábán, ag fágáilt na loingeas agus ag imtheacht amach tré chúbhar na trágha, chun an tailimh tirim.
Níor bheag d’uathbhás a raibh de loingeas sa dá chabhlach. Nuair a bhí na h-ancaireacha curtha amach acu agus iad ’n-a stad, agus iad i n-aon líne amháin, fan na trágha, do shrois an líne ó Bheinn Éadair go h-Áth Cliath nách mór.
Do ghluais bád Shitric amach airís ó’n gcalaith i n-aice an ríghtheighlaigh, agus do ghluais sé i dtreó na loinge ar a raibh Bruadar. Chuaidh Gormfhlaith agus Sitric agus Amhlaoibh ar bórd na loinge sin. Chuir Bruadar na mílte fáilte rómpa.
“Ó,” ar seisean le Gormfhlaith, “nách óg a dh’fheuchan tú, a Árdrígan!”
“Ní h-aon iongnadh é sin, a rígh,” ar sise. “Ní h-aon iongnadh mé bheith ag feuchaint óg an fhaid atáim óg. Ní rabhas ach seacht mbliana déag nuair a rugadh é seo,” ar sise, (b’é sin Sitric) “agus ní’l sé seo puínn thar fiche bliain fós. Ní ceart seana bhean a thabhairt orm go dtí go mbeidh mé a dachad an chuid is lúgha dhé.”
“Ní tabharfar seana bhean ort choídhche, a Árdrígan,” ar seisean. “Taoín tú ag feuchaint chómh h-óg an neómat so agus bhís an lá a phósais Amhlaoibh. Mheasas ná raibh agat ach aon mhac amháin le h-Amhlaoibh agus go bhfuair Amhlaoibh bás sar ar rugadh an mac san.”
“Is iongantach an fear chun plámáis tú, a rígh,” arsa Amhlaoibh. “Dheinis tuathal ar dtúis nuair a dheinis an iongnadh d’ í bheith ag feuchaint chómh h-óg, ach do leighsis an tuathal nuair a dúbhrais go mbéadh sí ag feuchaint óg go deó.”
“Tá dearmhad ort sa méid úd, a rígh,” arsa Gormfhlaith. “Sidé an mac a rugadh tar éis bháis Amhlaoibh.”
“Ó, tuigim,” arsa Bruadar. “Sidé an t-Amhlaoibh Óg. Cad ’n-a thaobh nár innsis riamh dom cé r’ bh’é t’ athair, a bhitheamhnaigh?” ar seisean le h-Amhlaoibh.
“Le h-eagla go ndéanfainn bréag, a rígh,” arsa Amhlaoibh. [292] “Nách shiní an Árdrígan tar éis a rádh leat ná feaca-sa m’ athair riamh. Conus fhéadfainn a dh’innsint duit cé r’ bh’ é agus ná feaca riamh é?”
“Is fíor,” arsa Bruadar. “Ach is cuma dhuit cé ’cu. Tá géarchúis do mháthar agat, agus tá a croicean agus a bláth ort.”
Níor thug Gormfhlaith uain dó ar a thuille plámáis a dhéanamh. Níor bheag léi a raibh ráidhte aige. Bhí sé ag taighde ar neithibh nár oir di é féin ná aoinne eile bheith ag taighde ortha.
“Thánamair chun go bhfeicfimís do neart slógh, a rígh,” ar sise.
“Tá go maith, tá go maith, a Árdrígan,” ar seisean.
Do rugadh ó loing go loing iad, agus do taisbeánadh gach aon rud dóibh. Conacadar na slóighte fear armtha, agus ba bhreagh an radharc iad. Fir mhóra láidire chumasacha, agus na h-airm ar áilleacht acu. Do taisbeánadh dóibh an deich gcéad fear n-a raibh na h-éidí mitil ortha. Dúbhairt Bruadar leis na fearaibh na h-éidí do chur umpa go bhfeicfeadh an Árdrígan iad. Do chuireadar.
“Ó!” arsa Gormfhlaith. “Geóbhaid siad san tré shlóightibh Bhriain mar a gheobhadh buanaidhthe tré pháirc cruithneachtan a bhéadh aibigh!”
Do rugadh iad chun na loinge ar a raibh beirt mhac rígh na h-Ioruaidhe, Carrol Cnút agus Anrud.
Ní fheacaidh an bheirt sin Gormfhlaith riamh go dtí san, ach d’ airighdar teacht tháirse. D’ airighdar daoine a chonaic í ag trácht ar a h-áilneacht. Bhí fhios acu gur bhean áluinn thar bár í. Ach nuair a chonacadar í ba dhóbair dóibh a mbéasa agus a stuaim do chailleamhaint, chuir a h-áilneacht a leithéid sin d’iongnadh ortha. Ní fhéadaidís gan bheith ag feuchaint uirthi, agus ansan nuair fheuchaidís uirthi ní fhéadaidís a súile bhogadh dhi.
Bhí an tsluagh ar an gcuma gcéadna. An fhaid a bhíodh sí ag gabháil thórsa ní fhéadaidís aon rud a dhéanamh ach bheith ag feuchaint uirthi. Dá mb’ iad na mná féin iad bhí an sgéal ar an gcuma gcéadna acu. Nuair a ghabhadh sí thórsa do rithidís tímpal chun teacht roímpi agus radharc eile dh’ fághail uirthi.
Thugadar a lán de’n lá ag gabháil tímpal ó loing go loing. Nuair a bhí an fheuchaint déanta acu thánadar abhaile go ríghtheighlach Shitric.
“Seadh!” arsa Gormfhlaith, nuair a bhíodar ’n-a suidhe ar a suaimhneas i n-aice na teine, “tá m’ aigne sásta. Ní’l aon bhreith ag Brian ar bhuachtaint sa chath so atá le troid anois aige. Bhí an t-eagla i gcómhnuíghe orm roim Mhurchadh agus roim Dhál gCais, ach an deich gcéad úd ins na h-éidíbh práis, cuirfid siad san deire, glan, le Dál gCais. Nuair a bheidh deire le Dál gCais beidh deire le cómhacht Bhriain. Má dheinean Mícheál Ruadh an bheart atá geallta aige a dhéanamh is amhlaidh is fearr é, ach pé ’cu dhéanfaidh nó ná déanfaidh ní’l baoghal orainn anois.”
“Is maith liom mar a thaithnean an mhór-shluagh leat, a mháthair,” arsa Sitric. “Do fuaradh a lán d’á duagh. Níor bh’ aon ghnó ró shuarach an dá chabhlach loingeas san, agus na mílte fear san, do thabhairt ansan amuich ar uisge an chuain sin chúghat! Tá obair mhór déanta ag rígh Lochlan agus ag rígh na h-Ioruaidhe agus ag an Iarla, d’á mhéid de bheithigheach é. Tá obair mhór déanta acu go léir. Ní deintear obair mhór de’n tsórd san gan súil le díol as.”
“Cad í an ghruaim seo anois ort?” arsa Gormfhlaith.
“Tá eagal air,” arsa Amhlaoibh, “má bhuadhaid na ríghthe seo ar Bhrian go gcoimeádfaid siad toradh an bhuadha dhóibh féin.”
“Bhuailis do mhéar air, a Amhlaoibh,” arsa Sitric. [294] “Ní sheasuighean sé le cóir ná le ceart ná le résún go dtiocfadh na fir seo anso agus go dtroidfidís cath fuilteach dúinne i gcoinnibh Bhriain, agus ansan, nuair a bhéadh Brian marbh, agus Murchadh, agus M’lsheachlainn Mór, agus Dál gCais go léir, go n-árdóchaidís a seólta agus go n-imtheóchaidís soir abhaile, agus óthuaidh abhaile, airís agus go bhfágfaidís Éire againne.”
“Cad é sin agat d’á rádh mar sin!” arsa Gormfhlaith. “Ná fuil slígh dhóibh go léir, agus dúinne ’n-a dteannta, i n-Éirinn!”
“Siné díreach atá orm, a mháthair,” arsa Sitric. “Tá eagal orm ná fuil, ’sligh dhóibh go léir agus dúinne ’n-a dteannta, i n-Éirinn.’ An focal úd adúbhairt an t-Iarla, an ‘beithigheach,’ a ndúbhraís féin, an focal úd adúbhairt sé le rígh Laighean tá sé daingean am’ chroídhe ó shin mar a bhéadh dealg. ‘Beidh an Árdrígheacht ag Gormfhlaith,’ ar seisean, ‘agus ag an bhfear a phósfaidh í.’ Is dócha go bhfuil an rud céadna istigh i n’ aigne féin ag Bruadar. Agus tá fhios ag an saoghal nách chun na h-Árdrígheacht do chur i n-áirighthe dhómh-sa, ná d’ aoinne de’n bheirt sin, a tháinig beirt mhac rígh na h-Ioruaidhe anso go h-Éirinn agus loingeas a n-athar acu, agus slóighte a n-athar, agus a dtír féin curtha fé chostas mhór throm acu. Tá eagal orm go bhfuil aimhleas, agus nách aimhleas beag é, déanta againn, agus nách fios conus a thiocfaimíd uaidh. B’ fhearr liom bheith fé Árdrígheacht Bhriain, a mháthair, ’ná fé Árdrígheacht aoinne de’n cheatrar.”
“Ní mac duit-se an fear san i n-aon chor, a mháthair!” arsa Amhlaoibh. [295] “Mac d’ Amhlaoibh iseadh é. Deir a lán daoine liom nách mac d’ Amhlaoibh mise. Measaim go bhfuil an ceart acu. Mac duit-se iseadh mé. Cad is gádh dhuit-se, a Shitric, bheith fé smacht aoinne de’n cheathrar! Cuir i gcás go ndéanfaid na buanaidhthe an obair ar an gcruithneacht aibigh, agus go mbeidh Brian agus Dál gCais ’ar slígh na fírinne,’ mar adéarfadh Colla, cad a thuitfidh amach? Iompó’idh Bruadar agus an ‘Beithigheach’ ar a chéile agus troidfid siad cath fuilteach feuchaint cé aige go mbeidh Gormfhlaith agus an Árdrígheacht. Iompó’id beirt mhac rígh na h-Ioruaidhe ortha araon, nó ar an t-é a bheidh beó dhíobh, ’ghá chur i n-iúil nách ag aoinne acu is ceart an Árdrígheacht so do bheith ach ag duine acu féin, mar gur b’iad is sia ó bhaile do tháinig ’ghá h-iaraidh. Measaim, nuair a bheidh a gcuid coímhsgair déanta ag an gceathrar ná beidh puínn éilteóirí ag teacht idir thusa agus an Árdrígheacht, a mhic t’athar!——Inis an fhírinne, a mháthair; nách é an coímhsgar san idir an gceathrar an rud a chuir tusa ag cur an anama amach ag gáirí aréir nuair a h-innseadh duit go rabhais geallta do bheirt acu?”
“Fágaim le h-uadhacht, a Amhlaoibh,” arsa Gormfhlaith, “gur bhuailis do mhéar go cruinn ar an rud a chuir ag gáirí mé. Ní rabhas, ámhthach, ag cuimhneamh ach ar an mbeirt, ar Bhruadar agus ar an Iarla. Do chonac go soiléir conus a féadfaí an bheirt sin do chur ag dísgiú’ a chéile agus gur mé féin a dh’ fhéadfadh an bheart san a dhéanamh. Ach chím anois go bhféadfar an ceathrar do chur ag dísgiú’ a chéile go feilimionta. Féadfar é dhéanamh agus déanfar é. Ná bíodh ceist ná eagal ort, a Shitric. Dísgeó’id siad cómhacht Bhriain duit ar dtúis. Ansan dísgeó’id siad a chéile dhuit. Ansan beidh Árdrígheacht na h-Éirean agat ’n-a ndiaigh go léir!”
“Ní’l aon teóra libh!” arsa Sitric. “Ach déinig feuchaint bheag a thabhairt ar an dtaobh so de’n sgéal. Cuir i gcás go bhfuil a ngnó déanta ag an meithiol buanaidhthe seo atá cruinnighthe againn, agus go bhfuil an gort cruithneachtan ar lár. Chím an ceathrar i gcómhairle.
“‘Is liom-sa an Árdrígheacht agus an Árdrígan,’ adeir an t-Iarla.
“‘Cad a bhéarfadh gur leat-sa iad?’ adeir Bruadar.
“‘Mar do gheall Sitric féin dom iad, agus mura mbéadh gur gheall ní thiocfainn anso,’ adeir an t-Iarla.
“‘Ní dhuit-se a gheall Sitric iad,’ adeir Bruadar. ‘Is dómh-sa a gheall sé iad.’
“‘B’fhéidir,’ adeir duine de mhacaibh rígh na h-Ioruaidhe, ‘gur gheall sé do bheirt agaibh iad,’ agus cuirean sé gáire as. Gheibhtear amach gur thugas an gheallamhaint do’n bheirt. Eirighid siad ar buile.
“‘Téanaíg,’ adeirid siad. ‘Cuirimís ár neart le chéile agus tugaimís do Shitric an rud atá tuillte aige!’——B’fhéidir go neósfadh Amhlaoibh agus a mháthair do mhac Amhlaoibh cé air go ndéanfar dísgiú’ ansan.”
“Stad go fóil, a mhic Amhlaoibh,” arsa Amhlaoibh. “Cá bh’fhios duit an ’mó duine de’n cheathrar a thiocfaidh saor ó’n gcath?”
“Ní fheadar; ná an ’mó duine againn féin a thiocfaidh saor ó’n gcath,” arsa Sitric.
“Agus ar nóin, an t-é ná tiocfaidh saor ó’n gcath,” arsa Amhlaoibh, “cad é sin dó san cad a dhéanfaidh an Árdrígheacht?”
“Ná an Árdrígan, an eadh?” arsa Sitric.
“Is dóich liom, a bhuachailí,” arsa Gormfhlaith, “nách fearr rud a dhéanfaidh beirt agaibh anois ’ná dul a chodla.”
Chuadar a chodla.
Níor chodail Sitric aon néal an oídhche sin. Chómh luath agus tháinig solus an lae bhí sé thuas ar bhara an ríghtheighlaigh agus é ag feuchaint soir-óthuaidh ar an líne fada loingeas a bhí sínte ar an uisge ó Bhinn Éadair go h-Áth Cliath, agus ar an líne cábán a bhí sínte fan chiúmhais na trágha, amuich ar an dtalamh tirm, agus é chómh fada le líne na loingeas. Bhí an machaire, lasmuich des na cábánaibh, clúdaighthe le slóightibh dúbha daoine agus iad ag cur neithe i dtreó dóibh féin i gcóir bhéile na maidine. Bhí Sitric ag feuchaint ar na loingeas agus ar na cábáin agus ar na slóighte daoine, agus bhí a aigne ana thré n-a chéile.
“Is eagal liom,” ar seisean i n’ aigne féin, “nách é mo leas a dheineas nuair a thugas ansan sibh. Dá mbéadh sibh go léir sa bhaile airís, gach duine agaibh ’n-a dhúthaigh féin, bhéadh sibh ann tamal sar a’ dtabharfainn-se as sibh. Tá sé déanach agam anois bheith ag cuimhneamh air sin.”
Níor mhothuigh sé an Bhanríghin, Béibionn, ag teacht i n’ aice. Chuir sí a lámh ar a chuislinn agus bhí méar na láimhe eile ar a béal féin aici, mar chómhartha dó gan fothram a dhéanamh. D’fheuch sé uirthi.
“Ná labhair, a rígh!” ar sise leis i gcogar. “Tá nídh agam le h-innsint duit. Tar chun mo sheómra.”
An fhaid a bhí an méid sin cainte aici d’á rádh bhí a méar sínte aici i dtreó na h-áite ’n-a raibh na loingeas agus na slóighte, mar ’dh eadh gur ortha a bhí sí ag feuchaint agus ag trácht. Níor mhór di an gliocas. Ní raibh ach an cogar críochnuighthe aici nuair a bhí Gormfhlaith laistiar di. Do lean [298] sí ag caint go réid, mar ’dh eadh nár mhothuigh sí Gormfhlaith ag teacht:—
“Nách seóig a’ bhfuil ann díobh!” ar sise. “Feuch,” ar sise, “is dócha gur b’í an long mhór san i lár baill long an Iarla.”
“Ní h-í, a rígan,” arsa Sitric. “Siní long Bhruadair. An bhfeicean tú an long mhór eile úd thoir ar fad? An long go bhfuil an buthaire mór deataigh ag eirighe aisti?”
“Chím í,” arsa Béibionn.
“Siní long an Iarla,” arsa Sitric.
“Is moch ar maidin atáthaoí araon ’ghá n-iniúchadh, a chlann ó,” arsa Gormfhlaith laistiar de’n bheirt.
Do baineadh geit dáiríribh a’ Sitric mar níor mhothuigh sé ag teacht í. Do leig Béibionn uirthi gur baineadh geit aisti féin, leis, agus dhein sí an leigint uirthi chómh maith san gur shamhluigh an Árdrígan gur baineadh.
Thug an triúr tamal sa n-áit ag breithniughadh na loingeas agus na slógh. Ansan dúbhairt Béibionn go raibh an mhaidion glas, agus d’imthigh sí. Níor bh’ fhada go ndúbhairt Gormfhlaith gur bh’ fhíor do Bhéibionn é, go raibh an mhaidion glas, agus d’imthigh sí. Chómh luath agus a thuig Sitric ná raibh aoinne ’ghá thabhairt fé ndeara tháinig sé go seómra Bhéibionn.
“Cad é seo ort, a Bhéibionn?” ar seisean.
“Tá sé buailte isteach am’ aigne, a rígh,” ar sise, “go bhfuil éagcóir ’á déanamh ort, éagcóir throm.”
“Cad a bhuail an nídh sin isteach ad’ aigne?” ar seisean.
“Inis dom ar dtúis,” ar sise, “agus bí chómh cruinn agus d’fhéadfair ar na focalaibh, cad í an chaint a dúbhradh idir an gceathrar agaibh indé, idir thusa agus Bruadar agus Amhlaoibh agus do mháthair.”
D’inis sé dhi an chaint chómh maith agus d’fhéad sé é. D’éist sí leis go dtí go raibh an chaint ráidhte aige.
“Seadh!” ar sise, “thugais leat an chaint cruinn go leór.”
Ní fheidir sé an domhan cad a bhí ag teacht.
“Bhíos ag éisteacht libh aréir,” ar sise, “a gan fhios daoibh. Admhuighim é agus ní’l aon náire ’n-a thaobh orm. D’ airigheas do mháthair ’ghá rádh libh dul a chodla. Chuadhabhair a chodla. Ní fheadar ar chuais-se a chodhla ach tá fhios agam ná déigh Amhlaoibh a chodla. D’fhill sé thar n-ais agus thug sé féin agus do mháthair tamal maith de’n oídhche ag caint. Do taraingeadh anuas an uile fhocal de’n chaint a bhí eadraibh ar bórd na loinge. Dheineadar ana shult de’n chuma ’n-ar dhein sí amach ná rabhais-se ach fiche bliain d’ aois agus gur bh’é Amhlaoibh an mac léi a rugadh tar éis bháis a athar, ’sé sin tar éis bháis Amhlaoibh, agus gur mar gheall air sin a tugadh Amhlaoibh óg air. Ba dhóich leat go gcuirfidís araon an t-anam amach ag gáirí, fé n-a n-anál, an fhaid a bhí an méid sin ar siúbhal acu. Ach níor bh’ aon rud an méid sin suilt seachas an sult a bhí acu nuair a tharaingeadar chúcha conus mar a chuir do mháthair cosg leis an gcaint ar eagla go leigfeadh Bruadar amach sgéal áirighthe éigin, nídh éigin a theastuigh ó’n dtriúr a choimeád uait-se.
“Sidiad anois agat, a rígh, na ceisteana atá os cómhair m’ aigne agus atá ag déanamh buartha dhom. Cad é an nídh é seo atá acu d’á choimeád uait-se? Cad é an t-eólus é seo atá ag Bruadar agus ná fuil agat-sa, agus nár bh’fholáir an chaint do chosg ar eagla go leigfeadh Bruadar amach, ad’ láthair, aon bhalaith dhé? Cad é an brígh a bhí ag Amhlaoibh leis an sult a dhein sé, ad’ láthair féin, amuich ar an loing, de’n rud gur dhóich le h-aoinne go n-eistfeadh sé a bhéal ’n-a thaobh?—‘Cad ’n-a thaobh, a bhitheamhnaigh,’ arsa Bruadar, ’nár innsis dom ná feacaís t’ athair riamh?’—‘Le h-eagla,’ arsa Amhlaoibh, ‘go ndéanfainn bréag,’ agus, ’nách shiní mo mháthair ’ghá innsint duit ná feaca m’ athair riamh.’—Tá sé [300] daingean am’ aigne, a rígh, go bhfuil níos mó idir an dtriúr ’ná mar a thuigean aoinne ach iad féin. Tá uisge-fé-thalamh d’á dhéanamh ad’ choinnibh, a rígh, agus neósfad duit cad é an t-uisge-fé-thalamh é. Má thuitean m’ athair-se táthar chun Árdrígh dhéanamh de Bhruadar.’
“Eist! eist! a rígan,” arsa Sitric. “Taoín tú as do mheabhair.”
“Feuch isteach sa sgéal,” arsa Béibionn, “agus breithnigh é, agus meaghaigh é, agus cuirfead geall go ndéarfair go bhfuil an ceart agam. Cad tá acu d’á choimeád uait? Siní an cheist. Cad tá acu le coimeád uait? Níor choimeádais-se aon nídh uatha-san riamh. Cad é an sgéal é seo atá idir iad féin agus Bruadar agus nách maith leó aon ghaoth dhé do leigint chúghat-sa?”
Do léim Sitric ’n-a sheasamh. Siúbhluigh sé an seómra síos agus suas ar feadh tamail, díreach mar a dhéanfadh a mháthair. Nuair a bhí greas rástála déanta aige do stad sé ar aghaidh na Banrighne amach:—
“Dar so ’s súd, a Bhéibionn,” ar seisean, “ach tá an ceart agat! Chím anois é go soiléir. Cad a dhall mé? Nách é é ’n-a steilibheathaigh! Agus ó, nách aithreamhail an mac é! Ó, cad a dhall mé! Cad a dhall mé! Déanfaidh sí Árdrígh dhé! Ansan déanfar Árdrígh d’Amhlaoibh ’n-a dhiaigh. Táim-se sa tslígh. Cad a chómhairleófá dhom a dhéanamh, a Bhéibionn?”
“Ná leig ort go bhfuil aon bhlúire droch amhrais agat ortha,” ar sise. “Sgaoil leó. Tá sluagh mhaith láidir agat-sa féin i gcóir an chatha so. Leig iad súd i dtreó Dhál gCais sa chath. Socaró’id Clann Chais a lán des na ceisteanaibh seo.”
“Is maith í do chómhairle, a Bhéibionn,” ar seisean. [301] “Is truagh chráidhte nách í do chómhairle a ghlacas ó thusach i n-inead cómhairle Ghormfhlaith. Ó, nach baileach a choimeád sí uainn an méid úd!”
“Nuair a bhí Amhlaoibh i gCeann Cora agus i n-Inis Cathaigh iseadh thug sí an t-eólus dó,” arsa Béibionn.
“Is uathbhásach an bhean í!” arsa Sitric, “agus tá Amhlaoibh maith a dóthin di. Tá sé aithreamhail, máithreamhail.”
“Tá,” arsa Béibionn, “ach ní h-é an taobh fóghanta de’n dúchas a thug sé leis ó athair ná ó mháthair.”
“Ní puínn fóghantachta a dh’fhéadfadh sé a thabhairt ó aon taobh acu,” arsa Sitric.
Bhí an t-am ann chun dul fé dhéin béile na maidine. Chuadar isteach i seómra an bhídh. Bhí Gormfhlaith istigh rómpa.
“Móra dhaoibh, a chlann ó!” ar sise. “Ní h-iongnadh liom a lán cainte bheith agaibh le déanamh indiu. Ní dócha go mbeidh puínn eile caoi ar chaint agaibh go dtí go mbeidh buadh an mhór-chatha so ar taobh éigin. Ansan beidh gach aon nídh ar bhúr dtoil agaibh má bhíon an buadh ar an dtaobh gceart.”
“Agus má bhíon an buadh ar an dtaobh eile, a mháthair, cad a dhéanfaimíd?” arsa Sitric.
“Má bhíon an buadh ar an dtaobh eile,” arsa Gormfhlaith, “ní bheidh aon ghádh le caint againn. Deineadh gach fear a ghníomh féin sa chath agus ní baoghal ná go mbeidh an buadh ar ár dtaobh féin.”
“Cad tá ag coimeád Amhlaoibh?” arsa Béibionn.
“Ní fheaca indiu é,” arsa Gormfhlaith. “Is dócha go mb’fhéidir go bhfuil tuirse air tar éis an lae ’ndé.”
Chríochnuighdar an béile. Níor tháinig Amhlaoibh.
“Is fearr glaodhach air,” arsa Sitric. “Raghad agus glaodhfad air.”
D’imthigh sé. Níor bh’fhada gur fhill sé.
“Ní’l sé ’n-a sheómra,” ar seisean.
“Is mór an iongnadh,” arsa Gormfhlaith, [302] “é dh’eirighe chómh moch. Má’s ag feuchaint ar ár mór-shluagh a bhí sé nách mór an iongnadh ná feacamair é.”
“Níor luigh sé ar a leabaidh i n-aon chor aréir, a mháthair,” arsa Sitric.
Tháinig iongnadh uirthi, díreach mar a thiocfadh dá mb’ a gan fhios a thiocfadh an sgéal uirthi. Níor bh’ eadh. Bhí fhios aici go maith nár chodail sé sa ríghtheighlach an oídhche roim ré. Dhein sí an iongnadh chómh maith san gur mheas an bheirt eile go raibh an iongnadh uirthi dáiríribh.
Bhí Amhlaoibh imthighthe amach go loing Bhruadair agus teachtaireacht aige do Bhruadar ó Ghormfhlaith.
Do ghluais Gormfhlaith ar fuid an ríghtheighlaigh ag ceistiúchán ar na seirbhísigh feuchaint cé ba dhéanaighe a chonaic an tighearna óg, Amhlaoibh, agus canad a chonacthas é. Ní bhfuair sí aon tuairisg air, nídh nár bh’iongnadh. Ní fheacaidh aoinne acu é ó chonacadar go léir é féin agus an rígh agus an Ardrígan ag teacht isteach ar an mbád um tráthnóna indé roimis sin.
Dhein Gormfhlaith dearmhad. Dhein sí an iomad ceistiúcháin. Nuair a chonaic Béibionn an ceistiúchán thuig sí ná raibh ann ach púicín. Thug sí cogar do’n rígh.
“Ní’l sa cheistiúchán san ach púicín, a rígh,” ar sise. “Tá fhios ag Gormfhlaith cá bhfuil Amhlaoibh imthighthe. Pé ball ’n-a bhfuil sé imthighthe, a rígh,” ar sise, “ní ar mhaithe le rígh Lochlanach Átha Cliath atá a thriall.”
“Is fíor,” arsa Sitric. “Ní foláir feuchaint go cruinn chun an méid sin sgéil,” ar seisean.
Ansan do labhair sé leis an mbeirt, le Béibionn agus le Gormfhlaith.
“Feuchaíg, a ríogna,” ar seisean. [303] “Indiu an Mháirt. Ní dóich liom gur ró fhada uainn an cath. Tá slóighte an Árdrígh nach mór cruinnighthe i gCill Mhaighneann. Ní mór dóm-sa imtheacht agus neart slógh Lochlanach na h-Éirean do chur sa n-inead atá ceapaithe dhóibh ar talamh an chatha. Beid siad féin agus slóighte rígh Laighean i n-aice chéile. Is dóich liom go bhfuil na Laighnigh ollamh cheana féin. Fágfar anso oiread nirt agus chosanóchaidh an ríghtheighlach so pé cuma ’n-a ngeobhaidh an cath. Fanaigh-se araon anso istigh go dtí go mbeidh an buadh ar thaobh éigin. Má bhíon an buadh ag Brian ní baoghal go ndéanfaidh sé aon anchor a thabhairt d’ aoinne agaibh-se. Má bhíon an buadh againn féin beidh gach aon rud go maith.”
D’imthigh sé agus d’fhág sé ansan an bheirt.
B’ shiniad an bheirt ná raibh aon ghrádh ró mhór acu d’á chéile. Ach an t-é a chífeadh iad i bhfochair a chéile ní h-é sin ba dhóich leis.
Um an dtaca ’n-a raibh slóighte na Lochlanach agus a lucht conganta socair ’n-a gcábánaibh ar an machaire, fan na trágha, ar an dtaobh thuaidh de chuan Átha Cliath, bhí slóighte Bhriain ag teacht go tiugh isteach ar mhachaire Cille Maighneann, mar ar ghnáth le Brian longphort a dhéanamh i gcómhnuíghe nuair a thagadh sé féin agus a shlóighte andeas ó’n Múmhain, ag cur smachta ar Lochlanachaibh Átha Cliath, nó ag cur eagla a chómhachta ar na Gaedhlaibh a ghabhadh a bpáirt. Chuaidh gach rígh des na ríghthibh a tháinig andeas an uair sin chun na h-áite ’n-ar ghnáth leis dul, é féin agus a bhuidhean, agus chuireadar suas a gcábáin ann, fé mar ba ghnáth leó a dhéanamh. Bhí gach rígh agus a bhuidhean féin ag cur a gcábán suas fé mar a shroisidís an áit, agus ní raibh aon bhuidhean ag teacht sa tslígh ar bhuidhin eile, ná ní raibh aighneas ná diospóireacht ná abhcóidigheacht ar siúbhal.
Bhí cábán Thaidhg Mhóir uí Chealla sa n-áit ’n-a mbíodh sé i gcómhnuíghe, i n-aice le cábán an Árdrígh, agus bhí cábán Mhaoilruanaidh na Paidre i n-aice le cábán Thaidhg Mhóir. D’fhág san caoi ag Conn agus ag Tadhg Óg ua Cealla ar bheith go minic i bhfochair a chéile, agus bhíodh Caoilte agus Lonán i bhfochair na beirte sin chómh minic agus d’fhéadaidís é. Minic go maith ab eadh san, mar ní raibh cábán a n-athar ró fhada ó’n áit. D’fhág san, leis, caoi ag Niamh ar bheith go minic n-a bhfochair go léir, agus ar a lán eóluis a dh’fhághail ó Chaoilte ar an gcuma ’n-a raibh an tsluagh go léir suidhte, agus ar cad é an saghas an namhaid agus cad a bhí acu d’á dhéanamh. B’é gnó an ghiolla turais gach eólus de’n tsórd san do sholáthar agus do bheith aige, agus ní baoghal ná go raibh Caoilte tugtha go maith chun an ghnótha san do dhéanamh, agus chun gach aon bhlúire eóluis, fé mar a thagadh sé suas leis, do thabhairt ag triall ar Niamh. Do thugadh sé ag triall ar Niamh é chómh luath agus thugadh sé ag triall ar Bhrian é.
Bhí cuid mhaith des na Lochlanaigh a bhí ’n-a gcómhnuíghe i n-Éirinn an uair sin, ar mhór-shluagh Bhriain, i gCill Mhaighneann, ag cabhrughadh leis sa chath san, agus bhí ceart Éireanach, do réir dlighthe na h-Éirean, curtha i bhfeidhm aige dhóibh féin agus d’á sliocht, mar gheall ar an gcabhrughadh san.
Bhí Ospac ann agus an méid nirt slógh a tháinig adtuaidh leis ó-s na h-oileánaibh nuair a dh’euluigh sé ó Bhruadar. Do ghlac sé féin agus a dhaoine an Creideamh, agus do bhaist Colla iad i n-Inis Cathaigh, agus chuireadar fé chomairce Sheanáin iad féin. Ansan do thánadar, i n-aonfheacht le mór-shluagh Bhriain, chun an mhór-chatha. Do thuigeadar go raibh an cath le troid ar son an Chreidimh, agus bhí fhios acu go raibh neamh le fághail ag an t-é do thuitfeadh i gcath a troidfí ar son an Chreidimh.
Bhí M’lsheachlainn Mór ann, rígh na Mídhe, agus deich gcéad fear aige.
Tháinig a lán d’fhearaibh Uladh ann agus do luighdar isteach ins na buidhnibh, fé mar a bhí aithne acu ar na fearaibh nó ar na ríghthibh. Fir ab eadh iad ná leigfeadh a gcroídhe ná a n-aigne dhóibh fanmhaint sa bhaile nuair a bhí a leithéid de chath le bualadh, agus Éire go léir i n-a leithéid do chontabhairt, agus an Creideamh i n-a leithéid de chontabhairt.
Bhí an dá rígh ó Albain ann agus neart maith láidir de Ghaedhlaibh Alban i n-aonfheacht leó.
Do réir gach seanachais bhí suas le fiche míle fear ag Brian i gCill Mhaighneann an uair sin nuair a bhíodar go léir cruinnighthe. Do réir na gcúntaisí gcéadna bhí aon mhíle fhichid ag an namhaid. Ach bhí an deich gcéad fear ins na h-éidíbh práis ar thaobh na Lochlanach, agus do measadh gur mhó le rádh an deich gcéad san, i bhfriothghuin catha, ’ná deich míle des na fearaibh ná raibh ortha ach na “léinteacha sróil.”
Bhí Caoilte agus na giollaí eile ag teacht isteach coitchianta ó bheith ag feuchaint ar an namhaid agus ’ghá mbreithniughadh.
As na tuairisgibh a thugadar leó do mheas Brian ná tiocfadh an namhaid amach chun catha go ceann seactmhaine eile pé ’r domhan é. Bhí Luan na Failime an uair sin ann. Bhí a neart go léir cruinnighthe i n-aice Átha Cliath ag rígh Laighean i gcóir an chatha. Bhí Cúige Laighean gan chosaint. Dob’ ana mhaith an rud, an fhaid a bhéifí ag feitheamh leis an gcath, an Chúige sin do sgrios agus bia do’n mhór-shluagh do thabhairt aisti; a chur fhiachaint ar rígheacht Mhaoilmhórdha an mhór-shluagh do chothughadh.
Chuir Brian amach a mhac, Donchadh, chun Cúige Laighean do sgrios. Do ghluais Donchadh i dtusach na h-oídhche, i dtreó ná feicfí ag imtheacht é agus go mbéadh na creacha istigh aige sar a’ mhothóch’ an namhaid go raibh an gnó ’á dhéanamh i n-aon chor. Níor rug Donchadh leis ar an gcuaird sin puínn thar cúig nó sé chéadaibh fear. Ní raibh aon ghnó aige d’á thuille.
An oídhche do ghluais Donchadh ó Chill Mhaighneann, chun na h-oibre sin a dhéanamh, b’shiní díreach an oídhche do chuir Gormfhlaith Amhlaoibh leis an dteachtaireacht, ó ríghtheighlach Shitric, ag triall ar Bhruadar, a gan fhios do Shitric agus a gan fhios do Bhéibionn. Bhí Amhlaoibh ábalta ar cheilt a chur air féin i n-a lán de riochtaibh, agus ar é dhéanamh go maith. Nuair a bhí sé ag imtheacht ó’n ríghtheighlach do chuimhnigh sé i n’ aigne gur mhaith an rud dó gabháil tré Chill Mhaighneann feuchaint an bhféadfadh sé teacht suas le h-aon bhlúire eóluis a bhéadh tairbhtheach do Bhruadar. D’ aimsigh sé mála agus chuir sé ar a mhuin é, mar ’dh eadh ná raibh ann ach duine de lucht leanamhna an tslóigh agus go raibh sé ag díol neithe beaga a bhéadh áiseach d’ fhearaibh an tslóigh. Cá dtabharfadh sé aghaidh ach i dtreó an bhaill ’n-a raibh Donchadh agus a bhuidhean ag tusnughadh ar ghluaiseacht ódheas. Bhí iongnadh air. Do luigh sé ar chaint le cuid de’n lucht leanamhna a thárla i n’ aice. Níor bh’ fhada gur bhailigh sé uatha an toisg ar a raibh an bhuidhean ag imtheacht ódheas, agus cé bhí ’n-a cheann ortha. Do bhailigh sé é féin amach ó’n lucht leanamhna chómh tapaidh agus d’ fhéad sé é gan aon droch amhras a tharang air féin. Chómh luath agus bhí sé bailighthe uatha thug sé aghaidh soir óthuaidh, agus níor bh’fhada go raibh sé ag caint le Bruadar. Ní baoghal gur ag triall ar Mhaolmhórdha a chuaidh sé chun a innsint dó go raibh buidhean fear imthighthe ódheas chun a thíre do sgrios. Dá ndeineadh, b’fhéidir go ngluaiseóch’ Maolmórdha ódheas chun a thíre do chosaint, agus do lagóch’ san mór-shluagh na Lochlanach i gcóir an chatha. Ag triall ar Bhruadar a thug sé aghaidh.
“Is maith a dheinis é, a mhic ó!” arsa Bruadar leis. [307] “Tá súil agam ná faghaidh rígh Laighean amach go bhfuil san ar siúbhal ’n-a thír. D’imtheóch’ sé uainn láithreach agus ní oirfeadh dúinn sgaramhaint le h-oiread agus aon fhear amháin. Tá an sgéal céadna díreach anso sa leitir seo agam ó d’ mháthair, pé cuma n-a bhfuair sí amach é. Deir sí gur ceart dúinn an cath do troid láithreach sar an mbeidh uain ag Donchadh ar theacht thar n-ais.”
“Isé mo thuairim-se, a rígh,” arsa Amhlaoibh, “go mbeidh easnamh níos mó ’ná easnamh Dhonchadh agus a bhuidhne ar an Árdrígh nuair a thiocfaidh an cath.”
“Cad é an t-easnamh eile a dh’fhéadfadh a bheith air?” arsa Bruadar.
“Tá rígh cúige éigin ag déanamh a dhíchil chun a chur fhiachaint ar chuid des na ríghthibh eile tarang siar ó Bhrian agus ó Dhál gCais nuair a thusnóchaidh an cath,” arsa Amhlaoibh.
“Dar so ’s súd ach má deintear san beidh an cath ar ár dtoil féin againn!” arsa Bruadar. “An dóich leat,” ar seisean, “an bhfuil ag eirighe leis an rígh cúige sin?”
“Do réir mar airigheas an chaint,” arsa Amhlaoibh, “do bheartuigheas go raibh ag eirighe leis maith go leór.”
“Ó, is maith é sin!” arsa Bruadar. “Imthigh, a laogh,” ar seisean, “agus cuir chúgham an draoi.”
Fear ab eadh Bruadar a dhein, i dtusach a bheatha, an rud céadna díreach a dhein Amhlaoibh nuair a bhí sé i n-Inis Cathaigh. Do ghlac sé an Creideamh, agus ansan do ghlac sé na h-Úird i dtreó gur deineadh deacon dé. Dhá dheacon ab eadh é féin agus Amhlaoibh. Ansan níor lean Bruadar de’n Chreideamh. Do shéan sé é agus chaith sé uaidh é, díreach mar a dhein Amhlaoibh. Nuair a chaith sé uaidh an Creideamh d’ iompuigh sé ar dhiablaidheacht agus ar dhraoidheacht agus ar dheamhanaibh agus ar phiseógaibh, agus ar an uile shaghas deismireachta de’n tsórd san, i dtreó go ndeirtí go raibh ar a chumas a lán neithe iongantacha do dhéanamh le cómhacht deamhan.
Tháinig an draoi. D’inis Bruadar dó conus mar a bhí cuid de shluagh Bhriain imthighthe amach ag creachadh Cúige Laighean, agus conus mar a bhí cuid des na ríghthibh ag iompáil i gcoinnibh Bhriain.
“Agus anois,” ar seisean leis an ndraoi, “cad í do chómhairle dhom? Is mise, mar is eól duit, is fear cinn riain ar an mór-shluagh so. Is agam atá lá an chatha do cheapadh. Dá dtugainn an t-órdú’ anois,” ar seisean, “bheimís ollamh chun an chatha do thusnú’ go moch ar maidin Dé h-Aoine. Cad deirir liom?”
Do stad an draoi ar feadh tamail. Tar éis machtnaimh do labhair sé.
“Má troidtear an cath so Dé h-Aoine,” ar seisean, “tuitfidh Brian. Má troidtear an cath aon lá eile tuitfidh sibh-se go léir.”
Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige d’iompuigh sé ar a sháil agus d’imthigh sé chun a chábáin féin.
Do stad an bheirt, Bruadar agus Amhlaoibh, ag feuchaint ’n-a dhiaigh. Nuair a bhí sé imthighthe as a radharc do labhair Bruadar.
“Tuigim é,” ar seisean. “Má throidimíd Dé h-Aoine beidh Donchadh gan filleadh agus beidh an rígh cúige seo a deirir-se i n-earaid le Brian. Má fantar níos sia gan an cath do throid beidh Maolmórdha imthighthe chun a chúige do chosaint, beidh Donchadh tagaithe thar n-ais agus na creacha aige. Chífidh an rígh cúige seo a deirir-se an dá nídh sin, Maolmórdha imthighthe agus Donchadh tagaithe agus na creacha aige, agus luighfidh sé isteach i n’ inead féin sa chath. Ansan beidh Brian ró láidir dúinn go léir. Siné brígh na cainte sin adúbhairt an draoi. Ní foláir an focal do chur amach anois ameasg na slógh so go léir go bhfuil an cath le tusnú’ ar maidin Dé h-Aoine.”
Do cuireadh amach an focal. Do h-innseadh, leis, do’n mhór-shluagh go léir, an focal adúbhairt draoi Bhruadair, dá dtroidtí an cath Dé h-Aoine go dtuitfeadh Brian, ach dá bhfágtí gan troid é níba shia ’ná go h-Aoine go dtuitfeadh [309] na Lochlanaigh agus a lucht conganta go léir. Do thuig an mhór-shluagh as san dá dtroidtí an cath Dé h-Aoine a bhí chúghainn go mbéadh an buadh ag na Lochlanaigh.
D’á bhrígh sin, chómh luath agus fuaradar an focal thusnuighdar go léir ar iad féin d’ ollamhughadh i gcóir an chatha. Ní raibh puínn thar ocht n-uaire a’s dachad acu an uair sin chun an ollmhucháin a dhéanamh. Níor bheag leó an méid sin aimsire. D’á luathacht a troidfí an cath dob’ eadh b’fhearr é, dar leó. Bhíodar deimhnightheach go mbuadhfaidís. Bhítheas tar éis a chur ’n-a luighe ortha go daingean ná raibh ag Brian de mhór-shluagh ach sloigisg a bhí níba thugtha go mór chun iompáil ar a chéile ná mar a bhíodar chun troda dhéanamh le namhaidh. Go raibh cuid des na ríghthibh cúige agus ná rabhdar ach ag feitheamh leis an gcath do thusnughadh chun druim lámha thabhairt le Brian agus é féin agus Clann Chais do thréigean. Go raibh cúis a ndóthin agá lán acu chuige sin, mar go raibh lámh Bhriain ana dhian ortha, agus d’á dhéine a bhí lámh Bhriain ortha gur thuigeadar go mbéadh lámh Mhurchadh níba sheacht ndéine ortha nuair a thiocfaidís fúithi. Nuair a thusnóch’ an cath gur bh’ eadh do chífí an neamhghus a bhí i gcómhacht Bhriain, d’á mhéid leatha a bhí faoi agus d’á aoirde cáil a bhí air. Ach pé breith a bhéadh aige ar bhuachtaint sa chath dá mbéadh an dá shluagh mar a chéile i dtaobh arm, ná raibh aon bhreith i n-aon chor aige ar bhuachtaint nuair a bhí an deich gcéad fear ins na h-éidíbh práis ag na Lochlanaigh. Go siúbhlóch’ an deich gcéad fear san rómpa tré mhór-shluagh Bhriain agus go ngeóbhdís de chosaibh ionta. D’á luathacht, d’á bhrígh sin, a troidfí an cath dob’ eadh b’ fhearr é, dar leó, mar b’ shin mar ba thúisge a dh’ fhéadfaidís iad féin do leathadh isteach ar mhachairibh breaghtha míne na h-Éirean agus seilbh a ghlacadh ionta. Bhí fonn agus flosg agus giodam agus meanamna agus mórchroídhe, d’á bhrígh sin, ortha féin agus ar a mnáibh, agus fuadar an domhain fútha, nuair a rith an focal mór-thímpal [310] eatartha go dtroidfí an cath ar maidin Dé h-Aoine a bhí chúghainn. Níor chodail aoinne acu an chuid eile de’n oídhche sin, bhí a leithéid sin d’ fhothram agus de ghleó ar siúbhal ó cheann ceann de’n longphort.
Níor bh’fhada go bhfuaradh amach i longphort Bhriain cad a bhí ar siúbhal, agus cad fé ndeár an gleó agus an fothram. Bhí Caoilte agus a ghiollaí turais anso agus ansúd, fé cheilt, ameasg na Lochlanach. Thugadar leó ag triall ar mhór-shluagh Bhriain tuairisg cruinn ar an ollmhúchán. Thusnuigh na Gaedhil ar iad féin d’ ollamhughadh láithreach. Bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal go tréan sa dá longphort i ndeire na h-oídhche sin agus i gcaitheamh an lae amáirigh, agus i gcaitheamh na cod’ eile de’n aimsir as san go h-Aoine.
Dá mhéid a bhí deimhne ag Bruadar agus ag Amhlaoibh, agus ag an gcuid eile acu, ar bhuachtaint sa mhór-chath a bhí ag teacht, iseadh ba mhó a bhíodar ag feuchaint rómpa amach agus ag cuimhneamh ar na neithibh a dhéanfaidís tar éis an chatha.
Do labhair Amhlaoibh le Bruadar.
“A leithéid seo, a rígh,” ar seisean. “Is tusa a bheidh i n-Árdrígheacht na h-Éirean tar éis an chatha so.”
“B’fhéidir é,” arsa Bruadar, “ach cá bh’fhios duit-se sin?”
“Táim deimhnightheach dé,” arsa Amhlaoibh. [311] “Do gheall Sitric duit go dtabharfadh sé mo mháthair duit. Ní foláir dó an gheallamhaint sin do sheasamh. Ansan, an t-é go mbeidh an Árdrígan aige beidh an Árdrígheacht aige.”
“Mheasas,” arsa Bruadar, “gur chun na h-Árdrígheachta thabhairt do Shitric a tusnuigheadh an obair seo ar dtúis.”
“Mheasas-sa, leis, é,” arsa Amhlaoibh, “ach measaim rud eile anois. Chím atharughadh ar aigne mo mháthar ó thusnuigh na slóighte móra so ar chruinniú’ fé n-a súil. Ní déarfainn ná go bhfuil fhios agat féin, a rígh, gur duit a tabharfar an Árdrígheacht, agus nách indiu ná indé do thusnuighis ar a fhios a bheith agat.”
“Nár gealladh Árdrígan agus Árdrígheacht do’n Iarla?” arsa Bruadar.
“Ní ceist ag lorg eóluis í sin, a rígh,” arsa Amhlaoibh. “Tá freagra na ceiste sin agat féin cheana agus ní gádh dhómh-sa í fhreagairt duit.”
“Is fíor, a mhic ó,” arsa Bruadar, “ach cad ’tá uait? Tá fhios agam go dteastuighean uait nídh éigin a dh’iaraidh orm nuair a bhéad am’ Árdrígh, agus gur maith leat an nídh sin do chur i n-áirighthe dhuit féin roim ré.”
“Siné díreach a theastuighean uaim, a rígh,” arsa Amhlaoibh.
“Tá go maith. Comáin leat. Ach ba dhóich liom, ó ’tá fhios agat anois cé h-é thu, go dtuigfeá ad’ aigne ná fuil aon ghádh leis an gcur i n-áirighthe roim ré. Ach comáin leat;” arsa Bruadar.
“Nuair a bhíos-sa i n-Inis Cathaigh,” arsa Amhlaoibh, “chuireas aithne ann ar mhac do Thadhg Mhór ua Chealla. Tá aithne agat ar Thadhg Mhór ua Chealla.”
“Tá. An fear so adeirtear atá níos treise agus níos cródha ’ná Murchadh féin,” arsa Bruadar.
“Siné é,” arsa Amhlaoibh. [312] “Chuireas aithne ar a mhac. Buachail bocht símplidhe iseadh é. Ach do chuadhmair ar chuaird óthuaidh go h-Uíbh Máine, go ríghtheighlach Thaidhg Mhóir. Chonac rígan óg ansan, inghean do Thadhg Mhór. Niamh a tugtí uirthi. Ní fheacaidh mo dhá shúil riamh roimis sin, ná ó shin, aon nídh i riocht duine chómh h-áluinn léi. Mheasas gur bhain a h-áilneacht mo radharc díom. Ach sa n-am gcéadna, ar an gcéad amharc, do buaileadh isteach am’ aigne go raibh sí go h-olc. Ní h-í a bhí go h-olc ach mise. Tháinig sí go Ceann Cora ’n-a dhiaigh san chun bheith ag faire ar mo mháthair le h-eagla go dtabharfadh sí nimh do Bhrian. Chuir mo mháthair aithne uirthi. Bhíos ag caint le m’ mháthair uair, i gcaitheamh na h-aimsire ’n-a raibh Brian ar a chuaird rígh. Dúbhairt sí liom go raibh dearmhad mór déanta agam i dtaobh Niamh. Thuigeas gur bh’ fhíor di é. Do chaitheas a gheallamhaint di dá n-eirigheadh ár n-obair linn go bpósfainn Niamh.”
“An ndúbhairt sí leat,” arsa Bruadar, “go bpósfadh Niamh thu?”
“Táim féin deimhnightheach, ó’n gcéad amharc úd, go bpósfaidh. Isé rud atá agam le h-iaraidh ort, nuair a bhéir-se i n-Árdrígheacht na h-Éirean, go dtabharfair ríghe Conacht dómh-sa agus do Niamh.”
“Ambasa, a mhic ó,” arsa Bruadar, “tabharfad agus fáilte. Tabharfad ríghe Conacht duit pé ’cu thógfaidh sí thu nó ná tógfaidh.”
I n-áit eile, sa mhór-shluagh chéadna, bhí beirt eile agus iad ag feuchaint rómpa ar an gcuma gcéadna agus iad ag socarughadh, neithe go h-áluinn, dar leó. B’iad beirt iad san ’ná Maolmórdha agus Sitric. Níor ró fhuiriste do Shitric neithe do shocarughadh i gcómhairle le Maolmórdha, mar fear ró bhaoth, ró bhéalsgaoilte, ab eadh Maolmórdha, agus ní féadfaí aon eólus a thabhairt dó ach eólus nar mhiste a leigint amach.
“Is dócha, a rígh,” arsa Sitric le Maolmórdha, [313] “ná fuil aon teip ná go mbuadhfaimíd sa chath so atá le troid Dé h-Aoine.”
“Ní’l, a mhic ó,” arsa Maolmórdha. “Ní fhéadfadh a bheith. Chuirfeadh an deich gcéad fear so ins na h-éidíbh práis i n-áirighthe dhúinn é dá mba ná béadh aon nídh eile chun é chur i n-áirighthe dhúinn. Ach tá a lán neithe chun é chur i n-áirighthe dhúinn. Airighim-se go bhfuil socair ag M’lsheachlainn Mór ar tharang siar ó’n gcath chómh luath agus thusnóchaidh an cath. Ní h-aon iongnadh i n-aon chor go mbéadh socair aige ar a leithéid.”
“Agus cad ’n-a thaobh nár fhan sé thiar sa bhaile agus gan teacht i n-aon chor, fé mar a dh’ fhan tuille acu?” arsa Sitric.
“D’fhanfadh, leis, ach go bhfuil socair aige ar níos mó díobhála dhéanamh do Bhrian ’ná mar a dhéanfadh sé dhó dá bhfanadh sé thiar sa bhaile,” arsa Maolmórdha.
“Agus cad é an díobháil eile atá beartuighthe aige a dhéanamh?” arsa Sitric.
“Tá sé ag brath air go mbéarfaidh sé leis as an gcath beirt nó triúr eile des na ríghthibh atá dílis fós do Bhrian. Ní fhéadfadh rígh na nDéiseach aon ghrádh ró mhór a bheith aige do Bhrian; ná rígh Ua n-Eachac Múmhan; ná tuille acu,” arsa Maolmórdha.
“Agus cogar, a rígh,” arsa Sitric, “cad is dóich leat a dhéanfaidh mo mháthair tar éis an chatha?”
“Cad a dhéanfadh sí,” arsa Maolmórdha, “ach an rud atá geallta aici ó thusach, tusa chur sa n-Árdrígheacht?”
“Mura dtiocfadh aon lucht droch chómhairle chúichi a chuirfeadh suas í chun a h-aigne d’ atharughadh,” arsa Sitric.
“Cé h-é an droch chómhairleóir a dh’ fhéadfadh í chur suas chun a h-aigne dh’ atharú’?” arsa Maolmórdha.
“Ní fheadar an domhan, a rígh,” arsa Sitric, [314] “ach tá raint neithe agam ’á thabhairt fé ndeara le déanaighe agus ba ró mhaith liom do chómhairle-se dh’ fhághail ’n-a dtaobh. B’fhéidir go bhfuil an éagcóir agam. Má tá ’sin mar is fearr é. Ach ní dhéanfaidh do chómhairle-se aon díobháil dom pé ’cu ’tá an éagcóir agam nó ná fuil.”
“Cad tá agat d’á thabhairt fé ndeara?” arsa Maolmórdha.
“Tá so agam ’á thabhairt fé ndeara,” arsa Sitric. “I dtusach na h-oibre seo is dómh-sa a thugadh sí an chuid ba mhó d’á h-aigne. Am’ chómhairle-se a chuireadh sí gach aon rud, go mór mór na neithe ba mhó a dheineadh buairt di. Ansan, fé mar a ghluais an aimsir, bhíodh an triúr againn i n-aonfheacht ins gach cómhairle, mise agus Amhlaoibh agus í féin. Táim ’á thabhairt fé ndeara le déanaighe gur d’ Amhlaoibh a thugan sí a h-aigne ar fad. Nuair a chuir sí óthuaidh mé chun a dh’iaraidh ar Bhruadar teacht agus a neart slógh thabhairt leis, dubhairt sí liom a gheallamhaint dó, dá mba rud é ná cuirfeadh aon rud eile fhiachaint air teacht, a gheallamhaint dó go dtabharfainn í féin dó agus Árdrígheacht na h-Éirean, dá mbeirimís buadh. Mheasas an uair sin ná raibh ins na geallamhnaibh ach neamhnídh. Is eagal liom anois nách neamhnídh i n-aon chor iad. Agus is eagal liom go bhfuil ’fhios ag Amhlaoibh nách neamhnídh iad.”
“Ó ’seadh!” arsa Maolmórdha, “agus go bhfuil Amhlaoibh ag cabhrughadh le Bruadar sa n-obair!”
“Bhuailis do mhéar air, a rígh,” arsa Sitric.
“Tá go maith, a mhic ó,” arsa Maolmórdha. “Is maith a dheinis an méid sin a dh’innsint dom. Ná leig aon nídh ort leó. Nuair a bheidh an ruagairt curtha againn ar shlóightibh Bhriain iompó’míd araon, tusa agus mise, ar shluagh Bhruadair, agus dísgeó’míd iad. Ansan ní bheidh aoinne chun teacht idir thusa agus an Árdrígheacht.”
Shocaruighdar an méid sin chun a dtoile go h-áluinn. Nuair a bhí an socarughadh déanta acu, ámhthach, bhí socarughadh nár bh’é i n’ aigne féin ag gach duine acu.
“Is agam-sa féin a bheidh an Árdrígheacht i ndeire bára, agus ní h-agat-sa ná ag Bruadar!” arsa Maolmórdha, i n’ aigne féin.
“Ní h-aon iontaoibh tu, a dhritháir mo mháthar,” arsa Sitric, i n’ aigne féin. “Ní’l agam,” ar seisean, “ach an úsáid is fearr a dh’fhéadfad, a dhéanamh díot, agus ansan——mé féin do sheachaint ort chómh maith agus d’ fhéadfad é!”
Bhí beirt eile i n-áit eile, sa mhór-shluagh, agus bhí caint eatartha, leis. B’ iad beirt iad san ’ná Cnút agus Anrud, beirt mhac rígh na h-Ioruaidhe.
“Ar airighis, a dhritháir,” arsa Cnút, “cé ’tá le bheith i n’ Árdrígh ar Éirinn i ndiaigh an chatha so a troidfear Dé h-Aoine?”
“D’ airigheas a lán ráflaí,” arsa Anrud, “ach ní fheadar an ceart puínn suime chur ionta. D’airigheas ar dtúis gur do Bhruadar a tabharfaí an Árdrígheacht agus an Árdrígan. D’airigheas ansan gur do Shitric, rígh Lochlanach Átha Cliath, a tabharfaí an Árdrígheacht. Ach tá muintir an Iarla deimhnightheach gur b’é an t-Iarla a bheidh i n’Árdrígh; gur gheall Sitric an Árdrígheacht agus an Árdrígan i n-aonfheacht dó.”
“Tá an sgéal go léir cruinn agat,” arsa Cnút. “Is léir, as na ráflaíbh sin ná fuiltear socair i gceart ar cé aige go mbeidh an Árdrígheacht.”
“Is fíor san, a dhritháir,” arsa Anrud, “ach cad é sin dúinne cé ’cu atáthar socair air nó ná fuiltear?”
“Is mórán neithe dhúinn é,” arsa Cnút. “Ar thánamair-ne anso, sinn féin agus ár mór-shluagh, tar éis mórán costais do chur ar ár dtír féin, treasna faraigí fuara, chun ár n-anama dh’ imirt i bhfriothghuin chatha, i gcoinnibh Bhriain agus Dál gCais, i dtreó go bhfaghadh Bruadar Árdrígheacht agus Árdrígan?”
“Ní mheasaim gur chuige sin a thánamair,” arsa Anrud.
“Ar thánamair i dtreó go bhfaghadh an t-Iarla iad?” arsa Cnút.
“Ní mheasaim gur thánamair,” arsa Anrud.
“Ar thánamair chun Árdrígh dhéanamh de Shitric?” arsa Cnút.
“Ní mheasaim é,” arsa Anrud. “Ní cneasta an fheuchaint a thabharfadh ár n-athair orainn nuair a raighmís abhaile dá mba ná béadh de bhár ár gcuarda againn ach Árdrígh dhéanamh de Shitric,” ar seisean. “Ach cad ’tá beartuighthe agat?”
“Neósfad-sa san duit,” arsa Cnút. “Tá sé daingean am’ aigne, chómh luath agus bheidh buaidhte againn ar mhór-shluagh Bhriain go n-eireóchaid na ríghthe seo go léir chun a chéile agus go mbeidh sé ’n-a chogadh dhearg eatartha. Leigimís dóibh a chéile do dhísgiughadh, agus ansan bíodh Éire againn féin!”
“Is maith an chómhairle í,” arsa Anrud. “Nuair a bheidh Éire againn féin tiocfaidh m’ athair anall agus déanfaimíd Árdrígh dhé.”
“Thar a bhfeacaís riamh!” arsa Cnút.
Níor chodail an bheirt sin puínn an oídhche sin ach ag socarughadh an sgéil sin, agus shocaruighdar é chun a dtoile go h-áluinn.
Ar eirighe lae ar maidin Dé h-Aoine, ar maidin Aoine an Chéasta, bhí Béibionn agus Gormfhlaith thuas i mbara ríghtheighlaigh Shitric i n-Áth Cliath, agus iad ag feuchaint anonn [317] treasna an chuain ar na línte fada cábán. Chonacadar na slóighte go léir ag gluaiseacht amach agus ’ghá gcur féin i n-eagar. Níor bh’ fhada go bhfeacadar na h-íodhna fada ’ghá riaradh féin, fan na trágha, lasmuich des na cábánaibh.
Chonacadar lasmuich airís, abhfad amach, ar aghaidh na Lochlanach anonn, íodhna eile ’ghá gcur féin i n-eagar, agus do thuig an bheirt rígan go raibh na h-íodhna amuich chómh fada, chómh líonmhar, chómh láidir ar gach aon tsaghas cuma, le h-íodhnaibh na Lochlanach.
“Ní mheasaim go bhfuil puínn sa mbreis ag aon taobh acu ar a chéile i dtaobh nirt slógh,” arsa Béibionn.
“Ní líonmhaire a dheinean neart i gcómhnuíghe,” arsa Gormfhlaith, “ná ní h-é a bheirean buadh.”
“Is fíor,” arsa Béibionn. “Dá bhfeicinn-se m’ athair agus Murchadh agus Dál gCais i láthair catha agus a dtrí n-oiread nirt slógh ’n-a gcoinnibh ní bhéadh aon eagal orm ná go mbéadh an buadh acu.”
“Fan leat go fóil,” arsa Gormfhlaith, “go bhfeicir lucht na n-éidí práis úd thall ag tabhairt aghaidh ortha. Ansan iseadh chífir cad a dhéanfaidh Murchadh agus Clann Chais.”
“Is fíor!” arsa Béibionn.
Bhí na h-íodhna catha, ó gach taobh, ag teacht fé dhéin a chéile. Bhí na Lochlanaigh ag gluaiseacht go h-ana réidh. D’órduigh na ríghthe agus na taoiseacha dhóibh siúbhal go réidh i dtreó ná béadh saothar ortha nuair a thiocfaidís lámh le láimh agus ucht le h-ucht leis an namhaid. Bhí íodhna na nGaedhal, leis, ag teacht go réidh agus go stuamdha.
Do h-órduigheadh dos na Gaedhlaibh stad. Do stadadar.
Nuair a bhíodar ’n-a stad tháinig an t-Árdrígh amach os a gcómhair agus é ar muin capail agus beirt fhear ag ceann an chapail agus greim acu ar an sriain. Bhí a chlaidheamh nocht anáirde ag an Árdrígh, ’n-a láimh dheis, an claidheamh a bhí tar éis rian a bhéil do chur ar Lochlanachaibh ins gach aon [318] pháirt de’n Mhumhain agus ins gach aon pháirt d’Éirinn. D’ aithin an tsluagh go léir an claidheamh san, agus nuair a chonacadar anáirde é thugadar trí gártha molta dó féin agus do’n Árdrígh. Le linn na ngártha san a thabhairt dóibh d’ árduigh gach fear a chlaidheamh féin. Bhí an ghrian díreach ag eirighe. Do thaithn solus na gréine ar na claidhmhtibh go léir agus iad anáirde, i dtreó gur mheas Béibionn agus Gormfhlaith go raibh slóighte Bhriain tré theine.
Do thóg Brian anáirde, ’n-a láimh chlé, an Chrois Chéasta agus íomhágh an tSlánuightheóra uirthi. Ansan do cuireadh an capal ag siubhal go réidh, fan na n-íodhna, ar aghaidh na slógh amach, agus do labhair an t-Árdrígh mar seo:—
“A Chlanna Gaedhal, a ríogra Éirean, táimíd go léir le tamal maith ’ghár n-ollamhughadh féin i gcóir an lae seo. Tá aon nídh amháin socair againn agus measaim gur fearr d’ ollamhughadh é ’ná aon ollamhughadh eile atá déanta againn. Tá socair ag gach fear againn gur b’é an lá indiu lá a bháis féin pé taobh ar a mbeidh buadh. Má’s ag ár namhaid a bheidh buadh ní bheidh a smacht orainne, mar ní bheimíd beó acu chuige. Má’s againne a bheidh buadh an lae seo bíodh a thoradh ag an muintir atá i n-ár ndiaigh sa bhaile.
“An t-é go bhfuil socair i n’ aigne aige ar bhás d’fhághail sa chath so atá le troid againn ní baoghal go n-iompóchaidh sé ó’n gcath. Dá mba ná béadh aon nídh eile chun buadh do chur i n-áirighthe dhúinn, cuirfidh san i n-airighthe dhúinn é. Dá mbéadh fhios ag an namhaid go bhfuil ár n-aigne socair mar sin againne ní ró mhór an misneach a bhéadh anois ortha. Gheóbhaid siad amach ar ball é.”
Do labhair sé focal fé leith le gach rígh agus le gach cineil fé mar a tháinig sé ar a n-aghaidh amach, focal éigin a chuir a n-uaisleacht féin agus a gcródhacht i gcuimhne dhóibh, agus conus mar a bhí Dia agus daoine ag faire ar an gcuma ’n-a ndéanfaidís gníomh an lae a bhí rómpa. Nuair a tháinig sé ar aghaidh Dál gCais, dúbhairt sé:—
“A Chlann Chais, a shliocht ríoga! A mhuintir na n-arm ngéar agus na gcruadh-lámh, nár staon agus nár stríoc do namhaid fós riamh, i gcath d’á thruime, i n-éigin d’á ghéire, i spéirlinn d’á dhéine, mo sheasamh indiu oraibh!”
Ansan d’ árduigh sé a ghlór agus do sheinn a ghuth mar a sheinnfeadh fuaim adhairce, i dtreó gur h-airigheadh agus gur tuigeadh an uile fhocal uaidh ó cheann ceann de’n mhór-shluagh:—
“Feuch ansúd iad!” ar seisean, ag síneadh a chlaidhimh i dtreó na Lochlanach, “cruinnighthe cnuasta os bhúr gcómhair. Tá rian bhúr lámh go daingean cheana ortha. Ní thugan san ciall dóibh. Is minic le fiche bliain a chuireabhair-se anaithe agus teitheadh agus ár agus dearg-ruathar ortha, ar fuid réidhthe agus gleannta agus machairí Éirean. Is mór d’á gcuid fola agus feóla atá ag cur geamhair agus féir ghlais ag fás i n-Éirinn indiu. Go dtí so ba chuma iad nó cormhíola; d’á mhéid a marbhuightí dhíobh ní samhluightí easnamh ná laighead ortha. Is fada sinn cráidhte acu, iad ag faire ar ár gcuantaibh agus ar ár mbailtibh puirt, ag preabadh chughainn isteach nuair ná bíodh coinne leó, ag braduíol agus ag sgiobadh agus ag cosgar. Is minic a leigeadh as iad agus croch tuillte acu. B’é a mbuidhchas teacht airís agus feall níba mheasa do dhéanamh. An fada a cuirfear suas leis an obair sin? Is dócha gur dóich leó go leigfear as indiu iad mar a leigeadh chómh minic cheana. Bíodh san de dhearmhad ortha, a chlann ó! Ná téidheadh fear innste sgéil abhaile dhíobh! Níor cuireadh fios ortha. Do thánadar uatha féin. Is minic a dúbhradh leó go dtiocfaidís agus ná h-imtheóchaidís. Deintear deimhin indiu dé dhóibh. An amhlaidh a cheapadar ná raibh aoinne ’n-a chómhnuighe ar an [320] oileán so? Má deineadar dearmhad bíodh ortha féin anois.
“Tá aon mhaith amháin sa dearmhad atá déanta acu. Do thánadar go léir. Feuchaidh, a chlann ó, feuch an tsloigisg sin. Tá ’an chráin ’s a h-ál go léir’ ansan agaibh. Tá a bhfuil beó de chlannaibh Lochlan ansan agaibh. Táid siad bailighthe ansan agaibh ó Bhreatain agus ó Shasana, ó Albain agus adtuaidh ó-s na h-oileánaibh, anall ó Mhanain agus anoir ó chríochaibh Danmarg agus ó riasgaibh na h-Ioruaidhe. Ní’l a thuille ’n-a ndiaigh sa bhaile gur fiú iad d’áireamh. Múchaidh an satha san indiu, agus tá deire le réim Lochlan go bráth na breithe!”
Le n-a linn sin do chonacadar go léir M’lsheachlainn agus a dheich gcéad fear ag imtheacht as a n-inead. Dúbhairt Brian:—
“Chím cuid agaibh ag amharc anonn treasna na páirce sin. Ní maith an radharc atá le feisgint ann. Is mairg do Mh’lsheachlainn, díreach mar is mairg do Mhac Giolla Pádraig agus d’á Laighnibh, caismirt an lae indiu do sheachnadh. Déanfar gníomh an lae indiu gan a gcabhair. Béarfar buadh an lae indiu os cómhair a súl agus gan iad páirteach ann. Beidh san de mhasla agus de ghuith ar a gclú agus ar a gcáil an dá lá ’s an fhaid a bheidh grian ar spéir agus daoine ar talamh.
“Tá cuid d’ár muintir féin amuich uainn. Ná bac san. Tá oiread againn anso agus shocaróchaidh cúntas leis an sloigisg sin thall. Is cúntas fada é. Is mithid é shocarughadh. Anois an t-amh chun é shocarughadh. Isiad ár namhaid iad. Isiad namhaid ár gCreidimh iad. Tá rian na teine ar eaglaisíbh agus ar mhainistríbh Éirean ’n-a ndiaigh. Beidh lámh Dé linn ’ghá dhíoghalt san indiu ortha.
“Cad é an lá é seo indiu againn? Indiu an Aoine. Is í Aoine an Chéasda féin í,” agus d’árduigh sé an Chrois Chéasda i radharc an tslóigh go léir. “I gcuimhneamh an lae indiu,” ar seisean, [321] “iseadh d’fhuiling ár Slánuightheóir Íosa Críost bás ar chrann na Croise chun an Chreidimh do chur ar bun. Táimíd-ne anso indiu ag tabhairt aghaidh ar an mbás chun an Chreidimh do chosnamh. An dóich leat ná go mbeidh lámh chómhachtach an tSlánuightheóra linn sa ghleó? An dóich leat ná go mbeidh meanmna ó Dhia indiu i gcroídhe gach fir a thabharfaidh aghaidh ar an namhaid sin? Beidh; agus má’s anso atá fód ár mbáis beidh bás an tSlánuightheóra féin mar urúdhas againn air go raghaidh ár n-anam saor ó’n bhfód so go Flathas na ngrást.”
Ansan d’eirigh a ghlór níob’ aoirde agus níba bhinne:—
“Gabhaidh chúcha, a chlann ó, i n-ainim Dé agus Mhuire. Tugaidh an faobhar dóibh! Gabhaidh do chosaibh ionta! Ní h-é an chéad uair agaibh é. Ná téidheadh aon mhac máthar acu beó uaibh. Ná cuiridh suim ’n-a gcótaibh iarainn. Cótaí troma iseadh iad. Tá aon mhaith amháin ionta; coimeádfaid siad na fir daoibh-se chun na gceann a bhaint díobh. Do thánadar chun fanmhaint. Fanaidis, i n-ainim Dé. Tá slígh fé’n bhfód anso dhóibh. Tugtar dóibh é go fial!”
Ansan do labhair sé le Dál gCais:—
“A chlann ó, a óga mo chroídhe, a chine uasal! Is maith is eól dómh-sa bhúr ngníomh. Feiceam an gníomh san indiu uaibh, agus geallfad daoibh go mairfidh a thoradh agus a chlú an fhaid a bheidh uisge ag ruith agus féar ag fás i n-Éirinn!”
Um an dtaca ’n-a raibh an méid sin cainte déanta ag Brian bhí an namhaid ag teacht i gcómhngar. Tháinig Tadhg Mór ua Cealla agus Murchadh agus tuille des na ríghthibh, agus cuireadar fhiachaibh ar Bhrian dul agus fanmhaint ’n-a chábán, mar go raibh sé ró aosta chun dul sa chath, agus dá dtuiteadh sé sa chath go gcuirfeadh san misneach ar an namhaid. Dhein sé rud ortha, agus do cuireadh lucht cosanta tímpal ar an gcábán.
Um an dtaca ’n-a raibh Brian socair ’n-a chábán agus an lucht cosanta ’n-a thímpal bhí an dá shluagh i ngioracht cúpla péirse dh’á chéile. Do léim fear mór amach a’ sluagh na Lochlanach agus do labhair sé.
“An bhfuil Dómhnall mac Éimhin anso?” ar seisean.
“Tá sé anso,” arsa Dómhnall ag teacht amach a’ sluagh na nGaedhal.
Thug an bheirt aghaidh ar a chéile. Do bhuail gach fear díobh aon bhuille amháin ar an bhfear eile agus do thuit an bheirt marbh ar an bhfód.
Ansan do séideadh na h-adharca ar gach taobh, do rith an dá shluagh chun a chéile agus do thusnuigh an t-éirleach. Bhí solus na gréine ag neartughadh agus ní raibh an solus ins na súilibh ar aon tsluagh acu, mar bhí an ghrian ag taithneamh anoir díreach, ar láimh dheis na Lochlanach agus ar láimh chlé na nGaedhal. I dtusach an chómhraic ní raibh puínn des na fearaibh ag tuitim ar aon taobh, mar bhí an chosaint chómh maith leis an mbualadh. Aon áit sa tímpal ’n-a raibh cnucán ná árdán bhí mná agus daoine óga anáirde ar na h-árdánaibh ag faire ar an gcómhrac. Níor mhar a chéile cómhrac an uair sin agus cómhrac anois. Ní fhéadfadh aoinne dul i n-aon ghaor do chómhrac anois mar gheall ar an arm teine. An uair sin d’fhéadfadh mná agus mion-daoine teacht achamair go maith do’n chómhrac. Bhí mná na Lochlanach cruinnighthe ins gach sórd áite ’n-ar fhéadadar aon radharc a dh’fhághail ar an gcómhrac. Do chonacadar na claidhmhte d’á gcasadh agus iad ag taithneamh sa ghréin. Chonacadar [323] gach buille d’á chosaint, le faobhar nó le sgiath, chómh tiugh agus do thagadh sé. D’ airighdar fuaim na mbuillí ar na sgiathibh agus sgreadach na bhfaobhar i gcoinnibh a chéile, agus guthana árda na dtaoiseach ag labhairt leis na fearaibh, agus dranntán na namhad chun a chéile le linn na mbuillí do bhualadh dhóibh, agus do mheasg na fuaimeana san ar a chéile ó dhachad míle namhad, i dtreó dá ndúnadh duine a shúile agus éisteacht leis an ngleic, gur dhóich leis gur choill mhór a bhí tré theine, agus an lasair ag búirthigh agus an t-adhmad ag cnagarnaigh le neart na teine.
Do lean an cómhrac ar an gcuma san ar feadh abhfad agus an ghrian ag druidim suas ar an spéir, agus is go h-ana mhall a bhí sí ag druidim suas. Ansan do thusnuigh na fir ar thuitim. Bhí saothar agus tuirse ag teacht ar chuid acu agus bhí an chosaint ag teip.
Maolmórdha agus a Laighneacha isiad a bhí aghaidh ar aghaidh le Dál gCais agus bhí sluagh mhór des na Lochlanaigh ag cabhrughadh leó.
Nuair a bhíodh tuirse ag teacht ar a namhaid iseadh ba ghnáth le Dál gCais breis nirt agus breis fuinnimh do theacht ionta. Bhí san ag teacht ionta an uair sin. Bhí idir Laighneacha agus Lochlanaigh ag tuitim fé n-a mbuillibh, agus bhí an chuid nár thuit díobh ag dul i ndiaigh a gcúil, go ríghin. Ba dheacair iad do chur i ndiaigh a gcúil. Bhí greim maith acu ar an bhfód.
Ach bhí Clann Chais ábalta ar a ngreim a bhogadh ó’n bhfód. Bhí Murchadh ann agus a dhá chlaidheamh aige, mar ba ghnáth, agus nuair a thugadh sé aghaidh ar fhear do thuiteadh an fear san gan a thuille cáirde. Bhí Dúlainn ann agus é chómh tapaidh, chómh marbhuightheach leis an león. “Fear na mbuillí dtroma,” a thugadh na Lochlanaigh air. Bhí mac Mhurchadh ann agus an dá chlaidheamh aige, mar a bhíodh agá athair. Dar leis na Lochlanaigh bhí sé chómh h-olc le n’ athair. Ní h-aithneófaí ó chéile iad ach gan an fhéasóg a bheith ar an mac.
B’é focal deirineach a dúbhairt Niamh ar maidin le Dúlainn ’ná, “A Dhúlainn, ná tabhair do cheann leat ó’n gcath so má leigean tú buille i gceann Chonnla!”
Ní rabhdar abhfad sa cath nuair a chonaic Dúlainn nár ghádh d’ aoinne ceann Chonnla do chosaint; go raibh a lámh dheas féin ábalta ar a cheann do chosaint go feilimionta. Agus ar nós Clainne Chais go léir, is ag dul i bhfuinneamhlacht a bhí a chroídhe agus a ghéaga fé mar a bhí an cath ag dul i ndéine. Bhí an namhaid ag dul i ndiaigh a gcúil, agus iad ag tuitim, agus Dál gCais ag brúth ortha agus ’ghá leagadh; agus bhí an ghrian ag druidim suas ar an spéir, go mall. Bhí an ghaoth anoir agus í go maith láidir, ionfhuar, anamamhail, agus ba mhór an tairbhthe an méid sin dos na fearaibh, ar gach taobh, mar bhí allus ag teacht ortha agus teas an chómhraic ag cúr ortha, go mór mór ar an gcuid acu ná raibh taithighe ró mhaith acu ar an saghas san oibre. Níor ghoill teas an chómhraic puínn ar Dhál gCais. Do cruadhadh iad go maith leis an ngleacaidheacht a bhíodh ar siúbhal coitchianta i gCeann Cora. Nuair a bhíodar sa mhór-chath is amhlaidh a bhíodar ar nós an chapail ráis n-a mbíon an fholuigheacht ann. Nuair ba dhóich le duine gur cheart tuirse bheith ag teacht air is amhlaidh a bhíon buile nirt agus misnigh agus fuinnimh ag teacht ann.
Bhí cuid des na Lochlanaigh a bhí ar an gcuma gcéadna, agus ba ró dheacair iad do chur i ndiaigh a gcúil. Ach bhíodar ag druidim siar agus bhí Dál gCais ag brúth ortha go dian. Bhí Maolmórdha ag déanamh a dhíchil chun iad do choimeád gan dul siar, ach ní fhéadadh sé é. Thugadh sé aire mhaith, ámhthach, gan teacht aghaidh ar aghaidh le Murchadh ná le Dúlainn. Mheasadh sé go bhfeiceadh sé dhá Mhurchadh ann, an Murchadh go raibh an fhéasóg air agus an Murchadh ná raibh, agus go raibh an Murchadh ná raibh an fhéasóg air chómh contabharthach de theangabhálaidhe leis an Murchadh go raibh.
An fhaid a bhí san mar sin sa cheann san de’n chath, bhí neithe [325] ar a mhalairt de chuma sa cheann eile. Bhí Lochlanaigh Átha Cliath agus an deich gcéad fear ó’n Ioruaidh go raibh na h-éidí práis ortha i gcoinnibh na Muímhneach eile (lasmuich de Dhál gCais), agus bhí lucht na n-éidí práis ag brúth na nGaedhal rómpa agus ’ghá marbhughadh go tiugh. Ba mhó go mór an t-éirleach a bhí ag lucht na n-éidí práis ’á dhéanamh ar Ghaedhlaibh an chinn sin de’n chath ’ná mar a bhí ag Dál gCais ’á dhéanamh ar Lochlanaigh an chinn eile. Bhí Bruadar ar tusach ar lucht na n-éidí, agus bhí na Muímhnigh ag tuitim ’n-a srathanaibh ins gach treó ’n-a dtugadh sé aghaidh.
Bhí Béibionn agus Gormfhlaith thuas ar bara ríghtheighlaigh Shitric agus iad ag feuchaint ar an éirleach a bhí ag lucht na n-éidí ’á dhéanamh ar na Muímhneachaibh.
“Is maith na buanaidhthe iad san, a Bhéibionn!” arsa Gormfhlaith. “Táid siad ag leagadh an arbhair go tiugh. Beidh uathbhás oibre déanta acu i gcóir na h-oídhche.”
“Tá an lá óg fós, a Árdrígan,” arsa Béibionn. “Is ’mó cor a dh’fhéadfadh an saoghal a chur dé ’dir seo agus an oídhche.”
Chonaic Murchadh conus a bhí lucht na n-éidí ag marbhughadh na Muímhneach rómpa. D’fheuch sé ’n-a thímpal. Ní raibh Caoilte abhfad uaidh.
“Téanam, a Chaoilte,” ar seisean. “Ní mór cosg do chur leó súd thiar. Beir ar do thuaigh agus lean mé. Déin-se an rud céadna,” ar seisean le Dúlainn. “Agus tusa, a mhic,” ar seisean le Connla. “Seasuigheadh an chuid eile an fód anso.”
D’imthigh an ceathrar siar as an gcath agus siúd siar ódheas iad chun na h-áite ’n-a raibh lucht na n-éidí agus iad ag marbhughadh rómpa.
“An tuagh! An tuagh! An tuagh, a fheara!” arsa Murchadh.
Le n-a linn sin do léim sé chun Lochlanaigh mhóir a bhí ag [326] déanamh éirligh agus ná téidheadh aon bhuille chlaidheamh i bhfeidhm air. Dhein Murchadh dhá leath d’á cheann, idir phrás agus cloigean, le buille thuaigh. Bhí na tuaghana go léir anáirde láithreach. Ansan iseadh do chonacthas an obair.
“Tugtar sleagh dhom!” arsa Murchadh.
Do tugadh. Thug sé sádh d’fhear mhór eile de lucht na n-éidí. Do rith an tsleagh tríd an éide mar a ruithfeadh snáthad tré bhréid, agus do thuit an fear. Ansan iseadh do fíoradh an focal adúbhairt Brian ar maidin. “Ná cuiridh suim ’n-a gcótaíbh iarainn,” ar seisean. “Cótaí troma iseadh iad.” Chuimhnigh gach aoinne ar an bhfocal. Do sheasaimh na Muímhnigh an fód. D’oibrighdar an tuagh agus an tsleagh. Níor bh’fada go raibh lucht na n-éidí ag tuitim go tiugh. Níor chuadar i ndiaigh a gcúil mar ní ró mhaith a dh’fhéadfaidís é. Bhí tuirse agus allus ortha, agus bhí an éide ró throm. Níor dheineadar ach seasamh agus iad féin a chosaint chómh maith agus dob’ fhéidir leó é. Níor ró mhaith a dh’fhéadadar iad féin a chosaint, mar bhí an bhuile agus an fhearg ar na Muímhneachaibh nuair a fuaradar go raibh ar a gcumas na h-éidí uathbhásacha san do ghearadh le tuaigh nó do shádh le sleagh chómh saoráideach. Níor thuit puínn eile des na Muímhneachaibh an uair sin, agus do chosain lucht na n-éidí iad féin maith go leór. Do coireadh iad, ámhthach, agus fé mar a coirtí iad ní fhéadaidís aon chosaint a dhéanamh ortha féin, agus ansan do marbhuightí iad.
Do lean an cómhrac, gan stad gan staonadh, ó cheann ceann de pháirc an chatha. Na h-Éireanaigh lán cheapaithe, fé mar a bhí socair go daingean acu abhfad roim ré, ar bhás a dh’fhághail sa chath san, pé taobh ar a mbéadh buadh an chatha. Iongnadh agus alltacht ar na Lochlanaigh go léir, idir ríghthe agus daoine, a rádh go raibh a leithéid de sheasamh ag na Gaedhil ’á dhéanamh. “Má seasuightear i n-ár gcoinnibh puínn eile aimsire ar an gcuma so buadhfar orainn!” a deiridís [327] le n-a chéile, agus iongnadh a gcroídhe ortha. Ghéaruighdar sa chómhrac, mar ’dh eadh go sguabfaidís na Gaedhil rómpa. Do chaitheadar iad féin i gcoinnibh na nGaedhal díreach mar a chaithean an fharaige í féin i gcoinnibh na caraige lá gaoithe. Ní raibh aon mhaith dhóibh ann. Do sheasaimh Clanna Gaedhal ’n-a gcoinnibh díreach mar a sheasuighean an charaig i gcoinnibh uisge na faraige.
Thug na Lochlanaigh nídh eile fé ndeara. Thugadar fé ndeara ná raibh blúire eagla roimis an mbás ag na h-Éireanaigh, ná aon dothal acu roimis an mbás. I ndiaigh ar ndiaigh do chuaidh ’n-a luighe ar aigne na Lochlanach ná raibh aon tsúil go n-iompóchadh na h-Éireanaigh ó’n gcath. Go seasóchaidís an fód an fhaid a bheidís beó, agus gur le h-áthas a ghlacfaidís bás.
Níor bh’fhéidir leis na Lochlanaigh an nídh sin do thuisgint. Do thuigfidís é, b’fhéidir, dá mbéadh ’fhios acu cad é an socarughadh aigne a bhí déanta ag na Gaedhlaibh abhfad sar a dtáinig lá an chatha san; do thuigfidís é dá mbéadh ’fhios acu go raibh Naomh Ídhbirt an Aifrinn d’á dhéanamh chun Dé, ó thainig an chéad leus de sholus an lae an mhaidion san, ins gach eaglais agus ins gach mainistir i n-Éirinn. Do thuigfidís é dá dtuigidís conus mar a bhí sagairt agus manaigh agus mná riaghalta ar fuid na h-Éirean, i gcaitheamh na maidine sin agus i gcaitheamh na h-oídhche roim ré, ag briseadh a gcroídhe ’ghá iaraidh ar Dhia na glóire, tré ímpídhe na Maighdine Muire, agus tré ímpídhe Phádraig agus Bhríghde agus Cholum Cille, gan buadh an chatha san do leigint leis na Lochlanaigh. Do thuigfidís é dá mbéadh ’fhios acu conus mar a bhí an t-Árdrígh aosta, an fear a thaisbeáin an Chrois Chéasda do’n tsluagh an mhaidion san, an fear a bhí ceapaithe ag Dia an uair sin chun cómhacht na Lochlanach do bhriseadh agus do chlaoidh i n-Éirinn, conus mar bhí sé ar a dhá ghlúin, istigh ’n-a chábán, ’ghá iaraidh go cruaidh ar an Slánuightheóir [328] Gléigeal gan an buadh do leigint le namhaid an Chreidimh. Ní raibh aon phioc d’ fhios an méid sin go léir ag na Lochlanaigh, agus d’á bhrígh sin níor thuigeadar cad fé ndeara dos na Gaedhlaibh a leithéid de sheasamh a dhéanamh sa chath agus bás do ghlacadh le n-a leithéid d’ áthas.
Do lean an cómhrac gan sos gan staonadh gan lagughadh, agus bhí an ghrian ag druidim, go ríghin, chun a h-áite ar an spéir i meadhan lae. Bhí an bualadh agus an t-éirleach cómh-dhian, ba dhóich le duine, ó cheann ceann de’n mhachaire. Bhí na mná agus na mion-daoine ar na h-árdánaibh ag faire. Bhí buairt agus eagla ag tusnughadh ar theacht ar na mnáibh a tháinig ar na loingeas. Ní raibh aon choinne acu go leanfadh an cath chómh fada, ná go seasóch’ na Gaedhil an fód chómh daingean. Bhí a lán d’á bhfearaibh féin, agus d’á macaibh, sínte marbh ar an bpáirc. Bhí ag dul ’n-a luighe ar a n-aigne gur bhaoghal ná raibh seilbh i dtalamh na h-Éirean le fághail acu chómh saoráideach agus do mheasadar. Ach do ghluais an cómhrac agus shamhluighdar gur ag dul i ngéire agus i ndéine agus i dtruime a bhí an chaismirt, agus gan aon chlódh lagachair ná aon deabhramh géille ar shlóightibh na nGaedhal. Dá ndúnadh bean acu a súile an uair sin agus éisteacht leis an ngleó, d’ aireóchadh sí an choill mhór tré theine agus an lasair ag búirthigh agus an t-adhmad ag cnagarnaigh, agus d’ aireóchadh sí mar a bhéadh dachad míle fear agus dachad míle tuagh acu agus iad ag gearadh na gcrann agus ’ghá leagadh!
Bhí na crainn ag tuitim, na crainn bheaga ar dtúis agus ansan na crainn mhóra, agus ní raibh aon taobh ag déanamh aon ghéille do’n taobh eile, nó má géilltí beagán ar taobh anois agus airís, do buaidhtí an beagán san thar n-ais gan puínn ríghnis; agus bhí an ghrian ag druidim siar. Bhí ceó éigin odhar ag eirighe ó’n machaire, agus bhí an ghaoth ag séideadh an cheóidh sin os cionn na bhfear a bhí ag troid, [329] agus isteach fé ’n dtír. Ceó fola ab eadh an ceó san. D’ eirigh, leis, as an machaire, fuar-bhalaith grána trom, balaith na fola. Bhí an balaith chómh láidir, chómh trom san go mb’éigean do chuid des na mnáibh a bhí ar na h-árdánaibh imtheacht. Nuair a chuaidh an balaith sin fútha d’iompuigh a ngoile, bhí an balaith chómh trom san. Ach níor chuir faobhar ná fuil, ceó ná balaith, fhiachaint ar lucht an chómhraic staonadh ó’n gcath ar aon taobh. Chomáineadar leó ag bualadh agus ag leagadh agus ag tuitim, an duagh agus an saothar agus an cruadhtan ’ghá dtnáthadh agus an tart ’ghá losgadh, agus an ghrian ag druidim siar, go ríghin.
Tá tobar breagh fíor-uisge sa mhachaire ar a raibh an cómhrac ar siúbhal. Deirtear go dtéidheadh na taoisigh Ghaedhlacha chun an tobair sin, ó am go h-am, chun a lámh a dh’ fhuaradh sa n-uisge agus chun díghe dh’ól, agus ansan go bhfillidís chun an chómhraic agus a lán neart acu. Thug na Lochlanaigh fé ndeara an nídh sin. Bhí buidhean chosanta ag na Gaedhlaibh ar an dtobar. Tháinig buidhean Lochlanach chun an tobair a bhaint díobh. Do throid an dá bhuidhean go fíochmhar. Do loiteadh an tobar. Nuair a tháinig taoiseach Gaedhlach chuige ar ball bhí sé lán d’fhuil agus de chré, agus na cuirp ’n-a gcruachaibh air.
Ní fheadar féin conus fhéad na fir Ghaedhlacha imtheacht ó’n gcath chun díghe dh’ ól as an dtobar mura b’ amhlaidh a dheinidís uanuigheacht ar a chéile. Pé rud a dheinidís do lean an t-éirleach gan sos gan staonadh, agus bhí an ghrian ag druidim siar, go mall.
Isé Sígurd, Iarla Ínsí h-Orc, agus a shluagh, a bhí i ngleic leis na Conachtachaibh. I dteannta na gConachtach a bhí ceapaithe do Mh’lsheachlainn Mhór seasamh. Nuair a dh’imthigh M’lsheachlainn agus a dheich gcéad as an gcath d’fhág sé easnamh mór agus leath-lámh mór ar na Conachtachaibh. Ach do sheasaimh na Conachtaigh an cómhrac, gan dul órlach i ndiaigh a [330] gcúil, i gcaitheamh an lae go léir. Thug an dá shluagh fé ndeara na gníomhartha uathbhásacha a dhein Tadhg Mór ua Cealla i gcaitheamh an lae. Thug a lán des na fearaibh láidire a bhí ar na Lochlanaigh aghaidh air, i gcaitheamh an lae, ach do thuit gach fear díobh le n-a láimh. Fé dheire do thug Bruadar féin aghaidh air. Bhí éide ana chruaidh ar Bhruadar. Bhí a shleagh i láimh Thaidhg Mhóir. Thug sé sádh de’n tsleagh do Bhruadar. Níor chuaidh an tsleagh tríd an éide ach do caitheadh Bruadar siar ar fleasg a dhroma, bhí a leithéid sin de neart leis an sádh a tugadh dó. D’eirigh sé agus thug sé foghadh eile fé Thadhg. Do leagadh airís é ar an gcuma gcéadna. Thug sé an trímhadh foghadh. Do baineadh an trímhadh leagad as. D’eirigh sé agus do rith sé isteach i gcoill a bhí i n-aice na h-áite. Le n-a linn sin tháinig Sígurd i ngar do Thadhg, agus sar a raibh uain ag Tadhg ar a shleagh do bheartughadh airís do bhuail Sígurd sa cheann é le tuaigh. Do thuit Tadhg marbh. Is ar éigin a bhí sé ar lár nuair a bhí Sígurd ar lár, chómh marbh leis, agus a cheann agus a chabhail, síos go caol a dhroma, sgoilte glan le buille thuaigh ó Mhurchadh. Chonaic an dá shluagh an buille sin. Do bhrúigh sluagh Shíguird isteach chun báis a rígh do dhíoghalt. Bhí Dúlainn agus Caoilte agus Connla i n-aice Mhurchadh. Do dhruid na Conachtaigh amach ’n-a dteannta. Bhí sluagh Shíguird ag tuitim láithreach chómh tiugh agus do féadtí na buillí do tharang ortha. Chonaic beirt mhac rígh na h-Ioruaidhe an t-éirleach san. Do ritheadar araon fé dhéin na h-áite. Le n-a linn sin tháinig Tadhg Óg ua Cealla chun na h-áite ’n-a raibh a athair sínte. Bhí bean ar a glúinibh ag ceann an athar agus a cheann idir a dhá láimh aici.
Bhí Murchadh ag ruith fé dhéin na beirte a bhí ag teacht ’n-a choinnibh. Bhí na Conachtaigh ag déanamh an éirligh ar mhuintir Shíguird. Caroll Cnút an chéad duine de’n bheirt a tháinig i gcoinnibh Mhurchadh. Do thuit Caroll láithreach fé thuaigh [331] Mhurchadh. Pé rud a bhí imthighthe ar láimh dheis Mhurchadh chaith sé uaidh an tuagh. Tháinig Anrud chuige agus é ar buile mar gheall ar mharbhughadh a dhrithár. Do chosain Murchadh é féin air leis an gclaidheamh a bhí n-a láimh chlé aige. Thug sé únfairt éigin dó i dtreó gur leag sé é. Ansan do chuir sé an claidheamh i gcoinnibh a uchta féin agus a bhara ar ucht Anruid agus do luigh sé le n’ucht ar an gclaidheamh agus chuir tré éide agus tré chliabh Anruid é. Nuair a chrom Murchadh chuige sin do thug Anrud snap ar an sgiain a bhí i gcrios Mhurchadh. Do tharaing sé an sgian as a truail agus sháidh sé suas i n-ucht Mhurchadh í, agus do thuit Murchadh anuas air.
An fhaid a bhí an méid sin ar siúbhal bhí Tadhg Óg ua Cealla ag déanamh an éirligh, i dteannta na gConachtach, ar shluagh Shíguird, ag díoghailt bháis a athar ortha. Bhí a athair sínte lastiar dé agus an bhean ar a glúinibh agá cheann. Cé ’léimfeadh chuige amach a’ lár an namhad ach Amhlaoibh agus a thuagh ’n-a láimh aige.
“Tabharfad a cheart féin do’n fhaobhar anois, a Thaidhg!” arsa Amhlaoibh, agus sar a raibh uain ag Tadhg ar an iongnadh a tháinig air do chur dé ná ar aon chosaint a dhéanamh air féin, do bhuail Amhlaoibh sa cheann é leis an dtuaigh. Do thuit Tadhg. Chómh luath agus do thuit Tadhg cé chífeadh Amhlaoibh ’n-a seasamh ar a aghaidh amach ach Niamh!
D’fhéuch an bheirt ar a chéile. Níor bh’ ionan an fheuchaint sin agus an chéad fheuchaint úd a thug an bheirt chéadna ar a chéile. Pé rud a chonaic Amhlaoibh sa chéad fheuchaint chonaic sé sa tarna feuchaint rud éigin uathbhásach, rud éigin a bhain a mheabhair dé glan. Do thuit an t-arm as a láimh. Do leath a bhéal agus a dhá shúil. D’iompuigh sé ar a sháil agus do rith sé as an áit. Do rith sé i n-am agus ní raibh ann ach san. Bhí Connla díreach ag teacht agus a thuagh ’n-a láimh aige, tuagh a bhí chómh dian ar na Lochlanaigh an lá san le tuaigh [332] Mhurchadh féin. Nuair a rith Amhlaoibh do rith Connla ’n-a dhiaigh.
Bhí Amhlaoibh chómh cosmhail sin le Bruadar gur measadh go minic i gcaitheamh an lae gur bh’é Bruadar Amhlaoibh agus gur bh’é Amhlaoibh Bruadar. Do deineadh an dearmhad céadna go minic i gcaitheamh an lae i dtaobh Mhurchadh agus Chonnla, go mór mór nuair druideadh amach sa lá agus nuair a bhí na fir go léir clúdaidhthe le fuil agus le salachar i dtreó nár bh’fhéidir a dh’fheisgint cé ’cu a bhí féasóg ar dhuine nó ná raibh.
Nuair a chonaic an dá shluagh an bheirt ag ruith do buaileadh isteach láithreach i n-aigne gach aoinne gur bh’é Bruadar a bhí ag teitheadh agus gur bh’é Murchadh a bhí ar a thóir. Nuair a chonaic na Lochlanaigh, dar leó, Bruadar ag teitheadh agus Murchadh ar a thóir d’iompuighdar go léir agus do theitheadar. D’ eirigh an liú fhiaigh ó-s na Gaedhlaibh mór-thímpal i dtreó gur chrith an machaire fé chosaibh na bhfear. Nuair airigh an deich gcéad a bhí ag M’lsheachlainn an liú uathbhásach san níor fhéadadar fanmhaint socair a thuille. Bhí páirc threabhtha idir iad agus an cath. Siúd amach iad, treasna na páirce agus siúd ar thóir na Lochlanach iad. Dheineadar obair mhaith, d’á dhéanaighe a thánadar. Mura mbéadh iad ní curfaí ar na Lochlanaigh an t-ár uathbhásach a cuireadh ortha. Bhí na fir a bhí sa chómhrac fan lae ró bhuailte amach le tuirse, an méid díobh ná raibh cneadhacha go tiugh ortha agus mórán fola caillte acu.
Do ghluais an teitheadh agus an tóir agus an marbhughadh. Thug na mná aghaidh ar na bádaibh chun dul ar bórd na loingeas. Chuaidh an iomad acu isteach ins gach bád. Chómh luath agus dhruid na báid amach do chuadar fé uisge agus do báthadh na daoine a bhí ortha. Thug formhór na bhfear a bhí ag teitheadh aghaidh ar ríghtheighlach Shitric i n-Áth Cliath. Bhí an Tulcain ar an slígh rómpa, agus bhí sí ana dhoimhinn, mar [333] bhí an taoide lán um an dtaca san. Do báthadh na céadta dhíobh sa n-abhainn sin.
Bhí Gormfhlaith agus Béibionn thuas ar bhara an ríghtheighlaigh. Chonacadar an teitheadh agus an tóir.
“Measaim,” arsa Béibionn, “gur fearr na buanaidhthe atá ag obair anois ’ná iad súd a bhí ag obair i dtusach an lae.”
Níor dhein Gormfhlaith ach buille dhorn a thabhairt sa bhéal di, agus cúpla fiacal a bhaint aisti.
Nuair a rith Amhlaoibh do rith Connla ’n-a dhiaigh, agus ansan do rith an méid a bhí gan marbhughadh de mhuintir Shíguird. Do ghluais ar a dtóir an méid a bhí ábalta ar ruith des na Conachtachaibh. Do ghluais Caoilte sa tóir i n-aonfheacht leó. Níor chuaidh Caoilte abhfad. Bhí fhios aige go raibh Niamh sa n-áit ’n-a raibh a h-athair sínte marbh. Do chas sé thar n-ais le h-eagla go gcasfaí buidhean Lochlanach sa treó agus go mb’ fhéidir go mbéadh Niamh gan chosaint.
Nuair a tháinig sé is amhlaidh a fuair sé a lán de mhuintir Uíbh Máine ann roimis, agus de mhuintir Mhaoilruanaidh na Paidre. Bhíodar ró chréachtnaidhthe chun leanmhaint ar an dtóir, ach bhíodar ábalta ar Niamh a chosaint go maith. Bhí sise ar a glúinibh ag ceann cuirp a h-athar. Bhí sagart ann, leis, agus manach. Ag tabhairt aire do Thadhg Óg ua Chealla iseadh bhí an sagart. Ní raibh Tadhg Óg marbh, bíodh go raibh [334] sé gortuighthe go maith. Níor thug Amhlaoibh “a cheart féin do’n fhaobhar.” Bhí clogad maith láidir ar cheann Thaidhg. Do chuir an tuagh stangadh doimhinn sa chlogad agus do gortuigheadh an ceann, ach níor gearadh an clogad ná an ceann. Bhí Lonán ann agus níor bh’fhada go raibh Tadhg tagaithe chuige féin fé láimh Lonáin.
Bhí ceann Thaidhg Mhóir, ámhthach, ’n-a dhá leath, ach níor choruigh Niamh uaidh.
Bhí Conn ann agus é tar éis teacht ó’n áit ’n-a raibh a athair féin, Maolruanaidh na Paidre, sínte marbh. Do mhair Maolruanaidh tamal maith tar éis a ghunta, agus bhí sagart i n’ aice ó fuair sé an ghuin go dtí go bhfuair sé bás.
Nuair a chonaic Niamh Caoilte agus Conn do labhair sí leó.
“Cá bhfuil Connla?” ar sise.
“D’ imthigh sé ar thóir na Lochlanach, a rígan,” arsa Caoilte.
“Is truagh san!” ar sise. “Má imthíghean aon nídh air tá Éire creachta glan.”
Bhí tuille des na Conachtaigh ag teacht ó’n dtóir. Chuir sí tuairisg Chonnla ortha. Ní fheacaidh aoinne Connla ach do chonaic gach aoinne Murchadh agus é ar thóir Bhruadair agus Bruadar ag teitheadh uaidh.
“Ní fhéadfadh Murchadh bheith ar thóir Bhruadair,” arsa duine a tháinig, “mar tá Murchadh ansúd thall sínte agus beirt shagart i n’ fhochair. Do thuit Murchadh díreach nuair a bhí an teitheadh agus an tóir ag tusnú’.”
“An é radharc mo shúl a mheasfá a bhaint díom!” arsa’n chéad duine. “Ná feacaidh mo dhá shúil Bruadar ag teitheadh agus Murchadh ar a thóir!”
“Ní fheacaís Bruadar ag teitheadh,” arsa Niamh, “mar do leag m’ athair é trí h-uaire as a chéile, agus ansan do rith sé isteach sa choill bheag san thuas.”
Le n-a linn sin d’fhéachadar suas agus cad a chífidís ach [335] Bruadar féin ag ruith ’n-a dtreó ó’n áit ’n-a raibh pubal an Árdrígh, agus é ag liúirigh:—
“Sgaoiltear an focal ó bhéal go béal!” ar seisean, “gur mhairbh Bruadar Brian!”
Siúd chuige an bhuidhean chosanta do fágadh ar phubal Bhriain. Do ritheadar ar thóir na Lochlanach agus d’fhágadar an pubal gan chosnamh. Tháinig Bruadar amach as an gcoill, mar a raibh sé i bhfolach. Fuair sé an t-Árdrígh gan chosnamh, agus chuaidh sé isteach agus mhairbh sé an t-Árdrígh. Do rug an bhuidhean chosanta ar Bhruadar agus chuireadar chun báis é. Ba shuarach an leigheas é sin ar an ndíobháil a bhí déanta. Dá dtugaidís aire do’n ghnó a cuireadh ’n-a chúram ortha tá gach aon deabhramh go mbéadh a mhalairt de sgéal againn go léir, riamh ó shin agus indiu, seachas mar atá.
Deir cuid de’n tseanachus gur chosain Brian é féin go cródha. Ní fheadar cé ’cu a dhein nó nár dhein, agus is cuma liom. B’fhearr liom go mór a bheith ar chumas an tseanachuis a rádh gur chosain na fir é n-ar cuireadh mar chúram ortha é chosaint. Is truagh gan a n-ainimneacha againn! Chuireadar pionós ar Bhruadar. Ba mhór go léir an leigheas é sin ar an bhfaillígh a dheineadar féin; nár bh’ eadh!
Ag teacht thar n-ais ó thóir na Lochlanach a bhíodar nuair a bhuail Bruadar umpa agus an gníomh déanta aige. Dheineadar go h-aindeis a ngnó!
Nuair a fuair Niamh go raibh Brian marbh d’ eirigh sí ’n-a seasamh:—
“Téanam!” ar sise le Caoilte agus le Conn. “Caithfimíd Connla dh’fhághail. Tá Brian marbh, agus is dócha go bhfuil Murchadh marbh. Tá Árdrígh againn fós, ámhthach, má tá Connla beó.”
Siúd chun siúbhail iad. Do leanadar an treó do lean na Conachtaigh sa tóir. Bhí cuid des na Conachtaigh ag teacht thar n-ais. D’iompuighdar i n-aonfheacht leis an dtriúr [336] nuair a fuaradar cad a bhí uatha. Dheineadar gach aon tsaghas cuardaigh agus chuireadar gach aon tsaghas tuairisge, ach ní bhfuaradar aon bhlúire eóluis. D’inis fiche duine dhóibh go bhfeacathas Bruadar ag teitheadh agus Murchadh ar a thoir, ach ní fheacaidh aoinne Connla.
Bhí an oídhche ag tuitim. Bhí an machaire go léir lán de chorpaibh, agus bhí a lán des na Lochlanaigh a leagadh sa tóir agus ná rabhdar marbh ar fad, agus go raibh fonn ortha sleagh nó tuagh nó sgian do chaitheamh le h-aon Éireanach a chífidís. Do tuigeadh go raibh sé ró chontabharthach leigint do Niamh dul níba shia sa chuardach. Do socaruigheadh ar dhul thar n-ais. Go mb’fhéidir go raibh Connla tagaithe ann um an dtaca san. Mura raibh go bhféadfadh na fir teacht airís ag cuardach agus Niamh a dh’fhágáilt ar a suaimhneas, i n-áit a bhéadh gan bhaoghal.
Thánadar thar n-ais. Ní raibh aon tuairisg ar Chonnla. Bhí an oídhche dhubh ann um an dtaca san, agus chun na h-oídhche dhéanamh níba duibhe do leath ceó isteach ó’n bhfaraige i dtreó ná feicfeadh duine a lámh dá síneadh sé í.
Ní raibh aon rud le déanamh ach dul fé dhéin an longphuirt i gCill Mhaighneann. Dhein muintir Thaidhg Mhóir agus muintir Mhaoilruanaidh dhá chróchar agus do rugadar leó an dá chorp chun an longphuirt. Bhí na sagairt agus na manaigh ann, agus bhíodar ag cantainn úrnuighthe na marbh ar an slígh. Nuair a thánadar go Cill Mhaighneann fuaradar go raibh a lán sochraidí beaga eile tagaithe ann rómpa, agus ag teacht ann ’n-a ndiaigh, agus an obair chéadna ar siúbhal acu. Bhí na sagairt agus na manaig go léir ann, ó Shórd Cholum Cille, agus an uile shaghas córacha tabhartha leó acu, mar atá, líon geal chun cneádhthach do dhúnadh agus fuil do chosg, agus deocha chun nirt, agus banndaí línéadaigh, agus cliathacha chun cnámh do chur, agus mar sin. Bhí flúirse des na neithibh sin tabhartha leó ó’n mbaile ag na mnáibh a tháinig, ach níor mhiste an tuille.
Bhí na buidheana beaga ag teacht i gcaitheamh na h-oídhche agus a nduine marbh féin ag gach buidhin díobh. Tháinig cuid de theighlach Mhurchadh agus Murchadh ar chróchar acu, ach ní raibh sé marbh. Mhair sé go dtí amáireach a bhí chúghainn. Bhí na sagairt i n’ aice sa n-áit ’n-ar thuit sé, anuas ar mhac rígh na h-Ioruaidhe. D’fhan sagart i n’ fhochair go dtí gur tharaing sé an anál.
Ní raibh aon bhuidhean a tháinig mar sin i gcaitheamh na h-oídhche ná raibh Niamh a’ faire ortha feuchaint cathin a chífeadh sí buidhean ag teacht agus Connla acu, nó feuchaint cathin a chífeadh sí Connla féin ag teacht ar bhuidhin acu agus duine aige ’á thabhairt leis. Níor tháinig sé mar seo ná mar siúd.
Tháinig solus an lae. Do ghlan an ceó.
“Téanamh,” arsa Niamh le Caoilte agus le Conn, “go gcuardaighmíd an machaire feuchaint a’ bhfaighmís Connla beó nó marbh.”
Ghluaiseadar amach. Thánadar ar áit an chatha. Ba ghrána an radharc an uair sin é mar mhachaire. Bhí an talamh go léir, ó Bhinn Éadair go h-Ath Cliath agus ó chiúmhais na trágha abhfad amach sa tír, clúdaighthe le corpaibh daoine. Bhí, anso agus ansúd ar fuaid an mhachaire, rudaí beó ag gluaiseacht ameasg na gcorp. Daoine ab eadh cuid des na rudaíbh beó san, daoine a bhí ag lorg corp a gcarad féin. Bitheamhnaigh ab eadh cuid des na rudaíbh beó; bitheamhnaigh a bhí ag guid an tsaidhbhris agus na n-órnáidí a bhí ar chorpaibh na Lochlanach uasal agus na n-Éireanach uasal. Gaidhir ab eadh cuid des na rudaíbh beó, leis; gaidhir ghrána mhóra, chontabharthacha, a tháinig isteach ó’n dtír nuair a rug an ghaoth balaith na fola amach ag triall ortha.
Shiúbhluigh Niamh agus a cualacht an machaire, soir agus siar agus anonn agus anall, ach ní bhfuaradar aon radharc ar aon chorp go raibh aon cosamhlacht aige le Connla. Do chíodh Niamh uaithe, go minic, corp a bhíodh, dar léi, cosmhail le [338] Connla. Ansan nuair a thagaidís i n’ aice chíodh sí nár bh’ é é, agus bhíodh áthas uirthi.
Bhí an mhaidion ag gluaiseacht agus an ghrian ag druidim suas ar an spéir, agus fir ag teacht go tiugh, as gach aon treó baill, le h-órdúghadh na sagart, agus ráinní agus sluaiste acu, chun na gcorp do chur fé thalamh. Dó leath na fir sin iad féin ins gach aon bhall ar fuaid an mhachaire agus do chrom gach aon triúr nó ceathrar acu ar thrínse dh’ osgailt. Ba gheár go raibh oiread san acu ann go mb’éigean dos na gaidhir agus dos na bitheamhnaigh glanadh as an áit. Má bhí saidhbhreas le fághail ar chorpaibh na marbh do thuig na fir a bhí ag déanamh na h-oibre gur bh’ iad féin dob fhearr ceart chun an tsaidhbhris sin. Bhí an obair ar siúbhal ins gach aon pháirt de’n mhachaire, agus ins na h-áiteanaibh ’n-a raibh na cuirp ’n-a gcruachaibh anáirde ar a chéile b’ éigean trínsí móra leathana doimhne dhéanamh, agus na cuirp a chur ’n-a gcruachaibh fé thalamh, díreach mar a bhíodar ’n-a gcruachaibh os cionn tailimh. Bhí an taoide lán airís agus bhí cuirp na mban agus na leanbh aici ’á chaitheamh isteach ar an dtráigh. Fé mar a dhruid an taoide amach bhí sí ag fágaint na gcorp ar an dtráigh ’n-a diaigh. B’éigean trínsí móra leathana doimhne dhéanamh dóibh sin, leis, agus iad do chur ’n-a gcruachaibh fé thalamh. Nuair a bhí na trínsí sin lán des na corpaibh agus an chré curtha suas ortha is amhlaidh a bhí árdán mór árd sa n-áit ’n-ar deineadh gach trínse. Táid na h-árdáin sin le feisgint sa n-áit fós, nó cuid acu.
Chonaic Niamh, agus an mhuintir a bhí le n-a cois sa chuardach, a lán daoine cruinnighthe tímpal na h-áite na dtéidhean an Tulcainn isteach sa bhfaraige. Thánadar chun na h-áite. Bhí an Tulcainn lán de chorpaibh na Lochlanach i dtreó go rabhdar ag coimeád uisge na h-abhan siar ó’n dtaoide do leanmhaint. Bhí na fir ag tógaint na gcorp as an abhainn [339] agus ’ghá síneadh ar an bport i n-aice ’chéile. Nuair a tháinig Niamh chonaic sí dhá chorp sínte ar an bport i n-aice ’chéile. D’aithin sí láithreach iad. Amhlaoibh agus Connla isiad a bhí ann. D’ aithin gach aoinne Connla. Mheas cuid de’n lucht oibre gur bh’ é Bruadar an fear eile. D’innseadar do Niamh, agus do’n mhuintir a bhí le n-a cois, gur bh’ amhlaidh a fuaradh an bheirt agus cruach mhór de chorpaibh Lochlanach anuas ortha, agus dhá láimh Chonnla daingean i bhfolt Amhlaoibh, agus a chorp anuas ar chorp Amhlaoibh.
D’fheuch Niamh ar an mbeirt agus iad sínte i n-aice ’chéile, go breagh socair. Bhí dhá shúil Amhlaoibh ar dian-leathadh, agus bhí ’n-a sheasamh ionta, agus ’n-a ghnúis ar fad, an sgeón millteach a chonaic sí ionta díreach nuair a thuit an tuagh as a láimh agus do theith sé. Bhí gnúis Chonnla chómh sámh, chómh socair, chómh suaimhneasach agus dá mba ’n-a chodla bhéadh sé. Chómh luath agus do chonaic sí iad do bhánuigh a h-aghaidh i dtreó go dtáinig Caoilte agus Conn ’n-a h-aice, duine acu ar gach taobh di. Mheasadar go raibh sí i riocht tuitim. Ní raibh. Do gháir sí nuair a chonaic sí an t-eagal ortha. Tháinig sí ar a glúinibh i n-aice Chonnla agus chrom sí ar phaidir a rádh le n’ anam. Tháinig an bheirt eile ar a nglúinibh agus dúbhradar an phaidir i n-aonfheacht léi.
“Go maithidh Dia do pheacaí dhuit, a Amhlaoibh!” ar sise, “agus dúinn go léir.”
D’eirighdar. Dheineadar cróchar agus chuireadar corp Chonnla air, agus do rugadar leó é chun an longphuirt.
“Dob’ uathbhásach an cath é!” arsa Conn agus iad ag teacht, “agus is fada a bheidh cuimhne i n-Éirinn air.”
“Is fada,” arsa Caoilte, “agus an bhfuil fhios agat cad a chuirfidh iongnadh ar an saoghal go deó?”
“Cad a chuirfidh?” arsa Conn.
“An deich gcéad úd go raibh na h-éidí mitil ortha tá an uile dhuine acu marbh!” arsa Caoilte.
“An uile dhuine acu?” arsa Conn.
“An uile dhuine riamh acu,” arsa Caoilte.
Nuair a tháinig Niamh agus an mhuintir a bhí le n-a cois go dtí an longphort, agus corp Chonnla acu, bhí Donchadh, mac Bhriain, tagaithe thar n-ais ó Chúige Laighean agus mórán creach aige. Bhí iongnadh ar Dhonchadh nuair a fuair sé go rabhthas tar éis an mhóir-chatha do throid. Bhí iongnadh, leis, air féin agus ar gach fear des na fearaibh a bhí i n-aonfheacht leis, mar gheall ar dhéine an chatha agus ar mhéid an áir ar gach taobh. D’fhiafraigh sé conus a thárla gur deineadh a leithéid de dhísgiughadh ar Dhál gCais agus ar na Conachtaigh agus ar na Muímhneachaibh, agus M’lsheachlainn Mór agus a shluagh bheag do dhul as chómh maith.
Do h-innseadh dó conus mar a tharaing M’lsheachlainn agus a dheich gcéad siar ó’n gcath i dtusach an lae agus conus mar a chuireadar an pháirc threabhtha idir iad agus an cath. Ach do h-innseadh dó conus mar a dheineadar rud maith um thráthnóna, gur ghluaiseadar ar thóir na Lochlanach, agus mura mbéadh iad go mb’ fhéidir ná brisfí an cath ar na Lochlanaigh chómh h-iomlán agus a deineadh. Pé’r domhan é ná curfaí ar na Lochlanaigh an t-ár a cuireadh ortha mura mbéadh M’lsheachlainn agus a dheich gcéad.
“Ar ghluais sé ar thóir na Lochlanach,” arsa Donchadh, “sar a’ raibh fhios aige go raibh m’ athair marbh?”
Níor fhéad aoinne an cheist sin do fhreagairt dó.
Bhí sé i n-aigne gach aoinne, ámhthach, lasmuich de’n méid a bhí beó de Dhál gCais, gur bh’ é M’lsheachlainn Mór a bhéadh i n’ Árdrígh ar Éirinn i ndiaigh Bhriain.
D’ oibrigh M’lsheachlainn agus Donchadh, agus na h-uaisle eile, a’ láimh a chéile, go dtí go raibh gach aon rud déanta [341] chun na marbh a dh’ adhlacadh mar ba chóir, agus go dtí go raibh corp Bhriain tabhartha suas do’n chléir le breith óthuaidh go h-Árdmhacha.
Nuair a bhí corp Bhriain tabhartha do’n chléir do labhair Caoilte.
“Bhí Murchadh le h-ais Bhriain,” ar seisean, “ins gach cath d’ár throid sé riamh ó chath Bhealaigh Leachta go cath Ghleanna Mháma. Is le láimh Mhurchadh do thuit laochra agus uaisle Lochlan agus Laighean i gcath an lae indé. Ní ceart Murchadh agus Brian do dheighilt ó chéile anois!”
Do tugadh corp Mhurchadh do’n chléir le breith óthuaidh go h-Árdmhacha i n-aonfheacht le corp Bhriain.
Ansan do labhair Niamh.
“Tá sé chómh ceart,” ar sise, “gan a mhac do choimeád ó Mhurchadh agus atá sé gan a mhac do choimeád ó Bhrian.”
Níor gádh dhi a thuille cainte dhéanamh. Do tugadh Connla do’n chléir agus do rugadh óthuaidh é go h-Árdmhacha, i n-aonfheacht le Murchadh agus le Brian, agus do h-adhlacadh thuaidh an triúr.
Ansan do chruinnigh Donchadh an méid a bhí beó de Chlainn Chais, agus thug sé féin agus iad féin aghaidh siar ódheas fé dhéin Chinn Cora.
Aoinne gur maith leis a fhios a bheith aige conus a dh’eirigh leó ar an slígh, ní’l aige ach leabhar an tseanachais do sholáthar agus do léigheadh. Chífidh sé raint neithe ná cuirfidh puínn áthais air sa tseanachas san. Chífidh sé gníomh grána ó Mhac Giolla Pádraig úd n-ar thrácht Brian ar a ainim nuair a bhí sé ag labhairt leis an sluagh maidion lae an chatha. Chuir sé i n-aice ’chéile Mac Giolla Pádraig agus M’lsheachlainn Mór. Isé cúis gur chuir sé i n-aice ’chéile iad mar bhí an gníomh céadna déanta acu araon. Do dhiúltuigh Mac Giolla Pádraig do’n chath nuair a chuaidh giollaí turais Bhriain ag triall air ’ghá rádh leis teacht. Do sheachain [342] M’lsheachlainn an cath os cómhair súl fear Éirean go léir, maidion lae an chatha. Chuir Brian an bheirt i n-aice ’chéile ’n-a chaint ’ghá thaisbeáint go raibh gníomh Mh’lsheachlainn ar aon dul le gníomh Mhac Giolla Pádraig chómh fada agus a chuaidh náire agus aithis agus spriúnlaitheacht.
Nuair a fuair Mac Giolla Pádraig go raibh Clann Chais lag d’eirigh sé chúcha agus cheap sé smacht a chur ortha. Níor eirigh leis, ámhthach, mar a chífir sa tseanachus má leighean tú é.
Ní le Clainn Chais ná le Mac Giolla Pádraig a bhainean an sgéal so, ámhthach, ach le Niamh, agus le Caoilte, agus le Conn. Bhí Tadhg Mór ua Cealla marbh, agus bhí Niamh gan a h-athair. Bhí uirthi déanamh gan a h-athair fé dheire. Ba chruaidh an cás é. Ach ní raibh leigheas air. Bhí Maolruanaidh na Paidre marbh, leis. D’fhág san Conn gan athair chómh maith le Niamh. Agus bhí athair Caoilte marbh. D’fhág san Caoilte agus Lonán gan athair.
Níor bh’ fholáir do Chaoilte agus do Lonán dul agus buidhean a n-athar, an méid a bhí beó acu, do chruinniughadh agus do chur i dtreó chun dul ódheas abhaile. Níor bh’fholáir do Chonn dul agus an rud céadna dhéanamh do bhuidhin Ua bhFiachrach Áidhne, do’n mhéid a bhí beó dhíobh, agus níor mhór é. Bhí a neart agus a mhisneach ag casadh ar Thadhg Óg ua Chealla i dtreó go raibh sé ábalta, maith go leór, é féin agus Niamh, ar mhuintir Uíbh Máine do ghleusadh agus do chur i dtreó chun dul abhaile.
Ach níor mhaith le Conn ná le Caoilte sgaramhaint le Niamh go dtí go bhfeicfidís thiar sa bhaile i ríghtheighlach a h-athar í.
“Socaruighmís an sgéal ar an gcuma so,” arsa Tadhg Óg ua Cealla. “Deinimís aon bhuidhean amháin des na trí buidhnibh agus gabhmís aon bhóthar amháin go dtí go mbeidhmíd i gCeann Cora.”
“Déanfaidh san an gnó go h-áluinn,” arsa Caoilte, [343] “agus ní chuirfidh sé aistear ar aon bhuidhin againn, mar tá aghaidh na mbóithre is fearr agus is díríghe, ar Cheann Cora, ó’n áit seo; agus ansan, is ó Cheann Cora atá na bóithre is fearr agus is díríghe ag gach buidhin dínn chun dul abhaile.”
Bhí aithne ag Caoilte ar na bóithribh. Do socaruigheadh an sgéal ar an gcuma san. Do tugadh na trí buidheana chun a chéile. Níor ghluaiseadar chun bóthair ró thapaidh. Ghlacadar a suaimhneas go dtí go mbéadh na fir ghunta a bhí ortha láidir a ndóthin chun gluaiste. Ba mhór an mhaith dos na trí buidhnibh iad do thabhairt chun a chéile ar an gcuma san agus aon bhuidhean amháin a dhéanamh díobh. Bhí cuideachtanas a chéile acu, agus congnamh a chéile nuair ba ghádh é. Bhí na Conachtaigh beirthe go mór leis an socarughadh mar bhí an dochtúir acu. Dá n-imthigheadh na Muímhnigh leó féin ní bhéadh Lonán ag na Conachtaigh. Chaithfeadh sé imtheacht le n-a mhuintir féin. Nuair a bhí na trí buidheana i dteannta chéile bhí Lonán acu go léir. Ba mhaith an bhail ortha san. Bhí a lán acu, idir Chonachtaigh agus Muímhnigh, gunta go dian, agus gheóbhdís bás i n-aimhdheóin gach aon rud mura mbéadh Lonán a bheith ag feuchaint chúcha agus an t-eólus thar na beartaibh a bheith aige ar a ghnó. Fuair cuid acu bás i n-aimhdheóin a dhíchil.
Bhí eólus maith ag Niamh, leis, agus tuisgint mhaith, agus bhíodh sí coitchianta ameasg na n-othar, ag tabhairt aire dhóibh, agus ag cur misnigh ortha, agus ag frithálamh ortha, agus mheasaidís ná bíodh aoinne ba thúisge thuigeadh cad a bhíodh i n-easnamh ortha ’ná mar a thuigeadh Niamh é. An t-áthas croídhe a thagadh ortha nuair a thagadh sí ag frithálamh ortha shamhluighdís go gcuireadh sé feabhas sláinte ortha. Bhí aithne aici ar gach duine fé leith de mhuintir Uíbh Máine agus Uíbh Fiachrach, agus níor bh’fhada go raibh aithne aici, leis, ar gach duine fé leith des na Muímhneachaibh.
Bhí Lochlanaigh ann. De mhuintir Ospaic ab eadh cuid acu. Do marbhuigheadh Ospac féin sa chath. Dritháir do Bhruadar [344] ab eadh é. Tar éis an chatha chuaidh cuid d’á mhuintir i mbuidhin Dhonchadh, mhic Bhriain, agus tháinig cuid acu i mbuidhin Thaidhg Óig uí Chealla. Bhíodh Caoilte mar fhear teangan idir iad agus na Gaedhil. Bhí cuid acu gunta go dian, agus do tugadh aireachas dóibh chómh maith díreach agus a tugadh dos na Gaedhlaibh féin.
Cáirde ab eadh muintir Ospaic, ach bhí cuid de mhuintir a dhrithár ann, leis, agus do tugadh an t-aireachas céadna dhóibh, bíodh gur bh’é an dritháir sin a dhein an gníomh ba mheasa ar na Gaedhlaibh d’ár deineadh sa chath, .i. marbughadh Bhriain.
Bhí aon fhear amháin ann agus níor féadadh a dhéanamh amach ar feadh abhfad cé ’r bh’é ná cár bh’ as é. Bhí sé ar éadtromacht. Bhain éirleach an lae sin a mheabhair shaoghalta dhé. Bhí focal éigin aige d’á rádh coitchianta, ach níor thuig aoinne é go dtí gur tháinig Caoilte chuige. Fuair Caoilte amach uaidh gur adtuaidh ar fad ó Inis Tuile a tháinig sé. Isé focal a bhíodh ’n-a bhéal aige, agus nár tuigeadh, ’ná: “A Pheadair Naomhtha tabhair saor ó’n lá so mé agus raghaidh mé trí h-uaire go dtí an Róimh ag triall ort am’ mhaidirín!”
Do tugadh saor ó’n gcath é. Tháinig a mheabhair dó i ndiaigh chéile nuair a fuair sé an caradas agus an t-aireachas. Ansan ní shásóch’ aon rud é ach go gcaithfeadh Niamh an Creideamh a mhúineadh dhó. B’éigean do Chaoilte bheith sa mhúineadh, leis, go dtí go raibh an fear bocht ábalta ar an nGaeluinn a thuisgint.
Do ghlac na Lochlanaigh eile a bhí ann an Creideamh, leis, chómh luath agus do féadadh é mhúineadh dhóibh. Is amhlaidh a deiridís, an Creideamh a bhí ag Niamh go raibh sé maith a dhóthin d’ aoinne sa domhan; ná féadfadh sé gan bheith ’n-a Chreideamh fhóghanta agus é bheith ag Niamh. Ansan, nuair a múintí dhóibh é, do thuigidís a mhaitheas agus a thairbhthe ann féin.
Fé dheire thiar thall bhí na daoine gunta, an méid ná fuair [345] bás díobh, ag dul i bhfeabhas. Bhí an aimsir, leis, ag dul i bhfeabhas agus na laethanta ag dul i bhfaid, agus bhí an focal i mbéal gach aoinne gur mhithid bheith ag cuimhneamh ar an mbaile. Do gabhadh na capail agus do cuireadh na h-ualaí ortha. Do cuireadh na daoine leicthe ar charaíbh agus leapacha fútha. Bhí oiread san capal agus caraí acu nár ghádh d’aoinne beith ’n-a chuis. Bhí mórán lóin acu, agus mórán earaí, agus mórán stuic. Bhí ba agus caoire a ndóthin acu, loiligheacha chun bainne, agus ba seasga chun mairtfheóla. Chuireadar gach aon rud i dtreó chun gluaiste agus ghluaiseadar an bóthar siar ódheas fé dhéin Chinn Cora.
Sar ar fhágadar an chómharsanacht chuaidh Niamh go Sórd chun go bhfeicfeadh sí uaigh Dhúlainn agus uaghna na n-uasal eile a bhí curtha ann. Chuaidh Tadhg Óg agus Caoilte agus Conn agus Lonán i n-aonfheacht léi. Ghoileadar a ndóthin ar uaigh Dhúlainn agus ar na h-uaghnaibh eile. Bhí uaigh Thaidhg Mhóir agus uaigh Mhaoilruanaidh i n-aice ’chéile. D’fhan Niamh abhfad os cionn uagha a h-athar. Ba mhaith léi, dá mb’ é toil an Tighearna é, uaigh eile beith le h-ais na h-uagha san agus í féin a bheith sínte ann, agus a h-anam a bheith i bhfochair anama a h-athar. Ach do thuig sí nár bh’é toil Dé é, agus go raibh gnó eile curtha ’n-a chúram ag Dia uirthi, agus d’fhág sí an áit.
Chomáin na trí buidheana leó, agus iad i n-aon bhuidhin amháin, an bóthar siar ódheas, go breagh réidh socair. Ní fhéadfaidís gluaiseacht ró mhear, dá mba ná béadh aon nídh chun ríghnis a chur ortha ach na slóighte daoine a bhíodh ag teacht rómpa ar an slígh ag fáiltiughadh rómpa agus ’ghá moladh agus ag cur gach aon tsaghas beannacht ortha. Bhí tuairisg an chatha tar éis leathadh ar fuid na h-Éirean um an dtaca san, agus bhí ualach tógtha de chroídhe na ndaoine. Bhí na daoine ag imtheacht as a meabhair le neart áthais agus le neart buidhchais ar Dhia agus ar na fearaibh do throid an cath [346] agus do bhuaidh an cath. Bhí fhios acu go maith cad a bhí ’n-a gcóir go léir dá mba ag na Lochlanaigh a bhéadh an buadh sa chath san. Bhí fhios acu, leis, ag an uile dhuine acu, gur ag na Lochlanaigh a bhéadh an buadh mura mbéadh a thréine do throid na Gaedhil. Agus bhí fhios acu ná raibh fir sa chath ba thréine do throid ’ná na trí buidheana san a bhí an uair sin ag gluaiseacht an bóthar san siar ódheas, i n-aon bhuidhin amháin. D’á bhrígh sin is amhlaidh a bhídís ’n-a gcéadtaibh agus iad ar a nglúinibh, ar dhá thaobh an bhóthair, agus iad ag liúirigh agus ag gol agus ag gáirí, ag breith a mbuidhchais le Dia mar gheall ar an bhfuasgailt a tugadh ar Éirinn, agus ’ghá iaraidh ar Dhia na glóire a bheannacht do chur go deó, sa tsaoghal so agus ar an saoghal eile, ar na fearaibh a dhein an troid uathbhásach agus do bhuaidh an cath uathbhásach.
Thar gach aoinne eile d’á raibh ann bhíodh na daoine a d’iaraidh radharc fhághail ar Niamh. Bhí a h-ainim i mbéalaibh daoine ins gach aon bhall. Bhí sé i n-aigne na ndaoine, pé cuma ’n-ar cuireadh isteach ’n-a n-aigne é, gur mhó a congnamh chun slóighte Bhriain do ghleusadh agus do dhlúthughadh le n-a chéile, agus chun na h-árd-aigne a bhí acu do dhúiseacht ionta i gcóir an chatha, ’ná congnamh aon duine eile lasmuich de Bhrian féin. D’á bhrígh sin, pé duine eile a chídís ní bhídís sásta go dtí go bhfeicidís Niamh. Bhíodh na fir agus na mná ar na h-árdánaibh agus ar na clathachaibh agus iad ag iniúchadh agus ag cuardach le n-a súilibh go dtí go bhfeicidís Niamh. Ansan bhídís ag árdughadh n-a leanbh suas ’n-a lámhaibh i dtreó go bhfeicfidís Niamh.
Níor ghádh do’n chualacht aon eagla bheith ortha go mbéadh aon rud i n-easnamh ortha ar an slígh. Bhí an t-im agus an bainne agus na h-uibhe, agus an uile shaghas toradh talmhan, ag teacht chúcha isteach ó gach taobh de’n bhóthar. Ní raibh aon ghádh acu leis. Bhí breis agus a ndóthin de gach aon tsaghas [347] bídh acu féin. Thugadar san le tuisgint dos na daoine. Ní raibh aon mhaith ann. Tháinig an bia. Dúbhairt Niamh é chur i gcoimeád agus go bhféadfaí é thabhairt do dhaoine bochta ar ball.
Nuair a tháinig Niamh agus a cualacht go Ceann Cora bhí dubhadh na gcnuc agus na gcoillte de’n uile shaghas daoine cruinnighthe roímpi ann. Do h-airigheadh i n-Uíbh Máine go raibh na trí buidheana, i n-aon bhuidhin amháin, ag dul i n-aonfheacht go Ceann Cora, agus do ghluais an uile dhuine sa dúthaigh sin n-a raibh ann siúbhal i n-aon chor, soir ódheas go Ceann Cora. Do h-airigheadh an sgéal céadna i n-Uíbh Fhiachrach Áidhne agus do deineadh an ghluaiseacht chéadna. Tháinig, i n-aonfheacht leis an dá chine sin, gach aon treabhchas go raibh cuid d’á ndaoine sa chath, feuchaint an mór acu a bhí ag teacht abhaile slán, nó beó féin.
An rud a h-airigheadh thiar i n-Uíbh Máine agus i n-Uíbh Fhiachrach Áidhne do h-airigheadh é theas i gCiarraighe Luachra agus ins na tíorthaibh mór-thímpal, agus do ghluais na daoine as na tíorthaibh sin, díreach mar a ghluais na daoine as na tiorthaibh thuaidh, fé dhéin Chinn Cora.
Nuair a tháinig na trí buidheana do cuireadh trí gártha móra fáilte rómpa. Do tógadh na gártha airís agus airís eile, bhí a leithéid sin d’ áthas ar na daoine a bhí ag feitheamh nuair a chonacadar tagaithe an mhuintir a bhí uatha. Bhí áthas an domhain ar an muintir andeas nuair a chonacadar Caoilte agus Lonán. Bhí áthas ba mhó ’ná an t-áthas san [348] féin ar mhuintir Uíbh Máine nuair a chonacadar Niamh agus a dritháir, agus bhí áthas chómh mór leis an áthas san ar mhuintir Uíbh Fhiachrach Áidhne nuair a chonacadar Conn. Ní h-ar a mhuintir féin amháin a bhí áthas mór i dtaobh Chuinn do teacht slán, ach ar an uile dhuine d’á raibh tagaithe sa n-áit. Ógánach deagh-chroídheach, uasal, fóghanta, diadha, ab eadh é, mar ba dhual athar dó bheith, agus bhí cion ag gach aoinne, thuaidh agus theas, air.
Tar éis na bhfáiltí do tháinig an fiafraighe. Fuair muintir Uíbh Máine amach gur fágadh Tadhg Mór agus formhór na bhfear a bhí le n-a chois sínte thíos i gCluain Tairbh. Fuair muintir Uíbh Fhiachrach amach gur bh’é an sgéal céadna acu féin é. Fuair muintir Chiarraighe amach gur fágadh a rígh féin agus na fir a bhí aige sa n-áit chéadna. Ar ball do fuair gach aoinne amach gur fágadh duine leis féin thíos, nó b’fhéidir beirt, nó b’fhéidir triúr. Ansan iseadh dh’ eirigh na gártha, agus níor ghártha áthais iad ach gártha goil. Ansan iseadh dh’ eirigh “na mílte ologón”! Na mná do thusnuigh é. Bhíodar ag sileadh ar dtúis ar feadh tamail. Ansan do chas bean ologón. Ansan do ghluais an t-éirleach lógóireachta ó n-a raibh de mhnáibh sa n-áit. Ní raibh bean ann gan a fear nó a mac nó b’ fhéidir an bheirt i n-aonfheacht i n-easnamh uirthi.
Ansan dúbhairt duine éigin, “Ó! cá bhfuil Brian!”
Dúbhairt duine eile, “Cá bhfuil Murchadh! Agus cá bhfuil Dúlainn! Agus cá bhfuil Connla!”
Ansan do chas na fir “na mílte ologón,” agus bhuaileadar a mbasa. Fir láidire cruadha. Fir go raibh taithighe acu ar bhás agus ar chogadh agus ar ár, agus gur ró dheacair osna bhaint ó’n gcroídhe acu ná deór a bhaint ó n-a súilibh.
Is ’mó duine a dh’fhéadfadh éisteacht le gol agus le h-ologón ó mhnáibh agus ná bainfí aon choruighe as a chuid [349] fola. Ach nuair a bhainean buairt uathbhásach fásgadh a’ croídhe fir i dtreó go gcaithean sé an t-ologón do sgaoileadh amach ’n-a lán neart nó go bpléasgfadh a chroídhe istigh ’n-a chliabh, is deacair d’ aoinne éisteacht le gol an fhir sin gan tocht agus fásgadh do teacht ar a chroídhe féin ná sgarfaidh a chuimhne leis an chuid eile d’á shaoghal.
Nuair a ghluais an gol bhí Niamh ag sileadh. Níor airigh aoinne a guth an fhaid ná raibh ag gol ach na mná. Ach nuair eirigh gol na bhfear, agus nuair airigh sí ainim Bhriain agus ainim Mhurchadh agus ainim Chonnla agus ainim a h-athair, do ghluais an t-ologón uaithi chómh h-árd agus do ghluais sé ó aoinne eile d’á raibh ann.
Bhí Colla ann, agus cuid des na sagairt agus des na manaigh, aníos ó Inis Cathaigh. Do sgaoil sé leis an ngol ar feadh tamail. Ansan tháinig sé anáirde ar árdán agus chrom sé ar chaint. Do stad an gol i n-aice na h-áite ’n-a raibh sé ag caint. I ndiaigh ar ndiaigh do stad an gol ins gach aon bhall, agus bhí na daoine go léir ag éisteacht leis. Seo mar a labhair sé:—
“A dhaoine,” ar seisean, “ní h-aon iongnadh dhúinn go léir buairt ár ndóthin a bheith orainn.” (Bhí a dhá shúil féin fliuch go maith.) “Tá cúis ghuil againn má bhí sé ag aon daoine riamh. Ach seo rud nách ceart dúinn a dhearmhad i lár ár mbuartha. Tá ádhbar áthais againn indiu má bhí ádhbhar áthais ag aon daoine riamh. Do buaileadh, thíos i gCluain Tairbh, an lá fé dheire, cath nár buaileadh a leithéid i n-Éirinn ní fios cad é an fhaid ó shin. Do buaileadh an cath san idir Ghaedhlaibh Éirean agus Lochlanaigh an domhain. Dá bhfaghadh na Lochlanaigh an lámh uachtair sa chath san is ag na Lochlanaigh a bhéadh an t-oileán so na h-Éirean indiu. Ní fágfaí oiread agus fód de thalamh na h-Éirean againn! Thug na Lochlanaigh leó a mná agus a gclann, bhíodar chómh ceapaithe sin ar thalamh na h-Éirean do ghlacadh chúcha féin agus ar [350] shliocht Gaedhal do dhísgiughadh, do chur chun báis, do ghlanadh as an oileán gan oiread agus duine acu dh’fhágáilt beó ann. Thug Dia dhúinn, (moladh agus glóire agus buidhchas leis!) gur bhuaidh Brian agus a mhór-shluagh ortha. Do thuit Brian agus a lán d’á mhór-shluagh sa chath. Dá dtugadh Dia, mar geall ar ár bpeacaíbh-ne, an buadh dos na Lochlanaigh, do thuitfeadh Brian agus a mhór-shluagh go léir, agus ansan do thuitfimís-ne go léir, ins gach aon pháirt d’ Éirinn. Dá mbéadh an buadh ag na Lochlanaigh ní fhágfaidís Brian ná aoinne d’á mhór-shluagh beó, agus bhéidís ag gluaiseacht anois ar fuid na h-Éirean ag marbhú’ na bhfear aosda agus na mban agus na leanbh agus ní bhéadh Brian ná aoinne d’á mhór-shluagh ann chun iad do chosaint.
“Má fheuchaim am’ thímpal anois anso agus má fhéadaim a dh’fhághail amach cé h-í an bhean is mó atá creachta leis an gcath so, deirim léi, agus is fíor dhom é, gur mó go mór an t-ádhbhar áthais atá tabhartha ag an gcath dhí ’ná an t-ádhbhar buartha atá tabhartha aige di. Is mó atá sí buaidhte leis an gcath ’ná mar atá sí caillte leis. Pé méid d’á muintir atá tuitithe sa chath, bhéidís tuitithe ann d’á ngabhadh an cath ’n-ár gcoinnibh, agus bhéadh sí féin agus an chuid eile acu marbh um an dtaca so ag an sluagh Lochlanach a bhéadh leathta anois ar fuid na h-Éirean agus iad ar buile ag déanamh díoltais orainn mar gheall ar dhéine an chatha.
“Cuirimís uainn an gol, d’á bhrígh sin, agus an bhuairt, agus i n-inead bheith ag gol agus ag déanamh buartha tugaimís ár mbuidhchas ó chroídhe do Dhia na glóire mar gheall ar an gcuma ’n-ar thug sé saor sinn ó n-a leithéid de chontabhairt. Nuair a dh’eireóchaidh an bhuairt i n-ár gcroídhe cuirimís chúghainn féin an cheist seo. Conus a bhéadh an sgéal againn anois dá mb’ ag na Lochlanaigh a bhéadh an buadh?
“Tá fhios agaibh-se chómh maith agus atá fhios agam-sa conus [351] mar a bhí socair go daingean i n’ aigne ag an uile dhuine des na fearaibh a dh’fhág an baile chun dul sa chath so, ar gan teacht beó ó’n gcath pé taobh ar a mbéadh buadh. Tá sé buailte isteach am’ aigne mura mbéadh an socarú’ san a bheith déanta roim ré acu, ná déanfaidís an troid chómh dian agus dheineadar é. An beagán acu do tháinig ó’n gcath, bhí a n-aigne socair ar gan teacht chómh daingean agus bhí ag an muintir a thuit sa chath. Ach do tháinig as an socarú’ go raibh an troid chómh dian san gur briseadh an cath ar na Lochlanaigh sar ar thuit a thuille d’ár ndaoine. Áthas, d’á bhrígh sin, is ceart dúinn a bheith orainn indiu agus ní buairt.
“Tá ádhbhar eile áthais againn, a dhaoine. Na fir a thuit sa chath so is ar son Creidimh Chríost do thuiteadar. Tá fhios againn go léir, an t-é a dh’ fhuilingean bás ar son an Chreidimh go dtugtar aoibhneas na bhFlathas dó láithreach. Ní ceart dúinn bheith ag déanamh buartha nuair a thuigimíd i n-ár n-aigne go bhfuil aoibhneas na bhFlathas anois, le congnamh Dé, ag an muintir a baineadh dínn sa chath so.”
Dhein sé a lán cainte leó ar an gcuma san, níos fearr go mór ’ná mar a thagan liom-sa an chaint a chur síos anso. Chuir sé a n-aigne chun suaimhnis. Thuigeadar gur cheart bheith sásta le toil Dé.
Le n-a linn sin cé chífidís ag teacht chúcha, an bóthar anoir, ach Donchadh, mac Bhriain, agus an méid a bhí beó de’n bhuidhin a tháinig leis ó’n longphort i gCill Mhaighneann. Bhí cuid mhaith acu ar chrócharaibh, mar ní rabhdar ábalta ar siúbhal, agus bhí an chuid eile ’ghá n-iompar.
Cuir Colla an cogar tímpal ameasg na ndaoine a bhí ann ’ghá rádh leó gan a thuille guil a dhéanamh. Níor bheag san. I n-inead aon ghuil a dhéanamh is amhlaidh a cuireadh suas go bríoghmhar gáir mholta agus fáilte.
D’inis na fir a tháinig conus mar a chuir Mac Giolla Pádraig an ríghneas ortha ar an slígh, agus conus mar a [352] mheas sé cath do chur ortha. Bhí fearg mhór ar gach aoinne mar gheall air sin. Do feuchadh chun na bhfear ngunta agus do cuireadh gach aon chóir ortha.
Ní raibh Donchadh agus a chualacht abhfad tagaithe nuair a labhair Colla airís.
“A ríghthe agus a uaisle agus a dhaoine,” ar seisean, “do thuit Brian i gcath Chluain Tairbh. Do thuit Murchadh sa chath, leis. Tá Árdrígh againn i n-inead an Árdrígh do thuit. Isé Donchadh mac Briain Árdrígh Éirean anois!”
Ansan iseadh do cuireadh suas an liú mhólta i gceart. Do tógadh an liú airís agus airís eile.
Ansan do tháinig a raibh de dhaoine ann chun na h-áite ’n-a raibh Bile Mór Mágha Adhair agus do h-óirdneadh Donchadh mac Briain i n’ Árdrígh ar Éirinn. Dhein Colla an obair i láthair na ndaoine, agus bhí áthas agus móráil ar gach aoinne.
Níor ghlac fir Éirean, ’n-a dhiaigh san, ámhthach, Donchadh i n’ Árdrígh ar Éirinn, ach do glacadh é ’n-a rígh ar an Múmhain.
Nuair a bhí an méid sin déanta bhí gach aoinne sásta. Do sgar na daoine agus d’imthigh gach treabhchas abaile chun a ndútha féin. Chuaidh Caoilte agus Lonán abhaile go dúthaigh a n-athar. Chuaidh Conn óthuaidh go h-Uíbh Fhiachrach Áidhne. Chuaidh Niamh agus Tadhg Óg ua Cealla óthuaidh go h-Uíbh Máine. Bhí Conn agus iad féin i n-aonfheacht, ámhthach, an tslígh go léir nách mór.
Do ghluais an dá bhuidhin, muintir Uíbh Máine agus muintir Uíbh Fhiachrach Áidhne, siar óthuaidh i dtreó a dhá ndúthaigh féin. Bhí i n-aonfheacht leis an méid acu a tháinig ó Chill Mhaighneann an méid a tháinig ’n-a gcoinnibh go Ceann Cora, i gcás ná raibh aon uaigneas ortha. Nuair a thánadar i gcomhngar do’n bhaile do sgaradar ó chéile. Ba bheag ná gur eirigh an gol agus “na mílte ologón” airís nuair a shroiseadar an t-aos óg agus na seandaoine nár fhéad dul go Ceann Cora. Ach do cuireadh cosg leis an mbuairt. Do h-innseadh cad ’dúbhairt Colla nuair a bhí sé ag caint leis an bpobal mór thíos ag Ceann Cora. Do cuireadh na seandaoine chun suaimhnis.
Chómh luath agus bhí a dtuirse curtha dhíobh ag an muintir a tháinig abhaile ó’n gcath, thusnuighdar ar bhualadh um a chéile agus ar bheith ag caint agus ag cuimhneamh ar cad a déanfaí feasda. Bhí an saoghal ana chiúin, ana shuaimhneasach acu, agus an aimsir ag dul i mbreaghthacht. An phráing agus an bhruid agus an fásgadh aigne a bhí ar na daoine i gcaitheamh na h-aimsire an fhaid a bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal i gcóir an chogaidh, agus an fhaid a bhí na slóighte ag imtheacht ó bhaile agus ag cruinniughadh chun an chatha, agus an fhaid do lean an sgannradh i dtaobh conus a gheóbhadh an cath, bhíodar go léir imthighthe. Bhí gach aon rud ciúin, suaimhneasach, socair.
Do h-óirdneadh Conn ’n-a rígh ar Uíbh Fhiachrach Áidhne, agus do h-óirdneadh Tadhg Óg ua Cealla ’n-a rígh ar Uíbh Máine. Bhí raint gnótha le déanamh acu araon ar feadh tamail ag socarughadh neithe idir chlainn na bhfear a fágadh i gCluain Tairbh. Do deineadh a lán cleamhnaisí sa [354] tsocarughadh. Dhein Niamh dhá chleamhnas, cleamhnas do Thadhg Óg le drifiúr do Chonn, agus cleamhnas do Chonn le drifiúr di féin.
Nuair a bhí an méid sin déanta thug Niamh agus a dritháir cuaird ódheas go h-Inis Cathaigh. Bhí áthas mór ar Cholla nuair a chonaic sé iad. Cé bhéadh ann rómpa, ar chuaird, ach Caoilte! Ba bheag ná gur baineadh radharc a shúl airís de Chaoilte nuair a chonaic sé iad, díreach mar a baineadh an chéad lá úd a chonaic sé Niamh. Bhí sé ’n-a rígh an uair sin ar Chiarraighe Luachra i n-inead a athar. D’innseadar dó conus a bhí gach aon rud socair lastuaidh i n-Uíbh Máine agus i n-Uíbh Fhiachrach Áidhne, agus d’inis seisean dóibh gach aon nídh a bhí aige le h-innsint i dtaobh a dhútha féin.
“Ba mhaith liom an chailís úd a dh’ fheisgint, a Athair, má ’sé do thoil é. Ní fheaca riamh fós í,” arsa Niamh.
Do rug sé isteach sa n-érdam iad agus thaisbeáin sé an chailís dóibh.
Ba bhreagh an radharc le feisgint í. D’ fhéadfadh duine fanmhaint ar feadh leath an lae ag feuchaint uirthi agus ní bhéadh a shúile ná a aigne cortha dhi. D’á fhaid a bhéadh sé ag feuchaint uirthi is amhlaidh ba mhaith leis tamal eile thabhairt ag feuchaint uirthi. Choimeádfadh saidhbhreas an óir greim ar a shúilibh. Choimeádfadh uaisleacht agus ealadhntacht a h-órnáide greim ar a shúilibh, agus é ’ghá fhiafraighe dhé féin conus a dh’ fhéad lámh duine riamh a leithéid d’obair a dhéanamh. Choimeádfadh an crios, na clocha loghmhara, greim ar a shúilibh, agus iad ag taithneamh agus ag spréacharnaigh, agus eisean ’ghá fhiafraighe dhé féin cá bhfuaradar an solus! D’á n-éaghmuis sin go léir bhí sa riocht ’n-a raibh an chailís sin cúmtha rud éigin a choimeádadh greim ar shúilibh an t-é a chíodh í, agus do chuireadh áthas isteach i n’ aigne tré n-a shúilibh.
D’fheuch Niamh uirthi, go dlúth agus go daingean, ach níor [355] labhair sí aon fhocal amach as a béal. D’fheuch an bheirt eile uirthi go dlúth agus go daingean, leis, agus níor stadadar ach ’ghá moladh.
“Ba mhaith liom labhairt leat-sa, a Athair,” arsa Niamh le Colla.
D’imthighdar i leith taoibh.
“A leithéid seo, a Athair,” ar sise. “Tá m’ aigne socair agam le mórán aimsire ar mé féin a thabhairt suas do’n tSlánuightheóir i dtigh ban riaghalta. Ba mhaith liom do chómhairle dh’fhághail, a Athair, i dtaobh an teighlaigh ban riaghalta ionar ceart dom dul, do réir do bhreitheamhantais.”
“Ar mhiste dhom a dh’fhiafraighe, a ’nghean ó,” ar seisean, “cad é an fhaid aimsire ó shocaruighis an nídh sin at’ aigne ar dtúis?”
“Bhí sé am’ aigne, a Athair, ar feadh abhfad,” ar sise, “sar ar dhainginigh sé ann. Ní dóich liom go bhféadfainn a dh’innsint duit cruinn, a Athair, cad é an fhaid atá sé daingean, ach tá sé daingean le tamal maith.”
Do stad sé ar feadh tamail.
“An dóich leat, a ’nghean ó,” ar seisean, “an bhféadfá a dh’innsint dom cad a chuir an nídh sin isteach at’ aigne ar dtúis?”
“Féadfad,” ar sise. [356] “Nuair a thusnuigh an t-ollmhúchán i gcóir an chogaidh mhóir seo atá curtha dhínn againn thugas fé ndeara conus mar a bhí na fir go léir ’ghá cheapadh agus ’ghá shocarú’ ’n-a n-aigne go ndéanfaidís ídhbirt anama ar son na h-Éirean agus ar son an Chreidimh. Ní raibh aoinne ba ghéire ’ghá gcur go léir suas chun na h-ídhbirte sin a dhéanamh ’ná mise. Ansan do thuigeas am’ aigne, nuair ná raibh ar mo chumas an ídhbirt a dhéanamh ar an gcuma ’n-a rabhdar-san ’ghá déanamh, gur bh’ é ba lúgha ba ghann dom í dhéanamh ar an gcuma ’n-a raibh ar mo chumas í dhéanamh. Dheineas ar an gcuma san í. Ghabhas orm féin i láthair Dé ceangal gan céile eile do ghlacadh choídhche ach an Slánuightheóir, moladh go deó leis! Siné mo chuid-se de ’n ídhbirt, a Athair. Tá an ceangal san orm. Ní fhéadfainn imtheacht ó m’ athair an fhaid a bhí sé beó. Ní’l aon rud anois chun mé chosg ar dhul isteach i dteighlach ban riaghalta agus an ídhbirt do chur i ngníomh.”
“I dtreó ná béadh aon bhaoghal go ndéanfaí aon dearmhad, a ’nghean ó,” arsa Colla, “ba mhaith liom aon cheist amháin eile do chur.”
“Cuir aon cheist is maith leat chúgham, a Athair,” arsa Niamh, “agus neósfad an fhírinne dhuit.”
“Nuair a dheinis an ídhbirt sin; nuair a thugais tu féin suas mar sin do’n tSlánuightheóir, an dóich leat a’ raibh aon éileamh ag aoinne eile ort?”
“Ní raibh, a Athair,” ar sise, “aon éileamh ag aoinne eile, ná ní’l anois.” Do stad sí.———“Ach is dócha,” ar sise, “gur ceart dom an méid seo a dh’innsint duit. Is cuimhin leat an t-ógánach Lochlanach úd a tháinig anso fadó, nuair a bhí mo dhritháir Tadhg anso?”
“Is cuimhin liom é go maith,” arsa Colla. [357]
“Chuaidh sé suas go h-Uíbh Máine i n-aonfheacht le Tadhg. An chéad uair a chonac é tháinig ana chion agam air. Tháinig grádh agam dó. Siní an fhírinne. Thuigeas am’ aigne go dtáinig an grádh céadna aige-sean dómh-sa. Níor labhramair. Ach do tuigeadh an sgéal eadrainn.——Nuair a tháinig an sgéal go raibh sé ag glacadh an Chreidimh bhí áthas mór orm. Ansan, nuair a tháinig an sgéal go raibh sé chun bheith ’n-a shagart, níor bh’fhéidir liom an sgéal a thuisgint i n-aon chor. B’é deire mo mhachtnaimh ar an ngnó gur thuigeas am’ aigne go raibh ceangailte orm é chur as mo chroídhe ar fad. Do dheineas san.—Ní raibh aon bhaint i n-aon chor, a Athair, ag an méid sin sgéil leis an gceangal so adeirim leat do ghlacas orm féin i dtaobh an tSlánuightheóra.”
“Tá go maith, a ’nghean ó,” arsa Colla. “Déanfad-sa an nídh seo atá agat d’á iaraidh orm. Ní mór dhom, ámhthach, beagán aimsire chuige. Cuirfead sgéala chúghat óthuaidh chómh luath agus bheidh an áit ceapaithe agam agus gach aon rud socair agam.”
Do sgaradar. Bhí Tadhg agus Caoilte imthighthe ar fuid na mainistreach; Tadhg ag taisbeáint na mainistreach do Chaoilte, agus Caoilte ag cur aithne ar na manachaibh, go mór mór ar an muintir go raibh sean-aithne ag Tadhg ortha.
Seachtmhain díreach i ndiaigh an lae sin tháinig Colla féin go h-Uíbh Máine. D’imthigh Tadhg agus Niamh agus é féin soir go Cill Dara, go teighlach Bhríghde. Bhí áthas nár bh’fhéidir a dh’innsint ar Chómharba Bhríghde agus ar an uile dhuine des na mnáibh riaghalta nuair a fuaradar go raibh Niamh le fanmhaint acu. D’fhan sí acu, agus má ba ghath gréine í fadó, ag teacht i gcuideachtain, i dteighlach a h-athar, b’í an gath gréine céadna í ag gluaiseacht ameasg na maighdean naomhtha, i dteighlach Bhríghde, go dtí gur lean sí a h-athair.
CRÍOCH.
Niamh. 357 pages. Best Irish paper. Bound in Irish linen. Four shillings and sixpence net. Postage, fivepence.
Séadna. 300 pages. Best Irish paper. Bound in Irish linen, with portrait of the author. Three shillings and sixpence net. Postage, fourpence.
Séadna. Cheap edition, in paper boards. Two shillings net; postage, fourpence.
An Craos-Deamhan. A modern version of an ancient comical story. Bound in Irish linen, two shillings net; postage, threepence. In boards, one shilling and sixpence net; postage, threepence.
Sgothbhualadh. A series of Articles in Irish, reprinted from The Leader . Sixpence net; by post, sevenpence.
Sgothbhualadh II. A second series of the same. Sixpence net; by post, sevenpence.
An Bealach Buidhe. A short play of the time of Red Hugh O’Donnell. Fourpence net; by post, fivepence.
An Soísgéal as Leabhar an Aifrinn. The Gospel, translated from the Missal. Sixpence net; by post, sevenpence.
An Teagasg Críosdaidhe. The Catechism, as used in the Diocese of Cloyne. With a vocabulary. Twopence net; by post, threepence.
Aesop a tháinig go h-Éirinn. Æsop’s Fables in Irish (with English Translation). Parts III., IV. and V. Each part complete, one penny; by post, three halfpence.
Aesop a tháinig go h-Éirinn. School Edition. The five parts (Irish only) bound together, with a vocabulary. Sixpence; by post, sevenpence.
ENGLISH TRANSLATION only, the five parts bound together, threepence net; by post, threepence halfpenny.
Bás Dhalláin; agus Tadhg Saor. Two short plays. One penny; by post, three halfpence.
An Sprid. A play in one act. One penny; by post, three halfpence.
Mion-chaint. An Easy Irish Phrase Book (with English).
Part I. On the use of is and tá. Threepence net; by post, fourpence.
Part II. On the use of verbs. Threepence net; by post, fourpence.
Part III. On the use of prepositions. Sixpence net; by post, sevenpence.
Eólas ar Áireamh. Arithmetical tables in Irish (with English). One penny; by post, three halfpence.
(Sanctioned for use in the National Schools.)
Irish Prose Composition. A series of articles reprinted from The Leader . By the Very Rev. Canon O’Leary, P.P. Sixpence net; by post, sevenpence.
The Trusty Vehicle of the Faith of the Gael. By the Rev. J. M. O’Reilly, Adm. Threepence net; by post, fourpence.
THE IRISH BOOK COMPANY,
6 D’OLIER STREET, DUBLIN
Aibgitir na Gaedhilge. An Irish Picture Alphabet. Illustrated by Norma Borthwick. One penny; by post, three halfpence.
Ceachta Beaga Gaedhilge. Irish Reading Lessons. Compiled by Norma Borthwick. With illustrations by Jack B. Yeats.
(Prescribed in the Programme for the National Schools.)
Book I. Twopence net; by post, twopence halfpenny.
Book II. Twopence net; by post, twopence halfpenny.
Book III. Threepence net; by post, fourpence.
An Macléighinn. For Conversational Teaching in Irish. By Feargus Finnbhéil. Sixpence net; by post, sevenpence.
Staraidheacht. Pieces for recitation in Irish; prose and poetry. Sixpence net; by post, sevenpence.
Gleann na Sidheóg. A fairy play for children. By Máire Ní Chinnéide. Twopence net; by post, twopence halfpenny.
Fáith-Sgéal. An Allegory. By Douglas Hyde, LL.D. (With English Translation.) One penny; by post, three halfpence.
Seághan an Díomais. Shane the Proud. By Conán Maol. (With English Translation.) Twopence net; by post, twopence halfpenny.
Mac Fínghín Dubh. A Story. By Conán Maol. With a Vocabulary. Sixpence net; by post, sevenpence.
Curadh Glas an Eolais. A Connacht folk story. Edited, with vocabulary and notes, by the Rev. J. M. O’Reilly, C.C. Threepence net; by post, fourpence.
Ceól Sídhe. Parts I., II., and III., bound together, threepence net; by post, threepence halfpenny. Parts IV., V., and VI., bound together, threepence net; by post, threepence halfpenny.
THE IRISH BOOK COMPANY,
6 D’OLIER STREET, DUBLIN.